13 1927


Uimhir 13 de 1927.


ACHT BUNREACHTA (LEASÚ UIMH. 5), 1927


ACHT CHUN AN BUNREACHT DO LEASÚ TRÍD AN LÍON IS MÓ DLIGHTEAR DON ARD-CHOMHAIRLE DO MHÉADÚ Ó SHEACHTAR GO DTÍ DÁRÉAG BALL. [5adh Bealtaine, 1927.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Méadú ar líon ball na hArd-Chomhairle.

1. —Leasófar agus leasuítear leis seo an Bunreacht tríd na focail “seachtar n-Airí ar an gcuid is mó dhe” do scrios amach as Airtiogal 51 de agus tríd na focail “dáréag Airí ar an gcuid is mó dhe” do chur isteach san Airtiogal san in ionad na bhfocal san do scriosadh amach amhlaidh.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht Bunreachta (Leasú Uimh. 5), 1927 , do ghairm den Acht so.