14 2007

/images/harp.jpg


Uimhir 14 de 2007


AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ) 2007

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1 . Leasú ar an Acht Toghcháin 1992

2 . Leasú ar an Acht Toghcháin 1997.

3 . Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Toghcháin 1992

1992, Uimh. 23

An tAcht Toghcháin 1997

1997, Uimh. 25

Na hAchtanna Toghcháin 1992 go 2006

An tAcht i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla 1938

1938, Uimh. 37

An tAcht Comharbais 1965

1965, Uimh. 27

/images/harp.jpg


Uimhir 14 de 2007


AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ) 2007

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA TOGHCHÁIN 1992 AGUS AN ACHTA TOGHCHÁIN 1997 AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA

[10 Aibreán, 2007]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar an Acht Toghcháin 1992.

1 .— Leasaítear an tAcht Toghcháin 1992—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad ailt 44 go 52:

“Fógra toghcháin.

44.— Déanfaidh an ceann comhairimh, laistigh de dhá lá (gan aon lá eisiata a áireamh) i ndiaidh an lae ar a bhfaighidh sé an t-eascaire, fógra poiblí a thabhairt san fhoirm a ordóidh an tAire (dá ngairtear “an fógra toghcháin” san Acht seo) ar fógra é ina luafar an méid seo a leanas—

(a) na tráthanna chun ainmniúcháin a ghlacadh,

(b) an ceanglas atá ann, i gcás iarrthóirí dá dtagraítear in alt 46(5), go bhfaighidh siad 30 aontú nó go n-íocfaidh siad éarlais de réir na Coda seo,

(c) na tráthanna agus an áit ina bhféadfar páipéir ainmniúcháin a fháil,

(d) na tráthanna agus an áit ina bhfreastalóidh sé chun ainmniúcháin a ghlacadh, agus

(e) an lá agus an tréimhse atá socraithe chun an vótaíocht a dhéanamh má théitear in iomaidh sa toghchán.

Ainmniúchán a bheith riachtanach.

45.— Ní bheidh duine i dteideal a ainm a chur isteach i bpáipéar ballóide mar iarrthóir i dtoghchán Dála mura mbeidh sé ainmnithe mar a fhoráiltear leis an Acht seo agus go mbeidh rialaithe ag an gceann comhairimh go bhfuil a pháipéar ainmniúcháin bailí.

Iarrthóirí a ainmniú.

46.— (1) I dtoghchán Dála, féadfaidh duine é féin a ainmniú mar iarrthóir nó, le toiliú uaidh, féadfaidh duine eile (is duine atá cláraithe mar thoghthóir Dála sa dáilcheantar a bhfuil sé beartaithe aige an t-iarrthóir a ainmniú dó), mar mholtóir, é a ainmniú.

(2) Déanfar gach iarrthóir a ainmniú trí pháipéar ainmniúcháin ar leithligh san fhoirm a fhorordófar le rialacháin a dhéanfaidh an tAire. Féadfar an méid seo a leanas a áireamh i bhfoirm an pháipéir ainmniúcháin—

(a) nóta i dtaobh na gcáilíochtaí, na ndícháilíochtaí agus na n-éagumas i dtaca le duine a thoghadh don Dáil agus le comhaltas na Dála,

(b) nóta i dtaobh na bhforálacha a bhfuil feidhm acu faoin gCuid seo maidir le hainmniú iarrthóra dá dtagraítear i bhfo-alt (5), lena n-áirítear—

(i) an nós imeachta maidir le haontú faoi fho-ailt (5)(a) agus (6),

(ii) éarlais a íoc faoi alt 47, agus

(iii) go bhéadfaidh iarrthóir dá dtagraítear i bhfo-alt (5) déanamh de réir an nós imeachta sin roimhe seo maidir le haontú nó éarlais a íoc faoi alt 47,

agus

(c) foirm dearbhaithe, a bheidh le síniú ag an iarrthóir nó ag a mholtóir, á rá gur léigh sé an nóta dá dtagraítear i mír (a) agus go gcreideann sé go bhfuil an t-iarrthóir cáilithe lena thoghadh agus gur thoiligh an t-iarrthóir leis an ainmniúchán

(3) Tabharfar ar gach páipéar ainmniúcháin ainmneacha (an sloinne i dtosach), seoladh agus slí bheatha (más ann) an iarrthóra.

