16 2007

/images/harp.jpg


Uimhir 16 de 2007


AN tACHT UM GHNÍOMHAIREACHT AIRGEADAIS D’FHORBAIRT NÁISIÚNTA (LEASÚ) 2007

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1 . Míniú.

2 . Leasú ar alt 1 (léiriú) den Phríomh-Acht.

3 . Leasú ar alt 3 (feidhmeanna na Gníomhaireachta) den Phríomh-Acht.

4 . Cód iompair.

5 . Leasú ar alt 4 (comhairle a sholáthar d’údaráis Stáit) den Phríomh-Acht.

6 . Leasuithe a bhaineann le comhaltaí den Bhord.

7 . Leasú ar alt 15 (séala na Gníomhaireachta) den Phríomh-Acht.

8 . Leasú ar alt 18 (toirmeasc ar nochtadh neamhúdaraithe faisnéise rúnda) den Phríomh-Acht.

9 . Údarás Stáit a fhorordú, etc.

10 . Caiteachais na Gníomhaireachta.

11 . An Sceideal (údaráis Stáit) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

12 . Leasú ar an Acht um Údaráis Stáit (Socruithe le haghaidh Comhpháirtíochtaí Poiblí Príobháideacha) 2002.

13 . Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Na hAchtanna Cuanta 1946 go 1976

An tAcht um Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta 2002

2002, Uimh. 29

Acht na gColáistí Teicniúla Réigiúnacha 1992

1992, Uimh. 16

An tAcht um Údaráis Stáit (Socruithe le haghaidh Comhpháirtíochtaí Poiblí Príobháideacha) 2002

2002, Uimh. 1

Acht na nOllscoileanna 1997

1997, Uimh. 24

An tAcht Oideachais Ghairme Beatha 1930

1930, Uimh. 29

/images/harp.jpg


Uimhir 16 de 2007


AN tACHT UM GHNÍOMHAIREACHT AIRGEADAIS D’FHORBAIRT NÁISIÚNTA (LEASÚ) 2007

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM GHNÍOMHAIREACHT AIRGEADAIS D’FHORBAIRT NÁISIÚNTA 2002 TRÍ SHOCRÚ A DHÉANAMH MAIDIR LE FEIDHMEANNA BREISE DE CHUID NA GNÍOMHAIREACHTA AIRGEADAIS D’FHORBAIRT NÁISIÚNTA AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE COMHGHAOLMHARA.

[10 Aibreán, 2007]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Míniú.

1 .— San Acht seo ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht um Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta 2002.

Leasú ar alt 1 (léiriú) den Phríomh-Acht.

2 .— Leasaítear alt 1 den Phríomh-Acht—

(a) trí “socrú le haghaidh comhpháirtíochta poiblí príobháidí” a chur in ionad “comhpháirtíocht phoiblí phríobháideach” sa mhíniú ar “Aire iomchuí” i bhfo-alt (1), agus

(b) sa mhíniú ar “údarás Stáit” trí “nó a fhorordófar le hordú faoi alt 22 chun críocha mhír 17 den Sceideal” a chur isteach i ndiaidh “sa Sceideal”.

Leasú ar alt 3 (feidhmeanna na Gníomhaireachta) den Phríomh-Acht.

3 .— Leasaítear alt 3 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1)—

(a) trí “agus” a scriosadh san áit dheireanach a bhfuil sé i mír (c) agus trí “do thionscadail infheistíochta poiblí,” a chur in ionad “do thionscadail infheistíochta poiblí.” i mír (d), agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (d):

“(e) socrú le haghaidh comhpháirtíochta poiblí príobháidí a dhéanamh d’fhonn na cearta agus na hoibleagáidí faoi shocrú den sórt sin a aistriú chuig aon údarás Stáit, agus

(f) gníomhú mar ghníomhaire d’aon údarás Stáit i dtaca leis an údarás Stáit sin do dhéanamh socrú le haghaidh comhpháirtíochta poiblí príobháidí nó do bheartú socrú den sórt sin a dhéanamh.”.

Cód iompair.

4 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 3:

“3A.— (1) Déanfaidh an Ghníomhaireacht cód iompair a tharraingt suas, agus féadfaidh sí ó am go ham é a athbhreithniú, ar cód iompair é atá bunaithe ar na cleachtais is fearr chun dea-rialachas corparáideach a chinntiú maidir le feidhmeanna na Gníomhaireachta a chomhlíonadh faoin Acht seo i ndáil le socruithe le haghaidh comhpháirtíochta poiblí príobháidí.

(2) I gcás cód iompair a bheith arna tharraingt suas nó arna athbhreithniú faoi fho-alt (1), cuirfidh an Ghníomhaireacht faoi bhráid an Aire é lena cheadú.”.

Leasú ar alt 4 (comhairle a sholáthar d’údaráis Stáit) den Phríomh-Acht.

5 .— Leasaítear alt 4 den Phríomh-Acht i bhfo-alt (1) trí “, nó le linn feidhmeanna a fheidhmiú faoi mhír (e) nó (f) d’alt 3(1) den Acht seo,”, a chur isteach i ndiaidh “Le linn comhairle a sholáthar faoin Acht seo”.

Leasuithe a bhaineann le comhaltaí den Bhord.

6 .— Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) trí “7 ngnáthchomhalta” a chur in ionad “4 ghnáthchomhalta” in alt 12(2), agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3) in alt 14:

“(3) 4 is córam do chruinniú den Bhord.”.

Leasú ar alt 15 (séala na Gníomhaireachta) den Phríomh-Acht.

7 .— Leasaítear alt 15 den Phríomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Maidir le haon chonradh nó ionstraim nár ghá a bheith faoi shéala dá mba dhuine nach comhlacht corpraithe a dhéanfadh nó a d’fhorghníomhódh é nó í, féadfaidh 2 dhuine é nó í a dhéanamh agus a fhorghníomhú ar duine díobh seo a leanas gach duine acu—

(a) Cathaoirleach an Bhoird,

(b) gnáthchomhalta den Bhord, nó

(c) oifigeach do Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, nó duine d’fhoireann na Gníomhaireachta sin, atá údaraithe i scríbhinn ag an mBord chun na críche sin.”.

Leasú ar alt 18 (toirmeasc ar nochtadh neamhúdaraithe faisnéise rúnda) den Phríomh-Acht.

8 .— Leasaítear alt 18 den Phríomh-Acht—

(a) trí “, d’aon Aire iomchuí” a chur isteach i ndiaidh “don Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin”, agus

(b) i bhfo-alt (4)(a) trí “, ag aon Aire iomchuí” a chur isteach i ndiaidh “ag an mBord”.

Údarás Stáit a fhorordú, etc.

9 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 22:

“22.— (1) I gcás ina mbeidh an tAire den tuairim, tar éis dul i gcomhairle le haon Aire iomchuí—

(a) ag féachaint do chríocha an Achta seo, d’fheidhmeanna na Gníomhaireachta agus d’fheidhmeanna an údaráis phoiblí lena mbaineann, gur chuí go ndéanfaí údarás poiblí, nach údarás Stáit é, a fhorordú amhlaidh le hordú faoin alt seo, ansin féadfaidh sé nó sí, le hordú, an t-údarás poiblí a fhorordú chun críocha mhír 17 den Sceideal, nó

(b) ag féachaint do chónascadh nó do dhíscaoileadh, nó d’athrú ainm, údaráis Stáit, gur chóir go scoirfidh tagairt d’údarás Stáit a shonraítear sa Sceideal d’éifeacht a bheith léi, ansin féadfaidh sé nó sí, le hordú, a dhearbhú go scoirfidh an tagairt d’éifeacht a bheith léi agus, más cuí, údarás poiblí a fhorordú faoi mhír (a) in ionad an údaráis Stáit sin.

(2) I gcás ina mbeartaítear ordú a dhéanamh faoin alt seo, déanfar dréacht den ordú a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(3) Ní dhéanfar an t-ordú má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an dréacht a leagan faoina bhráid, rún a rith ag dícheadú an dréachta.

(4) San alt seo ciallaíonn ‘údarás poiblí’—

(a) duine nó comhlacht a bhí arna shonrú nó arna sonrú aon tráth sa Sceideal nó a forordaíodh le hordú faoin alt seo chun críocha mhír 17 den Sceideal,

(b) bord, údarás nó comhlacht eile (seachas cuideachta) arna bhunú le reacht nó faoi reacht,

(c) cuideachta ina bhfuil na scaireanna uile—

(i) ar seilbh ag Aire den Rialtas nó thar ceann Aire den Rialtas, nó

(ii) ar seilbh ag stiúrthóirí arna gceapadh ag Aire den Rialtas,

(d) cuideachta ina bhfuil na scaireanna uile ar seilbh ag bord, údarás nó comhlacht dá dtagraítear i mír (b) nó ag cuideachta dá dtagraítear i mír (c).”.

