An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil 4 Cáin Chorparáide ) Ar Aghaidh (CUID 2 Mál )

3 2008

TODO

Caibidil 5

Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Leasú ar Chaibidil 6 (aistrithe sócmhainní gnó) de Chuid 19 den Phríomh-Acht.

54 .—(1) Leasaítear an Príomh-Acht—

(a) in alt 598—

(i) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) I gcás ina bhfuair duine cúiteamh faoin scéim cúitimh i leith árthaí iascaireachta a dhíchoimisiúnú arna cur i ngníomh ag an Aire Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia de réir Rialacháin (CE) Uimh. 1198/2006 an 27 Iúil 2006 ón gComhairle 15 , beidh feidhm ag faoiseamh faoi fho-alt (2) amhail is dá mba thréimhse 6 bliana an tréimhse dá dtagraítear i mír (i) den mhíniú ar ‘sócmhainní cáilitheacha’ i bhfo-alt (1)(a) agus amhail is dá mba 45 bliana an aois dá dtagraítear i bhfo-alt (2).”, agus

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7):

“(8) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le sócmhainní cáilitheacha a dhiúscairt mura suitear go ndéantar an diúscairt ar chúiseanna tráchtála bona fide agus nach cuid í d’aon socrú ná scéim arb é an príomhchuspóir, nó ceann de na príomhchuspóirí, atá leis nó léi dliteanas i leith cánach a sheachaint.”,

agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 598:

“Faoiseamh ar chomh-pháirtíochtaí feirmeoireachta a dhíscaoileadh.

598A.— (1) San alt seo—

tá le ‘feirmeoireacht’ agus le ‘trádáil’ na bríonna céanna atá leo sna hAchtanna Cánach Ioncaim;

ciallaíonn ‘comhpháirtíocht feirmeoireachta’ comhpháirtíocht a bhfuil pearsana aonair ar áireamh inti agus a sheolann nó a sheol trádáil na feirmeoireachta;

ciallaíonn ‘sócmhainn iomchuí’ sócmhainn atá ar úinéireacht i gcomhpháirt ag na comhpháirtithe i gcomhpháirtíocht feirmeoireachta;

ciallaíonn ‘diúscairt iomchuí’ diúscairt a tharlaíonn an tráth a pháirtítear sócmhainn iomchuí.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo i gcás ina raibh sócmhainn iomchuí ar úinéireacht agus á húsáid chun críocha feirmeoireachta ag an gcomhpháirtíocht feirmeoireachta ar feadh tréimhse nach giorra ná 10 mbliana dar chríoch an diúscairt iomchuí.

(3) D’ainneoin fho-alt (2), i gcás ina bhfuair duine amháin de na comhpháirtithe a scair in acmhainn iomchuí ar mhodh oidhreachta, measfar gur thosaigh tréimhse úinéireachta agus úsáide na sócmhainne sin ar an dáta a chuaigh an duine i gcomhpháirtíocht leis an gcomhpháirtí nó leis na comhpháirtithe eile sa chomhpháirtíocht feirmeoireachta.

(4) I gcás ina dtarlaíonn diúscairt iomchuí i leith sócmhainne iomchuí, ní dhéileálfar le gnóchan mar ghnóchan a d’fhabhraigh i leith na diúscartha sin agus déileálfar leis an tsócmhainn iomchuí chun críocha na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil mar ní a fuarthas an tráth céanna a fuair an comhpháirtí i dtosach é, agus ar an gcomaoin chéanna ar a bhfuair an comhpháirtí i dtosach é, arb é an comhpháirtí é nó í a rinne an tsócmhainn sin a dhiúscairt.

(5) Ní bheidh feidhm ag an alt seo más rud é go raibh an tsócmhainn, go dtí tráth na diúscartha, ina cuid de stoc trádála na trádála feirmeoireachta a bhí á seoladh ag an gcomhpháirtíocht feirmeoireachta nó, más mar stoc trádála a fuarthas an tsócmhainn, chun críocha trádála arna seoladh ag an gcomhpháirtí atá ag fáil na sócmhainne.”.

(2) (a) Tiocfaidh mír (a)(i) d’fho-alt (1) i ngníomh cibé lá nó laethanta a ainmneoidh an tAire Airgeadais le hordú nó le horduithe agus féadfar laethanta éagsúla a ainmniú le haghaidh críoch éagsúil nó forálacha éagsúla.

(b) Beidh feidhm ag mír (a)(ii) d’fho-alt (1) maidir le diúscairtí arna ndéanamh an 31 Eanáir 2008 nó dá éis.

(c) Beidh feidhm ag mír (b) d’fho-alt (1) maidir le diúscairtí a dhéanfar ar dháta rite an Achta seo, nó dá éis, agus beidh feidhm aici go dtí an 31 Nollaig 2013.

Leasú ar alt 603A (láithreán a dhiúscairt chuig leanbh) den Phríomh-Acht.

55 .— (1) Leasaítear alt 603A den Phríomh-Acht—

(a) i bhfo-alt (1A), trí “€500,000” a chur in ionad “€254,000”, agus

(b) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Chun críocha fho-alt (2), folaíonn ‘diúscairt’ diúscairt chomhuaineach ag an dá thuismitheoir.”.

(2) (a) Beidh feidhm ag mír (a) d’fho-alt (1) maidir le diúscairtí arna ndéanamh an 5 Nollaig 2007, nó dá éis.

(b) Measfar go raibh feidhm ag mír (b) d’fho-alt (1) amhail ón 6 Nollaig 2000.

Leasú ar Sceideal 15 (liosta de chomhlachtaí chun críocha alt 610) a ghabhann leis an bPríomh-Acht.

56 .— (1) Leasaítear Sceideal 15 a ghabhann leis an bPríomh-Acht i gCuid 1 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 40:

“41. An Coimisiún um Rialáil Cumarsáide.

42. An Ghníomhaireacht Forbartha don Mhol Digiteach.”.

(2) (a) Measfar go raibh feidhm ag fo-alt (1) maidir leis an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide amhail ar agus ón 1 Nollaig 2002.

(b) Measfar go raibh feidhm ag fo-alt (1) maidir leis an nGníomhaireacht Forbartha don Mhol Digiteach amhail ar an agus ón 1 Eanáir 2008.

15IO Uimh. L223, 15 Lúnasa 2006, lch. 1