An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (An tAcht Ceimiceán 2008) Ar Aghaidh ( CUID 2 Rialacháin agus Cóid Chleachtais )

13 2008

An tAcht Ceimiceán 2008

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1 .— (1) Féadfar an tAcht Ceimiceán 2008 a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.

Léiriú.

2 .— (1) San Acht seo—

ciallaíonn “ Acht 1972 ” Acht na gComhphobal Eorpach 1972;

ciallaíonn “Údarás” an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta;

folaíonn “ ceimiceán ”—

(a) ceimiceán, ullmhóid nó airceadal de réir bhrí Rialachán Rotterdam,

(b) glantach de réir bhrí Rialachán na nGlantach, agus

(c) substaint, ullmhóid nó airceadal de réir bhrí Rialachán REACH;

ciallaíonn “cód cleachtais” cód cleachtais arna ullmhú agus arna fhoilsiú, nó arna cheadú, ag an Údarás de réir alt 7, agus folaíonn sé cuid de chód cleachtais;

tá le “fógra um shárú” an bhrí an shanntar dó le halt 15;

ciallaíonn “Rialachán na nGlantach” Rialachán (CE) Uimh. 648/2004 an 31 Márta 2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le glantaigh, arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 907/2006 an 20 Meitheamh 2006 ón gCoimisiún 4 ;

tá le “Comhphobail Eorpacha” an bhrí chéanna atá leis in Acht 1972;

ciallaíonn “Rialacháin Eorpacha”—

(a) Rialachán Rotterdam,

(b) Rialachán na nGlantach, agus

(c) Rialachán REACH;

tá le “údarás seachtrach” an bhrí a shanntar dó le halt 9;

ciallaíonn “ plean feabhsúcháin ” plean a cheanglaítear a chur faoi bhráid cigire faoi alt 14;

tá le “ fógra faisnéise ” an bhrí a shanntar dó le halt 27;

ciallaíonn “ cigire ” duine arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 11 ag údarás náisiúnta;

ciallaíonn “ Ballstát ” stát is ball de na Comhphobail Eorpacha agus folaíonn sé stáit is páirtithe sa chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a síníodh in Oporto an 2 Bealtaine 1992, arna choigeartú leis an bprótacal a rinneadh sa Bhruiséil an 17 Márta 1993;

ciallaíonn “ Aire ” an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta;

ciallaíonn “ socruithe um ch omhar frithpháirteach ” socruithe faoi alt 9;

ciallaíonn “ údarás náisiúnta ”—

(a) údarás náisiúnta ainmnithe sa Stát faoi alt 8(1),

(b) údarás inniúil sa Stát faoi alt 8(2)8(3), nó

(c) duine a bheidh forordaithe de réir alt 5(3);

ciallaíonn “ áit ” aon déanmhas, áitreabh, talamh nó suíomh eile nó cuid d’áit den sórt sin, agus folaíonn sé aon choimeádán, vaigín iarnróid, soitheach, aerárthach, mótar nó feithicil eile;

ciallaíonn an briathar “ forordú ” forordú le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo;

tá le “ fógra toirmisc ” an bhrí a shanntar dó le halt 16;

ciallaíonn “ Rialachán REACH ” Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 an 18 Nollaig 2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ceimiceáin a Chlárú, a Mheasúnú, a Údarú agus a Shrianadh agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1354/2007 an 15 Samhain 2007 ón gComhairle 5 ;

folaíonn “taifead” aon mheabhrán, leabhar, tuarascáil, ráiteas, clár, plean, cairt, léarscáil, líníocht, sonraíocht, léaráid, saothar pictiúrtha nó grafach nó doiciméad eile, aon ghrianghraf, scannán nó taifeadadh (cibé acu is taifeadadh fuaime nó taifeadadh íomhánna nó iad araon é), aon fhoirm ina gcoimeádtar sonraí (de réir bhrí na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003), aon fhoirm (lena n-áirítear foirm mheaisín-inléite) nó rud ina ndéantar faisnéis a choimeád nó a stóráil de láimh, go meicniúil nó go leictreonach, agus aon rud ar cuid nó cóip é, i bhfoirm ar bith, d’aon cheann de na nithe sin roimhe seo nó aon teaglaim de na nithe sin roimhe seo;

ciallaíonn “forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán”—

(a) na Rialacháin Eorpacha,

(b) an tAcht seo, nó

(c) rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo;

ciallaíonn “ Aire iomchuí ” , i ndáil le húdarás náisiúnta nach Aire den Rialtas, an tAire den Rialtas (seachas an tAire) a bhfuil feidhmeanna dílsithe dó nó di i ndáil leis an údarás náisiúnta sin;

ciallaíonn “Rialachán Rotterdam” Rialachán (CE) Uimh. 304/2003 an 28 Eanáir 2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le honnmhairiú agus allmhairiú ceimiceán contúirteach, arna leasú leis na Rialacháin seo a leanas:

(a) Rialachán (CE) Uimh. 1213/2003 an 7 Iúil 2003 ón gCoimisiún 6 ;

(b) Rialachán (CE) Uimh. 775/2004 an 26 Aibreán 2004 ón gCoimisiún 7 ;

(c) Rialachán (CE) Uimh. 777/2006 an 23 Bealtaine 2006 ón gCoimisiún 8 ;

(d) Rialachán (CE) Uimh. 1376/2007 an 23 Samhain 2007 ón gCoimisiún 9 ;

ciallaíonn “tuarascáil speisialta” tuarascáil arna tabhairt faoi alt18.

(2) Faoi réir fho-alt (1), tá le focal nó le habairt a úsáidtear san Acht seo agus a úsáidtear freisin i Rialachán Eorpach an bhrí chéanna san Acht seo atá leis nó léi sa Rialachán Eorpach sin.

Fógraí a sheirbheáil.

3 .— (1) Faoi réir fho-alt (2), déanfar fógra nó doiciméad eile a cheanglaítear nó a údaraítear a sheirbheáil ar dhuine, a chur chuig duine nó a thabhairt do dhuine, faoi na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán, a dhíriú chuig an duine lena mbaineann faoina ainm nó faoina hainm, agus féadfar é a sheirbheáil ar an duine, a chur chuige nó chuici nó a thabhairt dó nó di ar cheann amháin de na slite seo a leanas:

(a) trína sheachadadh ar an duine;

(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine nó, i gcás ina mbeifear tar éis seoladh le haghaidh seirbheála a thabhairt, ag an seoladh sin;

(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha chuig an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine nó, i gcás ina mbeifear tar éis seoladh le haghaidh seirbheála a thabhairt, chuig an seoladh sin;

(d) i gcás nach féidir an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine a fháil amach le fiosrú réasúnach agus go mbaineann an fógra nó an doiciméad eile le haon áit ghnó, trína sheachadadh ar dhuine atá os cionn 16 bliana d’aois agus a bhfuil cónaí air nó uirthi san áit ghnó nó atá fostaithe san áit ghnó nó trína ghreamú in áit fheiceálach san áit ghnó nó gar di;

(e) má chomhaontaigh an duine lena mbaineann go seirbheálfaí fógraí trí chumarsáid leictreonach (de réir na brí a shanntar le halt 2 den Acht um Thráchtáil Leictreonach 2000), seirbheáil ar an modh sin, ar an gcoinníoll go bhfuil saoráid ann chun a dhearbhú go bhfuarthas cumarsáid leictreonach agus gur dearbhaíodh go bhfuarthas an chumarsáid leictreonach sin;

(f) i gcás ina bhfuil saoráid ann chun macasamhail den fhógra a fháil ar mhodh leictreonach ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí ar an duine nó ag a seolann sé nó sí gnó, trí mhacasamhail den fhógra a tharchur ar an modh sin chuig an seoladh sin, nó

(g) ar aon mhodh eile a fhorordófar.

(2) Más rud é, maidir le fógra nó doiciméid eile a éilítear nó a údaraítear faoi na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán, go bhfuil sé le seirbheáil ar dhuine, le cur chuig duine nó le tabhairt do dhuine arb é nó arb í úinéir nó áititheoir áite gnó é nó í, agus nach féidir ainm an duine a fháil amach le fiosrú réasúnach, féadfar é a dhíriú chuig an duine trí na focail “an t-úinéir” nó, de réir mar is gá sa chás, “an t-áititheoir” a úsáid.

(3) Chun críocha an ailt seo, measfar go bhfuil gnáthchónaí ar chuideachta, de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí, ag a hoifig chláraithe, agus measfar gnáthchónaí a bheith ar gach comhlacht corpraithe eile agus ar gach comhlacht neamhchorpraithe ag a phríomhoifig nó ag a áit ghnó.

Caiteachais.

4 .— Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire nó aon Aire eile den Rialtas ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

4IO Uimh. L 168, 21.6.2006, lch. 5.

5IO Uimh. L 304, 22.11.2007, lch. 1.

6 IO Uimh. L 169, 8.7.2003, lch. 27.

7IO Uimh. L 123, 27.4.2004, lch. 27.

8IO Uimh. L 136, 24.5.2006, lch. 9.

9IO Uimh. L 307, 24.11.2007, lch. 14.