Ar Aghaidh (SCEIDEAL. ORDU PIOLOIDEACHTA BHAILE ATHA CLIATH.)

1 1926

SAORSTÁT ÉIREANN.


Uímhír 1 (Príobháideach) de 1926.


ACHT DAINGNITHE ORDÚ PÍOLÓIDEACHTA, 1926.


RIAR NA nALT.

Alt.

1.

Daingniú ar an Ordú atá sa Sceideal.

2.

Gearr-theideal.

Sceideal—Ordú Píolóideachta Bhaile Atha Cliath.

SAORSTÁT ÉIREANN.


Uimhir 1 (Príobháideach) de 1926.


ACHT DAINGNITHE ORDÚ PÍOLÓIDEACHTA, 1926.

[An leagan Gaedhilge do hullamhuíodh go hoifigiúil.]


ACHT CHUN DAINGNIÚ DO DHÉANAMH AR ORDÚ PÍOLÓIDEACHTA BHAILE ÁTHA CLIATH, 1925. [20adh Feabhra, 1926.]

DE BHRÍ go bhfuil an tAire Tionnscail agus Tráchtála tar éis an tOrdú Píolóideachta atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so do dhéanamh go cuibhe i bhfeidhmiú na gcomhacht atá dílsithe ann chuige sin de bhua an Pilotage Act, 1913:

AGUS DE BHRÍ, fé fhorálacha an Achta san, ná raghaidh an tOrdú san in éifeacht mara ndaingnighidh ná go dtí go ndaingneoidh an tOireachtas é:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

Daingniú ar an Ordú atá sa Sceideal.

1. —Daingnítear leis seo Ordú Píolóideachta Bhaile Atha Cliath, 1925, atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a dhin an tAire Tionnscail agus Tráchtála go cuibhe i bhfeidhmiú na gcomhacht atá dílsithe ann chuige sin de bhua an Pilotage Act, 1913, agus faisnéistear leis seo go mbeidh lánfheidhm agus lán-éifeacht ag forálacha uile agus fé seach an Orduithe sin.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht Daingnithe Ordú Píolóideachta, 1926 , do ghairm den Acht so.