Ar Aghaidh (SCEIDEAL.)

18 1936


Uimhir 18 de 1936.


ACHT BUNREACHTA (LEASÚ Uimh. 24), 1936.


ACHT CHUN AIRTIOGAL 12 DEN BHUNREACHT DO LEASÚ I SLÍ GO gCUIRFEAR DEIREADH LE SEANAD ÉIREANN MAR THIGH DE THITHE NA CÓRACH REACHTÚCHÁIN DO BUNUÍODH LEIS AN AIRTIOGAL SAN, AGUS CHUN GACH LEASUITHE BHREISE NÓ EILE DO DHÉANAMH AR AN mBUNREACHT A LEANFAIDH AS AN AIRTIOGAL SAN 12 DO LEASÚ AMHLAIDH NÓ IS GÁ DE DHRUIM AN LEASUITHE SIN. [29adh Bealtaine, 1936.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Airtiogal 12 den Bhunreacht do leasú.

1. —Deintear leis seo Airtiogal 12 den Bhunreacht do leasú mar leanas, sé sin le rá:—

(a) tré sna focail “dhá Thigh” do scriosadh amach as agus na focail “Tigh amháin” do chur isteach ann in ionad na bhfocal san a scriostar amach amhlaidh; agus

(b) tré sna focail “agus Seanad Éireann” do scriosadh amach as.

Leasuithe iarmartacha ar an mBunreacht.

2. —(1) Deintear leis seo an Bunreacht do leasú tré sna hAirtiogail uile agus fé seach de a luaidhtear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht so do scriosadh amach as.

(2) Deintear leis seo na hAirtiogail uile agus fé seach den Bhunreacht a luaidhtear sa chéad cholún de Chuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht so do leasú fé seach sa tslí luaidhtear sa dara colún den Chuid sin II os coinne luadh gach Airtiogail fé leith acu san sa chéad cholún san.

Gearr-theideal

3. —Féadfar an tAcht Bunreachta (Leasú Uimh. 24), 1936 , do ghairm den Acht so.