An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Acht na bPasanna 2008) Ar Aghaidh ( CUID 2 Pasanna agus Deimhnithe Taistil Éigeandála )

4 2008

Acht na bPasanna 2008

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1 .— (1) Féadfar Acht na bPasanna 2008 a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire, le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

Mínithe.

2 .— San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1988” an tAcht um Chosaint Sonraí 1988;

ciallaíonn “iarratasóir”, i ndáil le hiarratas ar phas, an duine a n-eiseofar an pas ina ainm nó ina hainm má dheonaítear an t-iarratas;

tá le “sonraí uathoibrithe” an bhrí atá leis in alt 1(1) d’Acht 1988;

ciallaíonn “sonraí bithmhéadracha” sonraí uathoibrithe arb é atá iontu faisnéis—

(a) a bhaineann le tréithe sainiúla coirp atá ag duine, agus

(b) a bhféadfadh toisí tréithe den sórt sin a bheith san áireamh inti,

agus a fhéadfar a phróiseáil chun céannacht an duine lena mbaineann na sonraí a fhíorú;

ciallaíonn “deimhniú breithe”—

(a) doiciméad arna eisiúint faoi alt 13(4) den Acht um Chlárú Sibhialta 2004 i leith taifid i gclár na mbreitheanna,

(b) cóip dheimhnithe de thaifead sa Chlár d’Uchtleanaí arna choimeád faoi alt 22 den Acht Uchtála 1952 ar cóip í a eiseofar faoi fho-alt (11) den alt sin,

(c) doiciméad a airbheartaíonn gur cóip é de thaifead i leabhar taifeadta breitheanna coigríche nó sa chlár breitheanna coigríche, ar leabhar é, agus ar clár é, a choimeádtar faoi alt 27 d’Acht Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann 1956, agus ar doiciméad é atá fíordheimhnithe go cuí mar dhoiciméad den sórt sin,

(d) doiciméad a airbheartaíonn gur cóip é de thaifead i gClár na nUchtálacha Coigríche arna eisiúint faoi alt 6(7) den Acht Uchtála 1991, nó

(e) doiciméad arna eisiúint de réir córais shibhialta cláraithe breitheanna san áit ina dtarlaíonn an bhreith;

ciallaíonn “leanbh” duine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois seachas duine atá nó a bhí pósta;

tá le “sonraí” an bhrí atá leis in alt 1(1) d’Acht 1988;

déanfar “deimhniú taistil éigeandála” a fhorléiriú de réir alt 15;

ciallaíonn “caomhnóir”, i ndáil le leanbh, duine—

(a) is caomhnóir de chuid an linbh de bhun an Achta um Chaomhnóireacht Naíon 1964, nó

(b) a cheaptar mar chaomhnóir de chuid an linbh—

(i) trí ghníomhas nó uacht, nó

(ii) le hordú ó chúirt sa Stát,

agus nár cuireadh as oifig;

ciallaíonn “ saoránach Éireannach ” duine—

(a) is saoránach Éireannach faoi Achtanna Náisiúntachta agus Saoránachta Éireann 1956 go 2004, nó

(b) a fhaigheann saoránacht Éireann faoi na hAchtanna sin nó faoi aon achtachán eile;

ciallaíonn “Aire” an tAire Gnóthaí Eachtracha;

ciallaíonn “pas” pas arna eisiúint, nó a mheastar faoi alt 27(1) a bheith arna eisiúint, faoin Acht seo;

forléireofar “oifigeach achomhairc pas” de réir alt 19;

tá le “sonraí pearsanta” an bhrí atá leis in alt 1(1) d’Acht 1988;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe ag an Aire le rialacháin faoi alt 4;

tá le “ próiseáil ”, maidir le próiseáil faisnéise nó sonraí nó i ndáil leis sin, an bhrí atá leis in alt 1(1) d’Acht 1988.

Fógraí a sheirbheáil.

3 .— I gcás ina gceanglaítear fógra a chur chuig duine, nó a thabhairt do dhuine, faoin Acht seo, déanfar é a dhíriú chuig an duine lena mbaineann faoina ainm nó faoina hainm agus féadfar é a chur chuige nó chuici nó a thabhairt dó nó di ar cheann de na slite seo a leanas:

(a) trína sheachadadh ar an duine;

(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine nó, i gcás ina mbeidh seoladh le haghaidh comhfhreagrais a bhaineann leis an iarratas ar an bpas lena mbaineann tugtha don Aire, ag an seoladh sin;

(c) trína chur leis an bpost chuig an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine nó, i gcás ina mbeidh seoladh le haghaidh comhfhreagrais a bhaineann leis an iarratas ar an bpas lena mbaineann tugtha don Aire, chuig an seoladh sin.

Rialacháin.

4 .— (1) Féadfaidh an tAire le rialacháin foráil a dhéanamh maidir le haon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá forordaithe nó le forordú.

(2) Maidir le rialacháin faoin Acht seo, féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, forlíontacha agus iarmhartacha a bheith iontu is dóigh leis an Aire a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun críocha na rialachán.

(3) Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Caiteachas.

5 .— (1) Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire Airgeadais ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.