An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 4 Forfheidhmiú ) Ar Aghaidh ( CUID 6 Cionta agus Pionóis )

13 2008

An tAcht Ceimiceán 2008

CUID 5

Faisnéis

Faisnéis a scaipeadh ar mhaithe le leas an phobail.

23 .— Féadfaidh údarás náisiúnta, ar mhaithe le cosaint na sláinte nó an chomhshaoil, agus i gcomhairle, nuair is cuí, le húdaráis náisiúnta eile, cibé bearta is cuí leis a dhéanamh chun aird an phobail a tharraingt ar nithe is cúis le haon fhógra um shárú nó le haon fhógra toirmisc a sheirbheáiltear faoin Acht seo.

Ainmneacha daoine áirithe a fhoilsiú.

24 .— (1) Déanfaidh an tÚdarás, gach bliain, liostaí a thiomsú d’ainmneacha agus seoltaí na ndaoine seo a leanas agus tuairisc ar an trádáil, ar an ngnó nó ar an ngníomhaíocht eile a sheolann siad:

(a) daoine a ciontaíodh i gcion faoi na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán;

(b) daoine ar a seirbheáiltear fógra toirmisc faoi alt 16;

(c) daoine a mbeidh ordú déanta ina leith faoi alt 1719.

(2) Déanfaidh an tÚdarás, gach bliain, a chur faoi deara aon liosta dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(a) agus (c) a fhoilsiú ar cibé modh a mheasfaidh sé is cuí.

(3) Féadfaidh an tÚdarás, gach bliain, a chur faoi deara aon liosta dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b) a fhoilsiú ar cibé modh a mheasfaidh sé is cuí.

(4) Sonrófar in aon liosta dá dtagraítear i bhfo-alt (1), i leith gach duine a bheidh ainmnithe sa liosta, cibé mionsonraí is cuí leis an Údarás maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) na nithe is cionsiocair leis an gciontú, leis an bhfógra toirmisc nó leis an ordú, de réir mar a bheidh, a fhorchuirtear ar an duine, agus

(b) aon fhíneáil nó aon phionós a fhorchuirtear ar é nó í a chiontú i gcion.

Cosaint do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar an Acht.

25 .— I gcás ina ndéanann duine a thuairim nó a tuairim a chur in iúl, cibé acu i scríbhinn nó ar shlí eile, d’údarás náisiúnta—

(a) go bhfuil cion faoin Acht seo déanta nó á dhéanamh, nó

(b) go bhfuil aon fhoráil de na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán gan chomhlíonadh nó gan a bheith á comhlíonadh,

ansin, ní bheidh cúis chaingne ag aon duine i gcoinne an duine sin i leith na cumarsáide sin, murar ghníomhaigh sé nó sí de mheon mímhacánta.

Fostaithe a chosaint ar phionósú mar gheall ar sháruithe ar an Acht a thuairisciú.

26 .— (1) Ní dhéanfaidh fostóir fostaí a phionósú mar gheall ar theacht ar thuairim den chineál dá dtagraítear in alt 25 agus í a chur in iúl, i scríbhinn nó ar shlí eile, d’údarás náisiúnta más rud é gur ghníomhaigh an fostaí go réasúnach agus de mheon macánta le linn teacht ar an tuairim sin agus í a chur in iúl don údarás náisiúnta lena mbaineann.

(2) In imeachtaí faoin alt seo os comhair coimisinéara um chearta nó an Bhinse Achomhairc Fostaíochta i ndáil le gearán gur sáraíodh fo-alt (1), toimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur ghníomhaigh an fostaí lena mbaineann go réasúnach agus de mheon macánta le linn teacht ar an tuairim agus an tuairim lena mbaineann a chur in iúl.

(3) Más rud é gurb éard a bheidh i bpionósú fostaí, de shárú ar fho-alt (1), dífhostú an fhostaí de réir bhrí na nAchtanna um Dhífhostú Éagórach, 1977 go 2007, ní fhéadfar faoiseamh a dheonú don fhostaí i leith an phionósaithe sin faoin alt seo agus faoi na hAchtanna sin araon.

(4) Féadfaidh fostaí gearán a thíolacadh do choimisinéir um chearta á rá gur sháraigh a fhostóir nó a fostóir fo-alt (1) i ndáil leis nó léi agus, má dhéanann sé nó sí amhlaidh, déanfaidh an coimisinéir—

(a) deis a thabhairt do na páirtithe éisteacht a fháil ón gcoimisinéir agus aon fhianaise a bhaineann le hábhar an ghearáin a thíolacadh don choimisinéir, agus

(b) cinneadh a thabhairt i scríbhinn i ndáil leis agus an cinneadh a chur in iúl do na páirtithe.

(5) Maidir le cinneadh ó choimisinéir um chearta faoi fho-alt (4), déanfar ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas leis:

(a) a dhearbhú go raibh, nó de réir mar a bheidh, nach raibh bonn leis an ngearán;

(b) a cheangal ar an bhfostóir fo-alt (1) a chomhlíonadh agus, chun na críche sin, a cheangal ar an bhfostóir bearta sonraithe a ghlacadh;

(c) a cheangal ar an bhfostóir cúiteamh a íoc leis an bhfostaí, ar cúiteamh é de cibé méid (más ann) is cóir agus is cothromasach ag féachaint do na himthosca go léir, ach gan dul thar luach saothair 104 sheachtain i leith fhostaíocht an fhostaí arna ríomh de réir rialachán faoi alt 17 den Acht um Dhífhostú Éagórach, 1977.

(6) Chun críocha an ailt seo—

(a) beidh feidhm ag fo-ailt (3) go (6) agus ag fo-alt (7) (a) d’alt 7 d’Acht 1994 i ndáil le gearán a thíolacfar faoin alt seo mar atá feidhm acu i ndáil le gearán a thíolacfar faoi fho-alt (1) den alt sin 7, faoi réir na modhnuithe seo a leanas, eadhon—

(i) na focail go léir i bhfo-alt (3) ó “má thíolactar” go deireadh an fho-ailt sin a scriosadh agus “mura dtíolactar dó é laistigh den tréimhse 12 mhí dar tosach dáta an tsáraithe lena mbaineann an gearán nó (i gcás gur deimhin leis an gcoimisinéir um chearta nár tíolacadh an gearán laistigh den tréimhse réamhráite mar gheall ar imthosca eisceachtúla) laistigh de cibé tréimhse bhreise, nach faide ná 6 mhí ó dheireadh na tréimhse 12 mhí sin, a mheasfaidh an coimisinéir um chearta a bheith réasúnach” a chur ina n-ionad,

(ii) i bhfo-alt (6), tagairt do chinneadh a chur in ionad na tagartha do mholadh, agus

(iii) aon mhodhnuithe eile is gá,

(b) beidh feidhm ag ailt 8, 9 agus 10 d’Acht 1994 mar atá feidhm acu chun críocha an Achta sin, faoi réir na modhnuithe seo a leanas, eadhon—

(i) sna forálacha sin, tagairtí do chinneadh a chur in ionad tagairtí do mholadh, agus

(ii) in alt 9 d’Acht 1994—

(I) tagairtí don Chúirt Chuarda a chur in ionad tagairtí don Chúirt Dúiche,

(II) an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Maidir le hiarratas faoin alt seo chun na Cúirte Cuarda déanfar é chun an bhreithimh den Chúirt Chuarda don chuaird ina bhfuil gnáthchónaí ar an bhfostóir lena mbaineann nó ina seolann sé aon ghairm, trádáil nó gnó.”,

agus

(III) aon mhodhnuithe eile is gá.

(7) San alt seo—

ciallaíonn “ Acht 1994 ” an tAcht um Théarmaí Fostaíochta (Faisnéis) 1994;

folaíonn “ pionósú ” aon ghníomh nó neamhghníomh ag fostóir nó ag duine ag gníomhú thar ceann fostóra a dhéanann difear d’fhostaí, chun a aimhleasa nó a haimhleasa, maidir le haon téarma nó coinníoll de chuid a fhostaíochta nó a fostaíochta.

Cumhacht chun faisnéis a éileamh.

27 .— (1) Féadfaidh údarás náisiúnta, le fógra (dá ngairtear “fógra faisnéise” san Acht seo) arna sheirbheáil ar dhuine, a cheangal ar an duine aon fhaisnéis a shonrófar san fhógra agus a theastóidh le réasún ón údarás náisiúnta chun go gcomhlíonfaidh sé a fheidhmeanna go cuí faoi na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán a thabhairt don údarás náisiúnta sin laistigh de cibé tréimhse agus i cibé foirm a shonrófar san fhógra.

(2) Féadfar an tréimhse a shonrófar san fhógra faisnéise a fhadú de rogha an údaráis náisiúnta sin ar iarratas an duine ar a seirbheálfar an fógra.

(3) Féadfaidh duine ar a seirbheálfar fógra faisnéise, laistigh de 7 lá dar tosach an lá ar a seirbheálfar an fógra air nó uirthi, achomharc a dhéanamh i gcoinne an fhógra chuig breithimh den Chúirt Dúiche sa dúiche chúirte dúiche inar seirbheáladh an fógra, agus le linn an t-achomharc a chinneadh, féadfaidh an breitheamh, más deimhin leis nó léi go bhfuil sé réasúnach déanamh amhlaidh, an fógra a dhaingniú, a athrú nó a chealú.

(4) Más rud é, ar achomharc faoi fho-alt (3) a éisteacht, go ndaingneofar nó go n-athrófar fógra faisnéise, féadfaidh an breitheamh den Chúirt Dúiche a éistfidh an t-achomharc, ar iarratas ón achomharcóir, oibriú an fhógra a fhionraí go ceann cibé tréimhse is cuí leis an mbreitheamh in imthosca an cháis.

(5) Faoi réir fho-alt (6), déanfaidh duine ar a seirbheálfar fógra faisnéise de réir an fhógra roimh an tráth acu seo a leanas is déanaí—

(a) deireadh na tréimhse a shonrófar san fhógra, nó

(b) i gcás go ndéantar an tréimhse dá dtagraítear i mír (a) a fhadú faoi fho-alt (2), deireadh na tréimhse fadaithe sin.

(6) I gcás go dtionscnófar achomharc faoin alt seo, agus go ndaingneofar nó go n-athrófar an fógra faisnéise lena mbaineann an t-achomharc nó go dtarraingeofar siar an t-achomharc, déanfaidh an duine ar a seirbheálfar an fógra de réir an fhógra—

(a) roimh an lá díreach tar éis an lae a dhaingneofar nó a athrófar an fógra nó a tharraingeofar siar an t-achomharc,

(b) roimh dheireadh na tréimhse a shonrófar san fhógra, nó

(c) i gcás go mbeidh oibriú an fhógra arna fhionraí faoi fho-alt (4), deireadh na tréimhse fionraí,

cibé acu is déanaí a tharlóidh.

Toirmeasc ar nochtadh neamhúdaraithe faisnéise.

28 .— (1) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt le dlí, ní nochtfaidh duine faisnéis arna fáil aige nó aici le linn feidhmeanna a chomhlíonadh—

(a) mar chomhalta nó mar chomhalta foirne d’údarás náisiúnta,

(b) mar chigire,

(c) mar dhuine (seachas comhalta foirne d’údarás náisiúnta) arna cheapadh nó arna ceapadh chun imscrúdú a dhéanamh faoi alt 18,

(d) mar shainchomhairleoir nó mar chomhairleoir d’údarás náisiúnta nó mar dhuine atá ar fostú aige nó aici,

mura bhfuil sé nó sí údaraithe go cuí ag an údarás náisiúnta lena mbaineann chun déanamh amhlaidh.

(2) Ní choiscfear le fo-alt (1) faisnéis a nochtadh más rud é go ndéanfar an nochtadh sin—

(a) chun feidhmeanna a chomhlíonadh faoi na forálacha reachtúla iomchuí ceimiceán,

(b) le toiliú an duine lena mbaineann an fhaisnéis, nó

(c) chun críocha aon cheann díobh seo a leanas—

(i) aon imeachtaí dlí (lena n-áirítear trí thuarascáil do chróinéir a bheidh ag seoladh ionchoisne faoi na hAchtanna Cróinéirí 1962 agus 2005 ar chorp duine a bhféadfadh gur díobháil phearsanta ba thrúig bháis dó nó di), nó

(ii) aon imscrúdú nó tuarascáil speisialta faoi alt 18.