An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 2 Rialacháin agus Cóid Chleachtais ) Ar Aghaidh ( CUID 4 Forfheidhmiú )

13 2008

An tAcht Ceimiceán 2008

CUID 3

Údaráis Náisiúnta

Údaráis náisiúnta.

8 .— (1) Chun críocha Rialachán Rotterdam, is údaráis náisiúnta ainmnithe sa Stát iad seo a leanas:

(a) an tÚdarás;

(b) na Coimisinéirí Ioncaim, chun críocha Airteagal 17 den Rialachán sin agus chun na gcríoch sin amháin;

(c) an tAire Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia, i leith lotnaidicídí (seachas chun críocha an Airteagail sin 17).

(2) Chun críocha Rialachán na nGlantach, is údaráis inniúla sa Stát iad seo a leanas:

(a) an tÚdarás;

(b) an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, i leith nithe a bhaineann le bithdhíghrádaitheacht dromchlathán i nglantaigh;

(c) an tAire Sláinte agus Leanaí, chun críocha Airteagal 9(3) den Rialachán sin agus chun na gcríoch sin amháin;

(d) an Bord Náisiúnta um Chreidiúnú, chun críocha Airteagal 8(2) agus (3) den Rialachán sin agus chun na gcríoch sin amháin.

(3) Chun críocha Rialachán REACH, is údaráis inniúla sa Stát iad seo a leanas:

(a) an tÚdarás;

(b) faoi réir mhír (c), an tAire Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia, i leith lotnaidicídí;

(c) an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, i leith truailliú comhshaoil a chosc.

(4) Déanfaidh údarás náisiúnta (seachas an tÚdarás), de réir cibé treoirlínte (más ann) a thabharfaidh an tÚdarás don údarás náisiúnta sin—

(a) socruithe leordhóthanacha chun a fheidhmeanna faoi na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán a chomhlíonadh,

(b) taifid chuí a choinneáil, agus

(c) na nithe seo a leanas a thabhairt don Údarás—

(i) tuarascáil laistigh de 2 mhí tar éis dheireadh gach bliana de réir fho-alt (5), agus

(ii) cibé tuarascálacha agus faisnéis eile a bhaineann le comhlíonadh a fheidhmeanna agus a éileoidh an tÚdarás, ó am go ham, nó a fhorordófar.

(5) Beidh an tuarascáil dá dtagraítear i bhfo-alt (4)(c)(i) i bhfoirm a bheidh comhaontaithe leis an Údarás agus beidh an fhaisnéis seo a leanas san áireamh inti—

(a) faisnéis maidir leis an údarás náisiúnta do chomhlíonadh a fheidhmeanna, agus

(b) cibé faisnéis eile is cuí leis an údarás náisiúnta, nó a éileoidh an tÚdarás.

(6) San alt seo—

tá le “truailliú comhshaoil” an bhrí a shanntar dó le halt 4 (a cuireadh isteach le halt 6 den Acht um Chaomhnú an Chomhshaoil 2003) den Acht fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil 1992, ach sin faoi réir an mhodhnaithe go ndéanfar tagairtí i bhfo-alt (2) den alt sin do “substaintí, teas nó torann” a fhorléiriú mar thagairtí do “ceimiceáin”;

ciallaíonn “ Bord Náisiúnta um Chreidiúnú ” an coiste a dtugtar an t-ainm sin air de ghnáth agus a bunaíodh de bhun alt 10 (arna leasú le halt 46 den Acht um Fhorbairt Tionscail (Fiontraíocht Éireann) 1998) den Acht um Fhorbairt Tionscail 1993;

tá le “lotnaidicídí” an bhrí a shanntar dó le hAirteagal 3(4) de Rialachán Rotterdam.

Socruithe um chomhar.

9 .— (1) Comhoibreoidh údaráis náisiúnta lena chéile i gcomhlíonadh a bhfeidhmeanna faoi na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán.

(2) Féadfaidh údarás náisiúnta, chun críocha fho-alt (1), socruithe a dhéanamh le húdaráis náisiúnta eile.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2), féadfar foráil a dhéanamh le socrú faoin bhfo-alt sin—

(a) i ndáil leis na húdaráis náisiúnta is páirtithe sa socrú do sheoladh iniúchtaí, seiceálacha, scrúduithe agus imscrúduithe,

(b) i ndáil le malartú faisnéise ag na húdaráis náisiúnta sin i ndáil leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír (a) agus i ndáil le cibé gníomhaíochtaí eile de chuid na n-údarás sin a shonraítear sa socrú,

(c) i ndáil le comhairle a thabhairt do na húdaráis náisiúnta is páirtithe sa socrú ar comhairle í a bhaineann le cionta amhrasta faoi aon cheann de na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán, agus

(d) i ndáil le 2 údarás náisiúnta nó níos mó do sheoladh gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír (a) i gcomhpháirt.

(4) Chun críocha na Rialachán Eorpach, féadfaidh údarás náisiúnta (seachas Aire den Rialtas), le toiliú an Aire agus aon Aire iomchuí eile, socrú (dá ngairtear “socrú um chomhar frithpháirteach” san alt seo) a dhéanamh le húdarás seachtrach.

(5) Chun críocha na Rialachán Eorpach, féadfaidh údarás náisiúnta ar Aire den Rialtas é nó í socrú (dá ngairtear “socrú um chomhar frithpháirteach” san alt seo) a dhéanamh le húdarás seachtrach.

(6) Féadfar le socrú um chomhar frithpháirteach—

(a) foráil a dhéanamh i ndáil le haon cheann de na nithe dá dtagraítear i míreanna (b) agus (c) d’fho-alt (3), agus dá réir sin beidh feidhm ag na míreanna sin i ndáil le socrú um chomhar frithpháirteach faoi réir an mhodhnaithe go ndéanfar tagairtí do “ údarás náisiúnta ” a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do “ údarás seachtrach ”, agus

(b) foráil a dhéanamh á rá go bhféadfaidh oifigigh de chuid údaráis sheachtraigh a bheith in éineacht le cigire le linn don chigire feidhmeanna a chomhlíonadh de bhun socraithe um chomhar frithpháirteach ar socrú é inar páirtí an t-údarás seachtrach sin.

(7) Ní bheidh éifeacht le socrú um chomhar frithpháirteach mura rud é go gceadaítear é le hordú arna dhéanamh ag an Aire.

(8) San alt seo ciallaíonn “údarás seachtrach” duine atá arna cheapadh nó arna ceapadh—

(a) mar údarás náisiúnta ainmnithe i mBallstát chun críocha Rialachán Rotterdam, nó

(b) mar údarás inniúil i mBallstát chun críocha Rialachán na nGlantach nó Rialachán REACH.

Táillí i gcomhair seirbhísí.

10 .— (1) Faoi réir cheadú an Aire agus an Aire Airgeadais agus i gcomhairle le haon Aire iomchuí eile, féadfaidh údarás náisiúnta—

(a) méid cibé táillí is cuí leis a chinneadh i gcomaoin na nithe seo a leanas—

(i) comhlíonadh a fheidhmeanna ag an údarás náisiúnta sin, agus

(ii) soláthar seirbhísí ag an údarás náisiúnta sin (seachas seirbhís arb é atá inti comhairle a sholáthar don Aire, d’Aire eile den Rialtas nó d’údarás náisiúnta eile),

(b) díolmhú a thabhairt ó tháillí a íoc in imthosca éagsúla nó in aicmí éagsúla imthosca nó i leith cásanna éagsúla nó aicmí éagsúla cásanna, nó i leith táillí a tharscaoileadh, a loghadh nó a aisíoc (go hiomlán nó go páirteach),

(c) aon rud arna tháirgeadh, arna fhoilsiú nó arna fhorbairt aige, nó i gcomhar le húdarás náisiúnta eile, a dhíol, agus

(d) conarthaí a dhéanamh ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le híocaíochtaí le húdarás náisiúnta eile) chun aon rud a bheidh táirgthe, foilsithe nó forbartha aige a fhorbairt tuilleadh agus a shaothrú ar bhonn tráchtála,

agus déanfaidh sé fáltais ó tháillí, ó dhíolacháin nó ó íocaíochtaí den sórt sin a thaifeadadh mar ioncam.

(2) Déanfaidh údarás náisiúnta mionsonraí i dtaobh táillí arna gcinneadh faoin alt seo a chur ar fáil ar iad a iarraidh agus saor ó mhuirear.

(3) Maidir le táillí, praghsanna agus íocaíochtaí dá dtagraítear san alt seo i leith feidhmeanna a chomhlíontar, seirbhísí a sholáthraítear, gníomhaíochtaí a sheoltar nó rudaí a dhíoltar, ní bheidh siad níos lú, ach amháin le ceadú roimh ré ón Aire, i gcomhairle le haon Aire iomchuí eile, ná an costas a ghabhann le comhlíonadh na feidhme, soláthar na seirbhíse, seoladh na gníomhaíochta nó táirgeadh, foilsiú nó forbairt an ruda, de réir mar a bheidh.

(4) Féadfaidh údarás náisiúnta aon mhéid a bheidh dlite agus ag dul dó faoin alt seo a ghnóthú ón duine a bhfuil sé iníoctha aige nó aici mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.