1 2008

/images/harp.jpg


Uimhir 1 de 2008


AN tACHT CHUN ONNMHAIRÍ A RIALÚ 2008

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1 . Mínithe.

2 . Orduithe agus rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

3 . Rialuithe ar ghníomhaíochtaí bróicéireachta.

4 . Rialuithe ar onnmhairiú earraí agus teicneolaíochta.

5 . Rialuithe ar chúnamh teicniúil.

6 . Ceadúnais.

7 . Oifigigh údaraithe.

8 . Cionta.

9 . Tuarascáil Bhliantúil.

10 . Caiteachais.

11 . Aisghairm agus cosaint.

12 . Gearrtheideal agus tosach feidhme.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht chun Onnmhairí a Rialú 1983

1983, Uimh. 35

/images/harp.jpg


Uimhir 1 de 2008


AN tACHT CHUN ONNMHAIRÍ A RIALÚ 2008

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE hONNMHAIRIÚ EARRAÍ AGUS TEICNEOLAÍOCHTA A RIALÚ AGUS MAIDIR LE SOLÁTHAR GNÍOMHAÍOCHTAÍ BRÓICÉIREACHTA AGUS CÚNAIMH THEICNIÚIL A RIALÚ, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE CÚNAMH TEICNIÚIL A BHAINEANN LE hÚSÁIDEOIRÍ DEIRIDH MÍLEATA ÁIRITHE A RIALÚ, DÁ nDEARNA COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH FORÁIL I nGNÍOMHAÍOCHT CHOMHPHÁIRTEACH AN 22 MEITHEAMH 2000 ÓN gCOMHAIRLE AGUS MAIDIR LE BRÓICÉIREACHT ARM A RIALÚ DÁ nDEARNA COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH FORÁIL I gCOMHSHEASAMH 2003/468/CFSP AN 23 MEITHEAMH 2003 ÓN gCOMHAIRLE AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[27 Feabhra, 2008]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1 .— San Acht seo—

tá le “ gníomhaíochtaí bróicéireachta ” an bhrí chéanna atá leis i gComhsheasamh 2003/468/CFSP1 an 23 Meitheamh 2003 ón gComhairle maidir le bróicéireacht arm a rialú;

ciallaíonn “onnmhairiú”, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, onnmhairiú ón Stát agus folaíonn sé bogearraí agus teicneolaíocht a aistriú trí mheán leictreonach agus onnmhairiú earraí a thugtar isteach sa Stát chun iad a athonnmhairiú;

ciallaíonn “ceadúnas” ceadúnas arna eisiúint faoi alt 6 ;

ciallaíonn “Aire” an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta;

tá le “bogearraí” an bhrí chéanna atá leis i Rialachán (CE) Uimh. 1334/20002 an 22 Meitheamh 2000 ón gComhairle lena ndéantar córas Comhphobail a chur ar bun chun onnmhairí d’ítimí agus teicneolaíochta dé-úsáide a rialú;

tá le “cúnamh teicniúil” an bhrí chéanna atá leis i nGníomhaíocht Chomhpháirteach an 22 Meitheamh 2000 ón gComhairle1 maidir le rialú cúnaimh theicniúil a bhaineann le húsáideoirí deiridh míleata áirithe;

tá le “ teicneolaíocht ” an bhrí chéanna atá leis i Rialachán (CE) Uimh. 1334/2000 an 22 Meitheamh 2000 ón gComhairle lena ndéantar córas Comhphobail a chur ar bun chun onnmhairí d’ítimí agus teicneolaíochta dé-úsáide a rialú.

Orduithe agus rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

2 .— Déanfar gach ordú nó rialachán faoin Acht seo, seachas ordú faoi alt 12 (2), a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán.

Rialuithe ar ghníomhaíochtaí bróicéireachta.

