3 2013

/images/harp.jpg


Uimhir 3 de 2013


AN tACHT UM CHOIMISIÚN THITHE AN OIREACHTAIS (LEASÚ), 2013


RIAR NA nALT

Alt

1. Míniú.

2. Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

3. Leasú ar alt 4 den Phríomh-Acht.

4. Leasú ar alt 10A den Phríomh-Acht.

5. Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Choimisiún Thithe an Oireachtais, 2003

2003, Uimh. 28

Na hAchtanna um Choimisiún Thithe an Oireachtais, 2003 go 2012

/images/harp.jpg


Uimhir 3 de 2013


AN tACHT UM CHOIMISIÚN THITHE AN OIREACHTAIS (LEASÚ), 2013


ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM CHOIMISIÚN THITHE AN OIREACHTAIS, 2003 CHUN FEIDHMEANNA BREISE A THABHAIRT DO CHOIMISIÚN THITHE AN OIREACHTAIS; AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE GAOLMHARA.

[26 Feabhra, 2013]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Míniú.

1 .— San Acht seo, ciallaíonn “Príomh-Acht” an tAcht um Choimisiún Thithe an Oireachtais, 2003.

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

2 .— Leasaítear alt 2 den Phríomh-Acht trí na mínithe seo a leanas a chur isteach:

“ciallaíonn ‘An Caighdeán Oifigiúil’ caighdeán oifigiúil na Gaeilge, arna ullmhú ag Tithe an Oireachtais agus arna fhoilsiú faoi chóipcheart Rialtais, atá le húsáid sa reachtaíocht phríomha agus sa reachtaíocht thánaisteach agus mar an treoir le haghaidh scríbhneoireacht sa Ghaeilge;

ciallaíonn ‘ionstraim reachtúil’ ordú, rialachán, riail, scéim nó fodhlí arna dhéanamh nó arna déanamh faoi chumhacht a thugtar le reacht.”.

Leasú ar alt 4 den Phríomh-Acht.

3 .— Leasaítear alt 4 den Phríomh-Acht trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2A):

“(2B) Is feidhm de chuid an Choimisiúin, aon uair a iarrfaidh Aire den Rialtas air déanamh amhlaidh, seirbhísí aistriúcháin a sholáthar ó theanga oifigiúil amháin go dtí an teanga oifigiúil eile i leith na nithe seo a leanas—

(a) ionstraimí reachtúla arna ndéanamh ag an Aire sin den Rialtas,

(b) ionstraimí reachtúla arna ndéanamh ag duine eile agus a gceanglaítear, de bhun na cumhachta reachtúla faoina ndéantar na hionstraimí sin, go rachfar i gcomhairle leis an Aire sin den Rialtas nó go dtabharfaidh sé nó sí a thoiliú nó a toiliú nó a cheadú nó a ceadú, cibé slí ar a dtuairiscítear é, i ndáil lena ndéanamh, agus

(c) ionstraimí reachtúla arna ndéanamh ag duine eile—

(i) a gcomhlíonann an tAire sin den Rialtas aon fheidhm ina leith de bhun reachta nó ar shlí eile, nó

(ii) dá ndéanann an tAire sin den Rialtas aon airgead a airleacan, as airgead a sholáthraíonn an tOireachtas, chun críocha chomhlíonadh fheidhmeanna an duine ag an duine sin.

(2C) Féadfaidh an Coimisiún, faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis, socrú a dhéanamh maidir le daoine seachas comhaltaí d’fhoireann an Choimisiúin do chuidiú leis i gcomhlíonadh a fheidhmeanna faoi fho-ailt (2A) agus (2B).

(2D) Ní choiscfear le haon ní i bhfo-alt (2B) ar Aire den Rialtas ná ar aon duine eile dá dtagraítear san fho-alt sin socrú a dhéanamh maidir le duine seachas an Coimisiún d’aistriú ionstraim reachtúil lena mbaineann an fo-alt sin ó theanga oifigiúil amháin go dtí an teanga oifigiúil eile.

(2E) D’ainneoin alt 5, féadfaidh an Coimisiún táille de cibé méid a chinnfidh an Coimisiún a ghearradh ar Aire den Rialtas, dá soláthraíonn sé seirbhís faoi fho-alt (2B), as an tseirbhís sin.

(2F) Is feidhm de chuid an Choimisiúin an Caighdeán Oifigiúil a athbhreithniú ó am go ham de réir mar is cuí leis, ach uair amháin gach 7 mbliana ar a laghad, agus é a athleasú agus a fhoilsiú ar cibé modh is cuí leis i ndiaidh gach athbhreithnithe den sórt sin.

(2G) D’fhonn athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil a sheoladh faoi fho-alt (2F), rachaidh an Coimisiún i gcomhairle—

(a) leis na hAirí seo a leanas den Rialtas, eadhon—

(i) an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta,

(ii) an tAire Oideachais agus Scileanna, agus

(iii) an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais,

(b) le cibé daoine ag a bhfuil spéis sa Chaighdeán Oifigiúil agus is cuí leis an gCoimisiún, agus

(c) le daoine den phobal i gcoitinne,

agus beidh aird ag an gCoimisiún ar aon aighneachtaí a dhéanfar chuige agus a thig as an gcomhchomhairliúchán sin.

(2H) Déanfar na tagairtí i bhfo-ailt (2F) agus (2G) don Chaighdeán Oifigiúil a fhorléiriú mar thagairtí don Chaighdeán Oifigiúil mar a athleasaíodh agus mar a foilsíodh go deireanach roimhe seo é.”.

Leasú ar alt 10A den Phríomh-Acht.

4 .— Leasaítear alt 10A den Phríomh-Acht—

(a) trína ainmniú mar fho-alt (1), agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:

“(2) Féadfaidh an Coimisiún, chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh faoi fho-ailt (2F) go (2H) d’alt 4, cibé daoine is cuí leis, nach comhaltaí den Choimisiún ná comhaltaí d’fhoireann an Choimisiúin agus a bhfuil saineolas agus taithí oiriúnach acu, a cheapadh chun coiste arna bhunú aige faoi fho-alt (1) i dtaca leis na feidhmeanna sin.”.

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.

5 .— (1) Féadfar an tAcht um Choimisiún Thithe an Oireachtais (Leasú), 2013 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Choimisiún Thithe an Oireachtais, 2003 go 2013 a ghairm de na hAchtanna um Choimisiún Thithe an Oireachtais, 2003 go 2012 agus den Acht seo le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfaidh an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe le hordú nó le horduithe i gcoitinne nó faoi threoir aon chríoch nó foráil áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil nó le haghaidh forálacha éagsúla.