An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 2 Luasteorainneacha ) Ar Aghaidh ( CUID 4 Ilghnéitheach )

44 2004

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre 2004

CUID 3

Muirir Sheasta, Pointí Pionóis agus Foinsiú Allamuigh

Leasú ar alt 2 d Acht 2002 (pointí pionóis a fhormhuiniú).

16. — Leasaítear alt 2 d’Acht 2002—

(a) i bhfo-alt (5), trí “nó duine a bheidh ceaptha faoi alt 103 den Phríomh-Acht” a chur isteach i ndiaidh “Gharda Síochána” agus “Coimisinéir”, agus

(b) i bhfo-alt (6), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) Nuair a chiontófar duine i gcion pointí pionóis, déanfaidh an tSeirbhís Chúirteanna fógra a thabhairt don Aire maidir leis an gciontú—

(i) i gcás go dtionscnaítear achomharc i gcoinne an chiontaithe agus go dtabharfar cinneadh i gcoinne an duine, a luaithe is féidir tar éis an chinnidh sin, agus

(ii) i gcás nach dtionscnaítear achomharc i gcoinne an chiontaithe, a luaithe is féidir tar éis dul in éag don ghnáth-thréimhse chun achomharc den sórt sin a thionscnamh.”.

Leasú ar alt 7 d Acht 2002 (achomharc i gcoinne ciontaithe mar gheall ar phointí pionóis).

17. Leasaítear alt 7 d’Acht 2002 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) I gcás ina ndéanfar ordú faoi fho-alt (3), cuirfidh an tSeirbhís Chúirteanna an méid sin in iúl don Aire.”.

Feidhmeanna muirear seasta a fhoinsiú allamuigh ón nGarda Síochána.

18. (1) Leasaítear alt 103 (a cuireadh isteach le halt 11 d’Acht 2002) den Phríomh-Acht—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Tá feidhm ag an alt seo maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) cibé cionta achoimre faoi na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre 1961 go 2004 agus faoi Acht na mBóithre 1993 ar ina leith a dhearbhóidh an tAire le rialacháin, arna ndéanamh tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, gur cionta muirear seasta iad, agus

(b) cion faoi alt 73 den Acht Airgeadais 1976,

agus gairtear cion muirear seasta san alt seo d’aon chion a bheidh arna dhearbhú amhlaidh faoi mhír (a), agus den chion dá dtagraítear i mír (b), den fho-alt seo.”,

(b) i bhfo-alt (4), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) maidir le húinéir cláraithe na feithicle—

(i) is pearsa aonair, nach raibh sé nó sí ag tiomáint na feithicle ná á húsáid ar shlí eile, nó

(ii) is comhlacht corpraithe nó comhlacht neamhchorpraithe daoine, nach raibh sé in ann an fheithicil a thiomáint ná a úsáid ar shlí eile,

tráth déanta an chiona líomhnaithe lena mbaineann an fógra,”,

tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

“(6A) Maidir le fógra faoin alt seo san fhoirm fhorordaithe—

(a) beidh sonraí ann maidir leis an modh chun muirear seasta a íoc, agus

(b) féadfar a shonrú ann an duine lena bhfuil an íocaíocht le déanamh agus an áit ina bhfuil an íocaíocht le déanamh agus an bhfuil an fógra, arna chomhlánú go cuí, le bheith ag gabháil leis an íocaíocht.”,

(d) i bhfo-alt (7), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (b) agus (c):

“(b) go bhféadfaidh an duine, le linn na tréimhse 28 lá dar tosach dáta an fhógra, muirear seasta a íoc de réir mar a shonraítear san fhógra,

(c) mura ndéanfaidh an duine an íocaíocht a shonraítear i mír (b) den fho-alt seo, le linn na tréimhse a shonraítear amhlaidh, go bhféadfaidh an duine, le linn na tréimhse 28 lá dar tosach dáta éagtha na tréimhse sin, muirear seasta atá 50 faoin gcéad níos mó ná an méid forordaithe dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo a íoc de réir mar a shonraítear san fhógra, agus”,

