Ar Aghaidh ( CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta )

27 2007

/images/harp.jpg


Uimhir 27 de 2007


AN tACHT UM CHAOMHNÚ FOSTAÍOCHTA (COMHIOMARCAÍOCHTAÍ EISCEACHTÚLA AGUS NITHE GAOLMHARA) 2007

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1 . Gearrtheideal, léiriú agus comhlua.

2 . Mínithe.

3 . Ré éifeacht Chuid 2 agus nithe gaolmhara.

CUID 2

Comhiomarcaíochtaí Eisceachtúla

4 . An ní is comhiomarcaíochtaí eisceachtúla ann.

5 . Painéal Iomarcaíochta.

6 . Tarchur chuig an bPainéal Iomarcaíochta.

7 . Iarraidh ón Aire chun tuairim na Cúirte Oibreachais a fháil.

8 . Éisteachtaí, agus tuairimí a thabhairt, ag an gCúirt Oibreachais.

9 . Éifeacht tuairime.

10 . An tréimhse a fhadú ar lena linn nach féidir dífhostú a dhéanamh.

CUID 3

Leasuithe ar an Acht um Chaomhnú Fostaíochta 1977

11 . Leasú ar alt 2 (léiriú) den Acht um Chaomhnú Fostaíochta 1977.

12 . Leasú ar alt 9 (oibleagáid ar fhostóir dul i gcomhairle le hionadaithe fostaithe) den Acht um Chaomhnú Fostaíochta 1977.

13 . Tuilleadh leasuithe (pionóis) ar an Acht um Chaomhnú Fostaíochta 1977.

CUID 4

Leasuithe ar an Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967

14 . Leasú ar alt 2 (léiriú) den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967.

15 . Leasú ar alt 4 (na haicmí daoine lena mbaineann an tAcht seo) den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967.

16 . Leasú ar alt 7 (ceart ginearálta chun íocaíochta iomarcaíochta) den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967.

17 . Leasú ar alt 38 (breitheanna oifigeach breithiúnachta) den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967.

18 . Leasú ar alt 39 (An Binse Achomhairc Iomarcaíochta agus achomhairc agus tarchur chuige) den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967.

19 . Tuilleadh leasuithe (pionóis) ar an Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967.

CUID 5

Leasuithe ar an Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1971

20 . Aisghairm alt 3 (forálacha maidir le daoine a shlánaíonn an aois cháilitheach le haghaidh pinsin seanaoise) den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1971.

21 . Leasú ar alt 16 (cionta a bhaineann le híocaíochtaí faoin bPríomh-Acht) den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1971.

CUID 6

Leasuithe ar an Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1979

22 . Leasú ar alt 1 (mínithe) den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1979.

23 . Aisghairm alt 5 (forálacha maidir le daoine a shlánaíonn an aois cháilitheach le haghaidh pinsin seanaoise) den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1979.

CUID 7

Leasuithe ar an Acht um Dhífhostú Éagórach 1977

24 . Leasú ar alt 1 (mínithe) den Acht um Dhífhostú Éagórach 1977.

25 . Leasú ar alt 2 (eisiamh) den Acht um Dhífhostú Éagórach 1977.

26 . Leasú ar alt 5 (dífhostú i modh frithdhúnaidh nó mar gheall ar pháirt a ghlacadh i stailc) den Acht um Dhífhostú Éagórach 1977.

CUID 8

Leasuithe ar an Acht um Chomhionannas Fostaíochta 1998

27 . Leasú ar alt 17 (ceanglais reachtúla etc. a chomhlíonadh) den Acht um Chomhionannas Fostaíochta 1998.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Chomhionannas Fostaíochta 1998

1998, Uimh. 21

Na hAchtanna um Chomhionannas Fostaíochta 1998 agus 2004

An tAcht um Chomhionannas 2004

2004, Uimh. 24

An tAcht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa 1997

1997, Uimh. 2

An tAcht Caidrimh Thionscail 1946

1946, Uimh. 26

An tAcht um Pá Íosta Náisiúnta 2000

2000, Uimh. 5

An tAcht um Chosaint Fostaithe (Obair Pháirtaimseartha) 2001

2001, Uimh. 45

An tAcht um Chosaint Fostaíochta 1977

1977, Uimh. 7

An tAcht um Chosaint Daoine Óga (Fostaíocht) 1996

1996, Uimh. 16

An tAcht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967

1967, Uimh. 21

An tAcht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1971

1971, Uimh. 20

An tAcht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1979

1979, Uimh. 7

Na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta 1967 go 2003

An tAcht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005

2005, Uimh. 26

An tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997

1997, Uimh. 39

An tAcht um Dhífhostú Éagórach 1977

1977, Uimh. 10

Na hAchtanna um Dhífhostú Éagórach 1977 go 2005

An tAcht um Dhífhostú Éagórach (Leasú) 1993

1993, Uimh. 22

/images/harp.jpg


Uimhir 27 de 2007


AN tACHT UM CHAOMHNÚ FOSTAÍOCHTA (COMHIOMARCAÍOCHTAÍ EISCEACHTÚLA AGUS NITHE GAOLMHARA) 2007

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ, DE DHROIM AN CREAT-CHOMHAONTÚ COMHPHÁIRTÍOCHTA SÓISIALAÍ DEICH mBLIANA 2006-2015 AR A dTUGTAR “I dTREO 2016” A CHRÍOCHNÚ, MAIDIR LE PAINÉAL IOMARCAÍOCHTA A BHUNÚ AGUS COMHIOMARCAÍOCHTAÍ BEARTAITHE ÁIRITHE A THARCHUR CHUIGE AGUS MAIDIR LE GNÍOMHAÍOCHT GHAOLMHAR AG AN AIRE FIONTAR, TRÁDÁLA AGUS FOSTAÍOCHTA, LENA nÁIRÍTEAR TUAIRIMÍ A FHÁIL ÓN gCÚIRT OIBREACHAIS AR CHINEÁL COMHIOMARCAÍOCHTAÍ BEARTAITHE; DO DHÍCHUR NA hUASTEORANN AOISE DO THEIDLÍOCHT CHUN ÍOCAÍOCHTAÍ IOMARCAÍOCHTA; DO DHÉANAMH LEASUITHE IARMHARTACHA AR AN ACHT UM CHAOMHNÚ FOSTAÍOCHTA 1977, AR AN ACHT UM ÍOCAÍOCHTAÍ IOMARCAÍOCHTA 1967, AR AN ACHT UM ÍOCAÍOCHTAÍ IOMARCAÍOCHTA 1971, AR AN ACHT UM ÍOCAÍOCHTAÍ IOMARCAÍOCHTA 1979, AR AN ACHT UM DHÍFHOSTÚ ÉAGÓRACH 1977 AGUS AR AN ACHT UM CHOMHIONANNAS FOSTAÍOCHTA 1998; AGUS DO DHÉANAMH LEASUITHE BREISE AR NA hACHTANNA SIN CHUN PIONÓIS A UASDÁTÚ AGUS CHUN CRÍOCHA ATHCHÓIRIÚ AN DLÍ REACHTÚIL.

[8 Bealtaine, 2007]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: