An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 4 Leasú ar Achtanna Eile ) Ar Aghaidh ( SCEIDEAL 2 Leasuithe Foirmiúla ar Acht na bPinsean 1990 )

2 2008

An tAcht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2008

SCEIDEAL 1

Leasuithe a Bhaineann le Liúntas Leasa Forlíontach

Alt 18.

Anfhoráildándéantardifear

(1)

An Leasú

(2)

Alt 2(1)

An méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “oifigeach breithiúachta”:

“ciallaíonn ‘duine ainmnithe’ duine a bheidh ainmnithe ag an Aire chun na feidhmeanna a thugtar do dhuine ainmnithe leis an Acht seo a chomhlíonadh;”.

Alt 194

An t-alt a aisghairm.

Alt 195

“duine ainmnithe” a chur in ionad “an Fheidhmeannacht”.

Alt 198

(a) I bhfo-alt (3C)(b) (arna chur isteach le halt 25(1)(b) d’Acht 2007), “le duine ainmnithe” a chur in ionad “leis an bhFeidhmeannacht”.

(b) I bhfo-alt (3D) (arna chur isteach le halt 25(1)(b) d’Acht 2007)—

(i) “duine ainmnithe” a chur in ionad “an Fheidhmeannacht” sa chéad áit a bhfuil sé, agus

(ii) “an duine ainmnithe” a chur in ionad “an Fheidhmeannacht” sa dara háit a bhfuil sé.

Alt 199

(a) I bhfo-alt (3), “duine ainmnithe” a chur in ionad “an Fheidhmeannacht”.

(b) I bhfo-alt (4)—

(i) “féadfaidh duine ainmnithe” a chur in ionad “féadfaidh an Fheidhmeannacht”, agus

(ii) “i dtuairim an duine ainmnithe” a chur in ionad “i dtuairim na Feidhmeannachta”.

(c) I bhfo-alt (5), “an duine ainmnithe” a chur in ionad “an Fheidhmeannacht”.

Alt 200

(a) I bhfo-alt (1)—

(i) “do dhuine ainmnithe nó” a chur in ionad “don Fheidhmeannacht nó” san áit a bhfuil na focail sin agus “féadfaidh duine ainmnithe” a chur in ionad “féadfaidh an Fheidhmeannacht” san áit a bhfuil na focail sin, agus

(ii) “arna ndéanamh ag duine ainmnithe” a chur in ionad “arna ndéanamh ag an bhFeidhmeannacht”.

(b) I bhfo-alt (2), “duine ainmnithe” a chur in ionad “an Fheidhmeannacht”.

(c) I bhfo-alt (3), “an Fheidhmeannacht” a scriosadh.

Alt 201

“Féadfaidh duine ainmnithe nó oifigeach breithiúnachta, in aon chás ina measann an duine ainmnithe” a chur in ionad “Féadfaidh an Fheidhmeannacht nó an t-oifigeach breithiúnachta, in aon chás ina measann an Fheidhmeannacht”.

Alt 202

(a) I bhfo-alt (1)—

(i) “duine ainmnithe” a chur in ionad “an Fheidhmeannacht”, agus

(ii) “don duine ainmnithe” a chur in ionad “don Fheidhmeannacht”.

(b) I bhfo-alt (2)—

(i) “duine ainmnithe” a chur in ionad “an Fheidhmeannacht”, agus

(ii) “leis an duine ainmnithe” a chur in ionad “leis an bhFeidhmeannacht”.

Alt 203(a)

“ag duine ainmnithe” a chur in ionad “ag an bhFeidhmeannacht”.

Alt 204

(a) I mír (a), “ag duine ainmnithe” a chur in ionad “ag an bhFeidhmeannacht”.

(b) I mír (c)—

(i) “an duine ainmnithe nó” a chur in ionad “an Fheidhmeannacht nó”, agus

(ii) “ag an bhFeidhmeannacht” a scriosadh.

Alt 205

(a) I mír (a), “ar lena haghaidh a dheonaigh duine ainmnithe” a chur in ionad “, gur dheonaigh an Fheidhmeannacht”.