(e) i bhfo-alt (8)—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (b) agus (c):

“(b) go bhféadfaidh duine a dhlífear a ionchúiseamh i leith an chiona, le linn na tréimhse 28 lá dar tosach dáta an fhógra, muirear seasta forordaithe a íoc,

(c) mura ndéanfaidh an duine an íocaíocht a shonraítear i mír (b) den fho-alt seo le linn na tréimhse a shonraítear amhlaidh, féadfaidh an duine, le linn na tréimhse 28 lá dar tosach dáta éagtha na tréimhse a shonraítear sa mhír sin, muirear seasta atá 50 faoin gcéad níos mó ná an méid forordaithe dá dtagraítear i mír (b) den alt seo, a íoc,”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (h):

“(h) faoi réir mhír (f) den fho-alt seo, gur cion é mainneachtain an fo-alt sin (4) a chomhlíonadh a ndlífear fíneáil nach mó ná €1,000 a chur ar an úinéir cláraithe ar é nó í a chiontú go hachomair ann.”,

(f) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8):

“(8A) Ní ghlacfar le híocaíocht muirear seasta tar éis dul in éag don tréimhse 56 lá dar tosach dáta an fhógra lena mbaineann ar fógra é a seirbheáladh nó a greamaíodh faoi fho-alt (2) nó a seirbheáladh faoi fho-alt (5) den alt seo, de réir mar a bheidh.”,

(g) i bhfo-alt (9), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) féadfaidh duine nó féadfaidh an duine lena mbaineann an fógra, le linn na tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra, íocaíocht a dhéanamh de réir mar a shonrófar san fhógra,”,

(h) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (10):

“(10) In ionchúiseamh mar gheall ar chion muirear seasta, toimhdeofar, go dtí go suífear a mhalairt—

(a) gur seirbheáladh an fógra iomchuí faoin alt seo nó gur cuireadh faoi deara é a sheirbheáil, agus

(b) nach ndearnadh íocaíocht de bhun an fhógra iomchuí faoin alt seo, agus an fógra, arna chomhlánú go cuí, ina teannta (mura rud é go ndéantar foráil leis an bhfógra maidir leis an íocaíocht a dhéanamh gan an fógra a bheith i dteannta na híocaíochta).”,

agus

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (22)

“(23) (a) Féadfaidh an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, trí chomhaontú i scríbhinn, arna dhéanamh le duine, ar cibé téarmaí agus coinníollacha a fhorordófar sa chomhaontú, foráil a dhéanamh maidir leis an duine sin—

(i) do chomhlíonadh fheidhm an Choimisinéara i leith doiciméad faoi fho-alt (5) den alt seo a sheirbheáil, nó

(ii) do chomhlíonadh aon cheann d’fheidhmeanna comhalta den Gharda Síochána nó maoir tráchta faoin alt seo seachas na feidhmeanna a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo.

(b) Féadfaidh feidhm a bheith ag comhaontú dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo maidir le gach ceann nó aon cheann de na feidhmeanna dá dtagraíonn an mhír sin a chomhlíonadh i leith na gcionta go léir nó cionta roghnaithe a bhfuil feidhm ag an alt seo ina leith.

(c) Beidh feidhm ag alt 14(2), (3) agus (4) den Acht um Thrácht ar Bhóithre 2002 maidir le haon chomhaontú a dhéanfaidh an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí faoi mhír (a) den fho-alt seo.”.

(2) Maidir le rialacháin a dhéanfar faoi fho-alt (1) d’alt 103 den Phríomh-Acht a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an leasaithe a dhéantar le fo-alt (1)(a), leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm tar éis an tosach feidhme sin amhail is dá mba faoin bhfo-alt sin arna chur isteach le fo-alt (1)(a) a rinneadh iad.

Tiománaí feithicle i gcás nach pearsa aonair an t-úinéir cláraithe.

