38 2006

/images/harp.jpg


Uimhir 38 de 2006


AN tACHT UM BORD SCANNÁN NA hÉIREANN (LEASÚ) 2006

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1 . Leasú ar alt 10 den Acht um Bord Scannán na hÉireann 1980.

2 . Gearrtheideal agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Bord Scannán na hÉireann (Leasú) 2000

2000, Uimh. 35

An tAcht um Bord Scannán na hÉireann 1980

1980, Uimh. 36

Na hAchtanna um Bord Scannán na hÉireann 1980 go 2006

/images/harp.jpg


Uimhir 38 de 2006


AN tACHT UM BORD SCANNÁN NA hÉIREANN (LEASÚ) 2006

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM BORD SCANNÁN NA hÉIREANN 1980.

[23 Nollaig, 2006]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 10 den Acht um Bord Scannán na hÉireann 1980.

1 .— Leasaítear alt 10 den Acht um Bord Scannán na hÉireann 1980 trí “€200,000,000” a chur in ionad “£80,000,000” (a cuireadh isteach le halt 1 den Acht um Bord Scannán na hÉireann (Leasú) 2000) agus tá an t-alt sin 10, arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

Ní mó ná €200,000,000 comhiomlán aon infheistíochtaí, iasachtaí, deontas nó airgid a sholáthróidh an Bord faoi ailt 6 agus 8 den Acht seo, i dteannta chomhiomlán na príomhshuime agus an úis a dhlífidh an Bord aon tráth áirithe a aisíoc ar scór aon ráthaíochta faoi alt 7 den Acht seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, i dteannta méid na príomhshuime agus an úis (más ann) a bheidh íoctha cheana féin ag an mBord ar scór aon ráthaíocthaí agus nach mbeidh aisíoctha leis an mBord.

Gearrtheideal agus comhlua.

2 .— (1) Féadfar an tAcht um Bord Scannán na hÉireann (Leasú) 2006 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Bord Scannán na hÉireann 1980 go 2006 a ghairm de na hAchtanna um Bord Scannán na hÉireann 1980 go 2000 agus den Acht seo le chéile.