3 .— (1) Aon uair agus a mhinice is cuí leis an Aire, agus faoi réir cibé eisceachtaí (más ann) a mheasfaidh sé nó sí a bheith cóir, ag féachaint do chríocha an Achta seo, féadfaidh an tAire, le hordú, soláthar cibé aicme nó aicmí gníomhaíochtaí bróicéireachta a shonrófar san ordú a thoirmeasc nó a rialáil, ach amháin maidir le soláthar atá faoi réim agus de réir ceadúnais.

(2) Tá feidhm ag ordú faoi fho-alt (1) maidir le gníomhaíochtaí bróicéireachta arna ngabháil de láimh—

(a) sa Stát, agus

(b) lasmuigh den Stát, más rud é go bhfuil na gníomhaíochtaí bróicéireachta lena mbaineann á ngabháil de láimh—

(i) ag pearsa aonair is saoránach d’Éirinn, nó

(ii) ag cuideachta de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí.

(3) Ní dhéanfar aon ní san alt seo a fhorléiriú mar ní a bhfuil feidhm aige maidir le gníomhaíochtaí bróicéireachta arna ngabháil de láimh go hiomlán laistigh de Bhallstát amháin nó níos mó.

(4) Ní dhéanfar aon ní san alt seo a fhorléiriú mar ní a bhfuil feidhm aige maidir le gníomhaíochtaí bróicéireachta arna ngabháil de láimh lasmuigh den Stát de bhun ceadúnais nó de bhun doiciméid eile den tsamhail chéanna ar ceadúnas nó doiciméad eile é arna eisiúint go cuí ag Ballstát eile chun gníomhaíochtaí den sórt sin a údarú.

Rialuithe ar onnmhairiú earraí agus teicneolaíochta.

4 .— Aon uair agus a mhinice is cuí leis an Aire, agus faoi réir cibé eisceachtaí (más ann) a mheasfaidh sé nó sí a bheith cóir, ag féachaint do chíocha an Achta seo, féadfaidh an tAire, le hordú, onnmhairiú cibé aicme nó aicmí earraí agus teicneolaíochta a shonrófar san ordú a thoirmeasc nó a rialáil, ach amháin maidir le honnmhairiú atá faoi réim agus de réir ceadúnais.

Rialuithe ar chúnamh teicniúil.

5 .— (1) Aon uair agus a mhinice is cuí leis an Aire, agus faoi réir cibé eisceachtaí (más ann) a mheasfaidh sé nó sí a bheith cóir, ag féachaint do chríocha an Achta seo, féadfaidh an tAire, le hordú, soláthar aicme nó aicmí cúnaimh theicniúil a shonrófar san ordú, ar soláthar é a dhéantar lasmuigh den Stát, a thoirmeasc nó a rialáil, ach amháin maidir le soláthar atá faoi réim agus de réir ceadúnais.

(2) Níl feidhm ag ordú faoi fho-alt (1) maidir le cúnamh teicniúil a sholáthar do dhuine—

(a) i mBallstát eile, nó

(b) i cibé tír nó críoch eile a shonrófar san ordú.

Ceadúnais.

6 .— (1) Féadfaidh an tAire, dá rogha féin, ceadúnas a dheonú chun críche alt 3 , 4 5, ar cibé téarmaí agus coinníollacha a shonrófar sa cheadúnas, nó féadfaidh sé nó sí diúltú ceadúnas den sórt sin a dheonú.

(2) Maidir le hiarratas ar cheadúnas, beidh sé i cibé foirm, agus beidh cibé faisnéis ann, a shonróidh an tAire.

(3) Fanfaidh ceadúnas i bhfeidhm ar feadh tréimhse sonraithe nó go dtí go gcúlghairtear go cuí é más túisce a tharlaíonn sé sin.

(4) Measfar, maidir le ceadúnas arna eisiúint faoi alt 3 den Acht chun Onnmhairiú a Rialú 1983, gur ceadúnas é arna eisiúint go cuí faoi fho-alt (1) agus fanfaidh sé i bhfeidhm ar feadh na tréimhse a bheidh sonraithe sa cheadúnas nó go dtí go gcúlghairtear go cuí é más túisce a tharlaíonn sé sin.