19. — (1) Chun críocha fho-alt (11) d’alt 103 (a cuireadh isteach le halt 11 d’Acht 2002) den Phríomh-Acht agus fho-alt (10) d’alt 3 (a cuireadh isteach le halt 12 d’Acht 2002) d’Acht 1975, i gcás nach dtugann tiománaí cláraithe na feithicle inneallghluaiste lena mbaineann an fhaisnéis a shonraítear i gceachtar de na fo-ailt sin agus nach pearsa aonair an t-úinéir, ansin measfar—

(a) i gcás gur sa Stát a cláraíodh an fheithicil ach nár céadcheadúnaíodh í faoi Rialacháin 1992, gurbh é nó í an phearsa aonair a rinne iarratas ar chlárú faoi alt 131 den Acht Airgeadais 1992,

(b) i gcás gur sa Stát a ceadúnaíodh an fheithicil faoi Rialacháin 1992—

(i) faoi réir fhomhír (ii), gurbh é nó í an phearsa aonair is déanaí a rinne iarratas ar an bhfeithicil a cheadúnú sula ndearnadh an cion líomhnaithe, nó

(ii) i gcás go mbeidh úinéireacht na feithicle aistrithe ó dhuine eile chuig an úinéir sula ndearnadh an cion líomhnaithe agus nach mbeidh iarratas déanta ag an úinéir cláraithe, mar úinéir nua na feithicle, ar í a cheadúnú faoi Rialacháin 1992, gurbh é nó í an phearsa aonair a shínigh, mar úinéir nua na feithicle, an fógra maidir le húinéireacht feithicle a aistriú, a bhain leis an bhfeithicil, faoi Rialacháin 1992,

(c) i gcás gur faoi cheadúnas trádála arna eisiúint faoi alt 21 den Acht Airgeadais (Uimh. 2) 1992 a úsáidtear an fheithicil, gurbh é nó í an phearsa aonair is déanaí a rinne iarratas ar an gceadúnas sula ndearnadh an cion líomhnaithe, nó

(d) i gcás go raibh an fheithicil ina hábhar comhaontaithe fruilcheannaigh nó comhaontaithe ligin, an tráth a rinneadh an cion líomhnaithe—

(i) gurbh é nó í an phearsa aonair a bhí i seilbh na feithicle faoin gcomhaontú, nó

(ii) i gcás nach pearsa aonair an duine a bhí i seilbh na feithicle faoin gcomhaontú, gurbh é nó í an phearsa aonair a rinne an comhaontú leis an úinéir maidir le seilbh na feithicle a bheith aige nó aici faoin gcomhaontú

a bhí ag tiomáint na feithicle nó á húsáid ar shlí eile, an tráth a rinneadh an cion líomhnaithe.

(2) Chun críocha fho-alt (1)—

(a) i ndáil le halt 103(11) den Phríomh-Acht, maidir le comhalta den Gharda Síochána, nó

(b) i ndáil le halt 3(10) d’Acht 1975, maidir le maor tráchta,

beidh, gach tráth réasúnach, rochtain aige nó aici ar na nithe seo a leanas agus féadfaidh sé nó sí iniúchadh agus scrúdú a dhéanamh orthu—

(i) an clár a bheidh á choimeád faoi alt 131 den Acht Airgeadais 1992 nó faoi airteagal 22 de Rialacháin 1992,

(ii) taifid a bheidh á gcoimeád faoi alt 60 (arna leasú le halt 86 den Acht Airgeadais 1994) den Acht Airgeadais 1993, nó

(iii) aon doiciméid i seilbh an úinéara chláraithe a bhaineann leis an bhfeithicil lena mbaineann,

agus féadfaidh sé nó sí a cheangal ar an úinéir cláraithe lena mbaineann nó ar dhuine ina fhostaíocht nó ina fostaíocht cibé faisnéis (lena n-áirítear faisnéis i dtaobh chéannacht aon tiománaí ar an bhfeithicil lena mbaineann) a thabhairt a mheasfaidh an comhalta nó an maor is gá a thabhairt.

