An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 5 Árachas )

44 2004

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre 2004

CUID 6

Leasú ar an Acht um Rialáil Tacsaithe 2003

Leasú ar alt 36 den Acht um Rialáil Tacsaithe 2003 (dícháiliú sainordaitheach).

36. — Leasaítear alt 36 den Acht um Rialáil Tacsaithe 2003—

(a) i bhfo-alt (1), tríd an méid seo a leanas a chur i ndiaidh mhír (i) in ionad an ábhair ó “beidh an duine—”, agus na focail sin san áireamh, síos go dtí “arna chúlghairm.”, agus na focail sin san áireamh:

beidh an duine—

(i) i gcás é nó í a chiontú go hachomair, má dhéanann an Chúirt pionós seachas téarma príosúnachta (a mbeidh an duine á chur isteach go hiomlán nó go páirteach) a fhorchur, dícháilithe chun ceadúnas a shealbhú go ceann tréimhse 12 mhí agus, dá réir sin, i gcás inar sealbhóir ar cheadúnas an duine, beidh an ceadúnas arna fhionraí go ceann na tréimhse sin,

(ii) in aon chás eile, faoi réir fho-alt (2), dícháilithe chun ceadúnas a shealbhú agus, dá réir sin, i gcás inar sealbhóir ar cheadúnas an duine, beidh an ceadúnas arna chúlghairm.”,

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) Tiocfaidh dícháiliú, cúlghairm nó fionraí faoi fho-alt (1) in éifeacht—

(a) ar dhul in éag don ghnáth-am chun achomharc a thionscnamh i gcoinne an chiontaithe lena mbaineann, agus

(b) i gcás achomharc a bheith ann—

(i) má dhaingnítear an ciontú, ar é a dhaingniú, nó

(ii) ar é a tharraingt siar.”,

(c) i bhfo-alt (2), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhíreanna (i) agus (ii) agus an ábhair a leanann na fomhíreanna sin, go dtí deireadh an fho-ailt:

“(i) i gcás ina ndéanfar an cion a thriail—

(I) go hachomair, chuig breitheamh den Chúirt Dúiche ar ina dhúiche chúirte dúiche nó ina dúiche chúirte dúiche, nó

(II) ar díotáil sa Chúirt Chuarda, chuig an mbreitheamh den Chúirt Chuarda ar ina chuaird nó ina cuaird,

a bheartaíonn an duine seirbhísí beagfheithiclí seirbhíse poiblí a sholáthar,

(ii) i gcás go ndéanfar an cion a thriail ar díotáil san Ard-Chúirt, chuig breitheamh den Ard-Chúirt, chun cead a fháil iarratas a dhéanamh ar cheadúnas faoi cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis an gCúirt.”,

(d) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) (a) Aon duine a mbeidh sé ar intinn aige nó aici iarratas a dhéanamh chun na Cúirte faoi fho-alt (2) tabharfaidh sé nó sí fógra 21 lá i scríbhinn do Cheannfort an Gharda Síochána don dúiche ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine á rá go bhfuil sé ar intinn aige nó aici an t-iarratas a dhéanamh agus, i gcás inar sealbhóir ar cheadúnas an duine, don údarás ceadúnúcháin a dheonaigh an ceadúnas.

(b) Nuair a bheidh an t-iarratas faoi fho-alt (2) á éisteacht—

(i) féadfaidh Ceannfort an Gharda Síochána,

(ii) i gcás inar sealbhóir ar cheadúnas an duine a bheidh ag déanamh an iarratais, féadfaidh an t-údarás ceadúnúcháin a dheonaigh an ceadúnas, agus

(iii) féadfaidh aon duine eile a mheasfaidh an Chúirt a bheith iomchuí nó dá ndéanfaidh an t-iarratas difear,

láithriú agus beidh sé nó sí i dteideal éisteacht a fháil agus fianaise a thabhairt ar aird don Chúirt, agus féadfaidh an Chúirt aon fhianaise den sórt sin a bhreithniú le linn di iarratas ó dhuine faoi fho-alt (2) a bhreithniú.

(c) Cuirfidh an Chúirt faoi deara fógra maidir lena cinneadh ar iarratas faoi fho-alt (2) a thabhairt do Cheannfort an Gharda Síochána don dúiche ina bhfuil gnáthchónaí ar an iarratasóir agus don údarás ceadúnúcháin lena mbaineann, de réir mar is cuí.

(d) Is cinneadh críochnaitheach cinneadh na Cúirte ar iarratas faoin fho-alt (2), ach amháin, le cead na Cúirte, go bhféadfar achomharc i gcoinne an chinnidh a dhéanamh—

(i) i gcás cinnidh ón gCúirt Dúiche nó ón gCúirt Chuarda, chun na hArd-Chúirte, nó

(ii) i gcás cinnidh ón Ard-Chúirt, chun na Cúirte Uachtaraí,

ar cheist shonraithe dlí.”,

agus

(e) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) Tá feidhm ag fo-alt (1) maidir le duine a bheidh ciontaithe i gcion dá dtagraítear san fho-alt sin roimh thosach feidhme an fho-ailt sin seachas duine atá ciontaithe nó a ciontaíodh go hachomair i gcás nach bhforchuirtear téarma príosúnachta ar an duine nó nár forchuireadh téarma príosúnachta ar an duine i leith ciona a rinneadh roimh an tosach feidhme.”.