An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (An tAcht Leithreasa 2008) Ar Aghaidh ( SCEIDEAL 2 Géilleadh Iarchurtha a Bhaineann le Seirbhísí Soláthair Chaipitiúil )

23 2008

An tAcht Leithreasa 2008

SCEIDEAL 1

Suimeanna a Vótáladh le haghaidh Seirbhísí Soláthair a Leithreasú

Alt 1.

Sceideal de shuimeanna a deonaíodh, agus de shuimeanna a fhéadfar a úsáid mar leithreasaí-i-gcabhair i dteannta na suimeanna a deonaíodh, chun íoctha mhuirir na Seirbhísí Poiblí a luaitear i gcolún (2) a ghabhann leis an Sceideal seo agus a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31 Nollaig 2008.

Suimeanna nach mó ná

Vóta Uimh.

Teideal

Deontais Soláthair

Leithreasaí-i-gcabhair

(1)

(2)

(3)

(4)

1

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig Rúnaí an Uachtaráin, le haghaidh costas áirithe eile a bhaineann le Teaghlachas an Uachtaráin agus le haghaidh deontas áirithe

3,535,000

2

Le haghaidh thuarastail agus chostais Roinn an Taoisigh, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na Roinne agus chun deontais agus deontais-i-gcabhair a íoc

42,206,000

100,000

3

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Ard-Aighne, lena n-áirítear deontas-i-gcabhair

19,551,000

8,000

4

Le haghaidh thuarastail agus chostais na Príomh-Oifige Staidrimh

51,130,000

740,000

5

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste

10,164,000

4,285,000

6

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Airgeadais, lena n-áirítear Oifig an Phámháistir Ghinearálta, le haghaidh seirbhísí áirithe atá faoi riaradh Oifig an Aire agus chun deontais agus deontais-i-gcabhair áirithe a íoc

96,360,000

8,550,000

7

Le haghaidh pinsean, aoisliúntais, díobhálacha ceirde, agus liúntas agus aiscí breise agus eile faoi na hAchtanna Aoisliúntais 1834 go 2004 agus faoi ilreachtanna eile; pinsean eisreachtúil, liúntas eisreachtúil agus aiscí eisreachtúla arna ndámhachtain ag an Aire Airgeadais, táillí do lia-réiteoirí agus táillí ócáideacha do dhochtúirí; cúitimh agus íocaíochtaí eile i leith díobhálacha pearsanta; táillí don Bhord Pinsean; íocaíochtaí i leith an Chórais Sochair Pinsean, íocaíochtaí ilghnéitheacha, etc.

265,159,000

69,000,000

8

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig na gCoimisinéirí Achomhairc

671,000

9

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, lena n-áirítear seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin

444,818,000

42,800,000

10

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig na nOibreacha Poiblí; le haghaidh seirbhísí atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear Oifig an tSoláthair mar chuid de Ghníomhaireacht Soláthair an Rialtais, agus chun deontais áirithe a íoc agus chun caiteachas áirithe i ndáil le faoiseamh tuile a chúiteamh

659,017,000

21,808,000

11

Le haghaidh thuarastail agus chostais na Saotharlainne Stáit

10,488,000

150,000

12

Le haghaidh na Seirbhíse Sicréidí

818,000

13

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit

41,283,000

500,000

14

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí

44,522,000

15,000

15

Le haghaidh thuarastail agus chostais na hOifige Luachála agus mionseirbhísí áirithe

12,096,000

1,638,000

16

Le haghaidh thuarastail agus chostais na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí

15,162,000

150,000

17

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí

1,437,000

18

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Ombudsman, an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, Oifig an Choimisinéara Faisnéise agus Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil

8,773,000

5,000

19

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, fhoireann na Seirbhíse Promhaidh agus seirbhísí áirithe eile, lena n-áirítear íocaíochtaí faoi scéimeanna airgeadteoranta atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun deontais agus deontais-i-gcabhair áirithe a íoc

480,410,000

27,917,000

20

Le haghaidh thuarastail agus chostais an Gharda Síochána, lena n-áirítear pinsin, etc.; le haghaidh íocaíochtaí cúitimh agus costas eile i leith seirbhíse sna Caomhnóirí Áitiúla, chun costais finnéithe áirithe a íoc, agus chun deontas-i-gcabhair a íoc

1,577,538,000

53,539,000

21

Le haghaidh thuarastail agus chostais na Seirbhíse Príosún agus le haghaidh costas eile i ndáil le príosúin, lena n-áirítear ionaid choinneála; le haghaidh seirbhísí promhaidh; agus chun deontas-i-gcabhair a íoc

404,167,000

2,179,000

22

Le haghaidh na dtuarastal agus na gcostas sin de chuid na Seirbhíse Cúirteanna agus na Cúirte Uachtaraí, na hArd-Chúirte, na Cúirte Coiriúla Speisialta, na Cúirte Cuarda agus na Cúirte Dúiche agus mionseirbhísí áirithe eile nach muirear ar an bPríomh-Chiste

107,261,000

38,935,000

23

Le haghaidh thuarastail agus chostais an Údaráis Clárúcháin Maoine

46,820,000

24

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla

481,000

1,000

25

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, lena n-áirítear deontais d’Údaráis Áitiúla, deontais agus costais eile i ndáil le tithíocht, seirbhísí uisce, scéimeanna ilghnéitheacha, fóirdheontais agus deontais

3,183,750,000

14,517,000

26

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Oideachais agus Eolaíochta, le haghaidh seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun deontais agus deontais-i-gcabhair áirithe a íoc

9,068,952,000

249,843,000

27

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, le haghaidh seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun deontais áirithe a íoc

508,595,000

48,480,000

28

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Gnóthaí Eachtracha, agus seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear deontais-i-gcabhair agus ranníocaí d’Eagraíochtaí Idirnáisiúnta

233,437,000

39,000,000

29

Le haghaidh Cúnaimh Oifigiúil Forbartha áirithe, lena n-áirítear deontais-i-gcabhair áirithe, agus le haghaidh ranníocaí d’Eagraíochtaí Idirnáisiúnta áirithe atá páirteach i gCúnamh Forbartha agus le haghaidh tuarastal agus costas i dtaca leo sin

814,050,000

150,000

30

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun deontais áirithe agus ildeontais-i-gcabhair a íoc agus chun deontais áirithe faoi scéimeanna airgeadteoranta a íoc

289,037,000

247,024,000

31

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus Choimisiún Talún na hÉireann agus chun deontais, fóirdheontais agus ildeontais-i-gcabhair áirithe a íoc agus chun deontais áirithe faoi scéimeanna airgeadteoranta a íoc

1,699,921,000

413,367,000

32

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Iompair, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, chun deontais áirithe a íoc, agus le haghaidh seirbhísí áirithe eile

3,226,494,000

610,889,000

33

Le haghaidh thuarastail agus chostais na Dánlainne Náisiúnta, lena n-áirítear deontais-i-gcabhair

12,610,000

1,000

34

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, chun fóirdheontais agus deontais áirithe agus deontas-i-gcabhair a íoc agus chun deontais áirithe faoi scéimeanna airgeadteoranta a íoc

1,492,917,000

95,439,000

35

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus chun fóirdheontais, deontais agus deontais-i-gcabhair áirithe a íoc

700,162,000

1,765,000

36

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Cosanta, lena n-áirítear seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin; le haghaidh phá agus chostais Óglaigh na hÉireann; agus chun deontais-i-gcabhair áirithe a íoc

875,111,000

13,015,000

37

Le haghaidh pá scoir, pinsean, cúitimh, liúntas agus aiscí is iníoctha faoi ilreachtanna le comhaltaí d’Óglaigh na hÉireann agus d’Eagraíochtaí Míleata áirithe eile, etc., nó ina leith sin, agus le haghaidh ilranníocaí agus ilchostas i ndáil leo sin; le haghaidh liúntas eisreachtúil áirithe leanaí agus íocaíochtaí eile agus ildeontas

196,803,000

6,900,000

38

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, le haghaidh seirbhísí áirithe atá faoi riaradh na hOifige sin, agus le haghaidh deontas áirithe lena n-áirítear deontas-i-gcabhair

9,447,217,000

184,530,000

39

Le haghaidh thuarastail agus chostais Oifig an Aire Sláinte agus Leanaí, agus seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na hOifige sin, lena n-áirítear deontais ilghnéitheacha

529,282,000

1,000

40

Le haghaidh thuarastail agus chostais Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus seirbhísí áirithe eile atá faoi riaradh na Feidhmeannachta, lena n-áirítear deontais ilghnéitheacha

12,752,045,000

2,255,275,000

41

Le haghaidh seirbhísí áirithe a sholáthar i leith leanaí agus ghnóthaí na hóige, lena n-áirítear deontais ilghnéitheacha agus deontais-i-gcabhair

675,396,000

20,283,000

Iomlán Sceideal 1 ...

50,049,646,000

4,472,799,000