(b) I mír (c)—

(i) “an duine ainmnithe nó” a chur in ionad “an Fheidhmeannacht nó”, agus

(ii) “ón bhFeidhmeannacht” a scriosadh.

(c) “an duine ainmnithe” a chur in ionad “an Fheidhmeannacht” (san áit deiridh a bhfuil sé).

Ailt 206 agus 207

Na hailt a aisghairm.

Alt 244(1)(c)

An méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (iii):

“(iv) maidir le liúntas leasa forlíontach, cibé méid den liúntas is dóigh leis an Aire a bheith réasúnach sna himthosca”.

Alt 246

I bhfo-alt (4) (arna chur isteach le halt 30 d’Acht 2007), “duine ainmnithe” a chur in ionad “an Fheidhmeannacht”.

Alt 249(6)

“liúntas leasa forlíontach,” a chur isteach i ndiaidh “liúntas réamhscoir,”.

Alt 272

An méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) Féadfar ionchúiseamh mar gheall ar chion achomair a thionscnamh—

(a) ar agra an Aire, nó

(b) ar agra an Ard-Bhailitheora in aon chás a éiríonn as a fheidhmeanna nó a feidhmeanna faoin Acht seo a fheidhmiú.”.

Alt 299

An t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 299:

“Oifigigh bhreithiúnachta agus daoine ainmnithe a cheapadh.

299.—(1) Féadfaidh an tAire cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí leis nó léi a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh bhreithiúnachta chun críocha aon fhorála nó aon fhorálacha den Acht seo, agus beidh gach duine a cheapfar amhlaidh ina oifigeach breithiúnachta nó ina hoifigeach breithiúnachta fad is toil leis an Aire é.

(2) Féadfaidh an tAire cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí leis nó léi a cheapadh chun bheith ina ndaoine ainmnithe chun teideal aon duine chuig liúntas leasa forlíontach agus méid aon liúntais den sórt sin a chinneadh.”.

Alt 300

(a) I bhfo-alt (2)—

(i) “Faoi réir fho-ailt (3) agus (3A),” a chur in ionad “Faoi réir fho-alt (3),”, agus

(ii) an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) faoi Chuid 3 (cúnamh sóisialta), is ceist seachas ceist a bhaineann le liúntas leasa forlíontach (mura rud é go mbaineann sí le hearnáil éilimh a shonraítear i bhfo-alt (3A)),”.

(b) An méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) Déanfaidh oifigeach breithiúnachta na hearnálacha éilimh seo a leanas ar liúntas leasa forlíontach a chinneadh:

(a) éileamh arna dhéanamh faoi alt 197 in aon chás—

(i) ina bhfuil iarratas déanta ag duine ar cibé sochar faoi Chuid 2, nó ar cibe cúnamh faoi Chuid 3, a fhorordaítear, agus

(ii) nach bhfuil breith ar an sochar nó ar an gcúnamh sin déanta fós nó go bhfuil breith déanta agus gur ábhar achomhairc an bhreith sin faoi alt 311;

(b) éileamh faoi alt 198 ar fhorlíonadh faoi chomhair an méid cíosa nó úis morgáiste is iníoctha ag duine i leith a áite cónaithe nó a háite cónaithe i gcás atá san áireamh i cibé earnálacha cásanna a fhorordaítear.”.

Alt 301

(a) I bhfo-alt (2), “ó dhuine ainmnithe” a chur in ionad “ó fhostaí de chuid na Feidhmeannachta, lena n-áirítear fostaí de chuid na Feidhmeannachta a ainmnítear faoi alt 323,”.

(b) An méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Féadfaidh oifigeach breithiúnachta aon chinneadh ó dhuine ainmnithe a athbhreithniú aon tráth, más rud é—

(a) go bhfeictear don oifigeach breithiúnachta go raibh an cinneadh earráideach—

(i) ag féachaint d’fhianaise nua nó d’fhíorais nua a cuireadh in iúl don oifigeach breithiúnachta ón dáta a rinneadh an cinneadh, nó

(ii) mar gheall ar dhearmad éigin a bheith déanta i ndáil leis an dlí nó leis na fíorais, nó

(b) i gcás ina bhfeictear don oifigeach breithiúnachta gur tharla aon athrú iomchuí ar na himthosca ó rinneadh an cinneadh,

agus beidh feidhm ag forálacha na Coda seo i dtaobh achomharc maidir le breith ó oifigeach breithiúnachta faoin bhfo-alt seo ar an modh céanna a bhfuil feidhm acu maidir le breith bhunaidh ó oifigeach breithiúnachta.”.

