An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID 11 Saoire do Thuismitheoirí ) Ar Aghaidh (CUID 13 An Dlí Teaghlaigh )

14 2008

TODO

CUID 12

Rialú na Státseirbhíse

Leasú ar alt 2(2) d’Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse 1956.

73 .— Leasaítear alt 2(2) (arna chur isteach le halt 6 d’Acht Rialaithe na Státseirbhíse (Leasú) 2005) d’Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse 1956—

(a) i mír (f), trí “agus” a scriosadh,

(b) i mír (g), trí “an Uachtaráin,” a chur in ionad “an Uachtaráin.”, agus

(c) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (g):

“(h) i ndáil le comhalta d’fhoireann shibhialtach an Gharda Síochána de ghrád nó ar chéim Príomhaí nó de ghrád nó ar chéim atá coibhéiseach nó níos airde nach bhfuil feidhm ag fo-alt (1)(a)(i) maidir leis nó léi, an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, agus

(i) i ndáil le comhalta d’fhoireann shibhialtach an Gharda Síochána de ghrád nó ar chéim is ísle ná Príomhaí nó grád nó céim atá coibhéiseach, Coimisinéir an Gharda Síochána.”.