Ar Aghaidh (CUID 1 Nithe Réamhráiteacha )

19 2007

/images/harp.jpg


Uimhir 19 de 2007


AN tACHT UM CHOSAINT TOMHALTÓIRÍ 2007

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

CUID 1

Nithe Réamhráiteacha

Alt

1 . Gearrtheideal agus tosach feidhme.

2 . Léiriú agus feidhm.

3 . Rialacháin.

4 . Aisghairm.

5 . Caiteachais.

CUID 2

An Ghníomhaireacht Náisiúnta Tomhaltóirí

Caibidil 1

An Ghníomhaireacht

6 . An lá bunaithe.

7 . Bunú na Gníomhaireachta.

8 . Feidhmeanna na Gníomhaireachta.

9 . Athbhreithniú ar reachtaíocht.

10 . Comhaltas na Gníomhaireachta.

11 . Cathaoirleach na Gníomhaireachta.

12 . Cruinnithe agus nósanna imeachta na Gníomhaireachta.

13 . Coistí.

14 . Príomhfheidhmeannach.

15 . Feidhmeanna an phríomhfheidhmeannaigh.

16 . An príomhfheidhmeannach do fhreastal os comhair an Choiste um Chuntais Phoiblí.

17 . An príomhfheidhmeannach do fhreastal os comhair Coistí Oireachtais eile.

18 . Comhaltas de cheachtar Teach den Oireachtas, de Pharlaimint na hEorpa nó d’údarás áitiúil.

19 . Slánaíocht do chomhaltaí na Gníomhaireachta.

20 . Ráiteas straitéise agus clár oibre na Gníomhaireachta.

21 . Socrú a dhéanamh le haghaidh comhoibriú idir an Ghníomhaireacht agus comhlachtaí áirithe forordaithe.

22 . Tuarascálacha agus faisnéis don Aire.

23 . Cuntais agus iniúchtaí.

24 . Airleacain ón Aire chuig an nGníomhaireacht.

25 . Leasanna a nochtadh.

26 . Cumhacht chun conarthaí a dhéanamh agus chun sainchomhairleoirí agus comhairleoirí a fhostú.

27 . Áitreabh na Gníomhaireachta.

28 . Séala na Gníomhaireachta.

29 . Cumhacht chun airgead a fháil ar iasacht.

30 . Oifigigh údaraithe don Ghníomhaireacht.

31 . Nochtadh faisnéise a bhaineann le cionta.

32 . Toirmeasc ar nochtadh neamhúdaraithe faisnéise.

33 . Leasú ar an Acht um Shaoráil Faisnéise 1997.

Caibidil 2

Foireann na Gníomhaireachta

34 . Foireann.

35 . Fostaíocht daoine áirithe a aistriú chun na Gníomhaireachta.

36 . Aoisliúntas.

Caibidil 3

Feidhmeanna a Aistriú, etc.

37 . Feidhmeanna a aistriú chuig an nGníomhaireacht.

38 . Conarthaí láithreacha a choimeád ar marthain.

39 . Sócmhainní agus dliteanais a aistriú.

40 . Tagairtí in achtacháin áirithe eile don Stiúrthóir nó d’Oifig an Stiúrthóra.

CUID 3

Cleachtais Tráchtála

Caibidil 1

Cleachtais Tráchtála Éagóracha

41 . Toirmeasc ginearálta ar chleachtais tráchtála éagóracha.

Caibidil 2

Cleachtais Tráchtála Mhíthreoracha

42 . Toirmeasc ginearálta ar chleachtais tráchtála mhíthreoracha.

43 . Míthreorach: faisnéis bhréagach, faisnéis mhíthreorach nó faisnéis mhealltach.

44 . Míthreorach: mearbhall maidir le hiomaitheoir nó táirge i margaíocht nó i bhfógraíocht.

45 . Míthreorach: neamhchomhlíonadh gealltanais faoi chód cleachtais a bhfuil an trádálaí faoina cheangal.

46 . Míthreorach: faisnéis ábhartha a choimeád siar, a fhágáil gan nochtadh nó a cheilt.

47 . Cion: cleachtais tráchtála mhíthreoracha.

48 . Toirmeasc ar fhormhuirir i gcás go roghnaítear aon mhodh íocaíochta amháin thar mhodh íocaíochta eile.

