7 2005

/images/harp.jpg


Uimhir 7 de 2005


AN tACHT UM THIARNAÍ TALÚN AGUS TIONÓNTAÍ (BUNCHÍOSANNA) 2005

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1 . Mínithe.

2 . Leasú ar alt 4 d’Acht 1978.

3 . Cosaint.

4 . Gearrtheideal agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) 1967

1967, Uimh. 3

An tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2) 1978

1978, Uimh. 16

/images/harp.jpg


Uimhir 7 de 2005


AN tACHT UM THIARNAÍ TALÚN AGUS TIONÓNTAÍ (BUNCHÍOSANNA) 2005

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ ALT 4 DEN ACHT UM THIARNAÍ TALÚN AGUS TIONÓNTAÍ (BUNCHÍOSANNA) (UIMH. 2) 1978 AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[19 Bealtaine, 2005]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1 .— San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1967” an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) 1967;

ciallaíonn “Acht 1978” an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) (Uimh. 2) 1978.

Leasú ar alt 4 d’Acht 1978.

2 .— Cuirtear an t-alt seo a leanas in ionad alt 4 d’Acht 1978:

“Feidhm an Achta ar an Stát etc. a bheith srianta.

4.— (1) Ní chuirfidh an tAcht seo ceangal—

(a) ar Aire den Rialtas,

(b) ar Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn,

(c) ar an nGníomhaireacht Forbartha Tionscail (Éire),

(d) ar Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, nó

(e) ar Údarás na Gaeltachta.

(2) Maidir le fo-alt (1), is fo-alt é i dteannta aon achtacháin eile lena bhforchuirtear srian le feidhm an Achta seo.”.

Cosaint.

3 .— Ní bheidh feidhm ag an leasú ar alt 4 d’Acht 1978 a dhéantar le halt 2 maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) iarratas, arna dhéanamh roimh an Acht seo a rith, chuig Cláraitheoir na dTeideal faoi Chuid III d’Acht 1978,

(b) fógra, arna sheirbheáil roimh an Acht seo a rith, á rá go bhfuil ar intinn feo simplí a fháil faoi alt 4 d’Acht 1967,

(c) iarratas chuig cláraitheoir contae faoi alt 17 d’Acht 1967, nó eadráin faoin Acht sin, ar iarratas é nó ar eadráin í a bhaineann le fógra a bhfuil feidhm ag mír (b) den alt seo maidir leis,

(d) eadráin faoin gCuid sin III a bhaineann le hiarratas a bhfuil feidhm ag mír (a) den alt seo maidir leis,

(e) achomharc chuig an gCúirt Chuarda in aghaidh cinnidh de chuid cláraitheora contae faoi Acht 1967, ar achomharc é a bhaineann le fógra a bhfuil feidhm ag mír (b) den alt seo maidir leis, nó

(f) achomharc chuig an gCúirt Chuarda in aghaidh cinnidh de chuid Chláraitheoir na dTeideal faoin gCuid sin III, ar achomharc é a bhaineann le hiarratas a bhfuil feidhm ag mír (a) den alt seo maidir leis.

Gearrtheideal agus comhlua.

4 .— (1) Féadfar an tAcht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Bunchíosanna) 2005 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí 1967 go 2005 a ghairm de na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí 1967 go 1994 agus den Acht seo le chéile.