(5) I gcás ina ndiúltaíonn an tAire ceadúnas a dheonú do dhuine—

(a) déanfar an diúltú sin agus na cúiseanna leis an diúltú sin a chur in iúl don duine, agus

(b) féadfaidh an duine achomharc a dhéanamh in aghaidh an diúltaithe de réir rialachán faoi fho-alt (6).

(6) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an ailt seo.

(7) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (6), féadfar foráil a dhéanamh le rialacháin faoin alt seo maidir le gach ceann nó aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a) an fhoirm agus an modh ina bhféadfar iarratas ar cheadúnas a dhéanamh (lena n-áirítear foráil maidir le hiarratais ar-líne);

(b) an fhoirm agus an modh ina bhféadfar ceadúnas a athnuachan (lena n-áirítear foráil maidir le hiarratais ar-líne ar athnuachan);

(c) ceanglais maidir le hiarratasóirí do thabhairt cibé faisnéis nó sonraí breise a shonrófar ar faisnéis í nó ar sonraí iad a bhaineann leis an iarratas;

(d) an tréimhse ar laistigh di a dhéileálfar leis an iarratas;

(e) an modh ina bhféadfar an cinneadh ar an iarratas a chur in iúl don iarratasaóir;

(f) ré ceadúnais;

(g) na himthosca ina bhféadfar ceadúnas a chúlghairm;

(h) ceart achomhairc in aghaidh na nithe seo a leanas—

(i) diúltú d’iarratas ar cheadúnas,

(ii) diúltú d’iarratas ar cheadúnas a athnuachan, agus

(iii) cúlghairm ceadúnais;

(i) na nósanna imeachta maidir le hachomhairc a éisteacht agus a chinneadh (lena n-áirítear teorainneacha ama chun achomhairc a thaisceadh agus a éisteacht);

(j) na táillí (más ann) a bheidh le híoc ar iarratas a dhéanamh le haghaidh ceadúnais nó ar athnuachan ceadúnais nó ar achomharc a dhéanamh faoin Acht seo agus an tráth a íocfar, agus an modh ina n-íocfar, táillí den sórt sin;

(k) taifid a choimeád i ndáil le hiarratais;

(l) sealbhóirí ceadúnais do chur i ngníomh nósanna imeachtaí inmheánacha cuí maidir le comhlíonadh;

(m) sealbhóirí ceadúnas do dhéanamh tuairisceán.

(8) Ní dhéanfaidh duine, i ndáil le hiarratas ar cheadúnas (lena n-áirítear iarratas ar cheadúnas a athnuachan) nó i ndáil le hachomharc de dhroim achomhairc den sórt sin, ráiteas i scríbhinn is eol dó nó di a bheith bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha.

Oifigigh údaraithe.

7 .— (1) San alt seo—

ciallaíonn “oifigeach údaraithe”—

(a) duine a cheapfar faoi fho-alt (2), nó

(b) oifigeach Custam agus Máil;

ciallaíonn “áitreabh” aon áit nó feithicil;

folaíonn “taifead”, i dteannta taifid i scríbhinn—

(a) diosca, téip, fuaimrian nó feiste eile, lena n-áirítear feiste leictreonach, ina bhfuil faisnéis, fuaimeanna nó comharthaí corpraithe ionas gur féidir (le cúnamh, nó gan chúnamh, ó aon ghléas eile) iad a atáirgeadh i bhfoirm inléite nó inchloiste,

(b) scannán, téip, nó feiste eile, lena n-áirítear feiste leictreonach, ina bhfuil amharcíomhánna corpraithe ionas gur féidir (le cúnamh, nó gan chúnamh, ó aon ghléas eile) iad a atáirgeadh in amharcfhoirm,

(c) grianghraf,

agus folaíonn aon tagairt do chóip de thaifead—

(i) i gcás taifid lena mbaineann mír (a), athscríbhinn de na fuaimeanna nó na comharthaí atá corpraithe ann,

