40 2009

/images/harp.jpg


Uimhir 40 de 2009


AN tACHT FORAOISEACHTA (LEASÚ) 2009

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1. Leasú ar alt 24 (cumhacht iasacht a fháil) den Acht Foraoiseachta 1988 .

2. Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú .


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Foraoiseachta 1988

1988, Uimh. 26

Na hAchtanna Foraoiseachta 1946 go 1988

/images/harp.jpg


Uimhir 40 de 2009


AN tACHT FORAOISEACHTA (LEASÚ) 2009

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE MÉADÚ AR CHOMHIOMLÁN AN MHÉID AIRGID A FHÉADFAIDH COILLTE TEORANTA A FHÁIL AR IASACHT AON TRÁTH ÁIRITHE, DO LEASÚ AN ACHTA FORAOISEACHTA 1988 AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[20 Nollaig, 2009]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 24 (cumhacht iasacht a fháil) den Acht Foraoiseachta 1988.

1 .— Leasaítear alt 24(1)(b) den Acht Foraoiseachta 1988 trí “€400,000,000” a chur in ionad “£80 milliún”.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

2 .— (1) Féadfar an tAcht Foraoiseachta (Leasú) 2009 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Foraoiseachta 1946 go 2009 a ghairm de na hAchtanna Foraoiseachta 1946 go 1988 agus den Acht seo agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.