Ar Aghaidh (SCEIDEAL. AN ROINN RIALTAIS ÁITIÚLA AGUS SLAINTE PUIBLI.)

2 1925

SAORSTÁT ÉIREANN.


Uimhir 2 (Príobháideach) de 1925.


ACHT DAINGNITHE ORDUITHE SHEALADAIGH AN ROINN RIALTAIS ÁITIÚLA AGUS SLÁINTE PUIBLÍ UIMH. 1, 1925.


RIAR NA nALT.

Alt

1.

Daingniú an Orduithe.

2.

Gearr-theideal.

Sceideal—Ordú Sealadach.

SAORSTÁT ÉIREANN.


Uimhir 2 (Príobháideach) de 1925.


ACHT DAINGNITHE ORDUITHE SHEALADAIGH AN ROINN RIALTAIS ÁITIÚLA AGUS SLÁINTE PUIBLÍ UIMH. 1, 1925.

[An leagan Gaedhilge do hullamhuíodh go hoifigiúil.]

ACHT CHUN DAINGNIÚ DO DHÉANAMH AR ORDÚ SHEALADACH A DHIN AN tAIRE RIALTAIS ÁITIÚLA AGUS SLÁINTE PUIBLÍ AGUS A BHAINEAS LE BAILECHEANNTAR DHURLAS ÉILE. [6adh Bealtaine, 1925.]

DE BHRÍ go bhfuil an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí tar éis an tOrdú Sealadach atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so do dhéanamh fé sna Public Health (Ireland) Acts, 1878 to 1919:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé riachtanach go ndaingneodh an tOireachtas an tOrdú san:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

Daingniú an Orduithe.

1. —Daingnítear leis seo an tOrdú atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus beidh lán-fheidhm agus lándleathacht i ngach foráil de.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar Acht Daingnithe Orduithe Shealadaigh an Roinn Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí Uimh. 1, 1925 , do ghairm den Acht so.