(ii) i gcás taifid lena mbaineann mír (b), fos-atáirgeadh ar na híomhánna atá corpraithe ann, agus

(iii) i gcás taifid lena mbaineann míreanna (a) agus (b), athscríbhinn den sórt sin mar aon le fos-atáirgeadh den sórt sin;

ciallaíonn “feithicil” aon chóir iompair ina ndéantar nó lena ndéantar aon duine nó rud, nó iad araon, a iompar agus atá ceaptha lena húsáid ar talamh, nó ar uisce nó san aer, nó ar níos mó ná ceann amháin de na slite sin, agus folaíonn sé—

(a) cuid d’fheithicil,

(b) ní atá deartha mar fheithicil ach nach bhfuil in ann feidhmiú mar fheithicil,

(c) scipe nó coimeádán eile atá ceaptha lena úsáid ar fheithicil nó a úsáidtear i gcomhair iompair ar fheithicil,

(d) leantóir atá ceaptha lena úsáid, nó a úsáidtear, in éineacht le feithicil.

(2) Chun críocha an Achta seo, féadfaidh an tAire, i scríbhinn, na daoine seo a leanas a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh údaraithe—

(a) cibé oifigigh, agus cibé líon oifigeach, dá chuid nó dá cuid, agus

(b) chun cibé críocha a shonróidh an tAire, cibé daoine eile agus cibé líon daoine eile.

(3) (a) Déanfar barántas ceapacháin mar oifigeach údaraithe a eisiúint do gach duine a cheapfar faoi fho-alt (2).

(b) Aon uair a bheidh aon fheidhm a thugtar do dhuine mar oifigeach údaraithe á feidhmiú aige nó aici, déanfaidh an duine sin, má iarrann aon duine dá ndéantar difear air nó uirthi é —

(i) i gcás duine a cheapfar faoi fho-alt (2), a bharántas nó a barántas a thabhairt ar aird, nó

(ii) i gcás oifigigh Custam agus Máil, a údarú nó a húdarú mar oifigeach údaraithe den sórt sin a thabhairt ar aird,

don duine a iarrann amhlaidh é.

(4) Féadfaidh an tAire, aon tráth, ceapachán mar oifigeach údaraithe a fhoirceannadh, cibé acu ba thréimhse shocraithe ceapacháin a bhí ann nó nárbh ea.

(5) Scoirfidh ceapachán mar oifigeach údaraithe—

(a) i gcás ina ndéanann an tAire é a fhoirceannadh de bhun fho-alt (4),

(b) i gcás inar ceapachán ar feadh tréimhse socraithe é, ag deireadh na tréimhse sin,

(c) más oifigeach don Aire an duine a cheapfar, an tráth a scoireann sé nó sí de bheith ina oifigeach nó ina hoifigeach den sórt sin.

(6) Ní fhorléireofar aon ní i bhfo-alt (5) ionas go gcoisctear ar an Aire duine lena mbaineann an fo-alt sin a athcheapadh mar oifigeach údaraithe.

(7) Faoi réir fho-alt (10), féadfaidh oifigeach údaraithe, chun críocha an Achta seo dul isteach in aon áitreabh gach tráth réasúnach (agus forneart réasúnach a úsáid más gá) agus—

(a) a cheangal go ndéanfar—

(i) aon cheadúnas a thabhairt ar aird, nó

(ii) aon doiciméad nó taifead a thabhairt ar aird, ar dóigh leis nó léi ar fhorais réasúnacha gur fianaise é ar onnmhairiú earraí nó teicneolaíochta nó ar ghníomhaíochtaí bróicéireachta nó cúnamh teicniúil a sholáthar,

