|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID V. Foralacha Ilghneitheacha.) | Ar Aghaidh (DARA SCEIDEAL. Scoip Chomhachta Breise chun Fo-Dhlithe do Dheanamh.) |
ACHT CHUAN NA GAILLIMHE, 1935
| [EN] | ||
| [EN] |
CEAD SCEIDEAL. Aois-liuntas. | |
| [EN] | ||
| [EN] | 1. Chun crícheanna an Sceidil seo— | |
| [EN] | foluíonn an focal “seirbhís” aon tseirbhís fé Choimisinéirí Chuan na Gaillimhe pe'ca roimh an ath-bhunú deintear leis an Acht so do tugadh í no dá éis sin; | |
| [EN] | tuigfear gurb é is “luach saothair agus sochar oifige bliantúil” oifigigh no seirbhísigh ná meán-luach a luach saothair agus a shochar oifige i rith gach bliana iomláine dá sheirbhís sna trí bliana dar críoch an lá ar a gcríochnóidh a fhostaíocht no, i gcás é bheith ar fostú ar feadh tréimhse is giorra ná trí bliana, meán-luach a luach saothair agus a shochar oifige i rith gach bliana iomláine dá sheirbhís; | |
| [EN] | féadfar “liúntas bliantúil” d'oifigeach no do sheirbhíseach do dhéanamh amach do réir ráta nách mó ná an seascadadh cuid dá luach saothair agus dá shochar oifige bliantúil in aghaidh gach bliana iomláine dá sheirbhís ach ní raghaidh san in aon chás thar dhá dtrian dá luach saothair agus dá shochar oifige bliantúil; | |
| [EN] | féadfar “aisce” d'oifigeach no do sheirbhíseach do dhéanamh amach do réir an dóú cuid déag dá luach saothair agus dá shochar oifige in aghaidh gach bliana iomláine dá sheirbhís, ach ní ragha sé thairis sin in aon chás. | |
| [EN] | 2. Féadfaidh an Bord, más rogha leo é, liúntas bliantúil le n-a shaol do dheonadh d'aon oifigeach no seirbhíseach lán-aimsire don Bhord ar eirghe as oifig do no ar é scur de bheith ar fostú, más rud é— | |
| [EN] | (a) go mbeidh seirbhís chúig bliana fichead tugtha aige agus a chúig bliana seascad slán aige, no | |
| [EN] | (b) go mbeidh seirbhís deich mblian tugtha aige agus gur thárla dho gan bheith ábalta ar a dhualgaisí do chólíonadh go héifeachtúil mar gheall ar bhuan-laige éigin chuirp no aigne nách é a mhí-iompar féin fé ndeár é. | |
| [EN] | 3. Féadfaidh an Bord, más rogha leo é, liúntas bliantúil mar chúiteamh speisialta do dheonadh le n-a shaol d'aon oifigeach no seirbhíseach lán-aimsire don Bhord, go mbeidh seirbhís deich mblian tugtha aige, ar eirghe as oifig do no ar é scur do bheith ar fostú de bhíthin deireadh do chur le n-a oifig no de bhíthin slite feabhsuithe eagrais no oibre le n-ar ghlac an Bord ar mhaithe le héifeachtúlacht no le fearachas: Ach nuair a bheidh an Bord ag cinneadh méid an liúntais bhliantúla san beid i dteideal a shocrú gurb é bheidh ann ná pé suim, laistigh de theoranta ceaduithe liúntais bhliantúla, is cúiteamh cóir réasúnta i gcailliúint na fostaíochta do réir bhreithiúnais an Bhúird tar éis dóibh cúrsaí uile an cháis do lán-bhreithniú. | |
| [EN] | 4. Féadfaidh an Bord, más rogha leo é, aisce do dheonadh d'aon oifigeach no seirbhíseach lán-aimsire don Bhord go mbeidh níos lugha ná deich mbliana seirbhíse tugtha aige agus eireoidh as oifig no scuirfidh de bheith ar fostú ar shlí go bhféadfaí liúntas bliantúil do dheonadh dho fén Sceideal so dá mbeadh deich mbliana seirbhíse tugtha aige. | |