2 1936


Uimhir 2 (Príobháideach) de 1936.


ACHT AN OISPIDÉIL MHÁITHREACHAIS NÁISIÚNTA, BAILE ÁTHA CLIATH (LEASÚ AR AN gCAIRT), 1936.


ACHT CHUN LEASUITHE DO DHÉANAMH AR AN gCAIRT FÉ N-A bhFUIL GOBHARNÓIRÍ AN OSPIDÉIL MHAITHREACHAIS NÁISIÚNTA, BAILE ÁTHA CLIATH, IONCHORPRUITHE, CHUN COMHACHTA BREISE AGUS COMHACHTA EILE DO BHRONNADH AR NA GOBHARNÓIRÍ SIN, CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN COISTE FEIDHMIÚCHÁIN DO RIARADH AGUS DO STIÚRADH CÚRSAÍ NA CORPARÁIDE AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE BHAINEAS LEIS AN OSPIDÉAL SAN. [22adh Bealtaine, 1936.]

Roimhrá.

DE BHRÍ gur bunuíodh an tOspidéal Máithreachais Náisiúnta atá i Sráid Holles i gCathair Bhaile Atha Cliath sa bhliain 1894 chun fóirithint ar mhná bochta i luighe seola agus chun galair a bhaineann le mná do chóireáil:

AGUS DE BHRÍ, le Cairt no Litreacha Paitinne fé Shéala Mhór na hÉireann dar dáta an 14adh lá de Bhealtaine, 1903, agus do dheon a Shoillse ná maireann an Seachtú Rí Edbhárd, go ndearnadh daoine áirithe atá ainmnithe inti agus na daoine sin eile a toghfaí o am go ham sa tslí do horduíodh inti ina dhiaidh san d'ionchorprú in aon chólucht phoiliteach agus chorpruithe amháin fén ainm Gobharnóirí an Ospidéil Mháithreachais Náisiúnta, Baile Atha Cliath, agus go ndearnadh leis an gCairt comhachta áirithe do bhronnadh agus dualgaisí áirithe d'fhorchur ar an gcorparáid agus ar a bhaill agus go ndearnadh socruithe áirithe chun rialála agus bainistí generálta an óspidéil:

AGUS DE BHRÍ, toisc raon oibre an óspidéil do bheith leathnuithe go mór o rinneadh é d'ionchorprú mar adubhradh, go bhfuil sé oiriúnach leathnú agus leasú mar a foráltar anso ina dhiaidh seo do dhéanamh ar na comhachta bronntar leis an gCairt agus ar na socruithe atá inti chun an óspidéil do rialáil agus do bhainistí:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach an teorannú ar líon gobharnóirí an óspidéil a foráltar leis an gCairt d'atharú mar a foráltar leis an Acht so:

AGUS DE BHRÍ, toisc an óspidéil do bheith ag fáil deontais bhliantúla o Bhárdas Bhaile Atha Cliath i gcomaoine a oibre déirciúla, go bhfuil sé oiriúnach é bheith de cheart ag Bárdas Bhaile Atha Cliath baill den bhárdas san d'ainmniú mar ghobharnóirí:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach é bheith de cheart ag an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí gobharnóirí d'ainmniú:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach stiúradh agus bainistí an óspidéil agus an ghnótha eile sin a foráltar anso ina dhiaidh seo do chur fé chúram choiste fheidhmiúcháin a bheidh có-dhéanta mar a foráltar anso ina dhiaidh seo agus forálacha na Cairte d'atharú dá réir sin:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach na cáilíochtaí is gá chun fear no bean do theacht chun bheith ina leas-phatrún agus i dtaobh leapacha do chothabháil d'atharú mar a foráltar anso ina dhiaidh seo:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach na socruithe eile sin do dhéanamh atá san Acht so:

AGUS DE BHRÍ nách féidir na crícheanna roimhráite do chur in éifeacht gan údarás ón Oireachtas:

