An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil 2 Maoin a chalcadh ) Ar Aghaidh (Caibidil 4 Maoin a Fhorghéilleadh )

7 2008

TODO

Caibidil 3

Maoin a Choigistiú

Iarraidh ar mhaoin i stát ainmnithe a choigistiú.

49 .— (1) Má bhaineann ordú coigistíochta le maoin i stát ainmnithe, déanfaidh cláraitheoir nó cléireach na cúirte lena mbaineann, ar iarraidh a fháil agus faoi réir aon choinníollacha a shonraítear i rialacha cúirte, an méid seo a leanas a thabhairt don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí—

(a) cóip den ordú arna fíordheimhniú go cuí, agus

(b) deimhniú arna shíniú ag an gcláraitheoir nó ag an gcléireach á rá go bhfuil an t-am forordaithe chun achomharc a thaisceadh imithe in éag nó, de réir mar a bheidh, go rachaidh sé in éag ar dháta sonraithe.

(2) I gcás nach mbeidh ordú coigistíochta den sórt sin arna shásamh, féadfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí na nithe seo a leanas a chur chuig an Údarás Lárnach lena dtarchur chuig an údarás inniúil sa stát ainmnithe lena mbaineann—

(a) na doiciméid a luaitear i bhfo-alt (1),

(b) doiciméad arna shíniú ag an Stiúrthóir nó thar a cheann nó thar a ceann á rá—

(i) go bhfuil an t-ordú i bhfeidhm agus nár sásaíodh é, agus

(ii) gur láithrigh an cosantóir nó go raibh ionadaíocht aige nó aici ag na himeachtaí ina ndearnadh an t-ordú nó, murab amhlaidh an cás, cén dáta a thosaigh imeachtaí na cúirte agus cén dáta a fuair an cosantóir fógra ina dtaobh,

(c) tuairisc ghearr ar an iompar ba chúis leis an ordú a dhéanamh, agus

(d) iarraidh go ndéanfar an mhaoin lena mbaineann a réadú agus na fáltais a chur chun feidhme de réir dhlíthe an stáit sin.

(3) Más rud é—

(a) go réadaítear maoin de bhun iarrata den sórt sin, agus

(b) go bhfuil an méid a réadaítear níos lú ná an méid a ordaíodh a íoc faoin ordú coigistíochta nó go bhfuil sé comhionann leis an méid sin,

meastar an méid a ordaíodh amhlaidh a bheith arna laghdú de mhéid atá comhionann leis na fáltais ón réadú nó, de réir mar a bheidh, meastar an t-ordú coigistíochta a bheith arna urscaoileadh.

(4) In aon imeachtaí, aon deimhniú a airbheartaíonn a bheith arna eisiúint ag údarás inniúil sa stát ainmnithe agus ina luaitear—

(a) gur réadaíodh maoin de bhun na hiarrata,

(b) dáta an réadaithe, agus

(c) na fáltais ón réadú,

tá sé inghlactha, gan a thuilleadh cruthúnais, mar fhianaise ar na nithe sin.

(5) Má luaitear na fáltais ón réadú sa deimhniú ar shlí seachas san euro, measfar gurb ionann iad agus a gcoibhéis san euro arna ríomh de réir an ráta malairte bonnlíne a bhí i réim ar dháta an réadaithe.

Ordú coigistíochta seachtrach a tharchur chuig an Stát.

50 .— (1) Féadfaidh an chúirt a rinne ordú coigistíochta seachtrach é a tharchur chuig an Údarás Lárnach, nó féadfar é a tharchur chuig an Údarás Lárnach thar ceann na cúirte sin, in éineacht le hiarraidh chun é a fhorfheidhmiú.

(2) Beidh na nithe seo a leanas ag gabháil le hordú coigistíochta seachtrach—

(a) cóip chuí-dheimhnithe den ordú,

(b) ráiteas ón gcúirt, nó thar ceann na cúirte, a rinne ant-ordú, á rá—

(i) go bhfuil an t-ordú i bhfeidhm agus nach bhfuil sé ina ábhar d’achomharc, agus

(ii) más rud é nár láithrigh an duine ar ina choinne nó ina coinne a rinneadh é sna himeachtaí lena mbaineann, go bhfuair an duine fógra i dtaobh na n-imeachtaí luath go leor le go bhféadfadh sé nó sí cosaint a dhéanamh sna himeachtaí,

(c) tuairisc ghearr ar an iompar arb é an cion é ba chúis leis an ordú a dhéanamh, agus

(d) aon aistriúcháin atá ag teastáil,

agus beidh aon fhaisnéis bhreise ann a éilítear leis an ionstraim idirnáisiúnta iomchuí.

