31 2007

/images/harp.jpg


Uimhir 31 de 2007


AN tACHT AIRGEADAIS (UIMH. 2) 2007

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1 . Leasú ar alt 92B (faoiseamh ceannaitheora céaduaire maoine cónaithe) den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999.

2 . Gearrtheideal agus forléiriú.

An tAcht dá dTagraítear

An tAcht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999

1999, Uimh. 31

/images/harp.jpg


Uimhir 31 de 2007


AN tACHT AIRGEADAIS (UIMH. 2) 2007

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE LEASÚ A DHÉANAMH AR AN ACHT COMHDHLÚITE DLEACHTANNA STAMPA 1999.

[9 Iúil, 2007]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 92B (faoiseamh ceannaitheora céaduaire maoine cónaithe) den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999.

1 .— (1) Leasaítear alt 92B den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999—

(a) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe faoi réim nó faoi threoir mhíreanna (2) go (6A) den Cheannteideal ‘TÍOLACADH nó AISTRIÚ ar dhíol aon mhaoine seachas stoic nó urrúis inmhargaidh nó polasaí árachais nó polasaí árachais saoil’ nó chlásail (ii) go (vii) de mhír (3)(a) den Cheannteideal ‘LÉAS’, de réir mar a bheidh, i Sceideal 1 ar aon ionstraim lena mbaineann ant-alt seo.”,

(b) i bhfo-alt (3)—

(i) i mír (a) trí “gach uile dhuine de na ceannaitheoirí,” a chur in ionad “gach gach uile dhuine de na ceannaitheoirí, nó”,

(ii) i mír (b), trí “le linn na tréimhse sin, agus” a chur in ionad “le linn na tréimhse sin.”,

agus

(iii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(c) aon ionstraim arna forghníomhú an 31 Márta 2007 nó dá éis agus ar dháta rite an Achta Airgeadais (Uimh. 2) 2007 nó roimhe sin, ar ionstraim í nach bhfuil ráiteas inti den sórt dá dtagraítear i mír (a) nó (b)—

(i) más rud é—

(I) go bhfuil feidhm ag alt 92 maidir leis an ionstraim sin, agus

(II) go ndearna an ceannaitheoir na coinníollacha, na dliteanais agus na hoibleagáidí faoi alt 92, a chomhlíonadh agus gur gheall sé nó sí leanúint de bheith faoi cheangal ag an gcéanna, agus gur chomhlíon sé nó sí na coinníollacha (lena n-áirítear an coinníoll atá leagtha amach i ráiteas den sórt dá dtagraítear i mír (a) d’ainneoin nach bhfuil ráiteas den sórt sin san ionstraim sin), na dliteanais agus na hoibleagáidí dá dtagraítear san alt seo nó, de réir mar a bheidh, gur gheall sé nó sí a bheith faoi cheangal an chéanna,

(ii) más rud é—

(I) dá mba rud é go raibh ráiteas den sórt dá dtagraítear i mír (b) san ionstraim sin, go mbeadh an ráiteas sin fíor agus ceart, agus

(II) go ndearna an ceannaitheoir na coinníollacha (lena n-áirítear na coinníollacha atá leagtha amach i ráiteas den sórt sin dá dtagraítear i mír (b) d’ainneoin nach bhfuil ráiteas den sórt sin san ionstraim sin), na dliteanais agus na hoibleagáidí dá dtagraítear san alt seo a chomhlíonadh, nó, de réir mar a bheidh, gur gheall sé nó sí a bheith faoi cheangal ag an gcéanna.”,

(c) i bhfo-alt (4)(a) trí “le” a chur in ionad “leis an difríocht idir” agus trí “agus méid na dleachta a muirearaíodh iarbhír ” a scriosadh,

agus

(d) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8):

“(9) Más rud e, de bhua an leasaithe a dhéantar ar ar an alt seo leis an Acht Airgeadais (Uimh. 2) 2007, gurb é atá in ionstraim ná ionstraim nach bhfuil dleacht stampa inmhuirearaithe ina leith faoi réim nó faoi threoir aon cheann de na míreanna nó, de réir mar a bheidh, aon cheann de na clásail dá dtagraítear i bhfo-alt (2), déanfaidh na Coimisinéirí, ar éileamh a bheith déanta chucu chuige sin, agus ar na coinníollacha atá leagtha amach i bhfo-alt (10) a bheith comhlíonta, cibé dleacht a bheidh íoctha agus nach muirearófaí dá leasófaí an t-alt seo amhlaidh sular forghníomhaíodh an ionstraim a chealú agus a aisíoc.

(10) Is iad na coinníollacha a cheanglaítear leis an bhfo-alt seo ná go ndéanfaidh an ceannaitheoir (dá ngairtear ‘an t-éilitheoir’ san fho-alt seo), le linn éileamh a dhéanamh ar aisíocaíocht, na nithe seo a leanas a thabhairt ar aird do na Coimisinéirí—

(a) an ionstraim stampáilte,

(b) dearbhú arna dhéanamh ag an éilitheoir i scríbhinn, i cibé foirm a shonróidh na Coimisinéirí, á dhaingniú chun sástacht na gCoimisinéirí—

(i) i gcás inarb é atá san ionstraim ná ionstraim lena mbaineann an t-alt seo de bhua mhír (a) nó (b) d’fho-alt (3), gur chomhlíon an t-éilitheoir na coinníollacha, na dliteanais agus na hoibleagáidí faoin alt seo agus faoi alt 92, nó faoi cheachtar acu, de réir mar a bheidh, agus gur gheall sé nó sí leanúint de bheith faoi cheangal ag na coinníollacha, na ndliteanas agus na n-oibleagáidí sin,

(ii) i gcás inarb é atá san ionstraim ná ionstraim lena mbaineann fo-alt (3)(c)(i), gur chomhlíon an t-éilitheoir na coinníollacha, na dliteanais agus na hoibleagáidí faoi alt 92, agus gur gheall sé nó sí leanúint de bheith faoi cheangal ag an gcéanna agus gur chomhlíon sé nó sí na coinníollacha (lena n-áirítear an coinníoll atá leagtha amach i ráiteas den sórt dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt sin d’ainneoin nach bhfuil ráiteas den sórt sin san ionstraim sin), na dliteanais agus na hoibleagáidí dá dtagraítear san alt seo, nó, de réir mar a bheidh, gur gheall sé nó sí a bheith faoi cheangal ag an gcéanna, nó

(iii) i gcás inarb é atá san ionstraim ná ionstraim lena mbaineann fo-alt (3)(c)(ii), gur chomhlíon an t-éilitheoir na coinníollacha (lena n-áirítear na coinníollacha atá leagtha amach i ráiteas den sórt dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt sin d’ainneoin nach bhfuil ráiteas den sórt sin san ionstraim sin), na dliteanais agus na hoibleagáidí dá dtagraítear san alt seo, nó, de réir mar a bheidh, gur gheall sé nó sí a bheith faoi cheangal ag an gcéanna,

agus

(c) cibé faisnéis a éileoidh na Coimisinéirí le réasún chun críocha an fho-ailt seo.

(11) Aon tagairt don cheannaitheoir i bhfo-alt (3)(c) nó i bhfo-alt (10), forléireofar í mar thagairt a fholaíonn tagairt, i gcás níos mó ná ceannaitheoir amháin ann a bheith ann, do gach duine agus gach uile dhuine de na ceannaitheoirí.”.

(2) Tá feidhm ag an alt seo maidir le hionstraimí arna bhforghníomhú an 31 Márta 2007 nó dá éis.

Gearrtheideal agus forléiriú.

2 .— (1) Féadfar an tAcht Airgeadais (Uimh. 2) 2007 a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar an tAcht seo i dteannta an Achta Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999 agus na n-achtachán lena leasaítear nó lena leathnaítear an tAcht sin.