Ar Aghaidh (CUID 1 Réamhráiteach agus Ginearálta)

17 2019

/images/harp.jpg


Uimhir 17 de 2019


AN tACHT UM FHEIDHMEANNACHT NA SEIRBHÍSE SLÁINTE (RIALACHAS), 2019

[An tiontú oifigiúil]


Clár an Ábhair

CUID 1

Réamhráiteach agus Ginearálta

Alt

1. Gearrtheideal, tosach feidhme, comhlua agus forléiriú

2. Míniú

3. Aisghairm

CUID 2

Leasú ar an bPríomh-Acht

4. Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht

5. Leasú ar alt 7 den Phríomh-Acht

6. Leasú ar alt 10 den Phríomh-Acht

7. Measúnacht ar riachtanais sláinte

8. Leasú ar alt 10B den Phríomh-Acht

9. Bord na Feidhmeannachta

10. An príomh-oifigeach feidhmiúcháin

11. Leasú ar alt 22 den Phríomh-Acht

12. Leasú ar alt 23 den Phríomh-Acht

13. Leasú ar alt 25 den Phríomh-Acht

14. Toirmeasc ar nochtadh neamhúdaraithe faisnéise faoi rún

15. Leasú ar alt 27 den Phríomh-Acht

16. Leasú ar alt 28 den Phríomh-Acht

17. Leasú ar alt 29 den Phríomh-Acht

18. Leasú ar alt 31 den Phríomh-Acht

19. Leasú ar alt 34A den Phríomh-Acht

20. Leasú ar alt 34B den Phríomh-Acht

21. Leasú ar alt 35 den Phríomh-Acht

22. Leasú ar alt 40G den Phríomh-Acht

23. Coiste iniúchóireachta

24. Forálacha d’fhorlíonadh alt 40H

25. Feidhmeanna an choiste iniúchóireachtav

26. Leasú ar alt 51 den Phríomh-Acht

27. Leasú ar alt 55S den Phríomh-Acht

28. An éifeacht a ghabhann le feidhmeanna a tharmligean agus a fho-tharmligean

29. Leasú ar alt 77 den Phríomh-Acht

30. Leasú ar alt 79 den Phríomh-Acht

31. Leasú ar an bPríomh-Acht - ailt 81 go 83 a chur isteach

32. Leasú ar Sceideal 2 a ghabhann leis an bPríomh-Acht

CUID 3

Ilghnéitheach

33. Leasú ar an Acht Sláinte, 1970

34. Leasú ar an Acht um Dhífhostú Éagórach, 1977

35. Leasú ar an Acht um Thús Áite do Leanaí, 2015

36. Leasú ar Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Táirgí Cosmaideacha), 2013

37. Leasú ar Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Táirgí Tobac agus Táirgí Gaolmhara a Mhonarú, a Thíolacadh agus a Dhíol), 2016

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Thús Áite do Leanaí, 2015 (Uimh. 36)

Acht na gCuideachtaí, 1990 (Uimh. 33)

Acht na gCuideachtaí, 2014 (Uimh. 38)

An tAcht um Eitic in Oifigí Poiblí, 1995 (Uimh. 22)

An tAcht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997 (Uimh. 2)

An tAcht Sláinte (Seirbhís Lia-Chleachtóirí Ginearálta), 2014 (Uimh. 28)

An tAcht Sláinte, 1970 (Uimh. 1)

An tAcht Sláinte, 2004 (Uimh. 42)

Na hAchtanna Sláinte, 1947 go 2019

An tAcht um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh, 2005 (Uimh. 27)

An tAcht um Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (Rialachas), 2013 (Uimh. 23)

An tAcht um Nochtadh Cosanta, 2014 (Uimh. 14)

An tAcht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí (Earcaíocht agus Ceapacháin), 2004 (Uimh. 33)

An tAcht um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, 2001 (Uimh. 31)

An tAcht um Dhífhostú Éagórach, 1977 (Uimh. 10)

/images/harp.jpg


Uimhir 17 de 2019


AN tACHT UM FHEIDHMEANNACHT NA SEIRBHÍSE SLÁINTE (RIALACHAS), 2019

[An tiontú oifigiúil]

Acht do leasú an Achta Sláinte, 2004 chun socrú a dhéanamh gur bord seachas stiúrthóireacht a dhéanfaidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a rialú, do dhéanamh socrú go mbeidh príomh-oifigeach feidhmiúcháin ag an bhFeidhmeannacht a bheidh cuntasach don bhord sin agus do dhéanamh socrú maidir le leasuithe áirithe eile ar an Acht sin; do dhéanamh socrú maidir le hachtacháin áirithe eile a leasú; agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe gaolmhara.

[5 Meitheamh 2019]

Achtaítear ag an Oireachtas mar a leanas: