Ar Aghaidh (FIRST SCHEDULE.)

2 1927


Uimhir 2 (Príobháideach) de 1927.


ACHT TRAMBHEALACH AONTUITHE BHAILE ÁTHA CLIATH (BÓITHRE IARAINN LEICTRICIÚLA LEAMHCAIN), 1927.


ACHT CHUN A ÚDARÚ DO CHUIDEACHTA THRAMBHEALACH AONTUITHE BHAILE ÁTHA CLIATH (1896) TEORANTA GNÓTHAÍ CHUIDEACHTA BHÓTHAIR IARAINN LEICTRICIÚLA BHAILE ÁTHA CLIATH AGUS LEAMHCAIN AGUS CHUIDEACHTA BHÓTHAIR IARAINN LEICTRICIÚLA LEAMHCAIN AGUS LÉIM AN BHRADÁIN DO THÓGAINT CHUICHI AGUS NA LÍNTE ATÁ FÉ LÁTHAIR AG NA CUIDEACHTANA SAN D'ATHARÚ AGUS DO CHIMEÁD I dTREO AGUS CHUN A CHUR AR CHUMAS NA CUIDEACHTAN GNÍOMHÚ MAR GHNÓTHAIRÍ LEICTREACHAIS AGUS CHUN ACHTANNA ÁIRITHE A BHAINEAS LEIS AN gCUIDEACHTAIN DO LEASÚ AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE. [13adh Bealtaine, 1927.]

DE BHRÍ go ndintar leis na Dublin United Tramways Acts and Orders, 1871 to 1905, comhacht do thabhairt do Chuideachta Thrambhealach Aontuithe Bhaile Atha Cliath (1896), Teoranta, dá ngairmtear an Chuideachta anso ina dhiaidh seo, chun trambhealaí leictriciúla áirithe do dhéanamh, do bheith dá gcuid féin aice, do chimeád i dtreo agus d'oibriú i gCathair agus i gContae Bhaile Atha Cliath agus sna ceanntair mórthimpeal agus, i bhfeidhmiú na gcomhacht a bronntar leis na hAchtanna agus leis na hOrduithe sin, gur dhin sí, go bhfuil dá cuid féin aice, go gcimeádann sí i dtreo agus go n-oibríonn sí trambhealaí i gCathair agus i gContae Bhaile Atha Cliath agus sna ceanntair roimhráite:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil Cuideachta Bhóthair Iarainn Leictriciúla Bhaile Atha Cliath agus Leamhcain ina n-únaerí ar bhóthar iarainn leictriciúil i gCathair agus i gContae Bhaile Atha Cliath idir Bóthar an Chuinneagánaigh agus baile Leamhcain fé agus do réir Orduithe difriúla i gComhairle a dineadh fé sna Tramways (Ireland) Acts, 1860 to 1891:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil Cuideachta Bhóthair Iarainn Leictriciúla Leamhcain agus Léim an Bhradáin ina n-únaerí ar bhóthar iarainn leictriciúil i gContae Bhaile Atha Cliath idir báile Leamhcain agus coirneul Doddsborough fé chomhachta áirithe a bronntar leis an Lucan and Leixlip Electric Railway Order, 1910:

AGUS DE BHRÍ gur mhaith an rud don phuiblíocht agus go sonnrách do chomhnathóirí Chathair agus Chontae Bhaile Atha Cliath agus baile Leamhcain agus na gceanntar mórthimpeal go n-údarófí don Chuideachtain bóithre iarainn agus gnóthaí Chuideachta Bhóthair Iarainn Leictriciúla Bhaile Atha Cliath agus Leamhcain agus Chuideachta Bhóthair Iarainn Leictriciúla Leamhcain agus Léim an Bhradáin do thógaint chúichi féin agus na bóithre iarainn sin d'athdhéanamh, d'atharú agus d'athchur síos agus an leithead céanna acu, eadhon, cúig troithe agus trí orlach, atá ag na trambhealaí atá fé lathair i gCathair agus i gContae Bhaile Atha Cliath agus is leis an gCuideachtain cheana agus na bóithre iarainn sin d'oibriú i gcó-cheangal leis na trambhealaí sin:

AGUS DE BHRÍ gur dineadh le hOrdú ón Ard-Chúirt Bhreithiúnais dar dáta an 26adh lá d'Eanair, 1926, Socrathóir do cheapa chun gnó na Cuideachtan Bóthair Iarainn Leictriciúla san Bhaile Atha Cliath agus Leamhcain do chríochnú:

AGUS DE BHRÍ, le Có-aontú dar dáta an 7adh lá de Mhí na Nodlag, 1926, agus a dineadh idir Cuideachta Bhóthair Iarainn Leictriciúla Bhaile Atha Cliath agus Leamhcain (agus a gnó á ghlana suas) don chéad leith agus an Chuideachta don dara leith, gur aontuigh an Chuideachta Bhóthair Iarainn Leictriciúla san Bhaile Atha Cliath agus Leamhcain (agus a gnó á ghlana suas) gnó Chuideachta Bhóthair Iarainn Leictriciúla Bhaile Atha Cliath agus Leamhcain agus gach maoin agus sócmhainn léi ar a bhfuil mion-innsint sa Sceideal a ghabhann leis an gCó-aontú san do dhíol agus gur aontuigh an Chuideachta iad do cheannach:

AGUS DE BHRÍ, le Có-aontú dar dáta an 4adh lá d'Eanair, 1927, agus a dineadh idir scaireánaigh Chuideachta Bhóthair Iarainn Leictriciúla Leamhcain agus Léim an Bhradáin don chéad leith agus an Chuideachta don dara leith, gur aontuigh na scaireánaigh sin gach scair is le Cuideachta Bhóthair Iarainn Leictriciúla Leamhcain agus Léim an Bhradáin agus atá sa Chuideachtain sin do dhíol agus gur aontuigh an Chuideachta iad do cheannach:

AGUS DE BHRÍ go ndintar le fo-alt (3) d'alt 13 den Dublin United Tramways Act, 1905, a thoirmeasc ar an gCuideachtain aon ghnó do bheith ar siúl aice ná aon leas airgeadais do thógaint in aon ghnó seachas a stáisiún geiniúna agus a trambhealaí féin a haistríodh chun na Cuideachtan agus a dílsíodh inti leis an Acht san agus pé sínte no breiseanna leis na trambhealaí sin a húdarófí le hOrdú i gComhairle ina dhiaidh sin:

AGUS DE BHRÍ go ndintar le halt 48 den Dublin United Tramways (Electrical Power) Act, 1897, agus le fo-alt (2) d'alt 13 den Dublin United Tramways Act, 1905, a thoirmeasc ar an gCuideachtain comhacht leictreachais d'úsáid ach amháin chun na caráistí a húsáidtear ar na trambhealaí do shoillsiú agus do chur ag gluaiseacht agus chun áitreabhacha na Cuideachtan do shoillsiú agus meaisínteacht ionta d'oibriú agus chun cuaillí no postaí do shoillsiú chun a húsáide féin:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach comhacht do thabhairt don Chuideachtain chun leictreachas do sholáthar agus do dhíol chun soluis agus chun comhachta i mbaile Leamhcain agus sna ceanntair dá ndintí soláthar go dtí so o sna bóithre iarainn atá le tógaint chúichi féin ag an gCuideachtain do réir forálacha an Achta so:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach chun na bóithre iarainn sin d'oibriú níos éifeachtúla a údarú don Chuideachtain na comhachta, na nithe agus na rudaí difriúla eile d'fheidhmiú agus do dhéanamh maidir leis na bóithre iarainn sin mar a foráltar leis an Acht so:

AGUS DE BHRÍ gur lóisteáladh le hArd-Chléireach Oifig na mBillí Príobháideacha ina Oifig i dTigh Laighean, Baile Atha Cliath, pleananna agus gearrtha a thaisbeánann línte, suidhimh agus leibhéil na n-oibreacha uile agus fé seach a húdaruítear leis an Acht so, maraon le leabhar eolais ina bhfuil ainmneacha na nUdarás nAitiúil go bhfuil na hoibreacha san le déanamh ina gceanntair:

AGUS DE BHRÍ nách féidir crícheanna an Achta so do chur in éifeacht gan údarás ón Oireachtas:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —San Acht so, mara bhfuil ní éigin san abhar no sa chóthéacs buiniscionn leis an léiriú san:

Cialluíonn an focal “an Chuideachta” Cuideachta Thrambhealach Aontuithe Bhaile Atha Cliath (1896) Teoranta.

Cialluíonn an focal “Cuideachta Leamhcain” Cuideachta Bhóthair Iarainn Leictriciúla Bhaile Atha Cliath agus Leamhcain, agus cialluíonn an focal “Cuideachta na Léime” Cuideachta Bhóthair Iarainn Leictriciúla Leamhcain agus Léim an Bhradáin.

Cialluíonn an focal “na bóithre iarainn sin” Bóithre Iarainn Leictriciúla Chuideachta Leamhcain agus Chuideachta na Léime.

Cialluíonn an focal “an Bárdas” Tiarna Méara Ró-onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath.

Cialluíonn an focal “an Chomhairle Chontae” Comhairle Chontae Bhaile Atha Cliath.

Cialluíonn na focail “Údarás Áitiúil” agus “Údarás Bóthair” Bárdas Bhaile Atha Cliath i gCathair Bhaile Atha Cliath agus an Chomhairle Chontae in aon áit eile.

Cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála.

Cialluíonn an focal “The Undertakers” sna Electricity Supply Acts, 1882 to 1919, an Chuideachta.

Ciallóidh an focal “Aontán” an neart leictriciúil atá i sruth 1,000 ampéir ag rith fé fhórsa leictre-thiomána volta in uair a' chluig.

Féadfidh an Chuideachta gnó Chuideachta Leamhcain do cheannach.

2. —Ar an bpraghas agus ar na téarmaí agus ar na coiníollacha atá sa chó-aontú atá curtha síos sa chéad sceideal a ghabhann leis an Acht so féadfidh an Chuideachta gnó Chuideachta Leamhcain agus gach maoin agus sóchmainn léi atá curtha síos sa sceideal a ghabhann leis an gcó-aontú san do cheannach agus féadfidh Cuideachta Leamhcain iad do dhíol agus tuigfar an có-aontú san do bheith ionchorparuithe leis an Acht so agus feidhm dlí do bheith aige fé is dá n-achtuítí san Acht so é.

Féadfidh an Chuideachta scaireanna Chuideachta na Léime do cheannach.

3. —Féadfidh an Chuideachta scair-chaipital iomlán Chuideachta na Léime do thógaint, tré n-a cheannach, o sna scaireánaigh ar na praghsanna agus ar na téarmaí agus ar na coiníollacha atá sa chó-aontú atá curtha síos sa dara sceideal a ghabann leis an Acht so agus tuigfar an có-aontú san do bheith ionchorparuithe leis an Acht so agus feidhm dlí do bheith aige fé is dá n-achtuítí san Acht so é.

Dílsiú gnóthaí Chuideachta Leamchain agus Chuideachta na Léime.

4. —(1) Nuair a híocfar isteach sa chúirt an t-airgead comaoine a luaidhtear i gclás 3 den chó-aontú atá curtha síos sa chéad sceideal a ghabhann leis an Acht so dílseoidh an gnó sa Chuideachtain maraon le gach maoin, réalta agus pearsanta, agus gach comhacht, údarás, príbhléid agus gach ceart agus leas eile a dílsítear i gCuideachta Leamhcain leis na horduithe i gComhairle difriúla uile agus fé seach gur fútha agus dá mbua a cimeádadh an gnó san ar siúl go dtí so agus fé réir forálacha an Achta so tuigfar chun gach críche gur cuid de ghnó na Cuideachan iad fé is dá mb'í an Chuideachta a bheadh ainmnithe sna horduithe i gComhairle sin uile agus fé seach in ionad Chuideachta Leamhcain, agus cimeádfidh an Chuideachta an gnó i dtreo agus ar siúl agus forchimeádfa sí agus cólíonfa sí na coiníollacha, na comha agus na forálacha uile agus fé seach atá sna horduithe sin ach amháin sa mhéid go n-atharuítear leis an Acht so iad agus tuigfar go bhfoluíonn tagairtí sna horduithe sin don Ard-Ghiúiré no don Choiste Airgid agus don tSuirbhéir Chontae an Bárdas agus an Suirbhéir Buirge sa mhéid go mbainid le haon chuid de sna bóithre iarainn i gCathair Bhaile Atha Cliath agus tuigfar go gcialluíonn tagairtí d'aon bheirt Mháistreoirí don Chontae Breitheamh Dúithche ina shuidhe do Chontae no do Chathair Bhaile Atha Cliath: Ach ní bheidh an Chuideachta freagarthach in aon fhiacha no fiachas fé n-ar chuaidh Cuideachta Leamhcain maidir leis an ngnó san roimh an 1adh lá de Bhealtaine, 1926, agus fós ní bheidh aon íocaíocht as cead slí iníoctha leis an údarás bóthair maidir le hoibriú na ngnóthaí a haistrítear chun na Cuideachtan leis an Acht so.

(2) Bainfidh forálacha clás 5 den Dublin and Lucan Steam Tramway Amendment Order, 1896, le gach camra dréin píopa uisce cábla leictriciúil agus apparatus leis an mBárdas agus bainfidh alt 38 den Dublin United Tramways (Electrical Power) Act, 1897, leis na bóithre iarainn a húdaruítear leis an Acht so.

(3) On am san amach a tógfar scair-chaipital Chuideachta na Léime, tógaint go socruítear chuige le halt 3 den Acht so, aistreofar gnó Chuideachta na Léime chun na Cuideachtan agus dílseoidh sé sa Chuideachtain de bhua an Achta so agus fé réir a fhorálacha so agus cimeádfidh an Chuideachta gnó Chuideachta na Léime i dtreo agus ar siúl agus na forálacha atá i bhfo-alt (1) den alt so chiuge sin bainfid le haistriú gnó Chuideachta na Léime fé is dá gcuirtí na focail “Cuideachta na Léime” isteach sa bhfo-alt san in ionad na bhfocal “Cuideachta Leamhcain” atá sa bhfo-alt san.

Tuigfar gur díol le hordú na hArd-Chúirte díol Chuideachta Leamhcain.

5. —An díol agus an t-aistriú a dintar ar ghnó Chuideachta Leamhcain leis an Acht so tuigfar chun gach críche gur díol agus aistriú ar an ngnó san le hordú na cúirte sna himeachta um chríochnú ghnótha iad agus nuair a bheidh an t-airgead ceannaigh íoctha isteach sa chúirt is ionann é chun crícheanna na n-imeacht san agus gnó agus sócmhainní Chuideachta Leamhcain, agus gach morgáiste, debentiúir, stoc debentiúra, muirear agus ualach ar a n-áirítear gach caithteachas sábhála fé n-ar chuaidh únaerí no sealbhóirí na muírear no na n-ualach san no fé n-ar chuathas thar a gceann san agus gach ús a bheidh dlite ortha agus gach costas, muirear agus caithteachas a bhain le haon imeachta chun iad do dhíol, beid ina muirear ar an airgead ceannuigh nuair a bheidh san íochta isteach sa chúirt agus leis sin scuirfid de dhifir do dhéanamh don ghnó san agus, fé réir costaisí, éilithe agus caithteachaisí na n-imeacht san um chríochnú ghnótha d'íoc amach asta, beidh tosach acu ar a chéile, maidir le n-a n-íoc amach as an airgead ceannuigh sin, fé mar a bhí acu fé seach mar mhuirir ar an ngnó agus cuirfidh an chúirt an t-airgead ceannuigh sin in úsáid do réir na bhforálacha den Companies Act, 1908, a bhaineann le roinnt sócmhainní cuideachtan go mbeadh a gnó á ghlana suas agus nuair a bheidh an t-airgead ceannuigh sin roinnte amhlaidh ag an gcúirt beidh Cuideachta Leamhcain scurtha láithreach.

Cuideachta na Léime do scur.

6. —On am san amach a thógfidh an Chuideachta scairchaipital iomlán Chuideachta na Léime mar a socruítear chuige in alt 3 den Acht so, agus a dílseofar gnó na Cuideachtan san sa Chuideachtain mar a socruítear chuige i bhfo-alt (3) d'alt 4 den Acht so, beidh Cuideachta na Léime scurtha agus beidh an scair-chaipital a tugadh amach inti curtha ar nea-mbrí agus beidh forálacha an Lucan and Leixlip Electric Railway Order, 1910, múchta agus gan bhrí sa mhéid go mbainid le Cuideachta na Léime do bheith ar bith no le n-a có-dhéanamh no le hí do thabhairt amach scair-chaipitail.

Ní tuigfar gur cuireadh suas de ghnóthaí Chuideachtana Leamhcain agus na Léime.

7. —D'ainneoin éinní atá in aon reacht no ordú i gComhairle a rialuíonn Cuideachta Leamhcain no Cuideachta na Léime no ceachtar acu ní tuigfar gur cuireadh suas de ghnó Chuideachta Leamhcain ná de ghnó Chuideachta na Léime ná de ghnó ceachtar acu aon uair sarar dineadh na gnóthaí sin do dhíol leis an gCuideachtain agus d'aistriú chúichi agus maidir le gnóthaí Chuideachta Leamhcain agus Chuideachta na Léime no ceachtar acu do dhíol leis an gCuideachtain agus d'aistriú chúichi mar a dintar leis an Acht so ní tuigfar gur cur suas de sna gnóthaí sin ná de cheachtar acu an méid sin ná ní dhéanfidh an díol agus an t-aistriú san é bheith dlite aon stiúrthóir ná oifigeach do cheachtar de sna Cuideachtana san do chur fé aon gheallbhruide, fiachas no cailliúint fé n-a dtéidhtear no a forchuirtar le haon reacht no ordú i gComhairle mar gheall ar aon chur suas de sna gnóthaí sin no de cheachtar acu.

Féadfidh an Chuideachta Bóithre Iarainn Chuideachtana Leamhcain agus na Léime d'athdhéanamh agus do chimeád i dtreo.

8. —In ionad na mbóthar iarainn atá ann cheana féadfidh an Chuideachta na bóithre iarainn agus na hoibreacha atá marcálta ar an mapa agus ar na pleananna lóisteálta d'athdhéanamh d'athleaga síos agus do chimeád i dtreo fé leithead 5 troithe agus 3 orlach agus do réir na bplean san maidir le n-a ndul agus ar gach slí maraon le gach ráil, pláta, cuisle, obair agus áis cheart a bhaineann leo agus chun na gcrícheanna bhaineann leo féadfa sí oiread agus is ionúsáidthe de sna bóithre iarainn, na traenphuirt, na hoibreacha agus na héifeachtaí atá ann cheana do thógaint suas, d'aistriú, d'atharú, do ghlaca chúichi agus d'úsáid agus féadfa sí na bóithre iarainn sin do thabhairt chó fada agus do chur i gceangal leis an trambhealach atá ag an gCuideachtain i Sráid Gheata na Páirce i gCathair Bhaile Atha Cliath tré líne de ráileacha a bheidh 4.5 de shlabhraí ar faid, agus san uile i gCathair Bhaile Atha Cliath, ag tosnú le siúnta le rian deas na dtrambhealach i Sráid Gheata na Páirce ag puínte atá 97 slata no mar sin o cheartlár Geata na Páirce má tomhaistear soir o dheas agus ag déanamh croise trasna go dtí rian clé an trambhealaigh sin agus ag leanúint as an rian clé agus ag críochnú le siúnta leis an mbóthar iarainn sin, agus féadfa sí an bóthar iarainn sin d'oibriú le leictreachas a geinfar sa tigh comhachta atá ag an gCuideachtain cheana agus é suidhte i Rinn Mhuirbhthean i gCathair Bhaile Atha Cliath no le hinneall-chomhacht eile.

Féadfidh an Chuideachta suidheamh na mbóthar iarainn d'atharú agus leataobhacha, siúntaí, etc., do dhéanamh.

9. —(1) (a) Le toiliú an údaráis bhóthair féadfidh an Chuideachta o am go ham ionad no suidheamh na mbóthar iarainn d'atharú in aon t sráid no bóthar agus crosairí, áiteanna targhabhála, leataobhacha, lúbanna, siúntaí, áiteanna fothana, no seideanna agus oibreacha eile i dteanta na gceann a húdaruítear leis an Acht so do dhéanamh, do chimeád i dtreo, d'atharú agus d'aistriú, pé cinn is gá no is áisiúil chun na bóithre iarainn sin d'oibriú go héifeachtúil agus chun a n-úsáidthe ag an bpuiblíocht no chun slí isteach do thabhairt chun na bhfoirgintí, na seideanna, na n-oibreacha agus na n-áitreabh is leis an gCuideachtain no le cuideachtana no daoine eile agus atá teoranta leis na bóithre iarainn sin.

(b) Ar fháil fhógra míosa i scríbhinn di ón údarás bóthair aon uair tar éis athleaga síos an bhóthair iarainn do bheith críochnuithe atharóidh an Chuideachta ionad no suidheamh an bhóthair iarainn ach ní atharóidh sí leibhéil chompráideacha an bhóthair iarainn agus an bhóthair in aon tsráid no bóthar ach beidh sé indlite ar an údarás bóthair aon chostas chun a gcuirfar an Chuideachta ag déanamh na n-atharuithe sin d'íoc leis an gCuideachtain.

(2) I dteanta a n-éilítear le clás 10 d'Ordú 1896 beidh ar an gCuideachtain, ar fháil fhógra ón údarás bóthair go bhfuil sé chun leibheul aon tsráide no bóthair ina bhfuil aon chuid den bhóthar iarainn suidhte d'atharú, leibheul an bhóthair iarainn d'atharú do réir a n-éilítear le clás 10 bíodh is nár atharuigh an t-údarás bóthair leibheul an bhóthair no na sráide roimhe sin. Críochnóidh an Chuideachta atharuithe den tsórt san laistigh de mhí tar éis fógra den tsórt san d'fháil. Isé an t-údarás bóthair a íocfidh aon chostaisí breise fé n-a raghaidh an Chuideachta fén bhfo-alt so de dheascaibh fógra den tsórt san.

Bóthar iarainn do dhéanamh i Séipeul Iosóilde.

10. —An bóthar iarainn atá i Séipeul Iosóilde ón gcrosaire atá fé láthair in aice Geata Shéipéil Iosóilde i bPáirc an Fhionnuisce déanfar é ar an taobh theas den bhóthar agus ar árdán chó fada leis an lúib atá os coinne áitribh cheadúnuithe an Mullingar Arms agus as san déanfar é ar aon leibheul leis an mbóthar chó fada le teora na cathrach agus ní foláir a threo-líne do bheith chun sástacht an tSuirbheura Bhuirge. Beidh an taobh thuaidh den áit tharghabhála ar an roinn seo den bhóthar iarainn déanta ar aon leibheul leis an mbóthar chun sástacht an tSuirbheura Bhuirge. Déanfidh an Bárdas pábháil uachtair na coda den bhóthar iarainn idir an lúb roimhráite agus an taobh thuaidh den droichead os cionn Abha na Life do leaga síos agus do chimeád i dtreo agus déanfidh an Chuideachta na dubhshrathanna is gá do sholáthar agus do chimeád i dtreo chun sástacht an tSuirbheura Bhuirge. Déanfidh an Chuideachta an bóthar iarainn atá ann cheana ón gcrosaire bóthair os coinne no in aice Geata Shéipéil Iosóilde i bPáirc an Fhionnuisce go dtí deire na háite targhabhála os coinne áitribh cheadúnuithe an Mullingar Arms d'aistriú chó maith leis an gcrosaire sin féin. Críochnófar an obair chun sástacht an tSuirbheura Bhuirge ach beidh an Bárdas freagarthach san uachtar bóthair a fágadh nocht no a réabadh tré aistriú an bhóthair iarainn agus an árdáin ón ionad ina bhfuilid fé láthair, do chur i dtreo arís ar a gcostas féin agus gan éinní d'éileamh ar an gCuideachtain.

Rian nua idir Leamhcain agus Coirneul Doddsborough.

11. —(1) D'ainneoin éinní atá san Acht so no sna reachta no sna horduithe i gComhairle atá ionchorparuithe leis an Acht so, agus má éilíonn an t-údarás bóthair san uirthi i scríbhinn laistigh de ráithe o am rithte an Achta so, cuirfidh an Chuideachta in ionad seana-rian agus sean-árdán Bhóthair Iarainn Leictriciúla Leamhcain agus Léim an Bhradáin, idir Leamhcain agus Coirneul Doddsborough, agus í ag déanamh na n-oibreacha a húdaruítear leis an Acht so, rian agus árdán nua a déanfar ar an ionad ar a bhfuil an cosán le hais an riain agus an árdáin sin fé láthair.

(2) Má éilíonn an Suirbhéir Contae ar an gCuideachtain do réir fo-alt (1) den alt so ionad an tseana-riain agus an tseanárdáin d'atharú, ansan, ar chríochnú an bhóthair iarainn atá le leaga síos ag an gCuideachtain fé sna comhachta a bronntar leis an Acht so, déanfidh an Chomhairle Chontae cosán ar an taobh theas den bhóthar a théigheann o Leamhcain go Coirneul Doddsborough agus cuirfid thar n-ais sa tseana-riocht agus macadamóid no ath-uachtaróid ar shlí eile an chuid de sna bóithre do nochtadh no de réabadh tré aistriú seana-bhóthar iarainn agus sean-árdán Chuideachta Bhóthair Iarainn Leictriciúla Leamhcain agus Léim an Bhradáin.

(3) Na hoibreacha atá le déanamh ag an gComhairle Chontae fé fhorálacha an ailt seo is gan aon íocaíocht d'éileamh ar an gCuideachtain a déanfar iad.

Ciumhais chosanta do chur síos.

12. —I dteanta a n-éilítear le clás 20 den Dublin and Lucan Steam Tramway Amendment Order, 1896 cuirfar síos ciumhais chosanta i pé áit ina mbeidh an bóthar caráiste no an cosán teoranta leis an rian.

Crosairí Bóthair.

13. —Gach crosaire bóthair agus, i ngach cás ina leagfar síos rian dúbalta chun áiteanna targhabhála do dhéanamh, an chuid sin uile den rian leath-imeallach a bheidh sáite amach thar threolíne an árdáin, leagfar síos no pábhálfar iad le habhair den tsaghas a bheidh sna bóithre a bheidh teoranta leo agus san chun sástacht Suirbheura an údaráis bhóthair.

Táille bhliantúil don tSuirbhéir Chontae.

14. —Iocfidh an Chuideachta leis an Suirbhéir Contae táille bhliantúil de dheich nginí agus tuigfar go bhfoluíonn san gach cúiteamh a bheidh ag teacht chuige ón gCuideachtain fé aon reacht no ordú i gComhairle ar son aon mhaoirseachta a dhéanfa sé ar na bóithre iarainn a húdaruítear leis an Acht so no ar aon oibreacha, deisiúcháin no atharuithe a dhéanfidh an Chuideachta ar an mbóthar puiblí fé chomhachta a bronntar ar an gCuideachtain leis an Acht so no le haon ordú i gComhairle dá bhfuil ionchorparuithe leis an Acht so.

Féadfidh an Chuideachta comhachta Chuideachtana Leamhcain agus na Léime d'fheidhmiú.

15. —Ag déanamh na n-oibreacha a húdaruítear leis an Acht so agus á gcimeád i dtreo agus á n-oibriú dhi beidh ag an gCuideachtain agus beidh sí i dteideal feidhmiú do dhéanamh ar na comhachta uile a bronntar ar Chuideachta Leamhcain agus ar Chuideachta na Léime fé seach leis na horduithe i gComhairle difriúla san uile agus fé seach gur fútha agus dá mbua a cimeádadh na gnóthaí sin Chuideachta Leamhcain agus Chuideachta na Léime ar siúl roimhe seo agus forchimeádfa sí agus cólíonfa sí na coiníollacha, na comha, agus na forálacha san uile agus fé seach atá sna horduithe sin ach amháin sa mhéid go n-atharuítear leis an Acht so iad.

Baint Achtanna na Cuideachtan.

16. —Bainfidh fo-alt (2) d'alt 11 den Dublin United Tramways (Electrical Power) Act, 1897 agus alt 29 den Acht chéanna mar a cuireadh in éifeacht iad le có-aontuithe idir an mBárdas agus an Chuideachta dar dáta fé seach 4adh Deire Fomhair, 1898, agus 1adh Mí na Nodlag, 1905, bainfid leis na bóithre iarainn a húdaruítear leis an Acht so. Agus beidh sé dleathach don údarás bhóthair postaí, polaí agus braiceudaí na Cuideachtan d'úsáid chun a gcáblaí agus a línte leictriciúla d'iompar chun leictreachas do roinnt i gCathair Bhaile Atha Cliath: Ach íocfidh an t-údarás áitiúil leis an gCuideachtain gach costas breise fé n-a raghaidh an Chuideachta, ag soláthar agus ag cur suas gach posta, pola agus braicéid oiriúnaigh, no gach breise leo, is gá chun na gcrícheanna san. Mara gcó-aontuítear ar mhéid na gcostas mbreise sin no ar mhodh a n-áirmhithe no ar aon nithe eile a eireoidh fén alt so déanfidh an tAire no duine a cheapfa sé na nithe sin do shocrú ar n-a iarraidh sin do cheachtar de sna páirithe.

Athghairm.

17. —D'ainneoin éinní atá i bhfo-ailt (2) agus (3) d'alt 13 den Dublin United Tramways Act, 1905 agus in alt 48 den Dublin United Tramways (Electrical Power) Act, 1897 féadfidh an Chuideachta na comhachta a bronntar uirthi go soiléir leis an Acht so d'fheidhmiú ach lasmuich den méid sin agus lasmuich d'éinní a bhaineann le trambhealaí no le seirbhísí omnibus no le gnóthaí leictreachais agus a húdarófar ina dhiaidh seo le haon ordú ón Aire leanfidh na hachtacháin sin i lán-fheidhm agus i lán-éifeacht.

Féadfidh an Chuideachta gníomhú mar ghnóthairí leictreachais.

18. —(1) Tugtar don Chuideachtain leis seo comhacht chun gníomhú mar ghnóthairí leictreachais do réir bhrí na Electricity (Supply) Acts, 1882 to 1919 (dá ngairmtear na Príomh-Achtanna anso ina dhiaidh seo) laistigh den líomatáiste sholáthair mar a mínítear san le fo-alt (1) d'alt 19 den Acht so.

(2) Na comhachta a bronntar leis an alt so ní tuigfar go ndinid gnóthairí leictreachais den Chuideachtain ach amháin maidir leis an leictreachas a dhíolfidh an Chuideachta laistigh den líomatáiste sholáthair mar a mínítear san le fo-alt (1) d'alt 19 den Acht so no laistigh de pé breiseanna a údaróidh an tAire a chur leis an líomatáiste sin.

Líomatáiste soláthair.

19. —(1) Isé líomatáiste go bhféadfidh an Chuideachta fé réir forálacha an Achta so leictreachas do sholáthar laistigh de ná an líomatáiste lasmuich de Chathair Bhaile Atha Cliath agus de Pháirc an Fhionnuisce agus laistigh de leath-mhíle reachtúil, ar a thomhas in aon treo baill, o líne láir na mbóthar iarainn sin agus an líomatáiste sin uile suidhte laistigh de Thuathcheanntair Bhaile Atha Cliath Thuaidh agus Theas agus Chill Droichid Uimh. 2.

(2) Do réir forálacha na bPríomh-Acht féadfidh an tAire, tar éis do dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil, pé líomatáiste breise is dó leis is oiriúnach do chur isteach leis an líomatáiste soláthair, ach ní údaróidh éinní san Acht so don Chuideachtain a iarraidh go leathnófí an líomatáiste soláthair i dtreo go mbeadh Páirc an Fhionnuisce ná aon chuid di laistigh de ná líomatáiste ná cuid de líomatáiste dá soláthruíonn údarás áitiúil an líomatáiste sin leictreachas le linn rithte an Achta so mara dtoilighidh an t-údarás áitiúil sin chuige.

(3) Má dintar agus pé uair a déanfar aon chuid den líomatáiste sholáthair do chur mar bhreis le Contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath no do chur isteach léi scuirfidh an Chuideachta ach amháin le haontú an Bhárdais i scríbhinn de ghníomhú mar ghnóthairí leictreachais sa líomatáiste sin do cuireadh mar bhreis leis an gContae-bhuirg.

(4) Má scuireann an Chuideachta amhlaidh de ghníomhú mar ghnóthairí leictreachais ceannóidh an Bárdas ón gCuideachtain pé coda de líonra roinnte leictreachais na Cuideachtan sna páirteanna san den líomatáiste sholáthair a bheidh oiriúnach chun crícheanna an Bhárdais sna páirteanna san. Isé praghas a bheidh le n'íoc ag an mBárdas ná an luach margaidh le linn an ceannach do dhéanamh mar a có-aontófar idir na páirtithe. Mara gcó-aontuítear i dtaobh oiriúnachta, praghais no éinní eile bhaineann leis an bhfo-alt so do chur in éifeacht, isé a shocróidh an difríocht ná duine a ainmneoidh an tAire agus beidh a bhreith sin ina breith dheiridh agus ina ceangal ar na páirtithe.

Acht Speisialta.

20. —(1) Maidir leis na comhachta a bronntar le halt 18 den Acht so tuigfar gurb Acht Speisialta do réir bhrí na bPríomh-Acht an tAcht so.

(2) Ionchorparuítear leis an Acht so agus is cuid den Acht so na hachtacháin seo a leanas (sa mhéid go mbainid leis an scéal chun crícheanna an Achta so agus ná fuilid buiniscionn le n-a fhorálacha ná ná hatharuítear leo iad), sé sin le rá: Achtanna na gClásanna Talmhan; na forálacha den Railways Clauses Consolidation Act, 1845, i dtaobh seilbhe sealadaí ar thailte in aice na mbóthar iarainn le linn a n-athdhéanta san; na Electricity (Supply) Acts, 1882 to 1919, ach amháin na hailt seo a leanas: alt 3 den Electric Lighting Act, 1888; ailt 5, 6, 63, 71 agus 83 den Sceideal a ghabhann leis an Electric Lighting Clauses Act, 1899; ailt 16 agus 28 den Electricity (Supply) Act, 1919.

(3) An focal “Railway Generating Station” atá in ailt 24 agus 36 den Electricity (Supply) Act, 1919, tuigfar go bhfoluíonn sé stáisiún no stáisiúin gheiniúna na Cuideachtan.

Sruth leictreachais do sholáthar don Chomhairle Chontae.

21. —(1) Ar a iarraidh sin uirthi soláthróidh an Chuideachta don Chomhairle Chontae no don údarás no do sna húdaráis soillsiúcháin phuiblí fé seach, ar dhá phingin an t-aontán, oiread srotha agus is leor chun na lampaí go léir a lasa a bheidh curtha suas ag an gComhairle Chontae no ag an údarás no ag na húdaráis soillsiúcháin roimhráite ar an mbóthar mór lasmuich de Chathair Bhaile Atha Cliath fan a leagfar síos na bóithre iarainn a húdaruítear leis an Acht so.

(2) Soláthróidh an Chomhairle Chontae no an t-údarás no na húdaráis soillsiúcháin phuiblí sin ar a gcostas féin gach srang, lampa, cuaille agus apparatus is gá chun leictreachas do sholáthar mar a foráltar le fo-alt (1) den alt so agus ní bheidh an Chuideachta freagarthach in aon ghléasra ná apparatus den tsórt san do chimeád i dtreo ná sa tsruth do scaoile ná do chose.

(3) Ní dhéanfidh éinní san alt so é bheith dlite an Chuideachta do bheith thíos le haon damáiste a thiocfidh as an soláthar srutha ón gCuideachtain don Chomhairle Chontae do theip go sealadach agus go do-sheachanta aon uair.

Leictreachas do sholáthar i gcaindíochta móra don Bhárdas.

22. —Beidh sé dleathach don Bhárdas soláthar leictreachais i gcaindíochta móra d'éileamh agus don Chuideachtain, má iarrtar uirthi amhlaidh é, san do thabhairt don Bhárdas chun leictreachas do sholáthar d'aon chustuiméirí don Bhárdas dar féidir, dar leis an mBárdas, leictreachas do sholáthar níos saoráidí agus níos economiciúla o shuisteam na Cuideachtan. Mara gcó-aontuítear ar an bpraghas a bheidh le n'íoc as an soláthar san i gcáindíochta móra isé an tAire a shocróidh é, agus féadfidh seisean é d'atharú o am go ham, ar iarratas o cheachtar de sna páirtithe. Beidh sé dleathach don Bhárdas agus don Chuideachtain có-aontuithe do dhéanamh i dtaobh aon leictreachas a sholáthróidh an Chuideachta don Bhárdas do roinnt ag an gCuideachtain ar chustuiméirí an Bhárdais. Mara gcó-aontuítear ar na téarmaí agus ar na coiníollacha ar a ndéanfar an roinnt sin isé an tAire a shocróidh na téarmaí agus na coiníollacha san ar iarratas o cheachtar de sna páirtithe.

Féadfidh an Chuideachta línte leictriciúla do chur os cionn sráideanna.

23. —D'ainneoin éinní atá sna Príomh-Achtanna no in aon Acht áitiúil no pearsanta beidh sé dleathach don Chuideachtain (i dteanta na gcomhacht is infheidhmithe acu fé fhorálacha alt 22 den Electricity (Supply) Act, 1919) aon líne leictriciúil do chur os cionn tailimh in no ar aon tsráid no bóthar, puiblí no príobháideach, no fan no trasna a leithéide: Ach aon líne leictriciúil a cuirfar os cionn tailimh beidh sé fé réir a cheaduithe ag an Aire.

Praghas maximum.

24. —(1) Deich bpingne go leith an t-aontán an praghas maximum a fhéadfidh an Chuideachta a éileamh ar chustuiméirí soluis no nirt leictriciúla, ach ní fhéadfidh an t-éileamh minimum ar aon chustuiméir bheith níos lú ná fiche scilling in aghaidh aon ráithe dar críoch an 31adh Márta, an 30adh Meitheamh, an 30adh Meán Fhomhair agus an 31adh Mí na Nodlag fé seach.

(2) I gcás leictreachas a sholáthruíonn an Chuideachta d'éinne (nách gnóthaire údaruithe ná gnóthaire áisiúlachta puiblí) do bheith á úsáid i bpáirt chun crícheanna soluis agus i bpáirt chun crícheanna nách solus féadfidh an Chuideachta a éileamh gur le méadar ar leithligh a tomhasfar an leictreachas a soláthruítear chun crícheanna soluis agus gurb é praghas a híocfar air ná an praghas a bheidh ag an gCuideachtain á éileamh de thurus na huaire ar leictreachas a soláthruítear chun crícheanna soluis laistigh den cheanntar ina bhfuil áitreabh an chustuimeura suidhte.

Féadfidh an Chuideachta tailte breise do thógaint chúichi féin.

25. —Féadfidh an Chuideachta, tré chó-aontú, aon tailte breise no aon leas ionta do thógaint chúichi féin agus do bheith ar seilbh aice chun an gnóthaí a haistrítear chun na Cuideachtan agus a dílsítear inti leis an Acht so d'oibriú sa cheart no chun ionaid do sholáthar i gcóir tithe d'oifigigh no d'fhostaithe na Cuideachtan agus féadfa sí gach gníomh agus ní eile do dhéanamh a bhaineann leis na gnóthaí sin a tógfar agus 'na bhfuil údarás ag an gCuideachtain fé láthair a dhéanamh maidir leis an ngnó atá aice cheana.

Sriantachtaí maidir le lucht oibre do chur as ionad.

26. —(1) Ní cheannóidh an Chuideachta ná ní thógfid chúcha féin, fé sna comhachta a bronntar leis an Acht so, in aon líomatáiste áitiúil aon tigh ná tithe a bhí, ar an 15adh lá de Mhí na Nodlag, 1926, no atá ón dáta san, no a bheidh ina dhiaidh seo ar seilbh, i bpáirt no go hiomlán, ag deichniúr is fiche no níos mó den lucht oibre mar thionóntaí no mar lóistéirí mara ndinidh ná go dtí go ndéanfidh an Chuideachta

(a) Cead an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí d'fháil i gcóir scéime chun áiteanna comhnaithe nua do sholáthar do pé méid daoine a bhí ina gcomhnaí sna tithe sin an 15adh lá san de Mhí na Nodlag, 1926, no do pé méid no cion de sna daoine sin is dó leis an Aire is gá, tar éis fiosrúcháin, ag cuimhneamh do ar an méid daoine a bhí, ar an dáta san no dá éis sin, ina gcomhnaí sna tithe sin agus ag obair laistigh de mhíle uatha agus ar an méid cóiríochta chun comhnaithe atá folamh i ngar-chomhursanacht na dtithe sin no ar áit fhostaíochta na ndaoine sin agus ar gach ní a bhaineann leis an scéal; agus

(b) Urrús do thabhairt, chun sástacht an Aire sin, ar an scéim do thabhairt chun críche.

(2) Féadfar cead an Aire sin i gcóir aon scéime fén alt so do thabhairt gan coiníoll no ar coiníoll agus tar éis don Aire sin aon scéim den tsórt san do cheadú féadfa sé o am go ham aon atharuithe ar an scéim do cheadú gan coiníoll no ar coiníoll.

(3) Beidh i ngach scéim fén alt so forálacha ag ordú na haimsire go dtabharfar an scéim chun críche laistigh di agus éileofar leis an scéim, i dtaobh na n-áiteanna comhnaithe a beifar ar aigne a sholáthar fén scéim, go mbeid críochnuithe agus oiriúnach chun comhnaí ionta sara gcuirfar as ionad na daoine a chomhnuíonn sna tithe gur dineadh an scéim ina dtaobh: Ach féadfidh an tAire sin déanamh d'éamais an éilimh dheiridh sin a luaidhtear fé réir pé coiníollacha (más aon cheann é) is oiriúnach leis.

(4) Aon fhorálacha d'aon scéim fén alt so no aon choiníollacha gur fé n-a réir a cheaduigh an tAire aon scéim no aon atharuithe ar aon scéim no gur fé n-a réir a dhin sé d'éamais an éilimh a luaidhtear thuas beid ionchurtha i bhfeidhm tré rit mandamus a gheobhaidh an tAire sin as an Ard-Chúirt.

(5) Má thógann an Chuideachta aon tigh no tithe chúcha féin no má dhinid a gcuid féin den chéanna chun crícheanna an Achta so, contrárdha do sna forálacha san roimhe seo, no má dhinid no má chuirid fé ndeár na daoine a chomhnuíonn in aon tigh no tithe do chur amach as an gcéanna contrárdha d'éilithe na scéime, féadfar fíneáil cúig céad punt do chur ortha in aghaidh gach tighe den tsórt san, agus féadfidh an tAire sin an fhíneáil sin do bhaint amach le haicsean san Ard-Chúirt: Ach féadfidh an Chúirt an fhíneáil sin do luíodú más oiriúnach léi é.

(6) Chun aon scéim fén alt so do thabhairt chun críche féadfidh an Chuideachta leithreasû do dhéanamh ar aon tailte is leo de thurus na huaire no 'na bhfuil comhacht acu chun iad do thógaint chúcha féin agus féadfid pé tailte eile a theastóidh uatha do cheannach, agus chun críche aon cheannaigh den tsórt san beidh ailt 202, 203 agus 214 den Public Health (Ireland) Act, 1878, mar atáid leasuithe le haon achtachán ina dhiaidh sin, beid ionchorparuithe leis as Acht so agus bainfid leis an gCuideachta do cheannach tailte chun crícheanna aon scéime fén alt so agus san ar gach slí díreach fé is dá mbeadh an Chuideachta ina n-údarás sláintíochta do réir brí an Public Health (Ireland) Act, 1878, agus gur cheann de chrícheanna an Achta san an scéim.

(7) Féadfidh an Chuideachta pé áruis chomhnaithe don lucht oibre is gá chun críche aon scéime fén alt so do thógaint ar aon tailte is leo no a ceannuíodh no a tógadh fén alt so no fé aon Ordú Sealadach a tugadh amach do réir an ailt seo agus féadfid na háruis chomhnaithe sin agus aon tailte a ceannuíodh no a tógadh mar adubhradh do dhíol, do leithliú no do chur ar cíos no deighleáil leo ar shlí eile, agus aon airgead go bhfuil údarás acu chun é chruinniú no chun é chur chun crícheanna generálta a ngnótha féadfid é chur chun na gcrícheanna san de chrícheanna an ailt seo chun ar féidir le ceart caipital do chur, no chun aon chríche acu san: Ach na tailte uile ar ar thóg no ar ar sholáthruigh an Chuideachta aon fhoirgintí do réir aon scéime fén alt so cuirfar iad i leithreas ar feadh tréimhse cúig mbliana fichead o dháta na scéime chun críche na n-árus comhnaithe sin agus cúlscríobhfar fógra an achtacháin seo ar gach leithliú no léas a déanfar maidir leis na tailte no leis na foirgintí sin: Agus fós féadfidh an tAire sin aon uair déanamh in éamais gach ceann no aon cheann d'éilithe an fho-ailt seo fé réir pé coiníollacha (más aon cheann é) is oiriúnach leis.

(8) Féadfidh an tAire sin a ordú go gcuirfar ar bun aon fhiosrúcháin is dó leis is gá maidir le haon scéim fén alt so, agus beidh ag cigire an Aire sin, chun crícheanna aon fhiosrúcháin den tsórt san, gach comhacht atá aige chun crícheanna fiosrúchán a orduíonn an tAire sin fén Public Health (Ireland) Act, 1878.

(9) Iocfidh an Chuideachta leis an Aire sin suim a shocróidh an tAire sin, as aon Ordú Sealadach d'ullamhú agus do thabhairt amach do réir an ailt seo, agus aon chostaisí fé n-a raghaidh an tAire sin maidir le haon fhiosrúcháin fén alt so, agus ar a n-áirítear costaisí aon fhínnithe a ghairmfidh an cigire.

(10) Aon tithe a cheannuigh an Chuideachta no a thógadar chúcha féin chun aon cheann no maidir le haon cheann de chrícheanna an Achta so, pe'ca i bhfeidhmiú comhacht a bronnadh leis an Acht so ar aon tslí eile a cheannuíodar no a thógadar chúcha féin iad, agus pe'ca roimh rith an Achta so no dá éis sin a dineadh amhlaidh, tithe a bhí ar seilbh ag daoine den lucht oibre laistigh de chúig bliana roimh rith an Achta so, tuigfar chun crícheanna an ailt seo gur fé chomhachta an Achta so a thóg an Chuideachta chúcha féin iad agus go rabhdar, ar an 15adh lá san de Mhí na Nodlag, 1926, ar seilbh ag oiread daoine den lucht oibre agus bhí i seilbh na dtithe sin ar an dáta ar ar thóg na Coimisinéirí chúcha féin iad: Ach maran féidir don Aire sin a fháil amach cá mhéid de sna daoine sin a bhí i seilbh na dtithe sin an uair sin tuigfar go raibh na tithe sin ar seilbh ag oiread daoine den tsórt san agus is dó leis an Aire sin a gheobhadh slí agus cóiríocht ionta.

(11) Chun crícheanna an ailt seo cialluíonn an focal “líomatáiste áitiúil” aon bhailecheanntar no tuathcheanntar, buirg no contae-bhuirg; cialluíonn an focal “tigh” aon tigh no cuid de thigh a bheadh i seilbh mar árus comhnaithe fé leith; agus cialluíonn an focal “lucht oibre” meiceanóirí, ceárdaithe, oibritheoirí agus daoine eile a bhíonn ag obair ar phágh, hácaerí, tora-mhangairí, daoine ná bíonn ag obair ar phágh ach a bhíonn ag gabháil do chéird no d'obair láimhe éigin gan daoine eile ar fostú acu ach daoine dá líntighe féin, agus daoine nách seirbhísigh tighis nách mó a meán-ioncum in aon chás ná triocha scilling sa tseachtain agus muiríneacha aon daoine den tsórt san atá in aon-tigheas leo.

Léighfar connartha fé is dá mbeadh ainm na Cuideachtan in ionad ainmneacha Chuideachtana Leamhcain agus na Léime.

27. —Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so beidh gach leithliú, léas, dintiúir, connra, có-aontú agus instruimid eile a bhaineann leis na bóithre iarainn, leis na gnóthaí, leis an maoin agus leis na sócmhainní a haistrítear chun na Cuideachtan agus a dílsítear inti leis an Acht so do réir alt 4 den Acht so agus a bheidh i bhfeidhm ar dháta an aistrithe, beid chó ceangailteach agus chó hiomlán feidhm agus éifeacht ar gach slí i gcoinnibh no i bhfabhar na Cuideachtan agus féadfar iad do chur i bhfeidhm chó hiomlán agus chó héifeachtúil is dá mb'í an Chuideachta ba pháirtí chúcha in ionad Chuideachta Leamhcain no Chuideachta na Léime agus as so amach léighfar agus léireofar gach leithliú, léas, dintiúir, connra, có-aontú agus instruimid eile den tsórt san fé is dá mb'í an Chuideachta bheadh ainmnithe ionta in ionad Chuideachta Leamhcain no Chuideachta na Léime fé seach.

Fo-dhlithe Chuideachtana Leamhcain agus na Léime do bheith i mbaint.

28. —Na fo-dhlithe, na rialacha agus na rialacháin sin uile Chuideachta Leamhcain agus Chuideachta na Léime a bhaineann le bainistí, le húsáid no le rialú a ngnóthaí sin fé seach bainfid leis na bóithre iarainn agus leis na gnóthaí a haistreofar chun na Cuideachtan no a dhéanfidh an Chuideachta de bhua an Achta so agus déanfidh agus féadfidh an Chuideachta iad d'fheidhmiú agus fónfid agus féadfid fónamh don Chuideachtain maidir leis na bóithre iarainn agus leis na gnóthaí sin chun fíneála do bhaint amach chó maith le chun gach críche eile i slí chó hiomlán agus chó leathan is bhaineadar leis na gnóthaí sin fé seach roimhe seo agus leanfid amhlaidh go dtí go ndéanfidh an Chuideachta go cuibhe a malairt d'fho-dhlithe, de rialacha agus de rialacháin.

Beidh leabhair Chuideachtana Leamhcain agus na Léime ina bhfianaise.

29. —Na leabhair agus na scríbhinní sin uile Chuideachtana Leamhcain agus na Léime do bheadh ina bhfianaise ar éinní i bhfabhar no i gcoinnibh ceachtar de sna Cuideachtana san glacfar iad mar fhianaise i dtaobh an ní chéanna agus i dtaobh leithéid an ní sin i bhfabhar no i gcoinnibh na Cuideachtan sa mhéid go mbaineann na leabhair agus na scríbhinní sin leis na gnóthaí a húdaruítear don Chuideachtain leis an Acht so a thógaint chúichi féin.

Ní cuirfar d'fhiachaibh ar an gCuideachtain earraí d'iompar.

30. —Ní cuirfar d'fhiachaibh ar an gCuideachtain aon earraí d'iompar ar na carranna a rithfar ar na bóithre iarainn sin ach bagáiste pearsanta paisnéirí nách truime ná ocht bpúint fhichead agus 'na mbeidh an paisnéir á thionlaca: Ach déanfidh an Chuideachta maidir leis na carranna san gach seirbhís a bhaineann le hiompar postanna agus 'na bhfuil teideal ag an Aire Puist agus Telegrafa iad d'éileamh maidir le seana-thrambhealaí na Cuideachtan fé alt 24 den Dublin United Tramways (Electrical Power) Act, 1897, agus bainfidh forálacha alt 2 agus na céad-mhíre d'alt 5 (1) den Conveyance of Mails Act, 1893, leis na carranna san.

Deire le comhachta.

31. —Má bhíonn na bóithre iarainn sin no aon cheann acu gan bheith críochnuithe laistigh de chúig bliana o am rithte an Achta so, ansan, na comhachta a deontar don Chuideachtain leis an Acht so chun na bóithre iarainn sin d'athdhéanamh agus d'athleaga síos no chun éinní eile ina dtaobh beidh deire leo ar bheith caithte don tréimhse sin ach amháin maidir le pé méid de sna bóithre iarainn sin a bheidh críochnuithe an uair sin.

Fíneáil mar gheall ar gan na bóithre iarainn d'oscailt do thrácht.

32. —Mara ndinidh an Chuideachta, laistigh den tréimhse a ceaptar leis an Acht so, na bóithre iarainn sin do chríochnú agus iad d'oscailt do thrácht phuiblí, dlighfar fíneáil £50 sa ló do chur ar an gCuideachtain in aghaidh gach lae tar éis deire na tréimhse a ceaptar amhlaidh go dtí go gcríochnófar na bóithre iarainn agus go n-osclófar do thrácht phuiblí iad no go dtí go mbeidh an tsuim a gheobhfar de bharr na fíneála san chó mór le cúig per centum de chostas mheasta na n-oibreacha, agus féadfidh aon údarás bóthair, únaerí tailimh no duine eile a éileoidh cúiteamh do bheith ag teacht chuige no leas do bheith aige sa scéal an fhíneáil sin d'iarraidh do réir forálacha an chead ailt eile a leanas den Acht so agus sa tslí chéanna ina n-iarrfí an fhíneáil a foráltar in alt 3 den Railway and Canal Traffic Act, 1854. Agus gach suim airgid a bainfar amach i riocht fíneála den tsórt san roimhráite déanfar, fé bharántas no fé ordú na cúirte no an bhreithimh a luaidhtear san alt san, í d'íoc isteach i gcuntas a hoscladh no a hosclófar in ainm an té is Cuntasóir de thurus na huairc don Ard-Chúirt Bhreithiúnais i Saorstát Éireann sa bhanc agus chun na creidiúna a bheidh luaidhte sa bharántas no san ordú san agus ní híocfar amach as san í ach mar a foráltar anso ina dhiaidh seo.

Cad déanfar le hairgead a bainfar amach i riocht fíneála.