(3) Aon duine a mhainneoidh, gan leithscéal réasúnach, doiciméad iomchuí dá dtagraítear i bhfo-alt (2)(iii) nó cibé faisnéis is iomchuí chun críocha an ailt seo a thabhairt do chomhalta den Gharda Síochána nó do mhaor tráchta nó a thabharfaidh faisnéis atá bréagach nó míthreorach beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear ar é nó í a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná €3,000 a chur air nó uirthi.

(4) I bhfo-alt (1)(a), (b) agus (c) ciallaíonn “ pearsa aonair ”—

(a) stiúrthóir, bainisteoir, comhpháirtí, rúnaí nó oifigeach eile (lena n-áirítear comhalta d’aon choiste bainistíochta nó d’aon údarás rialaithe eile) de chuid comhlachta chorpraithe nó comhlachta neamhchorpraithe daoine ar ina ainm nó thar a cheann a rinneadh an t-iarratas, nó

(b) an duine sin, é nó í féin, arb é nó í an stiúrthóir, an bainisteoir, an comhpháirtí nó an t-oifigeach eile é nó í, más é nó í a rinne an t-iarratas.

(5) San alt seo—

folaíonn “ doiciméad ” aon leabhar, taifead nó aon ábhar scríofa nó clóite eile i bhfoirm ar bith lena n-áirítear aon fhaisnéis a bheidh á stóráil, á coimeád nó á coinneáil trí aon fheiste mheicniúil nó leictreonach, cibé acu atá nó nach bhfuil sí á stóráil, á coimeád nó á coinneáil i bhfoirm inléite;

ciallaíonn “Rialacháin 1992 ” na Rialacháin um Fheithiclí Bóthair (Clárú agus Ceadúnú) (Leasú) 1992 (I.R. Uimh. 385 de 1992) (arna leasú);

ciallaíonn “ maor tráchta” maor tráchta de réir bhrí Acht 1975.

Cion ag comhlacht corpraithe, etc.

20. — I gcás ciona faoi alt 103(8)(h) (a cuireadh isteach le halt 17(d)(ii)) den Phríomh-Acht nó le halt 3(7)(h) (a cuireadh isteach le halt 23(c)) d’Acht 1975 a bheith déanta ag comhlacht corpraithe nó ag duine a airbheartóidh gníomhú thar ceann comhlachta chorpraithe nó thar ceann comhlachta neamhchorpraithe daoine agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú nó le cúlcheadú aon duine eile nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí toiliúla ar thaobh aon duine eile ba stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile (lena n-áirítear comhalta d’aon choiste bainistíochta nó d’aon údarás rialaithe eile) de chuid an chomhlachta sin, nuair a rinneadh an cion, nó a d’airbheartaigh gníomhú in aon cháil den sórt sin an tráth sin, beidh an duine eile sin, chomh maith leis an gcomhlacht, nó an duine a airbheartóidh amhlaidh gníomhú thar ceann an chomhlachta, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite.

Ceadúnais tiomána daoine a chúisítear i gcionta áirithe a iniúchadh.

21. — Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 22 d’Acht 2002:

“22.— (1) Aon duine a líomhnófar go ndearna sé nó sí cion nó a chúiseofar i gcion a dhéanamh faoi na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre 1961 go 2004 seachas—

(a) alt 84 (a cuireadh isteach le halt 15 d'Acht 2002), alt 85 (a cuireadh isteach le halt 16 d’Acht 2002) nó alt 101 den Phríomh-Acht, nó

(b) alt 35 (a mhéid a bhaineann sé le locadh feithiclí) nó alt 36 d’Acht 1944,

agus a bheidh le láithriú os comhair cúirte chun an líomhaint nó an cúiseamh a fhreagairt, déanfaidh sé nó sí, ar an gcéad dáta a bheidh sé nó sí le láithriú os comhair na cúirte nó ar dháta dá éis sin de rogha an bhreithimh ceannais, a cheadúnas tiomána nó a ceadúnas tiomána a thabhairt ar aird don Chúirt agus déanfaidh an Chúirt taifead i dtaobh cibé acu a rinneadh nó nach ndearnadh an ceadúnas a thabhairt ar aird.