49 . Ceanglas go luafar formhuirear mar chuid den phraghas (i gcás gur ceadmhach sin ar shlí eile).

50 . Rialacháin maidir le faisnéis do thomhaltóirí.

51 . Cionta: rialacháin um fhaisnéis do thomhaltóirí a shárú.

Caibidil 3

Cleachtais Tráchtála Fhóbartacha

52 . Toirmeasc ginearálta ar chleachtais tráchtála fhóbartacha.

53 . Cleachtais tráchtála fhóbartacha.

54 . Cion: cleachtais tráchtála fhóbartacha.

Caibidil 4

Cleachtais Tráchtála Thoirmiscthe

55 . Cleachtais tráchtála thoirmiscthe.

56 . Cion: cleachtais tráchtála thoirmiscthe.

57 . Rialacháin um thaispeáint praghsanna.

58 . Cion: sáruithe maidir le taispeáint praghsanna.

59 . Cion: saoráidí meáite i miondíol grósaeireachta.

60 . Cion: cosc a chur le praghsanna a léamh.

61 . Staid éigeandála a bheith ann maidir le táirge a sholáthar.

62 . Cumhacht chun praghsanna uasta a shocrú le linn staide éigeandála.

63 . Cion: sárú ar orduithe um praghas uasta.

CUID 4

Stuaicscéimeanna Cur Chun Cinn

64 . Míniú (Cuid 4).

65 . Cion indíotáilte: páirt a ghlacadh i stuaicscéimeanna cur chun cinn a bhunú, a oibriú nó a chur chun cinn.

66 . Comhaontuithe maidir le stuaicscéim cur chun cinn a bheith ar neamhní.

CUID 5

Imeachtaí, Leigheasanna agus Pionóis

Caibidil 1

Léiriú agus Nithe Ginearálta a bhaineann le hImeachtaí

67 . Míniú (Cuid 5).

68 . Toimhde maidir le léirithe.

69 . Fógróirí.

70 . Cion trádálaí as siocair gnímh nó mainneachtana duine eile.

Caibidil 2

Imeachtaí Sibhialta

71 . Faoiseamh sibhialta ar mhodh orduithe toirmisc.

72 . Orduithe toirmisc in aghaidh úinéirí cóid.

73 . Gealltanais leis an nGníomhaireacht.

74 . Ceart caingne tomhaltóra le haghaidh damáistí.

Caibidil 3

Fógraí um Chomhlíonadh

75 . Fógraí um chomhlíonadh.

Caibidil 4

Imeachtaí Coiriúla

76 . Teorainn ama chun imeachtaí a thionscnamh.

77 . Dliteanais i leith cionta ag comhlachtaí corpraithe.

78 . Dúthracht chuí mar chosaint.

79 . Fíneálacha agus pionóis.

80 . Trádálaithe ciontaithe faoi dhliteanas i leith chostais agus chaiteachais na n-imeachtaí agus an imscrúdaithe.

81 . Trádálaithe ciontaithe faoi dhliteanas tomhaltóirí a chúiteamh as caillteanas nó damáiste.

82 . Féadfaidh an chúirt a ordú do dhuine ciontaithe ráiteas ceartaitheach a fhoilsiú.

83 . Daoine a dhíotáiltear a thriail go hachomair.

84 . Féadfaidh an Ghníomhaireacht imeachtaí achoimre i leith cionta a thionscnamh.

Caibidil 5

Fógraí um Íocaíochtaí Seasta

85 . Fógraí um íocaíochtaí seasta i leith cionta maidir le taispeáint praghsanna agus praghsáil táirgí.

Caibidil 6

Ainmneacha Trádálaithe a Fhoilsiú (Liosta Cosanta Tomhaltóirí)

86 . Féadfaidh an Ghníomhaireacht faisnéis maidir le trádálaithe áirithe a fhoilsiú.

CUID 6

Ilghnéitheach

87 . Cosaintí do dhaoine a thuairisceoidh sáruithe.

88 . Cóid a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta go saorálach lena n-athbhreithniú agus lena gceadú.

89 . Inghlacthacht cód cleachtais in imeachtaí.

90 . Treoirlínte ón nGníomhaireacht.

91 . Cosaint do chonarthaí áirithe.

92 . Cosaint d’orduithe láithreacha um thaispeáint praghsanna.

93 . Idirthréimhseach.

94 . Leasú ar Acht an Bhainc Cheannais 1942.

95 . Leasú ar an Acht um Dhíol Earraí agus Soláthar Seirbhísí 1980.

96 . Cosaint do chearta eile a bheidh ag duine.

97 . Leasú ar an Acht um Fhorbairt Tionscail 1993.

98 . Leasú ar an Acht Corr-Thrádála 1995.

99 . Leasú ar an Acht um Shainmharcáil 1981.

100 . Cumhacht oifigigh custam agus máil earraí neamhshábháilte a choinneáil.

101 . Ordacháin faoi ionstraimí áirithe i leith sábháilteachta táirgí: gníomhartha tríú páirtithe.

102 . Inghlacthacht tástálacha saotharlainne áirithe.

SCEIDEAL 1

Achtacháin Láithreacha

CUID 1

Achtacháin — Achtanna den Oireachtas

CUID 2

Achtacháin arna ndéanamh faoi Acht na gComhphobal Eorpach 1972, ar Achtacháin láithreacha iad

SCEIDEAL 2

Aisghairm

SCEIDEAL 3

Tagairtí in Achtanna agus in Ionstraimí Áirithe don Stiúrthóir nó d’Oifig an Stiúrthóra

CUID 1

Tagairtí in Achtanna Áirithe don Stiúrthóir Gnóthaí Tomhaltóirí nó d’Oifig an Stiúrthóra Gnóthaí Tomhaltóirí

CUID 2

Tagairtí in Ionstraimí Áirithe don Stiúrthóir Gnóthaí Tomhaltóirí nó d’Oifig an Stiúrthóra Gnóthaí Tomhaltóirí

SCEIDEAL 4

Achtacháin chun críche alt 73 (Gealltanais leis an nGníomhaireacht)

SCEIDEAL 5

Achtacháin chun críche alt 75 (Fógraí um chomhlíonadh)

SCEIDEAL 6

Sásamh i leith sárú ar alt 87

SCEIDEAL 7

Ionstraimí Reachtúla chun críocha ailt 101 agus 102 (Treoracha i leith sábháilteachta táirgí agus inghlacthachta tástálacha saotharlainne)

SCEIDEAL 8

Treoracha chun críche alt 102 (Inghlacthacht tástálacha saotharlainne)


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Tora Talmhaíochta (Feoil Úr) 1930

1930, Uimh. 10

An tAcht Tora Talmhaíochta (Prátaí) 1931

1931, Uimh. 26

Anglo-Portuguese Commercial Treaty Act 1914

5 & 6 Geo. 5., c. 1

Anglo-Portuguese Commercial Treaty Act 1916

6 & 7 Geo. 5., c. 39

An tAcht um Shaoire Cúramóra, 2001

2001, Uimh. 19

An tAcht Corr-Thrádála 1995

1995, Uimh. 19

Acht an Bhainc Cheannais 1942

1942, Uimh. 22

Acht an Bhainc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann 2003

2003, Uimh. 12

Acht an Bhainc Ceannais agus Údarás Seirbhísí Airgeadais na hÉireann 2004

2004, Uimh. 21

Acht na gCuideachtaí 1990

1990, Uimh. 33

An tAcht Iomaíochta 2002

2002, Uimh. 14

Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú) 1993

1993, Uimh. 8

An tAcht um Chreidmheas do Thomhaltóirí 1995

1995, Uimh. 24

An tAcht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí 1978

1978, Uimh. 1

An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil 1967

1967, Uimh. 12

An tAcht um Thráchtáil Leictreonach 2000

2000, Uimh. 27

Acht na gComhphobal Eorpach (Leasú) 1993

1993, Uimh. 25

Acht na gComhphobal Eorpach 1972

1972, Uimh. 27

An tAcht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997

1997, Uimh. 2

An tAcht um Údarás Sábháilteachta Bia na hÉireann 1998

1998, Uimh. 29

An tAcht um Shaoráil Faisnéise 1997

1997, Uimh. 13

An tAcht um Shainmharcáil 1981

1981, Uimh. 18

An tAcht um Fhorbairt Tionscail 1986

1986, Uimh. 9

An tAcht um Fhorbairt Tionscail 1993

1986, Uimh. 19

An tAcht Léiriúcháin 2005

2005, Uimh. 23

An tAcht um Chistí Infheistíochta, Cuideachtaí agus Forálacha Ilghnéitheacha 2006

