Ar Aghaidh ( SCEIDEAL 1 Suimeanna a Vótáladh le haghaidh Seirbhísí Soláthair a Leithreasú )

23 2008

/images/harp.jpg


Uimhir 23 de 2008


AN tACHT LEITHREASA 2008

[An tiontú oifigiúil]

RIAR NA nALT

Alt

1 . Suimeanna a vótáladh le haghaidh seirbhísí soláthair, €50,049,646,000 san iomlán, a leithreasú.

2 . Géilleadh iarchurtha a bhaineann le seirbhísí soláthair chaipitiúil, €128,453,000 san iomlán.

3 . Rúin airgeadais a rith Dáil Éireann an 14 Deireadh Fómhair 2008.

4 . Gearrtheideal.

SCEIDEAL 1

Suimeanna a Vótáladh le haghaidh Seirbhísí Soláthair a Leithreasú

SCEIDEAL 2

Géilleadh Iarchurtha a Bhaineann le Seirbhísí Soláthair Chaipitiúil


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Príomh-Chiste (Forálacha Buana) 1965

1965, Uimh. 26

An tAcht Airgeadais 2004

2004, Uimh. 8

An tAcht um Bhailiú Shealadach Cánach 1927

1927, Uimh. 7

Public Accounts and Charges Act 1891

54 & 55 Vict., c. 24

Na hAchtanna Aoisliúntais 1834 go 2004

/images/harp.jpg


Uimhir 23 de 2008


AN tACHT LEITHREASA 2008

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEITHREASÚ SUIMEANNA A DEONAÍODH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE (FORÁLACHA BUANA) 1965, CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA gCRÍOCH CUÍ, DO DHÉANAMH FORÁLA MAIDIR LE TABHAIRT SUAS IARCHURTHA LEITHREASUITHE ÁIRITHE NEAMHURSCAOILTE DON PHRÍOMH-CHISTE FAOI THREOIR NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR CHAIPITIÚIL AGUS NA gCRÍOCH DÁ bhFORÁILTEAR LE hALT 91 DEN ACHT AIRGEADAIS 2004 AGUS DO DHÉANAMH FORÁLA I nDÁIL LEIS NA RÚIN AIRGEADAIS A RITH DÁIL ÉIREANN AN 14 DEIREADH FÓMHAIR 2008.

[18 Nollaig, 2008]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Suimeanna a vótáladh le haghaidh seirbhísí soláthair, €50,049,646,000 san iomlán, a leithreasú.

1 .— (1) Na suimeanna a deonaíodh as an bPríomh-Chiste leis an Acht Príomh-Chiste (Forálacha Buana) 1965 chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh, agus a ndéanann a gcomhiomlán suim caoga míle, daichead is naoi milliún, sé chéad daichead is sé mhíle euro le haghaidh sheirbhís na bliana dar críoch an 31 Nollaig 2008, déantar iad a leithreasú le haghaidh na seirbhísí agus na gcríoch a luaitear i Sceideal 1.

(2) I dteannta na ndeontas as an bPríomh-Chiste dá dtagraítear i bhfo-alt (1), féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach sa cholún deireanach de Sceideal 1 agus a ndéanann a gcomhiomlán suim ceithre mhíle ceithre chéad seachtó is dhá mhilliún, seacht gcéad nócha is naoi míle euro a úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act 1891 é a úsáid mar leithreasaí-i-gcabhair do na deontais le haghaidh na seirbhísí agus na gcríoch a shonraítear sa Sceideal sin.

Géilleadh iarchurtha a bhaineann le seirbhísí soláthair chaipitiúil, €128,453,000 san iomlán.

2 .— Chun críocha alt 91 den Acht Airgeadais 2004, i leith leithreasaí neamhurscaoilte áirithe faoi threoir na seirbhísí soláthair chaipitiúil agus na gcríoch a áirítear i vóta dá dtagraítear i Sceideal 1, leagtar amach i Sceideal 2 na suimeanna a iarchuireadh isteach sa bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2009, agus na vótaí gaolmhara agus na teidil ghaolmhara i leith gach ceann de na suimeanna sin, a ndéanann a gcomhiomlán suim céad fiche is ocht milliún, ceithre chéad caoga is trí mhíle euro.

Rúin airgeadais a rith Dáil Éireann an 14 Deireadh Fómhair 2008.

3 .— (1) Féadfar an reachtaíocht is gá chun éifeacht a thabhairt do na rúin airgeadais a rith Dáil Éireann an 14 Deireadh Fómhair 2008 agus dá dtagraítear i bhfo-alt (2), faoi réir na tréimhse ama a shonraítear in alt 4 den Acht um Bhailiú Shealadach Cánach 1927, a achtú sa bhliain 2009 mura n-achtaítear í faoin 31 Nollaig 2008.

(2) Is iad seo a leanas na Rúin Airgeadais dá dtagraítear i bhfo-alt (1):

(a) Rún Airgeadais Uimh. 1 (a bhaineann le cáin ioncaim agus le tobhach ioncaim a thabhairt isteach);

(b) Rún Airgeadais Uimh. 2 (a bhaineann le cáin ioncaim agus le méadú ar an ráta faoisimh i leith úis morgáiste do cheannaitheoirí céaduaire agus le laghdú ar an ráta do cheannaitheoirí nach ceannaitheoirí céaduaire);

(c) Rún Airgeadais Uimh. 3 (a bhaineann le cáin ioncaim agus le méadú ar an ráta sonraithe i gcomhair iasachtaí tosaíochta, seachas iasachtaí tí cónaithe);

(d) Rún Airgeadais Uimh. 4 (a bhaineann le cáin bhreisluacha agus le méadú ar an ráta caighdeánach);

(e) Rún Airgeadais Uimh. 5 (a bhaineann le méadú ar dhleachtanna máil ar thobac agus ar tháirgí tobac);

(f) Rún Airgeadais Uimh. 6 (a bhaineann le méadú ar dhleacht mháil ar fhíon agus le laghdú ar dhleacht mháil ar bheoracha agus ar leann úll atá ar bheagán alcóil);

(g) Rún Airgeadais Uimh. 7 (a bhaineann le dleacht mháil agus le méadú ar an gcáin ola mianra ar pheitreal);

(h) Rún Airgeadais Uimh. 8 (a bhaineann le dleacht mháil agus le méadú ar an ráta dleachta gealltóireachta);

(i) Rún Airgeadais Uimh. 9 (a bhaineann le laghdú ar an teorainn tuillimh i ndáil le ranníocaí pinsin áirithe);

(j) Rún Airgeadais Uimh. 10 (a bhaineann le méadú ar cháin choinneála ar ús taisce);

(k) Rún Airgeadais Uimh. 11 (a bhaineann le méadú ar an ráta cánach scuchta ar pholasaithe árachais saoil agus gnóthais infheistíochta);

(l) Rún Airgeadais Uimh. 12 (a bhaineann le méadú ar an ráta cánach gnóchan caipitiúil);

(m) Rún Airgeadais Uimh. 13 (a bhaineann le méadú ar na rátaí dleachta stampa ar sheiceanna agus ar bhillí malairte eile);

(n) Rún Airgeadais Uimh. 14 (a bhaineann le dleacht mháil agus le méadú ar rátaí mótarchánach).

Gearrtheideal.

4 .— Féadfar an tAcht Leithreasa 2008 a ghairm den Acht seo.