(2) Aon duine a mhainneoidh a cheadúnas nó a ceadúnas a thabhairt ar aird don chúirt de réir cheanglais fho-alt (1) beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(3) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoi fho-alt (2) beidh—

(a) cóip dheimhnithe d’ordú cúirte i ndáil le cion dá dtagraítear i bhfo-alt (1), nó

(b) aon chineál eile fógra lena ndeimhneofar nár tugadh an ceadúnas tiomána ar aird don chúirt mar a fhoráiltear i Rialacha Cúirte,

inghlactha mar fhianaise ar na fíorais sin.”.

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann le hAcht 2002.

22. — Leasaítear an Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 2002—

(a) i gCuid 1—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i gcolún (3) ag uimhir thagartha 9 i ndiaidh “Tiomáint neamhaireach”:

“i gcás go mbainfidh an cion le feithicil inneallghluaiste a úsáid”,

agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an ábhair ag uimhir thagartha 16:

17

Cion faoi alt 51A den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961

Tiomáint gan aird chuí

2

4

agus

(b) i gCuid 4, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an ábhair i gcolún (3) ag uimhir thagartha 16:

“Mainneachtain síneacha sainordaitheacha áirithe a chomhlíonadh”.

Leasú ar alt 3 d’Acht 1975 (Maoir Thráchta) .

23. — Leasaítear alt 3 (a cuireadh isteach le halt 12 d'Acht 2002) d’Acht 1975—

(a) i bhfo-alt (3), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) maidir le húinéir cláraithe na feithicle—

(i) is pearsa aonair, nach raibh sé nó sí ag tiomáint na feithicle ná á húsáid ar shlí eile, nó

(ii) is comhlacht corpraithe nó comhlacht neamhchorpraithe daoine, nach raibh sé in ann an fheithicil a thiomáint ná a úsáid ar shlí eile,

tráth déanta an chiona líomhnaithe lena mbaineann an fógra,”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(5A) (a) Maidir le fógra faoin alt seo san fhoirm fhorordaithe féadfaidh sonraí maidir le modh íoca muirir sheasta a bheith ann.

(b) D’ainneoin cheanglais fho-ailt (6), (7) agus (8) den alt seo lena gceanglaítear, maidir le muirear seasta a íoc, go mbeidh an fógra a sheirbheálfar nó a ghreamófar, de réir mar a bheidh, ina theannta, féadfaidh sonraí a bheith san fhógra sna foirmeacha forordaithe maidir le modh íoca an mhuirir sheasta nó maidir leis an íocaíocht a dhéanamh gan an fógra a bheith i dteannta na híocaíochta.”,

(c) i bhfo-alt (7), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (h):

“(h) faoi réir mhír (f) den fho-alt seo, gur cion é mainneachtain an fo-alt sin (4) a chomhlíonadh agus go ndlífear fíneáil nach mó ná €1,000 a chur ar an úinéir cláraithe, ar é nó í a chiontú ann.”,

(d) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):

“(7A) Ní ghlacfar le híocaíocht muirir sheasta tar éis dul in éag don tréimhse 56 lá dar tosach dáta an fhógra lena mbaineann ar fógra é a seirbheáladh nó a greamaíodh faoi fho-alt (2) nó a seirbheáladh faoi fho-alt (4) den alt seo, de réir mar a bheidh.”,

agus

(e) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (9):

“(9) In ionchúiseamh mar gheall ar chion muirear seasta toimhdeofar, go dtí go suífear a mhalairt—

(a) gur seirbheáladh an fógra iomchuí faoin alt seo nó gur cuireadh faoi deara é a sheirbheáil, agus

(b) nach ndearnadh íocaíocht de bhun an fhógra iomchuí faoin alt seo, agus an fógra, arna chomhlánú go cuí, ina teannta (mura rud é go ndéantar foráil leis an bhfógra maidir leis an íocaíocht a dhéanamh gan an fógra a bheith i dteannta na híocaíochta).”.