|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT DAINGNITHE ORDUITHE SHEALADAIGH UM PIARA AGUS CUAN, 1930) |
ACHT DAINGNITHE ORDUITHE SHEALADAIGH UM PIARA AGUS CUAN, 1930
| [EN] | ||
| [EN] |
SCEIDEAL. ORDU CHUAN NA GAILLIMHE, 1930. | |
ORDU I DTAOBH COIMISINEIRI CHUAN NA GAILLIMHE DO CHUR ARTHACH AR FAIL CHUN PAISNEIRI, EARRAI, BAGAISTE PAISNEIRI, POSTANNA, AGUS NITHE AGUS RUDAI EILE D'IOMPAR LAISTIGH DE CHUAN NA GAILLIMHE IDIR CEIBHEANNA AGUS DUGANNA CHUAN NA GAILLIMHE AGUS ARTHAI SHIULANN AN FHARAIGE MHOR AGUS CHUN CRICHEANNA EILE. | ||
| Gearr-theideal. | 1.—Féadfar Ordú Chuan na Gaillimhe, 1930, do ghairm den Ordú so, agus léireofar é mar éinní amháin leis an Galway Harbour and Port Act, 1853, leis an Galway Harbour and Port Act, (1853) Amendment Act, leis an Galway Harbour Act, 1860, leis an Galway Harbour (Composition of Debt) Act, 1867, agus leis an Galway Harbour Order, 1903. | |
| Tosach feidhme. | 2.—Tiocfaidh an tOrdú so i ngníomh lá rithte Achta dhaingnithe an Orduithe seo, agus gairmtear tosach feidhme an Orduithe seo den lá san san Ordú so. | |
| Léiriú. | 3.—San Ordú so beidh ag na focail agus ag na habairtí seo leanas, mara n-éilighidh an có-théacs a mhalairt, na brigheanna so leanas, sé sin le rá:— | |
cialluíonn “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála. | ||
cialluíonn “na Coimisinéirí” Coimisinéirí Chuan na Gaillimhe. | ||
cialluíonn “bád freastail” árthach, fearaistí agus gléasra chun paisnéirí, earraí, bagáiste paisnéirí, postanna, agus rudaí agus nithe eile d'iompar idir céibheanna agus duganna Chuan na Gaillimhe agus árthaí shiúlann an fharaige mhór. | ||
cialluíonn “na sean-Achtanna agus an sean-Ordú” an Galway Harbour and Port Act, 1853, an Galway Harbour and Port Act (1853) Amendment Act, an Galway Harbour Act, 1860, an Galway Harbour (Composition of Debt) Act, 1867, agus an Galway Harbour Order, 1903. | ||
cialluíonn agus foluíonn “ioncum an chuain” na rátaí, na héilithe, na custuim, na dleachta, na cíosa agus an t-airgead agus na fáltaisí eile go bhfuil údarás ag na Coimisinéirí fé sna sean-Achtanna agus fén sean-Ordú iad do ghlaca no d'fháil mar ioncum. | ||
| Féadfaidh na Coimisinéirí báid fhreastail do chur ar fáil agus d'oibriú. | 4.—Féadfaidh na Coimisinéirí o am go ham bád freastail no báid fhreastail do chur ar fáil, do cheannach no do ghlaca ar cíos, do dheisiú agus do chimeád i dtreo, agus iad d'úsáid agus d'oibriú chun paisnéirí, earraí, bagáiste paisnéirí, postanna, agus nithe agus rudaí eile d'iompar laistigh de Chuan na Gaillimhe idir céibheanna agus duganna Chuan na Gaillimhe agus árthaí shiúlann an fharaige mhór, agus féadfaid o am go ham na daoine is gá chun na gcrícheanna san d'fhostú. | |
| Féadfaidh na Coimisinéirí rátaí do ghearra ar son seirbhísí bád freastail. | 5.—(1) Féadfaidh na Coimisinéirí rátaí agus éilithe do ghearra, d'éileamh agus do ghlaca ar son seirbhísí an bháid fhreastail no na mbád freastail fé mar a shocróid o am go ham ach aontú an Aire d'fháil i scríbhinn roimh ré: Ach amháin gur mar a chéile i gcomhnaí a héileofar na rátaí agus na héilithe sin ar chách ar son an tsaghais chéanna báid fhreastail agus an tsaghais chéanna seirbhísí. | |
(2) Nuair a bheidh an Harbours, Docks, and Piers Clauses Act, 1847, á chur i mbaint leis an Ordú so ciallóidh an abairt “Post Office Bag of Letters,” a húsáidtear san Acht san, mála puist mar a mínítear é leis an Post Office Act, 1908. | ||
| Féadfaidh na Coimisinéirí báid fhreastail do chur ar cíos no do dhíol. | 6.—(1) Féadfaidh na Coimisinéirí aon bhád freastail no báid fhreastail do gheobhaid fén Ordú so do chur ar cíos chun pé crícheanna agus fé réir pé téarmaí agus coiníollacha ar a socróid agus ar a gcó-aontóid leis an duine no na daoine bheidh á nglaca ar cíos. | |
(2) Féadfaidh na Coimisinéirí aon bhád freastail no báid fhreastail do gheobhaid fén Ordú so do dhíol. | ||
(3) An sochar a thiocfaidh as na Coimisinéirí do dhíol aon bháid fhreastail no bád freastail, cuirfear é i pé slí ordóidh na Coimisinéirí ach toiliú an Aire d'fháil i scríbhinn roimh ré. | ||
| Có-aontuithe chun bád freastail d'oibriú, etc. | 7.—(1) Féadfaidh na Coimisinéirí, ach toiliú an Aire d'fháil i scríbhinn roimh ré, có-aontuithe no socruithe do dhéanamh, agus do chríochnú, le haon chuideachtain no duine chun aon bháid fhreastail no bád freastail do gheobhaid fén Ordú so d'oibriú ach gan an oibriú san do dhéanamh ach sa mhéid go ndéanfadh, agus chun na gcrícheanna céanna chun a ndéanfadh, na Coimisinéirí féin na báid fhreastail d'oibriú fén Ordú so. | |
(2) Féadfaidh na Coimisinéirí có-aontuithe no socruithe do dhéanamh, agus do chríochnú, le haon chuideachtain no duine chun aon bháid fhreastail no bád freastail do gheobhaid fén Ordú so do dheisiú agus do chimeád i dtreo. | ||
(3) Is i scríbhinn a bheidh gach có-aontú no socrú den tsórt san agus i ngach có-aontú no socrú den tsórt san chun an bháid fhreastail no na mbád freastail d'oibriú beidh clás le n-a bhforálfar gur ar na téarmaí agus ar na coiníollacha céanna a bheidh seirbhísí an bháid fhreastail no na mbád freastail ar fáil do gach cuideachtain, tigh gnótha no duine óna mbeid ag teastáil agus gur mar a chéile i gcomhnaí a héileofar na rátaí agus na héilithe ar son na seirbhísí sin ar chách ar son an bháid fhreastail chéanna agus an tsaghais chéanna seirbhísí. | ||
| Comhachta chun iasachtaí d'fháil. | 8.—(1) Féadfaidh na Coimisinéirí, ach toiliú an Aire d'fháil i scríbhinn roimh ré, suim nách mó ná cúig mhíle púnt d'fháil ar iasacht o am go ham fé mhorgáiste ar urrús ioncuim an chuain. | |
(2) Ní dhéanfaidh éinní san Ordú so deifir do thosaíocht na Morgáistí dar dátaí 10adh Bealtaine, 1881, agus 17adh Iúl, 1883, fé seach, agus do dheon na Coimisinéirí do Choimisinéirí na nOibreacha Puiblí mar urrús ar iasachtaí d'ocht míle fichead agus céad púnt agus d'ocht míle agus dhá chéad púnt, fé seach, ná d'aon ús ná tráthchoda de cholainn agus d'ús atá no thiocfaidh chun bheith dlite ar scór na n-iasacht san, ná do thosaíocht aon mhorgáiste eile do dheon na Coimisinéirí agus a bheidh ann i dtosach feidhme an Orduithe seo ná d'aon ús atá no thiocfaidh chun bheith dlite ar scór an mhorgáiste sin. | ||
| Caitheamh an airgid do gheobhfar ar iasacht. | 9.—Gach airgead do gheobhaidh na Coimisinéirí ar iasacht fén Ordú so is ar bhád fhreastail no báid fhreastail do chur ar fáil no do cheannach, agus ar iad do dheisiú agus do chimeád i dtreo, a chaithfid é agus ní har aon tslí eile. | |
| lasachtaí airgid d'aisíoc. | 10.—Déanfaidh na Coimisinéirí gach airgead do gheobhaid ar iasacht fén Ordú so d'aisíoc laistigh de pé tréimhse agus ar pé téarmaí agus coiníollacha agus ar pé slí ordóidh an tAire. | |
| Comhacht chun iasachtaí d'fháil ar creidiuint airgid thirim. | 11.—(1) I bhfeidhmiú a gcomhacht chun airgid d'fháil ar iasacht fén Ordú so féadfaidh na Coimisinéirí, ach toiliú an Aire d'fháil i scríbhinn roimh ré, creidiuint do thógaint o am go ham o aon bhanc no cuideachta bhancaereachta ar chuntas airgid thirim, a hosclófar agus a cimeádfar leis na mbanc no leis an gcuideachtain bhancaereachta san do réir ghnáis bhancaerí i Saorstát Éireann, in ainm na gCoimisinéirí no in ainm oifigigh a cheapfaid sin, chó fada le méid na suime, no le méid aon choda den tsuim, a údaruíonn an tOrdú so dhóibh d'fháil ar iasacht agus féadfaid morgáistí mar adubhradh do dhéanamh agus do dheona ar urrús ioncuim an chuain chun méid na creidiúna san no na suim a roimh-íocfar o am go ham ar an gcuntas airgid thirim sin d'íoc maraon le hús air. | |
(2) Bainfidh forálacha fo-ailt (2) d'alt 8 den Ordú so le creidiuint a tógfar ar chuntas airgid thirim agus le morgáistí déanfar no deonfar fén alt so. | ||
| Cosaint do lucht tabhartha iasachta. | 12.—Ní bheidh sé ceangailte ar éinne roimh-íocfaidh airgead leis na Coimisinéirí aon fhianaise bhreise ná fianaise eile, go bhfuil comhacht ag na Coimisinéirí an t-airgead a bheidh á roimh-íoc ag an duine sin d'fháil ar iasacht, d'éileamh seachas an fhianaise thabharfaidh— | |
(a) deimhniú fé láimh chléireach no rúnaí na gCoimisinéirí agus fé láimh bheirt de sna Coimisinéirí ná fuil na Coimisinéirí ag dul thar na comhachta bronntar ortha leis an Ordú so chun iasachta d'fháil, agus | ||
(b) iniúcha ar an gclár de mhorgáistí 'na gceangailtear ar na Coimisinéirí le halt 76 den Commissioners Clauses Act, 1847, é do chimeád. | ||
| Glacadóir do cheapa. | 13.—(1) Féadfaidh sealbhóirí aon urrúis do tugadh i dtaobh airgid do fuarthas ar iasacht fén Ordú so íoc riaráiste úis no colna no colna agus úis a bheidh dlite ar a gcuid urrús do bhaint amach tré ghlacadóir do cheapa. | |
(2) Chun a údarú go gceapfaí glacadóir i dtaobh riaráiste úis no colna no colna agus úis ní lugha ná cúig céad púnt ar fad a bheidh an tsuim a bheidh dlite do sna morgáistithe a bheidh á iarraidh go gceapfaí glacadóir. | ||
| Ioncum an chuain do chur chun bád freastail do chur ar fáil, etc. | 14.—Féadfaidh na Coimisinéirí cuid d'ioncum an chuain do chur chun báid fhreastail no bád freastail do chur ar fáil, do ghlaca ar cíos, do dheisiú, do chimeád i dtreo, d'úsáid agus d'oibriú do réir forálacha an Orduithe seo, sé sin, aon chuid de bheidh ar fáil chun na gcrícheanna san tar éis na bhforálacha atá sna sean-Achtanna agus sa tsean-Ordú i dtaobh ioncuim do chólíona. | |
| Na Coimisinéirí do chimeád cuntaisí. | 15.—(1) Cimeádfaidh na Coimisinéirí cuntaisí ar leithligh maidir leis an mbád freastail no na báid fhreastail do cheannach, do chur ar fáil, do dheisiú agus do chimeád i dtreo, d'oibriú agus do chur ar cíos agus déanfar suas na cuntaisí sin go dtí an 31adh Mí na Nodlag gach bliain agus ullamhófar iad i pé fuirm ordóidh an tAire o am go ham. | |
(2) Laistigh de ráithe tar éis an 31adh Mí na Nodlag gach bliain no laistigh de lá is fiche tar éis críochnú iniúcha na gcuntas, pe'ca tréimhse acu is sia, cuirfidh na Coimisinéirí chun an Aire dhá chóip de sna cuntaisí luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo agus iad iniúchta go cuibhe ag an Iniúchóir a ceapfar fé sna sean-Achtanna agus fén sean-Ordú. | ||
(3) Má theipeann agus pé uair a theipfidh ar na Coimisinéirí dhá chóip de sna cuntaisí do chur chun an Aire do réir an ailt seo laistigh den tréimhse luaidhtear chuige sin san alt so dlighfear fíneail ná raghaidh thar fiche púnt agus a bheidh ionbhainte amach i gCúirt dlighinse achmaire do chur ortha in aghaidh gach seachtain no gach cuid de sheachtain a theipfidh ortha amhlaidh tar éis na tréimhse roimhráite. | ||
(4) Féadfaidh na Coimisinéirí o am go ham aon fharasbár airgid, a thiocfaidh as an mbád freastail no na bád fhreastail d'oibriú no do chur ar cíos, do chur chun críche i pé slí shocróid ach toiliú an Aire d'fháil i scríbhinn roimh ré. | ||
| Costaisí an Orduithe. | 16.—Na costaisí, na héilithe agus na caithteachaisí uile bhaineann agus ghabhann le hullamhú an Orduithe seo agus gur gá, ar aon tslí eile, dul fútha mar gheall air, íocfaidh na Coimisinéirí amach as aon cheann dá gcistí iad. |