An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 3 Teachtaireachtaí Teileachumarsáide a Thascradh ) Ar Aghaidh (Caibidil 2 Maoin a chalcadh )

7 2008

TODO

CUID 4

Maoin a Chalcadh, a Choigistiú agus a Fhorghéilleadh

Caibidil 1

Léiriú

Léiriú (Cuid 4).

31 .— (1) Sa Chuid seo:

folaíonn “achomharc” aon imeachtaí chun breithiúnas a urscaoileadh nó a chur ar ceal agus aon iarratas ar thriail nua nó ar bhac ar fhorghníomhú;

ciallaíonn “deimhniú” an deimhniú—

(a) dá bhforáiltear in Airteagal 9 den Chreat-Chinneadh, agus

(b) a bhfuil an fhoirm chaighdeánach ina leith leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh;

tá le “ordú um chomhar coigistíochta” an bhrí a thugtar dó le halt 51;

ciallaíonn “ordú coigistíochta” ordú coigistíochta de réir bhrí Acht 1994;

ciallaíonn “cosantóir” an duine a mbaineann ordú calctha seachtrach nó ordú coigistíochta seachtrach lena mhaoin nó lena maoin;

ciallaíonn “ordú coigistíochta seachtrach” ordú arna dhéanamh ag cúirt i stát ainmnithe chun na gcríoch seo a leanas—

(a) maoin a ghnóthú sa Stát is maoin a glacadh nó a fuarthas de thoradh iompair nó i dtaca le hiompar ar chion indíotáilte é dá ndéanfaí sa Stát é,

(b) luach maoine den sórt sin a ghnóthú, nó

(c) buntáiste airgid arna ghlacadh nó arna fháil amhlaidh a bhaint de dhuine;

ciallaíonn “ordú forghéillte seachtrach” ordú chun maoin a fhorghéilleadh sa Stát is ordú arna dhéanamh ag cúirt i stát ainmnithe nó is ordú i dtaca le himeachtaí a éiríonn as iompar ar chion indíotáilte é dá ndéanfaí sa Stát é;

ciallaíonn “ordú calctha seachtrach” aon bheart—

(a) arna dhéanamh go sealadach ag údarás breithiúnach inniúil de chuid stáit ainmnithe in imeachtaí coiriúla chun díothú, claochlú, bogadh, aistriú, diúscairt nó úsáid maoine sonraithe a chosc sa Stát, ar maoin í a d’fhéadfadh a bheith ina hábhar do choigistiú nó ina fianaise sna himeachtaí seo, agus

(b) arna dhéanamh—

(i) chun an mhaoin a choigistiú dá éis sin, nó

(ii) chun fianaise a chosaint;

tá le “ordú um chomhar i dtaca le forghéilleadh” an bhrí a thugtar dó le halt 60;

tá le “ordú um chomhar i dtaca le calcadh” an bhrí a thugtar dó le halt 35;

ciallaíonn “ordú calctha”—

(a) ordú faoi alt 24 (arna leasú le halt 105(a) den Acht seo) d’Acht 1994,

(b) ordú faoi alt 14 nó 15 den Acht um Cheartas Coiriúil (Cionta Sceimhlitheoireachta) 2005, nó

(c) ordú faoi alt 32 ,

a bhaineann le maoin i stát ainmnithe nó a mhéid a bhaineann sé le maoin den sórt sin;

ciallaíonn “údarás breithiúnach eisiúna” údarás breithiúnach i stát ainmnithe, mar a mhínítear i ndlí an stáit sin, ar údarás é a dhéanann, a bhailíochtaíonn nó a dhaingníonn, ar aon slí, ordú calctha seachtrach;

ciallaíonn “stát eisiúna” an stát ainmnithe ina bhfeidhmíonn údarás breithiúnach eisiúna dlínse;

folaíonn “maoin” maoin d’aon tuairisc, ar maoin chorpraithe nó neamhchorpraithe, shochorraithe nó dhochorraithe é agus cibé áit a bhfuil sí, agus ar maoin í a measann an t-údarás breithiúnach inniúil sa stát ainmnithe ina leith—

(a) gur fáltais ó chion í,

(b) go bhfuil sí comhionann le luach iomlán na bhfáltas sin nó le cuid de luach na bhfáltas sin, nó

(c) gur ionstraimeachtaí nó cuspóirí ciona í,

agus folaíonn sé doiciméid lena bhfianaítear teideal chuig maoin nó leas i maoin;

ciallaíonn “maoin inréadaithe”—

(a) i ndáil le hordú um chomhar i dtaca le calcadh nó ordú um chomhar coigistíochta arna dhéanamh i leith maoine sonraithe, an mhaoin atá sonraithe san ordú, agus

(b) in aon chás eile—

(i) aon mhaoin a shealbhaíonn an cosantóir, agus

(ii) aon mhaoin a shealbhaíonn duine a bhfuil bronntanas tugtha go díreach nó go neamhdhíreach ag an gcosantóir dó nó di,

ach ní fholaíonn sé maoin is ábhar d’ordú arna dhéanamh ag cúirt in imeachtaí eile sa Stát mura rud é go n-urscaoiltear an t-ordú sin nó go dtí go n-urscaoiltear é.

(2) Chun críocha na Coda seo, folaíonn déileáil le maoin a shealbhaíonn aon duine (gan dochar do ghinearáltacht na habairte)—

(a) i gcás ina bhfuil fiach dlite don duine sin, íocaíocht a dhéanamh le haon duine mar shocraíocht nó mar laghdú ar an bhfiach, agus

(b) an mhaoin a thabhairt amach as an Stát.

(3) Aon tagairtí sa Chuid seo do bhronntanas, is tagairtí iad do bhronntanas ar bhronntanas é a thiocfadh faoi réim Acht 1994 dá mba ordú coigistíochta an t-ordú coigistíochta seachtrach, agus tá feidhm ag na forálacha den Acht sin a bhaineann le bronntanas a thagann faoi réim an Achta sin amhlaidh agus tá éifeacht leo i ndáil le bronntanas dá dtagraítear sa Chuid seo.