(4) Féadfaidh iarrthóir ainm an pháirtí polaitíochta atá cláraithe i gClár na bPáirtithe Polaitíochta mar pháirtí atá eagraithe chun dul san iomaidh i dtoghchán Dála agus arb iarrthóir dó é a áireamh ina pháipéar ainmniúcháin, ar choinníoll go ndéanfar, an tráth a sheachadfar an páipéar ainmniúcháin ar an gceann comhairimh, deimhniú san fhoirm a ordóidh an tAire (dá ngairtear “deimhniú cleamhnachta polaitíochta” san Acht seo), ar deimhniú é lena bhfíordheimhnítear an iarrthóireacht, a thabhairt ar aird don cheann comhairimh, agus ar deimhniú é a bheidh sínithe ag an oifigeach nó na hoifigigh don pháirtí sin a mbeidh a ainm nó a n-ainmneacha sa Chlár sin de bhun alt 25(7)(d). I gcás ina dtabharfar deimhniú den sórt sin ar aird, cuirfidh an ceann comhairimh faoi deara, más deimhin leis gur cuí sin a dhéanamh i ndáil leis an iarrthóir—

(a) go ndéanfar ráiteas ina luafar ainm an pháirtí polaitíochta iomchuí agus cóip d’fheathal an pháirtí polaitíochta, mar atá arna chlárú i gClár na bPáirtithe Polaitíochta, a shonrú i ndáil leis an iarrthóir ar gach páipéar ballóide.

(b) go ndéanfar ráiteas ina luafar ainm an pháirtí polaitíochta iomchuí a shonrú i ndáil leis an iarrthóir ar fhógraí.

(5) I gcás iarrthóra nach bhfuil a shíniú fíordheimhnithe le deimhniú cleamhnachta polaitíochta faoi fho-alt (4), comhlíonfar ceann amháin de na míreanna seo a leanas roimh dheireadh na tréimhse ama a cheaptar leis an Acht seo chun ainmniúcháin a ghlacadh:

(a) beidh ainmniúchán an iarrthóra aontaithe ag 30 duine (gan an t-iarrthóir agus aon mholtóir a áireamh) atá cláraithe mar thoghthóirí Dála sa dailcheantar (agus gairtear “aontaitheoir” sa Chuid seo de gach duine díobh sin);

(b) beidh éarlais íoctha de réir alt 47 ag an iarrthóir, nó ag duine éigin thar a cheann,

(6) Tá feidhm ag na forálacha seo a leanas, i leith na sócmhainní a cheanglaítear a bheith ann le fo-alt (5)(c), maidir le hainmniú iarrthóra dá dtagraítear san fho-alt sin:

(a) chun aontú leis an ainmniúchán, déanfaidh aontaitheoir dearbhú reachtúil san fhoirm fhorordaithe ina luafar an meid seo a leanas:

(i) a uimhir (lena n-áirítear litreacha an cheantair vótaíochta) ar chlár na dtoghthóirí Dála atá i bhfeidhm an dáta a dhéantar an dearbhú reachtúil;

(ii) a ghnátháit chónaithe ar ina leith atá sé cláraithe i gclár na dtoghthóirí Dála dá dtagraítear i bhfomhír (i);

(iii) a mhionsonraí teagmhála, lena n-áirítear uimhreacha teileafóin (más ann);

(iv) ainm an dáilcheantair Dála, ar dháta déanta an dearbhaithe reachtúil, arb é an dáilcheantar é ina bhfuil gnáthchónaí air;

(v) ainm agus seoladh an iarrthóra;

(vi) an fhoirm céannachta a thug sé ar aird de réir mhír (b), lena n-áirítear aon uimhir atá uirthi chun í a idirdhealú ó fhoirmeacha den tsamhail chéanna atá ina seilbh ag daoine eile;

(vii) go n-aontaíonn sé le hainmniú an iarrthóra;

