An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 2 Cnuas-Mhuinisin agus Buaimíní Pléascacha ) Ar Aghaidh ( CUID 4 Airgead Poiblí a Infheistiú )

20 2008

An tAcht um Chnuas-Mhuinisin agus Mianaigh Fhrithphearsanra 2008

CUID 3

Mianaigh Fhrithphearsanra

Orduithe.

8 .— Chun críocha an Achta seo, féadfaidh an tAire le hordú aon stát a shonrófar san ordú a ainmniú mar stát de chuid an Choinbhinsiúin um Mianaigh Fhrithphearsanra a Chosc, agus beidh ordú den sórt sin ina fhianaise gur stát de chuid an Choinbhinsiúin um Mianaigh Fhrithphearsanra a Chosc an stát sin.

Cionta.

9 .— (1) Faoi réir alt 10, aon duine a dhéanfaidh mianach frithphearsanra—

(a) a úsáid,

(b) a fhorbairt nó a tháirgeadh,

(c) a fháil,

(d) a shealbhú nó a choinneáil, nó

(e) a aistriú chuig aon duine,

beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(2) Faoi réir alt 10, aon duine a chuideoidh le duine, nó a spreagfaidh nó a aslóidh duine, chun cion faoi fho-alt (1) a dhéanamh, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

(3) Tá feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) maidir le gníomh a dhéantar lasmuigh den Stát más rud é, maidir leis an ngníomh—

(a) gur ar bord loinge a dhéantar é,

(b) gur in aerárthach atá cláraithe sa Stát a dhéantar é, nó

(c) gur comhalta d’Óglaigh na hÉireann a dhéanann é.

Iompar ceadaithe.

10 .— (1) Níl feidhm ag alt 9 maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) mianach frithphearsanra a fháil, a shealbhú, a úsáid, a choinneáil, a ionláithriú nó a aistriú ag comhalta d’Óglaigh na hÉireann de réir údarú faoi fho-alt (2) atá i bhfeidhm, nó

(b) mianach frithphearsanra a shealbhú, a choinneáil nó a aistriú—

(i) ag comhalta d’Óglaigh na hÉireann i gcúrsa a dhualgas nó a dualgas—

(I) chun an dochar a bhaint as an mianach frithphearsanra sin, nó

(II) chun an mianach frithphearsanra sin a scriosadh sa todhchaí,

(ii) ag comhalta den Gharda Síochána—

(I) le linn dó nó di aon chumhacht a thugtar don chomhalta sin le dlí chun mianach frithphearsanra a urghabháil agus a choinneáil i dtaca le haon imeachtaí coiriúla, nó

(II) d’fhonn an mianach frithphearsanra sin a sheachadadh ar Óglaigh na hÉireann lena scriosadh, nó

(iii) ag aon duine eile arna cheapadh nó arna ceapadh ag an Aire le barántas i scríbhinn, i gcúrsa dhualgais an duine sin d’fhonn an mianach frithphearsanra sin a sheachadadh ar Óglaigh na hÉireann lena scriosadh.

(2) Féadfaidh an tAire Cosanta, i gcomhairle leis an Aire, trí fhógra i scríbhinn, a údarú do Cheann Foirne Óglaigh na hÉireann—

(a) faoi féir fho-alt (3), líon sonraithe mianach frithphearsanra a fháil, a choinneáil nó a aistriú chun go ndéanfaidh Óglaigh na hÉireann teicníochtaí a fhorbairt maidir le mianaigh a aimsiú, a imréiteach nó a scriosadh, nó oiliúint sa chéanna, nó

(b) a cheadú d’Óglaigh na hÉireann líon sonraithe mianach frithphearsanra a aistriú chuig údarás iomchuí stáit de chuid an Choinbhinsiúin um Mianaigh Fhrithphearsanra a Chosc chun iad a scriosadh.

(3) Ní rachaidh an líon mianach frithphearsanra a shonrófar i bhfógra faoi mhír (a) d’fho-alt (2) thar an líon íosta is fíor-riachtanach chun na gcríoch a luaitear sa mhír sin.