36 2007

/images/harp.jpg


Uimhir 36 de 2007


AN tACHT UM NÓS IMEACHTA COIRIÚIL (LEASÚ) 2007

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1 . Leasú ar an Acht um Nós Imeachta Coiriúil 1967.

2 . Gearrtheideal.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Cheartas Coiriúil 2007

2007, Uimh. 29

An tAcht um Nós Imeachta Coiriúil 1967

1967, Uimh. 12

Acht na bPríosún 2007

2007, Uimh. 10

/images/harp.jpg


Uimhir 36 de 2007


AN tACHT UM NÓS IMEACHTA COIRIÚIL (LEASÚ) 2007

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM NÓS IMEACHTA COIRIÚIL 1967.

[25 Deireadh Fómhair, 2007]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar an Acht um Nós Imeachta Coiriúil 1967.

1 .— Leasaítear alt 22 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil 1967—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3) (a cuireadh isteach le halt 18(b) den Acht um Cheartas Coiriúil 2007):

“(3) Féadfaidh aon duine díobh seo a leanas cúirtbhanna lena mbaineann fo-alt (2) a ghlacadh—

(a) aon bhreitheamh den Chúirt Dúiche,

(b) aon chléireach Cúirte Dúiche,

(c) feidhmeannach síochána arna ainmniú chuige sin le hordú ón Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí,

(d) rialtóir príosúin, nó

(e) oifigeach príosúin arna ainmniú chuige sin ag rialtóir príosúin.”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach:

“(5) San alt seo, tá le ‘ príosún ’ an bhrí chéanna atá leis in Acht na bPríosún 2007.”.

Gearrtheideal.

2 .— Féadfar an tAcht um Nós Imeachta Coiriúil (Leasú) 2007 a ghairm den Acht seo.