|
|||||
|
[EN] | ||
| ||
Uimhir 35 de 2007 | ||
AN tACHT UM BORD MEASÚNAITHE DÍOBHÁLACHA PEARSANTA (LEASÚ) 2007 | ||
[An tiontú oifigiúil] |
RIAR NA nALT | ||||||
Alt | ||||||
1 . Forálacha i ndáil le costais in imeachtaí áirithe. | ||||||
2 . Gearrtheideal agus comhlua. | ||||||
Na hAchtanna dá dTagraítear | ||||||
| ||||||
| ||||||
Uimhir 35 de 2007 | ||||||
AN tACHT UM BORD MEASÚNAITHE DÍOBHÁLACHA PEARSANTA (LEASÚ) 2007 | ||||||
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM BORD MEASÚNAITHE DÍOBHÁLACHA PEARSANTA 2003. | ||
[11 Iúil 2007] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | ||
[EN] |
Forálacha i ndáil le costais in imeachtaí áirithe. |
1 .— Leasaítear Caibidil 4 de Chuid 2 den Acht um Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta 2003 trí na hailt seo a leanas a chur léi i ndiaidh alt 51: |
[EN] | “Costais in imeachtaí i gcás nach nglacann an t-éilitheoir le measúnú. | |
[EN] | 51A.— (1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le héileamh iomchuí má chomhlíontar an 2 choinníoll seo a leanas i leith an éilimh sin. | |
[EN] | (2) Is iad seo a leanas na coinníollacha sin— | |
[EN] | (a) maidir leis an éilitheoir— | |
[EN] | (i) go mbeidh ráiteas i scríbhinn déanta aige nó aici, mar fhreagra ar fhógra faoi alt 30, nach nglacann sé nó sí le measúnú ar an éileamh iomchuí, nó | |
[EN] | (ii) go measfar, de bhua alt 31, nár ghlac sé nó sí leis an measúnú sin, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) maidir le freagróir— | |
[EN] | (i) go mbeidh ráiteas i scríbhinn déanta aige nó aici, mar fhreagra ar fhógra faoi alt 30, go nglacann sé nó sí leis an measúnú sin roimhe seo, nó | |
[EN] | (ii) go measfar, de bhua alt 31, gur ghlac sé nó sí leis an measúnú sin roimhe seo. | |
[EN] | (3) Faoi réir fho-ailt (6) agus (7), más rud é, maidir le héileamh iomchuí lena mbaineann an t-alt seo, go dtionscnóidh éilitheoir imeachtaí de réir an Achta seo— | |
[EN] | (a) ní fhéadfar aon dámhachtain costas ná aon ordú eile lena bhforálfar go n-íocfar costais a dhéanamh i bhfabhar an éilitheora i gcás nach mó méid na ndamáistí (más ann) a dhámhfar ar scór na n-imeachtaí sin nó a nglacfar leo mar shocraíocht ar na himeachtaí sin ná méid an mheasúnaithe dá dtagraítear i bhfo-alt (2), agus | |
[EN] | (b) i gcás nach mó méid na ndamáistí (más ann) a dhámhfar ar scór na n-imeachtaí sin ná méid an mheasúnaithe dá dtagraítear i bhfo-alt (2), féadfaidh an chúirt, sna himeachtaí sin, dá rogha féin, a ordú don éilitheoir costais uile, nó cuid de chostais, an chosantóra nó na gcosantóirí a íoc. | |
[EN] | (4) I bhfo-alt (3) ciallaíonn ‘imeachtaí’ imeachtaí— | |
[EN] | (a) i gcoinne duine amháin nó níos mó a thoiligh, de réir na Coda seo, le measúnú a dhéanamh ar an éileamh iomchuí nó ar tharla mainneachtain den chineál dá dtagraítear in alt 14(1)(b) ar a thaobh nó ar a taobh nó ar a dtaobh i ndáil leis an éileamh iomchuí (nó iad araon), nó | |
[EN] | (b) i gcoinne gach duine díobh seo a leanas— | |
[EN] | (i) duine amháin nó níos mó dá dtagraítear i mír (a), agus | |
[EN] | (ii) freagróir neamh-rannpháirteach (de réir bhrí alt 15) amháin nó níos mó, | |
[EN] | cibé acu is imeachtaí i gcoinne freagróra neamhghlacthaigh (de réir bhrí alt 34) amháin nó níos mó freisin na himeachtaí nó nach ea. | |
[EN] | (5) Tá feidhm ag fo-alt (3) d’ainneoin ailt 37 agus 51. | |
[EN] | (6) Níl feidhm ag fo-alt (3) más rud é, sna himeachtaí dá dtagraítear san fho-alt sin— | |
[EN] | (a) go ndéanfaidh cosantóir tairiscint fhoirmiúil (de réir bhrí alt 17 den Acht um Dhliteanas Sibhialta agus Cúirteanna 2004) agus nach mbeidh méid na tairisceana comhionann le méid an mheasúnaithe dá dtagraítear i bhfo-alt (2), nó | |
[EN] | (b) go ndéanfar suim airgid a íoc isteach sa chúirt mar shásamh ar an gcúis chaingne, nó go dtairgfear íoc a dhéanamh, de bhun rialacha cúirte. | |
[EN] | (7) Ní oibríonn fo-alt (3)— | |
[EN] | (a) chun toirmeasc a chur ar chostais a dhámhachtain nó ar aon ordú eile a dhéanamh lena bhforálfar go n-íocfar costais, sna himthosca a luaitear san fho-alt sin, i bhfabhar éilitheora i gcoinne freagróra neamhghlacthaigh nó freagróirí neamhghlacthacha (de réir bhrí alt 34), nó | |
[EN] | (b) chun cumhacht a thabhairt do chúirt, sna himthosca a luaitear san fho-alt sin, chun a ordú d’éilitheoir costais uile, nó cuid de chostais, freagróra neamhghlacthaigh nó freagróirí neamhghlacthacha (de réir bhrí alt 34) a íoc. | |
[EN] | Ní bheidh costais i dtaca le hiarratas faoi alt 11 infhómhais. | |
[EN] | 51B.— (1) Tá feidhm ag an alt seo is cuma cé acu a rinneadh measúnú ar an éileamh iomchuí dá dtagraítear san alt seo nó cé acu atá aon mheasúnú arna dhéanamh amhlaidh glactha, nó a mheastar é a bheith glactha, ag aon duine faoin gCuid seo. | |
[EN] | (2) Má thionscnaíonn éilitheoir imeachtaí de réir an Achta seo i leith a éilimh nó a héilimh iomchuí ansin, in aon fhómhas ar chostais sna himeachtaí sin, ní lamhálfar aon mhéid i leith aon táillí nó caiteachas a thabhóidh an t-éilitheoir i dtaca leis an iarratas a rinne sé nó sí faoi alt 11 i leith an éilimh iomchuí nó le linn aon fhoráil den Acht seo a chomhlíonadh ina leith, seachas táillí nó caiteachais dá dtagraítear in alt 35, 44 nó 45.”. | |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2 .— (1) Féadfar an tAcht um Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta (Leasú) 2007 a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta 2003 agus 2007 a ghairm den Acht um Bord Measúnaithe Díobhálacha Pearsanta 2003 agus den Acht seo le chéile. |