3 2007

/images/harp.jpg


Uimhir 3 de 2007


AN tACHT ÁRACHAIS SLÁINTE (LEASÚ) 2007

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1 . Mínithe.

2 . Leasú ar alt 12 den Phríomh-Acht.

3 . Leasú ar alt 12A den Phríomh-Acht.

4 . Alt 12B den Phríomh-Acht a aisghairm.

5 . Gearrtheideal agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Árachais Sláinte (Leasú) 2001

2001, Uimh. 17

An tAcht Árachais Sláinte 1994

1994, Uimh. 16

Na hAchtanna Árachais Sláinte 1994 go 2003

/images/harp.jpg


Uimhir 3 de 2007


AN tACHT ÁRACHAIS SLÁINTE (LEASÚ) 2007

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ AN ACHTA ÁRACHAIS SLÁINTE 1994.

[22 Feabhra, 2007]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1 .— San Acht seo—

ciallaíonn “ Acht 2001 ” an tAcht Árachais Sláinte (Leasú) 2001;

ciallaíonn “ Príomh-Acht ” an tAcht Árachais Sláinte 1994.

Leasú ar alt 12 den Phríomh-Acht.

2 .— Leasaítear alt 12 (a cuireadh isteach le halt 9 d’Acht 2001) den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (2), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a):

“(a) Faoi réir mhíreanna (b) agus (c), beidh feidhm ag scéim—

(i) maidir le gach gnóthas cláraithe, agus

(ii) maidir le gach gnóthas atá scortha de bheith ina ghnóthas cláraithe ach a bhí ina ghnóthas cláraithe aon tráth le linn an scéim sin a bheith i bhfeidhm,

agus comhlíonfaidh gach gnóthas den sórt sin coinníollacha agus téarmaí na scéime.”,

agus

(b) i bhfo-alt (10), tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):

“(aa) San alt seo (seachas mír (a) d’fho-alt (2)), déanfar aon tagairtí do ghnóthas cláraithe a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do ghnóthas lena mbaineann fomhír (ii) den mhír sin (a).”.

Leasú ar alt 12A den Phríomh-Acht.

3 .— Leasaítear alt 12A (a cuireadh isteach le halt 9 d’Acht 2001) den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Féadfaidh an tÚdarás íocaíocht atá dlite don Údarás ó ghnóthas faoi scéim a ghnóthú ón ngnóthas mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.”.

Alt 12B den Phríomh-Acht a aisghairm.

4 .— Aisghairtear alt 12B (a cuireadh isteach le halt 10 d’Acht 2001) den Phríomh-Acht.

Gearrtheideal agus comhlua.

5 .— (1) Féadfar an tAcht Árachais Sláinte (Leasú) 2007 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Árachais Sláinte 1994 go 2007 a ghairm de na hAchtanna Árachais Sláinte 1994 go 2003 agus den Acht seo le chéile.