2006, Uimh. 41

An tAcht um Dhliteanas i Leith Táirgí Fabhtacha 1991

1991, Uimh. 28

An tAcht Rialtais Áitiúil 2001

2001, Uimh. 37

Merchandise Marks Act 1887

50 & 51 Vic., c. 28

Merchandise Marks Act 1891

54 & 55 Vic., c. 15

Merchandise Marks Act 1911

1 & 2 Geo. 5., c. 31

An tAcht Marcanna Earraí Ceannaíochta 1931

1931, Uimh. 48

An tAcht Marcanna Earraí Ceannaíochta 1970

1970, Uimh. 10

Na hAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973 go 2005

An tAcht um Chartlann Náisiúnta 1986

1986, Uimh. 11

An tAcht fán Údarás um Chaighdeáin Náisiúnta na hÉireann 1996

1996, Uimh. 28

An tAcht um Thrádáil Ócáideach 1979

1979, Uimh. 35

Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

2003, Uimh. 32

An tAcht Ombudsman 1980

1980, Uimh. 26

An tAcht um Ombudsman do Leanaí 2002

2002, Uimh. 22

An tAcht um Eagrú Ama Oibre 1997

1997, Uimh. 20

An tAcht um Earraí Pacáistithe (Cainníochtaí a Rialú) 1980

1980, Uimh. 11

An tAcht um Shaoirí Réamháirithe agus an Trádáil Taistil 1995

1995, Uimh. 17

Na hAchtanna um Shaoire do Thuismitheoirí 1998 agus 2006

An tAcht Geallbhróicéirí 1964

1964, Uimh. 31

An tAcht um Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta 2003

2003, Uimh. 46

Acht an Chonnartha Phortuingéalaigh 1930

1930, Uimh. 35

An tAcht Praghsanna (Leasú) 1972

1972, Uimh. 20

An tAcht Praghsanna 1958

1958, Uimh. 4

An tAcht um Íoc Pras Cuntas 1997

1997, Uimh. 31

An tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Téarma Shocraithe) 2003

2003, Uimh. 29

An tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha) 2001

2001, Uimh. 45

An tAcht Stuaic-Dhíola 1980

1980, Uimh. 27

Na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967 go 2003

An tAcht um Chleachtais Srianta (Leasú) 1987

1987, Uimh. 31

An tAcht um Thrácht ar Bhóithre 1968

1968, Uimh. 25

An tAcht um Dhíol Earraí agus Soláthar Seirbhísí 1980

1980, Uimh. 16

An tAcht um Tháirgeadh Síolta 1955

1955, Uimh. 14

An tAcht um an gCo-Aontú Trádála leis an Spáinn 1936

1936, Uimh. 6

An tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997

1997, Uimh. 39

An tAcht um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis) 1994

1994, Uimh. 5

Na hAchtanna um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis) 1994 agus 2001

An tAcht Stampaí Trádála 1980

1980, Uimh. 23

An tAcht um Dhífhostú Éagórach 1977

1977, Uimh. 10

Na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach 1977 go 2005

An tAcht um Chleachtadh Tréidliachta 2005

2005, Uimh. 22

/images/harp.jpg


Uimhir 19 de 2007


AN tACHT UM CHOSAINT TOMHALTÓIRÍ 2007

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO THABHAIRT ÉIFEACHT DON TREOIR UM CHLEACHTAIS TRÁCHTÁLA ÉAGÓRACHA (TREOIR UIMH. 2005/29/CE AN 11 BEALTAINE 2005 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE), DO BHUNÚ COMHLACHTA AR A dTABHARFAR AN GHNÍOMHAIREACHT NÁISIÚNTA TOMHALTÓIRÍ NÓ, SA BHÉARLA, THE NATIONAL CONSUMER AGENCY AGUS DO MHÍNIÚ A FHEIDHMEANNA, DO DHÉANAMH SOCRÚ NUA I nDÁIL LE SCÉIMEANNA STUAICDHÍOLA, DO LEASÚ AN ACHTA UM FHORBAIRT TIONSCAIL 1993 AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[21 Aibreán, 2007]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: