Ar Aghaidh ( AN SCEIDEAL Téacsanna Litreacha arna Malartú idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann lena nDéantar Comhaontú Forlíontach 2006. )

32 2006

/images/harp.jpg


Uimhir 32 de 2006


AN tACHT UM CHOMHAONTÚ NA BREATAINE-NA hÉIREANN (LEASÚ) 2006

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1 . Míniú.

2 . Leasú ar an bPríomh-Acht.

3 . Leasú ar an Sceideal a ghabhann le hAcht 1999.

4 . Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú, agus tosach feidhme.

AN SCEIDEAL

Téacsanna Litreacha arna Malartú idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann lena nDéantar Comhaontú Forlíontach 2006.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999

1999, Uimh. 1

Na hAchtanna um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann (Leasú) 1999 go 2005

An tAcht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann (Leasú) 1999

1999, Uimh. 16

/images/harp.jpg


Uimhir 32 de 2006


AN tACHT UM CHOMHAONTÚ NA BREATAINE-NA hÉIREANN (LEASÚ) 2006

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ I nDÁIL LEIS AN gCOMHAONTÚ IDIR RIALTAS NA hÉIREANN AGUS RIALTAS RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN ARNA DHÉANAMH LE MALARTÚ LITREACHA DAR DÁTA AN 25 IÚIL 2006 AGUS AN 25 IÚIL 2006, AGUS, CHUN NA CRÍCHE SIN, DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE I nDÁIL LEIS AN gCOMHAONTÚ IDIR RIALTAS NA hÉIREANN AGUS RIALTAS RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN AG BUNÚ COMHLACHTAÍ FORFHEIDHMITHE ARNA DHÉANAMH I mBAILE ÁTHA CLIATH AN 8 MÁRTA 1999, AGUS DO LEASÚ AN ACHTA UM CHOMHAONTÚ NA BREATAINE-NA hÉIREANN 1999.

[11 Nollaig, 2006]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Míniú.

1 .— San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1999” an tAcht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann (Leasú) 1999;

ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999.

Leasú ar an bPríomh-Acht.

2 .— Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 2(1)—

(i) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “an Comhaontú forlíontach” (a cuireadh isteach le halt 2(a) d’Acht 1999):

“ciallaíonn ‘Comhaontú forlíontach 1999’ an Comhaontú idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann arna dhéanamh leis an malartú litreacha dar dáta an 18 Meitheamh 1999, agus an 18 Meitheamh 1999, a bhfuil a dtéacsanna leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann (Leasú) 1999;”, agus

(ii) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach:

“ciallaíonn ‘Comhaontú forlíontach 2006’ an Comhaontú idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann arna dhéanamh leis an malartú litreacha dar dáta an 25 Iúil 2006 agus an 25 Iúil 2006, a bhfuil a dtéacsanna leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann (Leasú) 2006.”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4) d’alt 23 (a cuireadh isteach le halt 2(b) d’Acht 1999):

“(4) Déanfar Cuid 4 de gach ceann de na hIarscríbhinní dá dtagraítear san alt seo a fhorléiriú de réir Chomhaontú forlíontach 1999 agus de réir Chomhaontú forlíontach 2006.”.

Leasú ar an Sceideal a ghabhann le hAcht 1999.

3 .— Leasaítear an Sceideal a ghabhann le hAcht 1999 trí na focail “COMHAONTÚ FORLÍONTACH 1999” a chur in ionad “AN COMHAONTÚ FORLÍONTACH”.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú, agus tosach feidhme.

4 .— (1) Féadfar an tAcht um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann (Leasú) 2006 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999 go 2006 a ghairm de na hAchtanna um Chomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999 go 2005 agus den Acht seo le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú.