30 1925


Uimhir 30 de 1925.


ACHT BUNREACHTA (LEASÚ UIMH. 1), 1925.


ACHT CHUN AN BUNREACHT DO LEASÚ TRÍD AN DÁTA ÓNA nÁIREOFAR FAID THÉARMA OIFIGE BALL DE SHEANAD ÉIREANN DO CHEAPA, TRÉ N-A FHAISNÉIS CADIAD TEORANTA NA hAIMSIRE GUR LAISTIGH DI IS FÉIDIR NA TOGHACHÁIN CHINN TRÍ mBLIAN DO BHAILL DE SHEANAD ÉIREANN DO CHOMÓRA, AGUS TRÉ ATHARÚ DÁ BHARR SAN DO DHÉANAMH I dTAOBH TÉARMA OIFIGE DAOINE A TOGHADH I gCÁSANNA ÁIRITHE CHUN FOTH-FHOLÚNTAISÍ IMEASC BALLRA SHEANAID ÉIREANN DO LIONA AGUS TRÉ ATHARÚ DO DHÉANAMH AR NA FOLÚN-TAISÍ A TUIGFAR A BHEITH LIONTA I nGACH TOGHACHÁN CINN TRÍ mBLIAN AG AN SÉÚ BALL DÉAG A TOGHADH AGUS AG NA BAILL A TOGHADH INA DHIAIDH. [11adh Iúl, 1925.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Tosach téarma oifige ball de Sheanad Éireann.

1. —Leasófar an Bunreacht agus leasuítear leis seo é tríd an Airtiogal so a leanas do chur ann díreach i ndiaidh an Airtiogail 31 atá anois ann, sé sin le rá:—

“31A. Déanfar faid théarma oifige baill den chéad Sheanad Éireann d'áireamh o thosach an lae a thiocfidh an Bunreacht so i ngníomh, agus déanfar faid théarma oifige baill de Sheanad Éireann a toghadh fé Airtiogal 32 den Bhunreacht so d'áireamh o thosach lá cóir cinn trí mblian an lae sin.”

Dáta na dtoghachán do bhaill de Sheanad Éireann.

2. —Leasófar an Bunreacht agus leasuítear leis seo é tríd an Airtiogal so a leanas do chur ann díreach i ndiaidh an Airtiogail 32 atá anois ann, sé sin le rá:—

“32A. Féadfar toghachán do bhaill do Sheanad Éireann fé Airtiogal 32 den Bhunreacht so do chomóra aon uair nách luatha ná trí mhí roimh dheire na tréimhse trí mblian a luaidhtear san Airtiogal san ná nách déanaí ná trí mhí tar éis deire na tréimhse sin.

Einne a toghfar fé Airtiogal 34 den Bhunreacht so, tar éis an lae a ceapadh do réir dlí chun ceapa an ainm-liosta d'iarrthóirí do chríochnú agus roimh dheire na tréimhse trí mblian a bheidh ag rith an lá san, chun folamhntas do líona a tháinig tré bhall de Sheanad Éireann (nár bhall a bhí chun dul as oifig i ndeire na tréimhse sin) d'fháil bháis, d'eirghe as, no do theacht fé mhí-cháilíocht, beidh sé i seilbh oifige go deire na céad thréimhse eile de thrí bliana agus ragha sé as oifig ansan.”

Leasú ar Airtiogal 34 den Bhunreacht.

3. —Leasófar an Bunreacht agus leasuítear leis seo é tríd na focail seo i ndeire Airtiogal 34 do scrios amach: “Ar choiníoll go dtuigfear an folamhntas is túisce do thárla in ordú aimsire do bheith líonta ag an séú ball déag agus mar sin de” agus tríd na focail seo do chur ina n-ionad: “Ar choiníoll go dtuigfear an folamhntas a thárla tré bhás no tré tharrac siar an tSeanadóra, no duine de sna Seanadóirí, ba shia tréimhse neachaithte de théarma oifige le linn an toghacháin, do bheith líonta ag an séú ball déag agus mar sin de.”

Gearr-theideal.

4. —Féadfar an tAcht Bunreachta (Leasú Uimh. 1), 1925 , do ghairm den Acht so.