Caiteachais na Gníomhaireachta.

10 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad alt 26:

“26.— (1) Faoi réir fho-ailt (2), (3) agus (4), déanfar na caiteachais a thabhóidh an Ghníomhaireacht i gcomhlíonadh a feidhmeanna a mhuirearú ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis agus a íoc amach as sin.

(2) Déanfar na caiteachais a thabhóidh an Ghníomhaireacht i gcomhlíonadh a feidhmeanna faoi mhíreanna (b) agus (d) d’alt 3(1) (lena n-áirítear aon íocaíochtaí i leith úis agus príomhshuime) a mhuirearú ar aisíocaíochtaí agus a íoc as aisíocaíochtaí (lena n-áirítear aisíocaíochtaí i leith úis agus príomhshuime), go feadh mhéid na haisíocaíochta lena mbaineann, leis an nGníomhaireacht ar aon iasachtaí a airleacfaidh sí nó as aon bharrachas a fhabhróidh don Ghníomhaireacht.

(3) (a) Maidir leis na caiteachais a thabhóidh an Ghníomhaireacht i gcomhlíonadh a feidhmeanna faoi mhíreanna (a), (c), (e) agus (f) d’alt 3(1) i ndáil le tionscadal sonrach nó socrú sonrach dá dtagraítear sna míreanna sin, déanfaidh an t-údarás Stáit cuí nó na húdaráis Stáit chuí lena mbaineann an tionscadal nó an socrú sin iad a aisíoc leis an nGníomhaireacht a luaithe is indéanta tar éis don Gníomhaireacht iad a íoc.

(b) Déanfaidh an Ghníomhaireacht, a luaithe is indéanta tar éis aisíocaíocht a fháil chun críocha mhír (a), í a aisíoc leis an Státchiste.

(4) San alt seo folaíonn ‘caiteachais’ luach saothair agus liúntais i leith caiteachas is iníoctha faoi alt 12(5) le comhaltaí den Bhord agus aon táille is iníoctha le sainchomhairleoir nó le comhairleoir nó le soláthróir seirbhíse eile a bheidh fostaithe ag an nGníomhaireacht faoin Acht seo.”.

An Sceideal (údaráis Stáit) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

11 .— Leasaítear an Príomh-Acht tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an Sceidil a ghabhann leis:

“AN SCEIDEAL

ÚDARÁIS STÁIT

1. Aire den Rialtas.

2. Údarás áitiúil.

3. Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn.

4. An tÚdarás um Bóithre Náisiúnta.

5. Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

6. Ollscoil de réir bhrí Acht na nOllscoileanna 1997, seachas Coláiste na Tríonóide agus Ollscoil Bhaile Átha Cliath.

7. Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.

8. Coláiste de réir bhrí alt 2 d’Acht na gColáistí Teicniúla Réigiúnacha 1992.

9. Coiste gairmoideachais de réir bhrí alt 7 den Acht Oideachais Ghairme Beatha 1930.

10. An tSeirbhís Chúirteanna.

11. Údarás cuain de réir bhrí na nAchtanna Cuanta 1946 go 1976.

12. Bus Átha Cliath - Dublin Bus.

13. Bus Éireann - Irish Bus.

14. Córas Iompair Éireann.

15. An Ghníomhaireacht um Fháil Iarnród.

16. An Ghníomhaireacht Forbartha don Mhol Digiteach.

17. Aon údarás poiblí atá arna fhorordú le hordú faoi alt 22.”.

Leasú ar an Acht um Údaráis Stáit (Socruithe le haghaidh Comhpháirtíochtaí Poiblí Príobháideacha) 2002.

12 .— Leasaítear an tAcht um Údaráis Stáit (Socruithe le haghaidh Comhpháirtíochtaí Poiblí Príobháideacha) 2002 trí “An Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta.” a chur isteach ag deireadh an Sceidil.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

13 .— (1) Féadfar an tAcht um Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta (Leasú) 2007 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta 2002 agus 2007 a ghairm den Acht seo agus den Acht um Ghníomhaireacht Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta 2002 le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.