(viii) nár aontaigh sé le hainmniú aon iarrthóra eile i leith an toghcháin Dála sin;

(b) le linn an dearbhú reachtúil dá dtagraítear i mír (a), déanfaidh an t-aontaitheoir céannacht fhótagrafach fhorordaithe a thabhairt ar aird don duine a thógann agus a ghlacann an dearbhú agus measfar ina leith, tar éis déanamh amhlaidh, chun críocha an Achta i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla 1938, go bhfuil aithne phearsanta air ag an duine a thógann agus a ghlacann an dearbhú;

(c) ní bheidh éifeacht leis an aontú ach amháin maidir leis an dáilcheantar Dála ina bhfuil an áit dá dtagraítear i mír (a)(ii) suite tráth an toghcháin Dála lena mbaineann;

(d) faoi réir mhír (e), ní bheidh éifeacht leis an aontú ach amháin maidir leis an toghchán Dála sa dáilcheantar dá dtagraítear i mír (c) arb é an toghchán Dála é is túisce a dhéantar tar éis an dearbhú reachtúil a dhéanamh;

(e) d’ainneoin mhír (d), scoirfidh an t-aontú d’éifeacht a bheith leis más rud é, maidir le clár na dtoghthóirí Dála dá dtagraítear i mír (a), go scoirfidh sé de bheith i bhfeidhm sula ndéantar an toghchán Dála dá dtagraítear i mír (d);

(f) déanfaidh an t-iarrthóir nó an moltóir an líon riachtanach dearbhuithe reachtúla (is é sin le rá, an 30 dearbhú reachtúil arb iad na haontuithe iad) a chur i gceangal leis an bpáipéar ainmniúcháin agus, maidir leis an bpáipéar ainmniúcháin a sheachadtar ar an gceann comhairimh de réir alt 50, beidh na dearbhuithe i gceangal leis amhlaidh;

(g) i gcás ina ndéantar níos mó ná an líon riachtanach dearbhuithe reachtúla a chur i gceangal leis an bpáipéar ainmniúcháin, déanfar na dearbhuithe (suas go dtí an líon riachtanach) is túisce atá i gceangal leis an bpáipéar ainmniúcháin a chur i gcuntas agus eisiafar na cinn eile;

(h) is dleathach do chomhalta den Gharda Síochána nó d’oifigeach de chuid an údaráis clárúcháin dearbhú reachtúil dá dtagraítear i mír (a) a thógáil agus a ghlacadh agus déanfaidh an comhalta nó an t-oifigeach lena mbaineann aon dearbhú den sórt sin a stampáil;

(i) déanfaidh údarás clárúcháin agus ceann comhairimh socrú maidir le foirmeacha a sholáthar chun dearbhú reachtúil dá dtagraítear i mír (a) a dhéanamh agus soláthrófar saor in aisce iad d’aon duine a iarrann foirm den sórt sin.

(7) Chun críocha fho-ailt (5)(a) agus (6), measfar, maidir le duine a ndéanann a iarratas ar a ainm a thaifeadadh i bhforlíonadh le clár na dtoghthóirí Dála a cheadú faoin tráth is déanaí chun páipéar ainmniúcháin a sheachadadh ar an gceann comhairimh, nó roimh an tráth sin, go bhfuil sé cláraithe mar thoghthóir Dála sa dáilcheantar is infheidhme.

(8) I gcás nach bhfuil iarrthóir ina iarrthóir do pháirtí polaitíochta atá cláraithe i gClár na bPáirtithe Polaitíochta mar pháirtí atá eagraithe chun dul san iomaidh i dtoghchán Dála, beidh sé i dteideal an abairt “Neamh-Pháirtí” a chur i ndiaidh a ainm ar an bpáipéar ainmniúcháin agus, má dhéanann sé amhlaidh, cuirfidh an ceann comhairimh faoi deara go ndéanfar ráiteas ina luafar an abairt sin a shonrú, i ndáil leis an iarrthóir, ar gach páipéar ballóide agus ar fhógraí.