Ordú um chomhar coigistíochta.

51 .— (1) Féadfaidh an tÚdarás Lárnach, tar éis ordú coigistíochta seachtrach agus doiciméid a ghabhann leis a fháil, a chur faoi deara iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar ordú (“ordú um chomhar coigistíochta”) chun an mhaoin sa Stát lena mbaineann an t-ordú coigistíochta seachtrach a choigistiú.

(2) Beidh an iarraidh, na doiciméid a ghabhann léi agus aon doiciméid ghaolmhara eile, nó cóipeanna díobh, ag gabháil leis an iarratas.

(3) Tar éis an t-iarratas a fháil, féadfaidh an Chúirt, faoi réir fho-alt (4), ordú um chomhar coigistíochta a dhéanamh.

(4) Ní fhéadfaidh an Chúirt ordú um chomhar coigistíochta a dhéanamh mura rud é—

(a) go bhfuil sí sásta—

(i) go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh le toiliú an Aire, agus

(ii) maidir leis na nithe a luaitear in alt 50 (2)(b),

(iii) gur iompar coiriúil an t-iompar ba chúis leis an ordú coigistíochta seachtrach a dhéanamh, agus

(iv) go bhfuil déanamh an ordaithe, thairis sin, de réir na hionstraime idirnáisiúnta iomchuí,

agus

(b) gur tugadh deis d’aon duine a éilíonn gur leis nó léi an mhaoin, nó go bhfuil leas aige nó aici sa mhaoin, is ábhar don ordú coigistíochta seachtrach, chun cúis a shuíomh le nach ceart an t-ordú a dhéanamh.

(5) Maidir leis an gCúirt—

(a) féadfaidh sí ordú um chomhar coigistíochta a athrú nó a urscaoileadh ar iarratas ó aon duine a éilíonn go bhfuil leas aige nó aici sa mhaoin lena mbaineann nó go ndéanann an t-ordú difear dó nó di ar shlí eile agus féadfaidh sí, i dtaca leis sin de, dul i gcomhairle leis an gcúirt a rinne an t-ordú coigistíochta seachtrach, agus

(b) déanfaidh sí—

(i) ordú um chomhar coigistíochta a athrú de réir aon athraithe arna dhéanamh san ordú coigistíochta seachtrach, agus

(ii) más deimhin léi go ndearnadh an t-ordú coigistíochta seachtrach a chúlghairm nó gur sásaíodh é de réir dlí an stáit ainmnithe lena mbaineann, é a urscaoileadh.

Orduithe um chomhar coigistíochta a fhorfheidhmiú, etc.

52 .— (1) I gcás ina ndéanfaidh an Ard-Chúirt ordú um chomhar coigistíochta chun suim airgid a íoc, féadfaidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, gan dochar d alt 38 á chumasú maoin an chosantóra atá i lámha glacadóra arna cheapadh nó arna ceapadh faoin Acht seo a chur chun feidhme chun an t-ordú a shásamh, an t-ordú a fhorfheidhmiú aon tráth tar éis a dhéanta (nó, má dhéantar socrú leis an ordú go ndéanfar íocaíocht tráth is déanaí, ansin aon tráth tar éis an trátha is déanaí) amhail is dá mba bhreithiúnas ón gCúirt é chun an tsuim a shonraítear san ordú, nó aon suim is lú ná sin atá dlite fós faoin ordú, a íoc leis an Stát.

(2) Ní chumasaítear le haon ní i bhfo-alt (1) duine a phríosúnú.

(3) Faoi réir fho-ailt (4) agus (5), más rud é, aon tráth tar éis suim a íoc atá dlite faoi ordú um chomhar coigistíochta teacht chun bheith infhorfheidhmithe sa tslí dá bhforáiltear le fo-alt (1), go dtuairiscíonn an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí don Ard-Chúirt go bhfuil aon suim den sórt sin nó aon chuid di gan íoc fós, féadfaidh an Chúirt, gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó don chumhacht chun an t-ordú a fhorfheidhmiú dá éis sin de réir fho-alt (1), a ordú go ndéanfar an cosantóir a phríosúnú ar feadh tréimhse nach faide ná an tréimhse atá leagtha amach sa dara colún den tábla a ghabhann leis an alt seo os coinne an méid atá gan íoc fós faoin ordú um chomhar coigistíochta de réir mar atá leagtha amach sa chéad cholún den tábla sin.

