An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 3 Mianaigh Fhrithphearsanra ) Ar Aghaidh ( CUID 5 Pionóis agus Forálacha Ilghnéitheacha )

20 2008

An tAcht um Chnuas-Mhuinisin agus Mianaigh Fhrithphearsanra 2008

CUID 4

Airgead Poiblí a Infheistiú

Mínithe (Cuid 4).

11 .— Sa Chuid seo—

ciallaíonn “ comhpháirteanna ” comhpháirteanna a dearadh go sonrach lena n-úsáid i muinisin thoirmiscthe;

ciallaíonn “ infheisteoir ” duine nó comhlacht atá freagrach as airgead poiblí, is le hAire den Rialtas, a infheistiú;

ciallaíonn “ cuideachta mhuinisean ” cuideachta atá ag gabháil do mhuinisin thoirmiscthe nó do chomhpháirteanna toirmiscthe a mhonarú;

ciallaíonn “ muinisean toirmiscthe ” cnuasmhuinisean, buaimín pléascach nó mianach frithphearsanra;

ciallaíonn “ airgead poiblí ” airgead arna sholáthar ag an Oireachtas as an Lár-Chiste, nó as a thoradh fáis.

Dualgas infheisteoirí infheistíocht i gcuideachta mhuinisean a sheachaint.

12 .— (1) Maidir le haon ní in aon achtachán lena n-údaraítear airgead poiblí a infheistiú, ní mheasfar aon infheistíocht, díreach nó neamhdhíreach, i gcuideachta mhuinisean a bheith á húdarú leis.

(2) D’ainneoin aon achtacháin eile, féachfaidh infheisteoir, i gcomhlíonadh aon fheidhme a thugtar dó le haon achtachán nó faoi aon achtachán, le hinfheistíocht airgid phoiblí i gcuideachta mhuinisean a sheachaint.

(3) Le linn dul i mbun an chuspóra a leagtar amach i bhfo-alt (2), beidh aird ag infheisteoir ar na hábhair a leagtar amach sa Chuid seo.

Infheistíocht dhíreach i gcuideachta mhuinisean.

13 .— (1) Féachfaidh infheisteoir le hinfheistíocht dhíreach airgid phoiblí in urrúis chothromais nó i bhfiachurrúis arna n-eisiúint ag cuideachta mhuinisean a sheachaint.

(2) I gcás go ndéantar airgead poiblí a infheistiú go díreach i gcuideachta, is cuideachta mhuinisean nó a thagann chun bheith ina cuideachta mhuinisean—

(a) deimhneoidh an t-infheisteoir dó féin go bhfuil beartaithe ag an gcuideachta scor dá rannpháirtíocht i monarú muinisean nó comhpháirteanna toirmiscthe, nó

(b) scarfaidh an t-infheisteoir lena infheistíocht sa chuideachta sin ar mhodh ordúil.

Infheistíocht neamhdhíreach i gcuideachta mhuinisean.

14 .— (1) Déanfaidh infheisteoir infheistíocht airgid phoiblí i ngnóthais chomhinfheistíochta nó i dtáirgí infheistíochta a sheachaint mura rud é, tar éis dó gach dícheall a dhéanamh, gur deimhin leis an infheisteoir nach bhfuil dóchúlacht shuntasach ann go ndéanfar an t-airgead poiblí a infheistiú i gcuideachta mhuinisean.

(2) I gcás go ndéantar airgead poiblí a infheistiú i ngnóthas comhinfheistíochta nó i dtáirge infheistíochta a dhéanann an t-airgead sin a infheistiú i gcuideachta, is cuideachta mhuinisean nó a thagann chun bheith ina cuideachta mhuinisean—

(a) deimhneoidh an t-infheisteoir dó féin—

(i) go bhfuil beartaithe ag an gcuideachta scor dá rannpháirtíocht i monarú muinisean nó comhpháirteanna toirmiscthe, nó

(ii) go bhfuil beartaithe ag an ngnóthas comhinfheistíochta nó ag an táirge infheistíochta scaradh lena infheistíocht sa chuideachta,

agus nach bhfuil dóchúlacht shuntasach ann go ndéanfaidh an gnóthas comhinfheistíochta nó an táirge infheistíochta airgead poiblí a infheistiú i gcuideachta mhuinisean athuair,

(b) a mhéid is féidir, agus aon oibleagáid chonarthach atá glactha air féin aige á cur i gcuntas, scarfaidh an t-infheisteoir lena infheistíocht sa ghnóthas comhinfheistíochta nó sa táirge infheistíochta sin ar mhodh ordúil.

Díorthaigh bunaithe ar innéacs airgeadais.

15 .— Ní chuirfidh aon ní sa Chuid seo cosc ar infheisteoir conradh a dhéanamh i leith ionstraimí díorthacha airgeadais bunaithe ar innéacs airgeadais.