(c) An méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Níl feidhm ag fo-ailt (2) nó (2A) maidir le cinneadh a bhaineann le ní atá ar achomharc faoi alt 311 mura rud é gur i bhfabhar an éilitheora a bheadh breith oifigigh breithiúnachta faoi fho-alt (2A) nó an bhreith athbhreithnithe faoi fho-alt (1), de réir mar a bheidh.”.

Alt 311

(a) I bhfo-alt (1), “nó le cinneadh ó dhuine ainmnithe i ndáil le héileamh faoi alt 196, 197 nó 198” a chur isteach i ndiaidh “oifigeach breithiúnachta”.

(b) An méid seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh ag oifigeach achomhairc ar cheist a tharchuirtear chuige nó chuici faoi fho-alt (1), ní bheidh air nó uirthi cloí leis na forais ar a raibh breith an oifigigh breithiúnachta, nó cinneadh an duine ainmnithe, de réir mar is gá sa chás, bunaithe, ach féadfaidh sé nó sí cinneadh a dhéanamh ar an gceist amhail is dá mbeadh cinneadh á dhéanamh uirthi den chéad uair.”.

Alt 312

An t-alt a aisghairm.

Alt 321

“ó dhuine ainmnithe” a chur isteach i ndiaidh “do chinneadh”.

Alt 322

An t-alt a aisghairm.

Alt 323

An méid seo a leanas a chur in ionad alt 323:

“Achomhairc i gcoinne cinntí áirithe.

323.—I gcás ina mbeidh duine míshásta le cinneadh ó dhuine ainmnithe ar éileamh uaidh nó uaithi faoi alt 200, 201 nó 202, beidh ábhar achomhairc ann in aghaidh an chinnidh chuig duine eile a cheapfaidh nó a ainmneoidh an tAire.”.

Alt 324

An t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 324:

“Athbhreithniú ar chinneadh maidir le teideal chuig liúntas leasa forlíontach.

324.—(1) Féadfaidh duine ainmnithe (dá ngairtear ‘an duine ainmnithe céadluaite’ san fho-alt seo) aon tráth—

(a) cinneadh ó dhuine ainmnithe eile maidir le teideal chuig liúntas leasa forlíontach a athbhreithniú más rud é—

(i) go bhfeictear don duine ainmnithe céadluaite go raibh an cinneadh earráideach—

(I) ag féachaint d’fhianaise nua nó d’fhíorais nua a cuireadh in iúl don duine ainmnithe céadluaite ón dáta a rinneadh an cinneadh, nó

(II) mar gheall ar dhearmad éigin a bheith déanta i ndáil leis an dlí nó leis na fíorais,

nó

(ii) i gcás ina bhfeictear don duine ainmnithe céadluaite gur tháinig aon athrú iomchuí ar na himthosca ó rinneadh an cinneadh,

nó

(b) breith ó oifigeach achomhairc a athbhreithniú, má fheictear don duine ainmnithe gur tháinig aon athrú iomchuí ar na himthosca is athrú a thángthas air ó rinneadh an bhreith,

agus beidh feidhm ag forálacha na Coda seo i dtaobh achomharc maidir leis an gcinneadh athbhreithnithe nó maidir leis an mbreith athbhreithnithe, de réir mar a bheidh, ar an modh céanna a bhfuil feidhm acu maidir le cinneadh bunaidh ó dhuine ainmnithe.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le cinneadh a bhaineann le ní atá ar achomharc faoi alt 311 nó 323 mura rud é gur i bhfabhar an éilitheora a bheadh an cinneadh athbhreithnithe.”.

Alt 325

(a) “duine ainmnithe” a chur in ionad “fostaí de chuid na Feidhmeannachta”.

(b) I míreanna (a), (b) agus (c), an leagan cuí gramadaí de “an duine ainmnithe” a chur in ionad an leagain chomhfhreagraigh de “an fostaí de chuid na Feidhmeannachta” aon áit a bhfuil sé.

Alt 328

An méid seo a leanas a chur in ionad alt 328:

“Deimhniú ó oifigeach breithiúnachta, ó oifigeach achomhairc nó ó dhuine ainmnithe.

328.—Aon doiciméad a airbheartaíonn—

(a) a bheith ina dheimhniú ar bhreith arna déanamh ag oifigeach breithiúnachta nó oifigeach achomhairc faoin Acht seo, nó

(b) a bheith ina dheimhniú ar chinneadh arna dhéanamh ag duine ainmnithe faoin Acht seo,

agus a bheith sínithe aige nó aici, beidh sé ina fhianaise prima facie go ndearnadh an bhreith nó an cinneadh, de réir mar a bheidh, agus ar théarmaí na breithe sin nó an chinnidh sin, gan chruthúnas ar shíniú an oifigigh nó an duine lena mbaineann nó ar a cháil oifigiúil nó ar a cáil oifigiúil.”.

Alt 329

“ó dhuine ainmnithe” a chur in ionad “ó fhostaí de chuid na Feidhmeannachta”.

Alt 330

(a) I mír (b), “ailt 303 agus 311” a chur in ionad “ailt 303, 311 agus 312”.

(b) An méid seo a leanas a chur in ionad mhír (c):

“(c) duine ainmnithe, le linn cinntí a dhéanamh maidir le liúntas leasa forlíontach.”.

Alt 334

(a) I bhfo-alt (2)(a), “(seachas liúntas leasa forlíontach arna chinneadh ag an bhFeidhmeannacht)” a scriosadh.

(b) Fo-alt (3) a scriosadh.

Alt 335

(a) “duine ainmnithe” a chur in ionad “fostaí de chuid na Feidhmeannachta”.

(b) I mír (b), “(seachas liúntas leasa forlíontach arna chinneadh ag an bhFeidhmeannacht faoi Chuid 3)” a scriosadh.

(c) Mír (c) a scriosadh.

Alt 336

(a) I mír (i) “agus” a chur isteach i ndiaidh “sochair,”.

(b) An méid seo a leanas a chur in ionad mhír (ii):

“(ii) leis an Aire, i gcás cúnaimh, sochair linbh, forlíonta luathchúraim leanaí, forlíonta ar ioncam teaghlaigh nó íocaíochta leantaí i leith leanaí cáilithe,”.

(c) Mír (iii) a scriosadh.

Alt 337

(a) I mír (a) “agus” a chur isteach i ndiaidh “sochair,”.

(b) An méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) leis an Aire, i gcás cúnaimh, sochair linbh, forlíonta luathchúraim leanaí, forlíonta ar ioncam teaghlaigh nó íocaíochta leantaí i leith leanaí cáilithe,”.

(c) Mír (c) a scriosadh.

Alt 338

(a) I mír (a) “agus” a chur isteach i ndiaidh “sochair,”.

(b) An méid seo a leanas a chur in ionad mhír (b):

“(b) leis an Aire, i gcás cúnaimh, sochair linbh, forlíonta luathchúraim leanaí, forlíonta ar ioncam teaghlaigh nó íocaíochta leantaí i leith leanaí cáilithe,”.

(c) Mír (c) a scriosadh.

Alt 341

(a) Fo-alt (6) a scriosadh.

(b) I bhfo-alt (9)—

(i) “nó leis an bhFeidhmeannacht” a scriosadh aon áit a bhfuil sé, agus

(ii) “(de réir mar a bheidh)” a scriosadh.

Alt 342

“, nó i gcás liúntais leasa fhorlíontaigh arna chinneadh ag fostaí de chuid na Feidhmeannachta,” a scriosadh.

Alt 344

An méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “údarás inniúil”:

“ciallaíonn ‘údarás inniúil’, i ndáil le híocaíocht teaghlaigh aontuismitheora agus liúntas leasa forlíontach, an tAire;”.

Sceideal 6

Mír 4 a aisghairm.