agus féadfaidh sé nó sí aon cheadúnas, doiciméad nó taifead den sórt sin a iniúchadh agus, i gcás ceadúnas, doiciméad nó taifead den sórt sin a bheith i bhfoirm neamh-inléite, féadfaidh sé nó sí a cheangal go ndéanfar an ceadúnas, an doiciméad nó an taifead sin a tháirgeadh, nó go n-éascófar táirgeadh an cheadúnais, an doiciméid nó an taifid sin, i bhfoirm inléite, agus féadfaidh sé nó sí cóipeanna a dhéanamh d’aon cheadúnas, doiciméad nó taifead den sórt sin nó sleachta a thógáil as nó aon cheadúnas, doiciméad nó taifead den sórt sin a thabhairt chun bealaigh agus a choimeád go ceann cibé tréimhse a bheidh réasúnach chun iad a scrúdú nó chun críocha aon imeachtaí i ndáil le cion faoin Acht seo,

(b) a cheangal ar dhuine cibé faisnéis a thabhairt don oifigeach údaraithe, ar faisnéis í a theastóidh le réasún uaidh nó uaithi chun críocha a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo,

(c) cibé scrúduithe, tástálacha, iniúchtaí agus seiceálacha a dhéanamh, nó a chur faoi deara iad a dhéanamh, ar an áitreabh, ar na hearraí nó ar an teicneolaíocht nó ar aon ní eile ag an áitreabh de réir mar is dóigh leis nó léi le réasún is gá chun críocha a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo,

(d) samplaí d’earraí nó de theicneolaíocht a gheofar ag an áitreabh a thógáil chun críocha anailíse agus scrúdaithe de réir mar a mheasann sé nó sí, le réasún, is gá chun críocha a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo,

(e) aon áitreabh nó aon chuid d’aon áitreabh nó aon trealamh a gheofar ag an áitreabh sin a dhaingniú, lena iniúchadh nó lena hiniúchadh tráth is faide anonn, ar feadh cibé tréimhse is gá le réasún chun críocha a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo,

(f) cibé cumhachtaí eile a fheidhmiú is gá chun a chinntiú go gcomhlíonfar an tAcht seo.

(8) Más rud é go gcreideann oifigeach údaraithe ar fhorais réasúnacha go bhfuil cion faoin Acht seo déanta ag duine féadfaidh sé nó sí a cheangal ar an duine sin a ainm nó a hainm agus an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi a thabhairt dó nó di.

(9) Le linn d’oifigeach údaraithe a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo a fheidhmiú, féadfaidh sé nó sí cúnamh a fháil ó cibé duine eile a mheasann an t-oifigeach údaraithe a bheith riachtanach chuige sin, lena n-áirítear comhalta den Gharda Síochána.

(10) Más rud é nach mbeidh barántas faighte ag oifigeach údaraithe de réir fho-alt (11), ní rachaidh sé nó sí isteach i dteaghais phríobháideach ach amháin le toiliú an áititheora nó an duine atá i gceannas an áitribh.

(11) Gan dochar do na cumhachtaí a thugtar d’oifigeach údaraithe le haon fhoráil eile nó faoi aon fhoráil eile den alt seo, más deimhin le breitheamh den Chúirt Dúiche, ar fhaisnéis faoi mhionn ó oifigeach údaraithe á rá go bhfuil forais réasúnacha droch-amhrais ann—

(a) go bhfuil faisnéis nó taifid a theastaíonn ó oifigeach údaraithe chun críocha an Achta seo á sealbhú in aon áitreabh, ag aon áitreabh nó ar aon áitreabh, nó

(b) go bhfuil earraí nó teicneolaíocht nó aon ní eile ann a theastaíonn ó oifigeach údaraithe a iniúchadh chun críocha an Achta seo, nó gur dócha go nochtfar sárú ar an Acht seo le hiniúchadh den sórt sin,

ansin, féadfaidh an breitheamh barántas a eisiúint á údarú don oifigeach údaraithe, agus oifigigh údaraithe eile nó daoine eile lena n-áirítear comhaltaí den Gharda Síochána in éineacht leis nó léi más gá, dul isteach san áitreabh, le forneart réasúnach más gá, aon tráth nó tráthanna laistigh de mhí amháin ó dháta eisiúna an bharántais, agus gach ceann nó aon cheann de na cumhachtaí a thugtar d’oifigeach údaraithe leis an Acht seo nó faoin Acht seo a fheidhmiú.

