An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 9 Fístaifeadtaí ) Ar Aghaidh (CUID 11 Saoire do Thuismitheoirí )

14 2008

TODO

CUID 10

Scrúdóireacht Scannán

Leasú ar an Acht um Scrúdóireacht Scannán 1923.

70 .— Leasaítear an tAcht um Scrúdóireacht Scannán 1923—

(a) in alt 5(2), trí “€2,000” a chur in ionad “£50” agus trí “€200” a chur in ionad “£5”,

(b) in alt 6(2), trí “€2,000” a chur in ionad “£50”agus trí “€200” a chur in ionad “£5”, agus

(c) in alt 7, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (2) agus (3):

“(2) Aon uair a chuirfear aon iarratas den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) faoi bhráid an Stiúrthóra Aicmithe Scannán, deimhneoidh an Stiúrthóir, sa tslí fhorordaithe, go bhfuil an pictiúr lena mbaineann an t-iarratas oiriúnach lena thaispeáint don phobal, mura rud é gurb é tuairim an Stiúrthóra go bhfuil an pictiúr sin nó cuid éigin de neamhoiriúnach lena thaispeáint don phobal i gcoitinne—

(a) toisc—

(i) gur dóigh dó dochar a dhéanamh do leanaí, nó

(ii) é a bheith mígheanasach, graosta nó diamhaslach, nó

(b) toisc gur baolach go ndéanfadh taispeáint an phictiúir don phobal—

(i) prionsabail a bheadh contrártha don mhoráltacht phoiblí a chur ina luí ar dhaoine, nó

(ii) go mbeadh sé díobhálach don mhoráltacht phoiblí ar chuma eile.

(3) Más dóigh leis an Stiúrthóir Aicmithe Scannán go bhfuil aon phictiúr a bhfuil iarratas curtha faoi bhráid an Stiúrthóra ina leith neamhoiriúnach lena thaispeáint don phobal i gcoitinne in áiteanna áirithe sa Stát nó faoi choinníollacha faoi leith nó i láthair aicmí áirithe daoine, deonóidh an Stiúrthóir teastas go bhfuil an pictiúr sin oiriúnach lena thaispeáint don phobal faoi réir cibé srianta agus coinníollacha (a bheidh sainráite sa teastas) maidir leis na háiteanna ag a bhféadfar an pictiúr a thaispeáint nó na coinníollacha speisialta faoina bhféadfar é a thaispeáint nó na haicmí daoine a fhéadfar a ligean isteach chun an pictiúr a fheiceáil is dóigh leis an Stiúrthóir is gá chun an cás a chosc inar dóigh do thaispeáint an phictiúir don phobal—

(a) dochar a dhéanamh do leanaí, nó

(b) a bheith díobhálach don mhoráltacht phoiblí.”.

Ainm an Scrúdóra Oifigiúil a athrú, etc.

71 .— (1) Ar thosach feidhme an ailt seo agus dá éis, tabharfar the Irish Film Classification Office, i mBéarla, agus Oifig Aicmithe Scannán na hÉireann, i nGaeilge, ar oifig Scrúdóir Oifigiúil na Scannán agus dá réir sin déanfar tagairtí (cibé slí a léirítear iad) in aon achtachán d’oifig Scrúdóir Oifigiúil na Scannán a léamh mar thagairtí d’Oifig Aicmithe Scannán na hÉireann agus is é a thabharfar ar an duine a cheapfar chun oifig Scrúdóir Oifigiúil na Scannán faoin Acht sin the Director of Film Classification, i mBéarla, agus an Stiúrthóir Aicmithe Scannán, i nGaeilge.

(2) Féadfaidh Oifig Aicmithe Scannán na hÉireann, ar thosach feidhme an ailt seo, séala nua a sholáthar di féin.

(3) Ar thosach feidhme an ailt seo agus dá éis, tabharfar the Classification of Films Appeal Board, i mBéarla, agus an Bord Achomhairc um Aicmiú Scannán, i nGaeilge, ar an mBord Athchomhairc um Scrúdóireacht Scannán arna bhunú le halt 3 den Acht um Scrúdóireacht Scannán 1923 agus dá réir sin déanfar tagairtí (cibé slí a léirítear iad) in aon achtachán don Bhord Athchomhairc um Scrúdóireacht Scannán a léamh mar thagairtí don Bhord Achomhairc um Aicmiú Scannán.

(4) Na daoine ar a dtugtaí go nuige seo Scrúdóirí Cúnta chun críocha an Achta um Scrúdóireacht Scannán 1923, tabharfar, ar thosach feidhme an ailt seo agus dá éis, Assistant Classifiers orthu, i mBéarla, agus Aicmitheoirí Cúnta, i nGaeilge, chun na gcríoch sin.

(5) San alt seo, ciallaíonn “ achtachán ” reacht nó ionstraim a rinneadh faoi chumhacht arna tabhairt le reacht.