5 1927


Uimhir 5 de 1927.


ACHT BUNREACHTA (LEASÚ UIMH. 4), 1927.


ACHT CHUN AN BUNREACHT DO LEASÚ TRÍD AN TRÉIMHSE IS SIA DLIGHTEAR DÁIL ÉIREANN DO LEANÚINT DO CHUR I bhFAID Ó CHEITHRE BLIANA GO DTÍ SÉ BLIANA. [4adh Márta, 1927.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

An tréimhse a leanfidh Dáil Éireann do chur i bhfaid.

1. —Leasófar an Bunreacht agus leasuítear leis seo é tríd na focail “cheithre mblian” do scrios amach as Airtiogal 28 dhe agus tríd na focail “sé mblian, no pé tréimhse níos giorra ná san a ceapfar le reachtúchán,” do chur isteach san Airtiogal san in ionad na bhfocal san a scriostar amach amhlaidh.

Gearr-theideal agus tosach feidhme.

2. —(1) Féadfar an tAcht Bunreachta (Leasú Uimh. 4), 1927 , do ghairm den Acht so.

(2) Tiocfidh an tAcht so i ngníomh díreach tar éis an chéad uair a scuirfar an tOireachtas tar éis rithte an Achta so.