33. —Gach suim airgid a bainfar amach amhlaidh i riocht fíneála mar adubhradh beidh sé ionchurtha agus, tar éis fógra chuibhe san Iris Oifigiúil, cuirfar é chun cúiteamh do thabhairt d'aon únaerí tailimh no daoine eile gur cuireadh isteach ar a maoin no gur laigheaduíodh ar aon tslí eile luach a maoine tríd na bóithre iarainn sin no aon chuid díobh d'ath-thosnú no d'athdhéanamh no tré chur suas den chéanna agus fós chun cúiteamh do thabhairt do sna húdaráis bhóthair uile sa chostas fé n-a raghaid ag tógaint suas aon cheann de sna bóithre iarainn sin no de sna habhair a bhaineann leo, aon cheann do chuir an Chuideachta in no ar aon bhóthar atá dílsithe sna húdaráis bhóthair sin fé seach no is inchimeádta i dtreo acu, agus chun gach damáiste do leigheas a dineadh do sna bóithre sin tríd na bóithre iarainn sin do dhéanamh no tré chur suas díobh agus is i pé slí agus i pé cionúireachtaí is oiriúnach leis an Ard-Chúirt a roinnfar na suimeanna san mar shásamh sa chúiteamh san mar adubhradh, agus mara mbeidh aon chúiteamh den tsórt san iníoctha no má fachtar gur leor chun gach éileamh cóir ar chúiteamh den tsórt san do shásamh cuid den tsuim no de sna suimeanna airgid a bainfar amach amhlaidh i riocht fíneála mar adubhradh, ansan, má ceapadh glacadóir no má bhíonn an Chuideachta neamh-fhiachacfuinneach agus gur horduíodh a gnó do chríochnú no gur cuireadh suas den bhóthar iarainn no de sna bóithre iarainn gur ina dtaobh a thánathas fén bhfíneáil no fé aon chuid den chéanna, déanfar an tsuim no na suimeanna airgid sin a baineadh amach i riocht fíneála, no pé cuid den chéanna nách gá chun na críche roimhráite, d'íoc leis an nglacadóir sin no le socrathóir no le socrathóirí na Cuideachtan no d'aistriú chun an duine no na ndaoine sin no do chur, más rogha leis an gCúirt é, mar chuid de shócmhainní na Cuideachtan chun tairbhe d'fhiach-éilitheoirí na Cuideachtan, agus fé réir a churtha amhlaidh aisíocfar an céanna leis an gCuideachtain no ath-aistreofar chúichi é.

Ní bheidh an Chuideachta saor o fhorálacha Achtanna generálta.

34. —Ní dhéanfidh éinní atá san Acht so an Chuideachta do shaora o fhorálacha aon Ordú i gComhairle ná aon Acht ghenerálta a bhaineann le trambhealaí no le leictreachas do gheiniúint, do roinnt, no do sholáthar i Saorstát Éireann agus atá i bhfeidhm anois no a rithfar ina dhiaidh seo sa tsiosón so no in aon tsiosón eile ag an Oireachtas ná o aon cheartú ná atharú a déanfar fé údarás an Oireachtais ar aon rátaí no éilithe atá anois no a bheidh aon uair ina dhiaidh seo údaruithe no i bhfeidhm.

Chun an tAire Puist agus Telegrafa do chosaint.

35. —Ní údaróidh éinní atá san Acht so aon chur isteach ar aon líne telegrafach leis an Aire Puist agus Telegrafa mar a mínítear san leis na Telegraph Acts, 1863 to 1921, ná ar aon mhaoin eile leis an Aire Puist agus Telegrafa ná ar aon cheart dá bhfuil ag an Aire Puist agus Telegrafa fé sna hAchtanna san, fé sna Electricity (Supply) Acts, 1882 to 1919, agus fén Electric Lighting (Clauses) Act, 1899, agus sa mhéid go mbaineann sé leis an Aire Puist agus Telegrafa bainfidh alt 14 den Sceideal a ghabhann leis an Electric Lighting (Clauses) Act, 1899, le haon oibreacha do dhéanamh no do chur síos, fén Acht so, trasna no fan aon tailimh, bóthair iarainn, canáile no slí loingseoireachta, fé thalamh no os cionn tailimh, díreach fé mar a bhaineann sé le hoibreacha do dhéanamh in no fé aon tsráid no droichead puiblí no fan no trasna a leithéide.

Seachadfidh an Chuideachta cóip den Acht so do Chlárathóir Cuideachtan Có-Stuic.

36. —Seachadfidh an Chuideachta cóip chlóbhuailte den Acht so don Chlárathóir Cuideachtan Có-Stuic agus coinneoidh agus cláróidh seisean é agus mara seachadtar an chóip sin amhlaidh laistigh de ráithe o am rithte an Achta so raghaidh an Chuideachta fé fhíneáil nách mó ná Dhá phunt in aghaidh gach lae a leanfid den fhaillí sin tar éis deire na ráithe sin agus aon stiúrthóir no bainisteoir don Chuideachtain a údaróidh an fhaillí sin go feasach agus go toiliúil ragha sé fé fhíneáil den tsórt chéanna. Beidh gach fíneáil fén alt so ionbhainte amach ar an slí achmair.

Isí an Chuideachta íocfidh costas an Achta so d'fháil.

37. —Isí an Chuideachta íocfidh gach costas, éileamh, agus caitheachas a bhainfidh leis an Acht so d'fháil agus do rith no le héinní eile a bhaineann leis.

Comhachta Udarásanna Áitiúla chun an gnó do cheannach.

38. —(1) An chomhacht cheannaigh a bronntar le halt 51 den Dublin United Tramways (Electrical Powers) Act, 1897, mar a leasuítear é le hailt 11 agus 15 den Dublin United Tramways Act, 1905, ar gach údarás bóthair maidir leis na trambhealaí a luaidhtear san alt san agus atá laistigh de cheanntar an údaráis sin, bainfe sí leis na bóithre iarainn a thóg an Chuideachta chúichi féin agus a dílsíodh inti de bhua forálacha an Achta so agus le gach trambhealach agus bóthar iarainn a dhéanfidh no a thógfidh an Chuideachta chúichi féin ina dhiaidh seo agus bainfidh forálacha an ailt sin leis na bóithre iarainn agus leis na trambhealaí sin agus le gach talamh, obair, abhar agus gléasra a úsáidfidh an Chuideachta chun críche a gnótha laistigh den cheanntar san fé is dá mba chuid iad de sna trambhealaí mar a mínítear san san alt san.

(2) Ach amháin do réir an ailt sin ní bheidh aon chomhacht ag aon údarás áitiúil ná údarás bóthair aon chuid de sna gnóthaí sin do cheannach go héigeanta do thóg an Chuideachta chúichi féin agus do dílsíodh inti de bhua forálacha an Achta so no forálacha aon Achta ina dhiaidh sin no do húdaruíodh fé ordú ón Aire.

Caipital na Cuideachtan do chur chun crícheanna áirithe.

39. —An caipital uile no aon chuid den chaipital atá údaruithe don Chuideachtain anois do chruinniú agus ná teastóidh chun na gcrícheanna chun ar húdaruíodh é chruinniú feadfidh an Chuideachta é chur chun na gcrícheanna den Acht so chun ar ceart caipital do chur.

Gearr-theideal.

40. —(1) Féadfar chun gach críche Acht Trambhealach Aontuithe Bhaile Atha Cliath (Bóithre Iarainn Leictriciúla Leamhcain), 1927, do ghairm den Acht so.

(2) Féadfar Achtanna agus Orduithe Trambhealach Aontuithe Bhaile Atha Cliath, 1871 go 1927, do ghairm díobh so le chéile, eadhon, an tAcht so agus na Dublin United Tramways Acts and Orders, 1871 to 1905 (mar a mínítear san le halt 1 den Dublin United Tramways Act, 1905) maraon le hAcht Trambhealach Aontuithe Bhaile Atha Cliath (Seirbhísí Omnibus), 1925.

SCEIDIL DA dTAGARTAR SAN ACHT SO ROIMHE SEO.

SCHEDULES REFERRED TO IN THE FOREGOING ACT.