(9) Soláthróidh an ceann comhairimh páipéir ainmniúcháin le linn na ngnáthuaireanta oifige, i cibé áit nó áiteanna a bheidh ainmnithe san fhógra toghcháin, gach dálach le linn na tréimhse dar tosach foilsiú an fhógra sin agus dar críoch 12 meán lae, ar an dáta is déanaí chun ainmniúcháin a ghlacadh agus soláthróidh sé páipéar nó páipéir ainmniúcháin saor in aisce d’aon duine a iarrfaidh sin, ach ní bheidh oibleagáid ann páipéar arna sholáthar ag an gceann comhairimh de bhun an ailt seo a úsáid i dtoghchán Dála, ar choinníoll gur san fhoirm fhorordaithe a bheidh an páipéar ainmniúcháin a úsáidfear sa toghchán.

(10) Déanfar gach tagairt san alt seo do Chlár na bPáirtithe Polaitíochta a fhorléiriú mar thagairt don chóip den Chlár sin a chuirtear chuig an gceann comhairimh de bhun alt 25C(7).

Éarlais ó iarrthóirí airithe.

47.— (1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hiarrthóir dá dtagraítear in alt 46(5) mura rud é gur roghnaigh an t-iarrthóir lena mbaineann go n-aontófar lena iarrthóireacht ar an modh a shonraítear in alt 46(5)(a) agus (6).

(2) Déanfaidh iarrthóir i dtoghchán Dála dá dtagraítear in alt 46(5), nó déanfaidh duine éigin thar a cheann, suim €500 a thaisceadh leis an gceann comhairimh roimh dheireadh na tréimhse arna ceapadh leis an Acht seo chun ainmniúcháin a ghlacadh agus, mura ndéanfaidh sé amhlaidh, measfar a iarrthóireacht a bheith tarraingthe siar.

(3) Féadfar an éarlais a bheidh le híoc ag iarrthóir nó thar ceann iarrthóra de bhun an ailt seo a íoc ar mhodh dlíthairisceana nó, le toiliú an cheann comhairimh, ar aon mhodh eile.

Éarlais a thabhairt ar ais nó a dhiúscairt.

48.— (1) Déanfar an éarlais dá dtagraítear in alt 47 a thabhairt ar ais más rud é, maidir leis an iarrthóir—

(a) go dtarraingeoidh sé siar a iarrthóireacht de réir alt 54,

(b) go bhfaighidh sé bás sula gcríochnófar an vótaíocht,

(c) nach mbeidh sé ainmnithe go bailí mar iarrthóir roimh dheireadh na tréimhse chun ainmniúcháin a ghlacadh,

(d) go dtoghfar é, nó

(e) nach dtoghfar é ach gur mó an t-uaslíon vótaí a creidiúnaíodh dó tráth ar bith le linn chomhaireamh na vótaí—

(i) i gcás olltoghcháin, ná an ceathrú cuid den chuóta, nó

(ii) i gcás corrthoghcháin, ná an ceathrú cuid den chuóta a bheadh ann sa dáilcheantar sin dá mbeadh an líon iomlán comhaltaí den Dáil don dáilcheantar láithreach le toghadh.

(2) Déanfar aon éarlais nach dtugtar ar ais faoin bhfo-alt sin roimhe seo a fhorghéilleadh.

(3) I gcás ina bhfuil éarlais le tabhairt ar ais faoi fho-alt (1), tabharfar ar ais í don duine a d’íoc í, ach déanfar éarlais a d’íoc duine a fhaigheann bás sula dtabharfar an éarlais ar ais a thabhairt ar ais dá ionadaí pearsanta.

(4) Aon éarlais a fhorghéillfear faoin alt seo, diúscróidh an ceann comhairimh í ar cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

(5) San alt seo, tá le “ionadaí pearsanta” an bhrí a shanntar dó le halt 3 den Acht Comharbais, 1965 .

Amanna chun ainmniúcháin a ghlacadh.

49.— Is é an t-am is luaithe chun ainmniúcháin a ghlacadh 10 a.m. ar an lá (gan aon lá eisiata a áireamh) díreach i ndiaidh an dáta is déanaí chun an fógra toghcháin a fhoilsiú agus is é an t-am is déanaí chun ainmniúcháin a ghlacadh 12 meán lae ar an 7ú lá (gan aon lá eisiata a áireamh) díreach i ndiaidh an lae a eiseofar an t-eascaire nó na heascairí don toghchán.

Páipéir ainmniúcháin a sheachadadh.

50.— (1) Déanfaidh an t-iarrthóir nó a mholtóir gach páipéar ainmniúcháin a sheachadadh ar an gceann comhairimh laistigh de na hamanna a shonraítear in alt 49.

(2) Is go pearsanta a dhéanfaidh an t-iarrthóir an páipéar ainmniúcháin a sheachadadh ach amháin, i gcás ina mbeidh an t-iarrthóir á mholadh ag duine eile, go bhféadfar an seachadadh a dhéanamh mar atá ráite roimhe seo nó go bhféadfaidh an moltóir é a dhéanamh go pearsanta.

(3) Freastalóidh an ceann comhairimh chun ainmniúcháin a ghlacadh san áit a bheidh sonraithe chuige sin san fhógra toghcháin idir 10 a.m. agus 12 meán lae, agus idir 2 p.m. agus 5 p.m. ar an lá (gan aon lá eisiata a áireamh) roimh an dáta is déanaí chun ainmniúcháin a ghlacadh agus idir 10 a.m. agus 12 meán lae ar an dáta is déanaí sin a dúradh.

Páipéir ainmniúcháin a roghnú.

51.— Déanfaidh an ceann comhairimh na páipéir ainmniúcháin a uimhriú san ord ina bhfaighidh sé iad, agus an chéad pháipéar ainmniúcháin bailí lena n-ainmneofar iarrthóir do thoghchán, measfar gurb é sin ainmniú an iarrthóra sin don dáilcheantar sin.

Rialú ar bhailíocht páipéar ainmniúcháin.

52.— (1) (a) Tabharfaidh an ceann comhairimh rialú ar bhailíocht gach páipéir ainmniúcháin laistigh d’uair an chloig tar éis é a sheachadadh air agus féadfaidh sé a rialú go bhfuil sé neamhbhailí más rud é, agus más rud é amháin, go measann sé nach bhfuil sé déanta amach ná sínithe go cuí.

(b) Gan dochar do mhír (a), féadfaidh an ceann comhairimh a rialú freisin go bhfuil páipéar ainmniúcháin iarrthóra dá dtagraítear i mír (a) d’alt 46(5) neamhbhailí má mheasann sé nár comhlíonadh forálacha fho-ailt (5)(a) agus (6) den alt sin.

(c) Ní rialóidh an ceann comhairimh go bhfuil páipéar ainmniúcháin neamhbhailí mar gur aontaigh aontaitheoir le hainmniú níos mó ná iarrthóir amháin sa toghchán Dála céanna.

(2) Beidh an t-iarrthóir a ainmnítear le gach páipéar ainmniúcháin agus a mholtóir, más ann dó, agus duine amháin eile arna ainmniú ag an iarrthóir nó ag a mholtóir, de réir mar a bheidh, i dteideal a bheith i láthair nuair a bheidh rialú á dhéanamh ag an gceann comhairimh ar an bpáipéar ainmniúcháin sin, ach ní bheidh aon duine eile i dteideal a bheith i láthair ach amháin le cead ón gceann comhairimh.

(3) Cuirfidh an ceann comhairimh i gcoinne ainm iarrthóra i bpáipéar ainmniúcháin más rud é, maidir leis an ainm sin—

(a) nach ainm é a thugtar ar an iarrthóir de ghnáth,

(b) go bhfuil sé míthreorach agus gur dóigh dó mearbhall a chur ar dhaoine,

(c) go bhfuil sé rófhada, nó

(d) go bhfuil tagairt pholaitiúil ann,

agus i gcás ina gcuirfidh an ceann comhairimh i gcoinne ainm amhlaidh, ligfidh sé don iarrthóir nó dá mholtóir, de réir mar is cuí, an t-ainm a leasú, agus mura leasaítear amhlaidh é chun sástacht an cheann comhairimh, féadfaidh an ceann comhairimh é a leasú, de réir mar is cuí leis, tar éis dul i gcomhairle leis an iarrthóir nó lena mholtóir, má bhíonn ceachtar acu i láthair, nó féadfaidh sé a rialú go bhfuil an páipéar ainmniúcháin neamhbhailí mar nach ndearnadh amach i gceart é.