(12) Déanfar iarratas ar bharántas faoi fho-alt (11) chuig breitheamh den Chúirt Dúiche sa dúiche chúirte dúiche ina bhfuil an t-áitreabh suite.

(13) Tá cion déanta ag duine—

(a) má chuireann sé nó sí bac nó treampán—

(i) ar oifigeach údaraithe i bhfeidhmiú a chumhachtaí nó a cumhachtaí faoin alt seo, nó

(ii) ar dhuine a bhfuil cúnamh á thabhairt d’oifigeach údaraithe aige nó aici de bhun fho-alt (9),

(b) má dhiúltaíonn nó má mhainníonn sé nó sí, gan leithscéal réasúnach, ceanglas arna dhéanamh faoi fho-alt (7)(b) (8) a chomhlíonadh,

(c) má thugann sé nó sí ráiteas nó faisnéis d’oifigeach údaraithe ar ráiteas é nó ar faisnéis í arb eol dó nó di é nó í a bheith bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, nó

(d) má dhéanann sé nó sí aon doiciméid nó taifid a athrú, a choinneáil siar nó a dhíothú, ar doiciméid nó taifid iad a ceanglaíodh ar an duine lena mbaineann a thabhairt ar aird, nó a bhféadfadh an duine sin a bheith ag ceapadh le réasún go gceanglófaí air nó uirthi iad a thabhairt ar aird.

Cionta.

8 .— (1) Aon duine—

(a) a sháraíonn ordú faoi alt 3 , 4, nó 5,

(b) a sháraíonn téarmaí ceadúnais,

(c) a sháraíonn rialachán faoi alt 6 (6), nó

(d) a sháraíonn alt 6 (8),

tá cion déanta aige nó aici agus dlífear—

(i) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(ii) ar é nó í a chiontú ar díotáil—

(I) fíneáil a chur air nó uirthi nach mó a méid ná €10,000,000 nó, más iomchuí, ná 3 oiread luach na n-earraí nó na teicneolaíochta lena mbaineann agus ar ina leith a rinneadh an cion, cibé acu is mó, nó

(II) príosúnacht a chur air nó uirthi ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana,

nó an fhíneáil agus an phríosúnacht sin araon a chur air nó uirthi.

(2) Aon duine a dhéanann cion faoi alt 7 (13), dlífear

(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó

(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná €50,000, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 3 bliana, nó iad araon, a chur air nó uirthi.

(3) I gcás ina ndéanfaidh comhlacht corpraithe cion faoin Acht seo agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú, le cúlcheadú nó le ceadú, nó gurbh inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh aon duine is stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe, nó aon duine eile a bhí ag gníomhú nó a d’airbheartaigh gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a shaothrú ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion céadluaite.

Tuarascáil Bhliantúil.

9 .— Déanfaidh an tAire, a luaithe is indéanta tar éis dheireadh gach bliana (ag tosú leis an mbliain dar críoch an 31 Nollaig 2008), tuarascáil ar oibriú nithe a thagann faoi réim an Achta seo sa bhliain roimhe sin a ullmhú agus a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Caiteachais.

10 .— Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Aisghairm agus cosaint.

11 .— (1) Aisghairtear an tAcht chun Onnmhairí a Rialú 1983.

(2) D’ainneoin fho-alt (1), leanann an tOrdú chun Onnmhairí a Rialú 2005 (I.R. Uimh. 884 de 2005) i bhfeidhm tar éis thosach feidhme an fho-ailt sin.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

12 .— (1) Féadfar an tAcht chun Onnmhairí a Rialú 2008 a ghairm den Acht seo.

(2) Tagann an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

1O.J. Uimh. L156, 25.06.2003 lch. 79

2O.J. Uimh. L159, 30.06.2000 lch. 159

1O.J. Uimh. L159, 30.06.2000 lch. 216