An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo ( CUID 3 Leasuithe Ilghnéitheacha ar Achtanna eile ) Ar Aghaidh ( CUID 5 An Ghníomhaireacht do Chomhrac na Bochtaine a Dhíscaoileadh )

22 2008

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha) 2008

CUID 4

Seirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid

Míniú.

26 .— Sa Chuid seo, ciallaíonn “ Acht 2000 ” an tAcht um Chomhairle 2000.

Leasuithe ar alt 2 d’Acht 2000.

27 .— Leasaítear alt 2 (arna leasú le halt 2 den Acht um Fhaisnéis do Shaoránaigh 2007) d’Acht 2000—

(a) sa mhíniú ar “comhlacht saorálach”, trí “seirbhís buiséadaithe agus comhairle airgid” a chur isteach i ndiaidh “ar a dtugtar de ghnáth”, agus

(b) sa mhíniú ar “seirbhís shóisialach”, trí “comhairle ar fhiacha pearsanta agus ar bhainistiú airgid” a chur isteach i ndiaidh “nithe a bhaineann le tomhaltóirí,”.

Leasuithe ar alt 7 d’Acht 2000.

28 .— Leasaítear alt 7 (arna leasú le halt 4 den Acht um Fhaisnéis do Shaoránaigh 2007) d’Acht 2000—

(a) i bhfo-alt (1), trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c)—

“(ca) tacú le soláthar seirbhíse ar a dtabharfar the Money Advice and Budgeting Service, sa Bhéarla, nó an tSeirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid, sa Ghaeilge, chun comhairle a sholáthar do phearsana aonair chun fiacha pearsanta a bhainistiú, a sheachaint, a laghdú agus a urscaoileadh agus i ndáil le bainistiú airgid,

(cb) soláthar na Seirbhíse Buiséadaithe agus Comhairle Airgid a chur chun cinn agus a fhorbairt agus faisnéis a sholáthar i leith an tsoláthair sin,

(cc) faoi réir thoiliú an Aire, agus de réir fho-alt (1A), cúnamh airgeadais a sholáthar do chomhlacht saorálach i leith aon ní a bhaineann leis na feidhmeanna dá dtagraítear i míreanna (ca), (cb), (cd), (ce), (cf) agus (cg),

(cd) oideachas i leith bainistiú airgid a chur chun cinn agus a fhorbairt,

(ce) sonraí a bhaineann le soláthar na Seirbhíse Buiséadaithe agus Comhairle Airgid a thiomsú agus a fhoilsiú,

(cf) feasacht agus faisnéis a chur chun cinn agus a scaipeadh ar an bpobal maidir le soláthar na Seirbhíse Buiséadaithe agus Comhairle Airgid,

(cg) taighde a bhaineann leis na feidhmeanna dá dtagraítear i míreanna (ca), (cb) agus (cd) agus ar aon ní a iarrfaidh an tAire ó am go ham i ndáil leis na feidhmeanna dá dtagraítear i míreanna (ca), (cb) agus (cd) go (cf), a ghabháil de láimh nó a choimisiúnú,

(ch) comhairle, faisnéis agus cúnamh maidir leis na feidhmeanna dá dtagraítear i míreanna (ca) go (cg), agus cibé comhairle, faisnéis agus cúnamh i ndáil leis na feidhmeanna sin a iarrfaidh an tAire ó am go ham, a sholáthar don Aire,”,

(b) i bhfo-alt (1A)—

(i) i mír (a), trí “faoi fho-alt (1),” a chur in ionad “faoi fho-alt (1), agus”,

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a):

“(aa) tacú le soláthar, cur chun cinn agus forbairt na Seirbhíse Buiséadaithe agus Comhairle Airgid faoi fho-ailt (1)(ca) agus (1)(cb) agus na bhfeidhmeanna dá dtagraítear i bhfo-ailt (1)(cd) go (1)(cg),”,

(iii) i mír (b), trí “faoi fho-alt (1)(h), agus” a chur in ionad “faoi fho-alt (1)(h),”,

(iv) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

“(ba) cúnamh airgeadais a sholáthar do chomhlacht saorálach faoi fho-alt (1)(cc),”,

(v) trí “faoi mhíreanna (a), (aa), (b) agus (ba)” a chur in ionad “faoi mhíreanna (a) agus (b)”,

(c) i bhfo-alt (1C)—

(i) trí “i míreanna (a) agus (aa) d’fho-alt (1A)” a chur in ionad “i mír (a) d’fho-alt (1A)”, agus

(ii) trí “i míreanna (b) agus (ba) den fho-alt sin” a chur in ionad “i mír (b) den fho-alt sin”,

(d) i bhfo-alt (1D)—

(i) trí “i míreanna (a) agus (aa) d’fho-alt (1A)” a chur in ionad “i mír (a) d’fho-alt (1A)”, agus

(ii) trí “i míreanna (b) agus (ba) den fho-alt sin” a chur in ionad “i mír (b) den fho-alt sin”,

agus

(e) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1E):

“(1F) Le linn don Bhord na feidhmeanna a thugtar dó faoi fho-ailt (1)(ca) go (1)(ch) a chomhlíonadh, tabharfaidh sé aird—

(a) go háirithe ar sholáthar na Seirbhíse Buiséadaithe agus Comhairle Airgid do dhaoine ar ioncam íseal atá i bhfiacha iomarcacha nó a bhfuil an baol ann ina leith go dtiocfaidh siad chun bheith i bhfiacha iomarcacha, agus

(b) ar bheartas Rialtais, go háirithe ar bheartas maidir le huilechuimsitheacht shóisialta.”.

An tAire d’aistriú ceart agus dliteanas áirithe.

29 .— Leasaítear Acht 2000 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 25:

“An tAire d’aistriú ceart agus dliteanas áirithe.

25A.— (1) Más rud é, roimh an lá a thagann an t-alt seo i ngníomh, go mbeidh aon chonradh, comhaontú nó socrú déanta ag an Aire le haon duine maidir leis an duine sin do sholáthar seirbhíse ar a dtugtar de ghnáth seirbhís buiséadaithe agus comhairle airgid, agus go bhfuil an conradh, an comhaontú nó an socrú sin i bhfeidhm díreach roimh an lá a thagann an t-alt seo i ngníomh, féadfaidh an tAire, de réir mar is cuí leis nó léi, faoina shéala nó faoina séala, na cearta nó na dliteanais dá chuid nó dá cuid a éiríonn faoin gconradh, faoin gcomhaontú nó faoin socrú sin a aistriú nó a shannadh chuig an mBord.

(2) Gach ceart agus dliteanas a aistrítear le fo-alt (1) chuig an mBord, féadfaidh an Bord, an lá a thagann an t-alt seo i ngníomh nó dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm, nó féadfar agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm i gcoinne an Bhoird ina ainm féin.”.