(4) Ní dhéanfar ordú faoi fho-alt (3) mura rud é—

(a) gur tugadh deis réasúnach don chosantóir aon uiríll a dhéanamh chun na Cúirte, agus

(b) go mbeidh an Chúirt tar éis na huiríll sin agus aon uiríll arna ndéanamh mar fhreagra orthu ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí a chur i gcuntas.

(5) Ní dhéanfar cosantóir a phríosúnú mar gheall ar neamhchomhlíonadh ordaithe um chomhar coigistíochta má shonraítear amhlaidh san iarraidh ar fhorfheidhmiú an ordaithe coigistíochta sheachtraigh agus má fhoráiltear amhlaidh leis an ionstraim idirnáisiúnta iomchuí.

(6) Déanfar aon téarma príosúnachta a fhorchuirtear faoi fho-alt (3) den alt seo a laghdú i gcomhréir le haon suim nó suimeanna a íoctar nó a ghnóthaítear ó am go ham faoin ordú um chomhar coigistíochta.

AN TÁBLA

An méid gan íoc faoin ordú coigistíochta

An tréimhse príosúnachta

Méid nach mó ná €650

Méid is mó ná €650 ach nach mó ná €1,300

Méid is mó ná €1,300 ach nach mó ná €3,250

Méid is mó ná €3,250 ach nach mó ná €6,500

Méid is mó ná €6,500 ach nach mó ná €13,000

Méid is mó ná €13,000 ach nach mó ná €26,000

Méid is mó ná €26,000 ach nach mó ná €65,000

Méid is mó ná €65,000 ach nach mó ná €130,000

Méid is mó ná €130,000 ach nach mó ná €325,000

Méid is mó ná €325,000 ach nach mó ná €1,300,000

Méid is mó ná €1,300,000

45 lá

3 mhí

4 mhí

6 mhí

9 mí

12 mhí

18 mí

2 bhliain

3 bliana

5 bliana

10 mbliana

Réadú maoine atá ina hábhar d’ordú um chomhar coigistíochta.

53 .— (1) Más rud é—

(a) nach bhfuil ordú um chomhar coigistíochta chun suim airgid a íoc arna shásamh, nó

(b) gur chun maoin seachas suim den sórt sin a choigistiú atá ordú den sórt sin,

féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, duine a cheapadh mar ghlacadóir i leith maoine inréadaithe.

(2) Féadfaidh an Chúirt cumhacht a thabhairt don ghlacadóir chun seilbh a ghlacadh ar aon mhaoin inréadaithe ach sin faoi réir cibé coinníollacha nó eisceachtaí a shonróidh an Chúirt.

(3) Féadfaidh an Chúirt a ordú d’aon duine a bhfuil aon mhaoin inréadaithe ina sheilbh nó ina seilbh nó ar a urláimh nó ar a hurláimh seilbh uirthi a thabhairt suas don ghlacadóir.

(4) Féadfaidh an Chúirt cumhacht a thabhairt don ghlacadóir aon mhaoin inréadaithe a réadú i cibé slí a ordóidh an Chúirt.

(5) Féadfaidh an Chúirt a ordú d’aon duine a shealbhaíonn leas i maoin inréadaithe cibé íocaíocht a ordóidh an Chúirt a dhéanamh leis an nglacadóir i leith aon leasa thairbhiúil a shealbhaíonn an cosantóir nó faighteoir aon bhronntanais a thagann faoi réim an Achta seo agus féadfaidh an Chúirt, le hordú, tar éis an íocaíocht a dhéanamh, aon leas sa mhaoin a aistriú, a dheonú nó a mhúchadh.

(6) Ní dhéanfaidh an Chúirt, i leith aon mhaoine, na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú mura rud é gur tugadh deis réasúnach do na daoine a shealbhaíonn aon leas sa mhaoin uiríll a dhéanamh chuici.

Ús ar shuimeanna gan íoc faoi orduithe um chomhar coigistíochta.