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —San Acht so mara n-éilíonn an có-théacs a mhalairt—

cialluíonn an abairt “an t-óspidéal” an fhundúireacht ar a dtugtar an tOspidéal Máithreachais Náisiúnta, Baile Atha Cliath, maraon leis na tailte, na hionoighreachtaí, na foirgintí agus na háitreabhacha ghabhann léi sin;

cialluíonn an abairt “an Chairt” an Chairt Ríoga ag Ionchorprú Gobharnóirí an Ospidéil Mháithreachais Náisiúnta, Baile Atha Cliath, dár dáta an 14adh lá de Bhealtaine, 1903;

cialluíonn an abairt “an chorparáid” an cólucht corpruithe do bunuíodh leis an gCairt;

cialluíonn an abairt “Bárdas Bhaile Atha Cliath” Ard-Mhéire, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath;

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí;

cialluíonn an focal “gobharnóirí” baill na corparáide de thurus na huaire agus foluíonn na daoine uile go ndeineann an Chairt gobharnóirí ex officio dhíobh;

cialluíonn an abairt “an coiste feidhmiúcháin” an coiste có-dheintear leis an Acht so chun maoin agus cúrsaí na corparáide do rialú, do bhainistí, do riaradh agus do stiúradh;

cialluíonn an abairt “cruinniú bliantúil” an cruinniú bliantúil den chorparáid a horduítear leis an Acht so a thionóladh gach bliain;

cialluíonn an abairt “an máistir” an duine bheidh de thurus na huaire i seilbh oifige mar mháistir an óspidéil;

cialluíonn an abairt “an máistir atá anois ann” Seán Proinsias O Cuinneagáin;

cialluíonn an abairt “an rúnaí oinigh” an duine bheidh de thurus na huaire i seilbh oifige mar rúnaí oinigh don óspidéal;

cialluíonn an abairt “an cisteoir oinigh” an duine bheidh de thurus na huaire i seilbh oifige mar chisteoir oinigh don óspidéal;

cialluíonn an abairt “iontaobhaithe an óspidéil” na daoine bheidh de thurus na huaire i seilbh oifige mar iontaobhaithe an óspidéil agus na daoine no an duine acu bheidh ar marthain.

Leasú ar an srian dtaobh na comhachta chun tailte do shealbhú.

2. —An chuid sin den Chairt a bheireann comhacht don chorparáid tailte do cheannach, do shealbhú, do ghlacadh agus d'úsáid léighfear agus léireofar í fé is dá gcuirtí £30,000 inti in ionad £2,000.

Leasú ar an srian i dtaobh an líon gobharnóirí.

3. —In ainneoin éinní contrárdha dho san atá sa Chairt ní déanfar ballraíocht na corparáide do shrianadh i dtreo ná beadh ach cúig gobharnóir seascad uirthi mar a horduítear sa Chairt:

Ach ní raghaidh líon ball na corparáide (ar a n-áirmhítear gobharnóirí ex-officio) thar céad gobharnóir san iomlán.

Có-dhéanamh na corparáide do leasú.

4. —(1) Beidh sé de cheart ag Bárdas Bhaile Atha Cliath beirt dá mbaill d'ainmniú mar ghobharnóirí agus gach ball fé leith den tsórt san a hainmneofar amhlaidh measfar agus tuigfear gur gobharnóir é fé is dá dtoghfadh an chorparáid go cuibhe é agus, marab éag, eirghe as, cur as oifig no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do, beidh sé i seilbh oifige mar ghobharnóir den tsórt san ón lá tar éis lae a ainmnithe mar ghobharnóir den tsórt san go dtí an lá tar éis an lae ainmneoidh Bárdas Bhaile Atha Cliath ball eile den tsórt san mar ghobharnóir ina ionad.

(2) Beidh sé de cheart ag an Aire o am go ham beirt d'ainmniú mar ghobharnóirí agus gach duine fé leith a hainmneofar amhlaidh measfar agus tuigfear gur gobharnóir é fé is dá dtoghfadh an chorparáid go cuibhe é agus, marab éag no eirghe as roimhe sin do, beidh sé i seilbh oifige mar ghobharnóir den tsórt san ón lá tar éis lae a ainmnithe mar ghobharnóir den tsórt san go dtí an lá tar éis an lae ainmneoidh an tAire duine eile mar ghobharnóir ina ionad.

Gobharnóirí áirithe do shaoradh o shíntiúisí d'íoc.

5. —Gach gobharnóir ex-officio agus gach gobharnóir a hainmneofar do réir an ailt deiridh sin roimhe seo den Acht so beidh sé saor o aon airgead d'íoc a bheidh orduithe de thurus na huaire, le haon rialachán no fo-dhlí den chorparáid, do ghobharnóirí d'íoc.

Cruinnithe den chorparáid.

6. —(1) Déanfar agus deintear leis seo an chuid sin d'fhorálacha na Cairte a shocruíonn i dtaobh cruinnithe do bheith ag an gcorparáid d'athghairm.

(2) Sa bhliain 1937 agus gach bliain ina dhiaidh sin tionólfar cruinniú den chorparáid san óspidéal no in áit chaothúil eile ar dháta nách déanaí ná an deichiú lá fichead de Mheitheamh gach bliain. I dteanta an chruinnithe bhliantúla féadfaidh agus déanfaidh an rúnaí oinigh no an cisteoir oinigh cruinnithe speisialta den chorparáid do chomóradh má ceangaltar agus pé uair a ceangalfar san le hordú ón gcoiste feidhmiúcháin (a có-dheintear leis an Acht so) no ar iarratas ar n-a shighniú ag cúig baill déag ar a laighead den chorparáid. Is deich mbaill den chorparáid a bheidh mar quorum ag gach cruinniú dhi.

(3) Isé bheidh mar chathaoirleach ar an gcruinniú bliantúil agus ar gach cruinniú speisialta den chorparáid ná Ard-Easbog Caitliceach Bhaile Atha Cliath de thuras na huaire no, má bhíonn seisean as láthair, Ard-Mhéire Bhaile Atha Cliath de thurus na huaire no, má bhíd araon as láthair, an Riarthóir de thuras na huaire ar Pharóiste Chaitliceach San Aindriú, Srath an Iarthair, Baile Atha Cliath. Má bhíonn an triúr san roimhráite as láthair déanfaidh na gobharnóirí bheidh i láthair duine dá líon do thoghadh chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú agus i gcás beirt ghobharnóirí no níos mó d'fháil an lín chéanna de vótanna cinnfear le crannchur ce'ca aca bheidh ina chathaoirleach.

(4) An ráiteas bliantúil cuntaisí, dá ndeintear socrú leis an gCairt, déanfar suas é go dtí an t-aonú lá déag ar fhichid de Mhí na Nodlag gach bliain agus tíolaicfidh an coiste feidhmiúcháin é don chéad chruinniú bliantúil ina dhiaidh sin.

Leasú ar na forálacha bhaineann le leas-phatrúin agus le leapacha do chothabháil.

7. —(1) An chuid sin d'fhorálacha na Cairte le n-a bhforáltar, má dheineann duine ar bith tabhartas de £25 do thabhairt do chistí an óspidéil, go dtiocfaidh sé no sí leis sin chun bheith ina leasphatrún don óspidéal, léighfear agus léireofar í fé is dá gcuirtí £100 isteach inti in ionad £25.

(2) An chuid sin d'fhorálacha na Cairte le n-a bhforáltar go mbeidh sé de phríbhléid ag éinne bhéarfaidh tabhartas de £100 do chistí an óspidéil leabaidh do chothabháil san óspidéal agus duine oiriúnach d'ainmniú i gcóir leapthan san óspidéal léighfear agus léireofar í fé is dá ndeintí “£1,000 or such greater sum of money as the executive committee shall from time to time fix and determine” do chur isteach inti in ionad £100.

Deireadh do chur leis an srian atá le maoin chistithe do dhíol, agus forálacha chun stuic, etc., d'aistriú chun na corparáide.

8. —(1) Athghairmtear leis seo na coda san den Chairt le n-a bhforáltar go ndéanfar maoin chistithe na corparáide do dhílsiú in iontaobhaithe agus ná díolfar amach aon chuid den mhaoin chistithe sin ach amháin le ceadú agus tré rún o mhóráireamh chruinnithe den chorparáid.

(2) Gach stoc, scair, urrús, rud-ar-fiunraoi no súncáil eile bheidh de thurus na huaire in ainm iontaobhaithe an óspidéil déanfaidh iontaobhaithe an óspidéil é d'aistriú chun na corparáide díreach tar éis an Achta so do rith.

Comhachta breise don chorparáid.

9. —In ainneoin éinní atá sa Chairt beidh ag an gcorparáid, i dteanta na gcomhacht atá dílsithe ionta leis an gCairt fé mar a leasuítear í leis an Acht so, na comhachta breise sin uile (más aon chomhacht é) a bronntar anso ina dhiaidh seo ar an gcoiste feidhmiúcháin le forálacha an Achta so.

Téarma oifige an mháistir atá anois ann d'fhaidiú.

10. —(1) In ainneoin éinní contrárdha dho san atá sa Chairt leanfaidh an máistir atá anois ann in oifig go dtí an 31adh lá de Mhí na Nodlag, 1941, marab éag, eirghe as, no cur as oifig roimhe sin do.

(2) Ní dhéanfaidh éinní atá san alt so dochar ná deifir don chomhacht atá sa Chairt no san Acht so chun an máistir do chur as oifig no do chur ar fiunraoi.

An coiste feidhmiúcháin do bhainistí an óspidéil.

11. —(1) Fé réir aon tsrianta no coinníollacha bheidh in aon rialacháin no orduithe dhéanfaidh an chorparáid no bhéarfaid uatha no atá san Acht so cuirfear bainistí na corparáide, a maoine agus a gcúrsaí fé chúram choiste de ghobharnóirí (dá ngairmtear an coiste feidhmiúcháin san Acht so) a dhéanfaidh an t-óspidéal agus maoin agus cúrsaí na corparáide do rialú, do bhainistí, do riaradh, agus do stiúradh agus beidh sé dleathach don choiste fheidhmiúcháin gach comhacht agus údarás d'fheidhmiú a dílsítear sa chorparáid leis an gCairt mar a leasuítear san leis an Acht so, no leis an Acht so.

(2) Beidh an coiste feidhmiúcháin có-dhéanta dhíobh so leanas:—

(a) Ard-Easbog Caitliceach Bhaile Atha Cliath de thurus na huaire.

(b) Ard-Mhéire Bhaile Atha Cliath de thurus na huaire.

(c) An Riarthóir de thurus na huaire ar Pharóiste Chaitliceach San Aindriú, Srath an Iarthair, Baile Atha Cliath.

(d) An máistir.

(e) An rúnaí oinigh.

(f) An cisteoir oinigh.

(g) Na gobharnóirí (más ann dóibh) a hainmneofar do réir fo-ailt (1) d'alt 4 den Acht so.

(h) Na gobharnóirí (más ann dóibh) a hainmneofar do réir fo-ailt (2) d'alt 4 den Acht so.

(i) Gobharnóir is fiche (ar a mbeidh seisear ban ar a laighead) a thoghfaidh an chorparáid (dá ngairmtear na gnáthbhaill san Acht so) agus a eireoidh as oifig ag an gcruinniú bliantúil agus a bheidh ion-aththoghtha.

(3) Féadfaidh an coiste feidhmiúcháin aon fholúntas do líonadh a thárlóidh o am go ham imeasc na ngnáth-bhall agus féadfaid gníomhú in ainneoin aon fholúntais do bheith ina measc agus éinne ceapfar amhlaidh chun folúntais do líonadh imeasc na ngnáth-bhall eireoidh sé as oifig ag an gcéad chruinniú bliantúil eile ach beidh sé ion-athcheaptha.

Comhachta an choiste fheidhmiúcháin.

12. —Gan dochar do gheneráltacht chomhacht an choiste fheidhmiúcháin agus in ainneoin éinní contrárdha dho san atá sa Chairt beidh ag an gcoiste feidhmiúcháin gach comhacht is gá chun cuspóirí an óspidéil do chur in éifeacht no ghabhann leis sin agus go sonnrách na comhachta so leanas:—

(1) a ordú gnáth-shéala na corparáide do ghreamú d'aon scríbhinn;

(2) na hoifigigh agus na seirbhísigh sin fé thuarastal ar a gcinnfid do cheapadh ar pé tuarastail agus págh is oiriúnach leo agus aon oifigeach no seirbhíseach den tsórt san do chur as oifig, do chur ar fiunraoi agus do bhriseadh;

(3) an máistir do chur ar fiunraoi;

(4) aon mháistir conganta do cheapadh, do chur ar fiunraoi no do chur as oifig;

(5) fuireann an óspidéil do mhéadú no do laigheadú agus dualgaisí aon bhaill den fhuirinn d'atharú;

(6) aon tailte, tionóntacháin no ionoighreachtaí bheidh dílsithe sa chorparáid tráth ar bith ach amháin foirgint an óspidéil, do dheonadh, do dhíol, do chur ar léas, do mhalairtiú no do mhorgáistiú;

(7) fé réir forálacha ailt 2 den Acht so maoin réalta no áirnéisréalta d'aon tsealbhaíocht do cheannach no do thógaint ar léas;

(8) deighleáil le hairgead agus le cistí na corparáide agus a ordú agus a chinneadh cadiad na codanna den chéanna a coimeádfar no díolfar chun caiteachais reatha no caipitiúla d'íoc agus cadiad na codanna a súncálfar no a hath-shúncálfar;

(9) pinsin, aiscí, bonuis, honoraria, cúiteamh no liúntaisí do dheonadh d'aon oifigigh, banaltraí no seirbhísigh don chorparáid no dá gcleithiúnaithe agus cistí pinsin, breoiteachta, tionóisce, leasa no cistí eile chun tairbhe na ndaoine sin do bhunú agus do choinneáil ar siúl agus glacadh leis an scéim aois-liúntais atá anois ann no an céanna do leasú no scéim no scéimeanna eile do chur ina hionad fé mar is oiriúnach dar leis an gcoiste feidhmiúcháin;

(10) airgead do thógaint ar iasacht chun crícheanna an óspidéil no chun crícheanna bhaineann leis agus an céanna agus aon ús a bheidh air d'urrú ar aon mhaoin leis an gcorparáid;

(11) fo-choistí do cheapadh a bheidh có-dhéanta de bhaill den choiste fheidhmiúcháin no go leathrannach de bhaill den choiste fheidhmiúcháin agus go leathrannach de pé daoine eile (is baill den chorparáid) a roghnóidh an coiste feidhmiúcháin agus na comhachta agus na dualgaisí sin is oiriúnach, dar leis an gcoiste feidhmiúcháin, do leigint chun na bhfo-choistí sin;

(12) fo-dhlithe agus rialacháin do dhéanamh, chun an óspidéil agus maoin agus cúrsaí na corparáide do bhainistí agus chun an nós imeachta ag cruinnithe den chorparáid agus den choiste fheidhmiúcháin agus d'aon fho-choiste do rialáil, agus na fo-dhlithe agus na rialacháin sin d'atharú agus do cheiliúradh.

Comhacht don choiste fheidhmiúcháin chun gobharnóirí do thogha fé réir na corparáide do dhaingniú an togha.

13. —(1) Beidh comhacht ag an gcoiste feidhmiúcháin duine ar bith do thogha mar ghobharnóir go gcinnfidh an coiste feidhmiúcháin le rún gur gá no gur oiriúnach, ar mhaithe leis an óspidéal, é thogha láithreach chun bheith ina ghobharnóir in ionad aon bhaill den chorparáid (seachas gobharnóir ex-officio no gobharnóir do hainmníodh do réir ailt 4 den Acht so) éagfaidh no eireoidh no cuirfear as oifig no thiocfaidh chun bheith dícháilithe no scuirfidh ar chúis ar bith de bheith ina bhall den chorparáid:

Ach aon togha den tsórt san a dhéanfaidh an coiste feidhmiúcháin beidh sé fé réir a dhaingnithe ag an gcorparáid ag an gcéad chruinniú bliantúil eile.

(2) Na daoine uile thoghfaidh an coiste feidhmiúcháin chun bheith ina ngobharnóirí measfar agus tuigfear, go dtí go ndaingneofar an togha san ag an gcéad chruinniú bliantúil eile, gur gobharnóirí iad fé is dá dtoghadh an chorparáid iad go cuibhe.

Teora le comhachta an choiste fheidhmiúcháin.

14. —Ní dhéanfaidh éinní atá san Acht so údarás no comhacht do thabhairt don choiste fheidhmiúcháin chun an mháistir, an rúnaí oinigh no an chisteora oinigh do thogha no do chur as oifig ná chun duine ar bith do thogha mar ghobharnóir ach amháin mar a foráltar le halt 13 den Acht so.

Cruinnithe den choiste fheidhmiúcháin.

15. —(1) Tiocfaidh an coiste feidhmiúcháin le chéile uair sa mhí san óspidéal no in áit chaothúil eile pé lá chinnfidh an coiste feidhmiúcháin agus féadfar agus déanfar cruinnithe eile agus cruinnithe speisialta den choiste fheidhmiúcháin do ghairm le chéile agus do thionól ar iarratas an mháistir no an rúnaí oinigh no ar iarratas aon trí bhall den choiste sin. Cúig baill den choiste fheidhmiúcháin is quorum ag gach cruinniú den choiste sin. Is le móráireamh, de vótanna na ndaoine bheidh i láthair agus a vótálfaidh, a socrófar ceisteanna eireoidh ag aon chruinniú den choiste fheidhmiúcháin agus i gcás có-ionnannas vótanna beidh an dara vóta no vóta réitigh ag an gcathaoirleach.

(2) Isé bheidh mar chathaoirleach ar gach cruinniú den choiste fheidhmiúcháin ná Ard-Easbog Caitliceach Bhaile Atha Cliath de thurus na huaire no, má bhíonn seisean as láthair, Ard-Mhéire Bhaile Atha Cliath de thurus na huaire no, má bhíd araon as láthair, pé duine dá mbaill a thoghfaidh an coiste feidhmiúcháin ag á gcéad chruinniú gach bliain chun bheith ina leas-chathaoirleach air. Má bhíonn an triúr san roimhráite as láthair déanfaidh na gobharnóirí bheidh i láthair duine dá líon féin do thogha chun bheith ina chaothaoirleach ar an gcruinniú agus i gcás dhá ghobharnóir no níos mó d'fháil an méid céanna vótanna cinnfear le crannchur ce'ca aca bheidh ina chathaoirleach.

Bainistí ghenerálta an óspidéil do bheith ar an máistir idir chruinnithe den choiste fheidhmiúcháin.

16. —Na forálacha den Chairt a chuireann bainistí ghenerálta an óspidéil ar an máistir i rith na dtréimhsí idir chruinnithe den chorparáid léighfear agus léireofar iad mar fhorálacha bhaineann leis na tréimhsí idir chruinnithe den choiste fheidhmiúcháin.

Freagarthacht leithleach ghobharnóirí agus slánú an choiste fheidhmiúcháin.

17. —Ní bheidh aon ghobharnóir freagarthach i ngníomhartha, i bhfáltaisí, i bhfaillíocha ná i dteipeanna aon ghobharnóra eile ná aon oifigigh no seirbhísigh don chorparáid ná in aon chailliúint a thiocfaidh de dheascaibh cistí an óspidéil do shúncáil aon uair ar urrús nea-dhóthanach no de dheascaibh aon earráide breithiúnais ina pháirt féin no i bpáirt aon ghobharnóra eile agus beidh baill an choiste fheidhmiúcháin i dteideal iad do shlánú alos na bhfiachaisí uile fé n-a raghaid thar ceann na corparáide.

Scríbhinní neamh-fhuirmeálta do chríochnú.

18. —D'ainneoin éinní contrárdha dho san atá sa Chairt beidh scríbhinní neamh-fhuirmeálta no scríbhinní tráchtála is gá i ngnáthriarachán na corparáide, ar a n-áirmhítear seiceanna, críochnuithe go dóthanach agus go dleathach má bhíd sighnithe ag gobharnóir amháin (is ball den choiste fheidhmiúcháin) agus ag an gcisteoir oinigh no ag an rúnaí oinigh no ag pé duine eile, in ionad an chisteora oinigh no an rúnaí oinigh, a cheapfaidh an coiste feidhmiúcháin.

Cruinniú speisialta den chorparáid tar éis an Achta do rith.

19. —Chó luath agus a bheidh sé caothúil tar éis an Achta so do rith tionólfar cruinniú speisialta den chorparáid chun na ngnáthbhall den choiste fheidhmiúcháin do thogha.

Costaisí an Achta.

20. —Na costaisí, na héilithe agus na caiteachaisí fé n-a ndeachthas roimh an Acht so d'ullamhú, d'fháil agus do rith no bhaineann no ghabhann leis na nithe sin íocfaidh an chorparáid iad as cistí na corparáide.

Gearr-theideal.

21. —Féadfar Acht an Ospidéil Mháithreachais Náisiúnta, Baile Atha Cliath (Leasú ar an gCairt), 1936, do ghairm den Acht so.