(4) Cuirfidh an ceann comhairimh i gcoinne na tuairisce ar iarrthóir i bpáipéar ainmniúcháin más é a thuairim go bhfuil sí mícheart, nach leor í chun an t-iarrthóir a aithint nó go bhfuil sí rófhada nó go bhfuil tagairt pholaitiúil inti seachas tagairt, más cuí, d’oifig phoiblí nó d’oifig thofa atá nó a bhíodh á teachtadh ag an iarrthóir, nó taifead arna dhéanamh de bhun fho-alt (4) nó (8) d’alt 46. I gcás ina gcuirfidh an ceann comhairimh i gcoinne tuairisce amhlaidh, ligfidh sé don iarrthóir nó dá mholtóir, de réir mar is cuí, an tuairisc a leasú, agus mura leasaítear amhlaidh í chun sástacht an cheann comhairimh, féadfaidh an ceann comhairimh í a leasú nó í a scriosadh, de réir mar is cuí leis, tar éis dul i gcomhairle leis an iarrthóir nó lena mholtóir, má bhíonn ceachtar acu i láthair, nó féadfaidh sé a rialú go bhfuil an páipéar ainmniúcháin neamhbhailí mar nach ndearnadh amach i gceart é.

(5) Nuair a bheidh rialú tugtha ag an gceann comhairimh ar bhailíocht páipéir ainmniúcháin, cuirfidh sé nóta i dtaobh a chinnidh ar an bpáipéar ainmniúcháin agus síneoidh sé an nóta. Má rialaíonn sé go bhfuil an páipéar ainmniúcháin neamhbhailí, cuirfidh sé ráiteas sa nóta ag lua na gcúiseanna a bhí aige leis sin. Is cinneadh críochnaitheach a chinneadh faoin alt seo agus ní fhéadfar é a fhreaschur ach amháin de thoradh achainí lena dtugtar an toghchán faoi cheist.

(6) A luaithe is indéanta tar éis rialú a thabhairt ar bhailíocht páipéir ainmniúcháin, déanfaidh an ceann comhairimh fógra i scríbhinn i dtaobh a rialaithe a thabhairt, leis an bpost nó ar dhóigh eile, don iarrthóir.

(7) Gach duine a mbeidh cinneadh déanta ina leith faoin alt seo go bhfuil a pháipéar ainmniúcháin bailí agus nach mbeidh a iarrthóireacht tarraingthe siar de réir alt 54, nó nach measfar faoi alt 47(2) nó 62 (1) í a bheith tarraingthe siar, beidh sé arna ainmniú go bailí mar iarrthóir.”,

agus

(b) in alt 124(3), trí “nó alt 48(1)(e)” a chur isteach i ndiaidh “d’alt 21(1)(a) den Acht Toghcháin, 1997”.

Leasú ar an Acht Toghcháin 1997.

2 .— Leasaítear an Sceideal a ghabhann leis an Acht Toghcháin 1997 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (d) de mhír 2:

“(d) caiteachais riachtanacha taistil agus caiteachaisriachtanacha eile arna dtabhú ag iarrthóir nó ag aontaitheoir le linn ceanglais fho-ailt (5)(a) agus (6) d’alt 46 d’Acht 1992 agus fho-ailt (1A) agus (1B) d’alt 12 d’Acht 1997 a chomhlíonadh

(dd) iarrthóir d’íoc éarlaise, nó éarlais a íoc thar ceann iarrthóra, faoi alt 47 d’Acht 1992,”.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

3 .— (1) Féadfar an tAcht Toghcháin (Leasú) 2007 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Toghcháin 1992 go 2007 a ghairm de na hAchtanna Toghcháin 1992 go 2006 agus den Acht seo le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.