54 .— (1) Faoi réir fho-alt (2), más rud é nach ndéantar aon suim a cheanglaítear ar dhuine a íoc faoi ordú um chomhar coigistíochta a íoc nuair a cheanglaítear í a íoc (cibé acu ar an ordú a dhéanamh nó tráth níos déanaí ná sin arna shonrú ag an gCúirt), dlífear den duine ús a íoc ar an tsuim don tréimhse ar lena linn a fhanann an tsuim gan íoc agus déileálfar le méid an úis, chun críocha forfheidhmithe, mar chuid den mhéid atá le gnóthú ón duine faoin ordú.

(2) Tabharfar neamhaird ar an méid úis is iníoctha faoi fho-alt (1) nuair a bheidh an téarma príosúnachta a bheidh le forchur faoi alt 52 á ríomh.

(3) Is é an ráta úis is iníoctha faoi fho-alt (1) an ráta a bhfuil feidhm aige de thuras na huaire i ndáil le fiach breithiúnais shibhialta de chuid na hArd-Chúirte.

Íocaíochtaí faoi orduithe um chomhar coigistíochta a bheith le sloinneadh san euro.

55 .— (1) I gcás suim airgid is iníoctha, nó atá gan íoc fós, faoi ordú coigistíochta seachtrach a bheith arna sloinneadh in airgeadra seachas an euro, ceanglófar leis an ordú um chomhar coigistíochta go ndéanfar méid coibhéiseach san euro a íoc, arna ríomh de réir an ráta malairte bonnlíne a bhí i réim idir an t-airgeadra sin agus an euro ar an dáta a rinneadh an t-ordú um chomhar coigistíochta.

(2) Chun críocha fho-alt (1), tá deimhniú—

(a) a airbheartaíonn a bheith arna shíniú ag oifigeach de chuid forais airgeadais (de réir bhrí Chuid 2) sa Stát, agus

(b) ina luaitear an ráta malairte bonnlíne a bhí i réim idir airgeadra sonraithe agus an euro ar dháta sonraithe,

inghlactha, gan a thuilleadh cruthúnais, mar fhianaise ar an ráta malairte a bhí i réim amhlaidh ar an dáta sin.

An Ard-Chúirt nó glacadóir d’fheidhmiú cumhachtaí faoin gCaibidil seo.

56 .— (1) Déanfar cumhachtaí na hArd-Chúirte faoi alt 53 nó cumhachtaí glacadóra arna cheapadh nó arna ceapadh faoin alt sin a fheidhmiú, faoi réir an ailt seo, d’fhonn maoin a ghnóthú ar maoin í atá inghnóthaithe faoin ordú um chomhar coigistíochta lena mbaineann.

(2) Déanfar na cumhachtaí a fheidhmiú d’fhonn a cheadú d’aon duine, seachas an cosantóir nó faighteoir bronntanais, luach aon mhaoine a shealbhaíonn an duine a áirithiú agus a ghnóthú.

(3) I gcás maoine inréadaithe a shealbhaíonn duine ar thug an cosantóir bronntanas dó nó di go díreach nó go neamhdhíreach, feidhmeofar na cumhachtaí d’fhonn luach an bhronntanais, gan dul thar luach an bhronntanais, de thuras na huaire a réadú.

(4) Le linn na cumhachtaí a fheidhmiú, ní chuirfear i gcuntas aon oibleagáidí de chuid an chosantóra nó de chuid faighteora aon bhronntanais atá ar neamhréir leis an oibleagáid chun aon ordú um chomhar coigistíochta a chomhlíonadh.

Feidhm forálacha áirithe a bhaineann le horduithe um chomhar i dtaca le calcadh maidir le horduithe um chomhar coigistíochta.

57 .— Tá feidhm ag ailt 39, 40, 41, 42 agus 43 maidir le horduithe um chomhar coigistíochta mar atá feidhm acu maidir le horduithe um chomhar i dtaca le calcadh, agus dá réir sin—

(a) déanfar tagairtí d’alt 36 in ailt 39, 40 agus 43 a fhorléiriú mar thagairtí d’alt 53, agus

(b) déanfar tagairtí in ailt 40, 41, 42 agus 43 d’ordú um chomhar i dtaca le calcadh a fhorléiriú mar thagairtí d’ordú um chomhar coigistíochta.