Ar Aghaidh (CEAD SCEIDEAL.)

1 1938


Uimhir 1 (Príobháideach) de 1938.


ACHT SCOILEANNA ERASMUS SMITH, 1938.


ACHT CHUN NA LEITREACHA PAITINNE AGUS AN REACHTA BHAINEAS LEIS NA SCOILEANNA DO BHUNUIGH ERASMUS SMITH, ESQUIRE, DO LEASÚ AGUS CHUN COMHACHTA DO THABHAIRT DO GHOBHARNÓIRÍ NA SCOILEANNA SAN CHUN CÓ-AONTUITHE ÁIRITHE DO RINNEADAR LE PRÍOMH-ATURNAE SHAORSTÁIT ÉIREANN DO CHUR IN ÉIFEACHT, AGUS CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH MAOINEACHTAÍ NA SCOILEANNA SAN DO CHUR CHUN CRÍCHE, AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE BHAINEAS LEIS NA NITHE SIN. [13adh Abrán, 1938.]


DE BHRÍ go ndearnadh, le Leitreacha Paitinne o Rí Séarlas a Dó dar dáta an 26adh lá de Mhárta, 1669, Gobharnóirí na Scoileanna do bhunuigh Erasmus Smith, Esquire, d'ionchorprú fén ainm sin agus comhacht do thabhairt dóibh chun maoineachtaí do ghlacadh agus do shealbhú agus chun an chéanna d'úsáid i gcóir agus i dtaobh na Scoileanna san agus chun crícheanna eile luaidhtear sna Leitreacha san;

AGUS DE BHRÍ go ndearnadh o am go ham comhachta na nGobharnóirí sin do leasú agus do leathnú leis an Reacht agus leis na Leitreacha Paitinne o Rí Liam a Ceathair dá dtagartar sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so;

AGUS DE BHRÍ gur thárla, toisc atharú do theacht ar chúrsaí an tsaoil agus ar chúrsaí an cháis, gur cirigh amhras maidir le húsáid chuibhe na maoineacht san agus an ioncuim asta, agus le foirfheidhmiú rialachán áirithe atá sna Leitreacha Paitinne sin o Rí Séarlas a Dó, agus le nithe iomdha eile;

AGUS DE BHRÍ go ndearna na Gobharnóirí sin, d'fhonn deireadh do chur leis an amhras san, Aicsean do bhunú i gcoinnibh Príomh-Atúrnae Shaorstáit Éireann le Gairm dar dáta an 12adh lá de Mhí na Samhna, 1929;

AGUS DE BHRÍ go ndearna na Gobharnóirí sin Athchomharc i gcoinnibh Breithe agus Orduithe na hArd-Chúirte Breithiúnais san Aicsean san;

AGUS DE BHRÍ go raibh an tAthchomharc san i gcoinnibh breithe agus Orduithe na hArd-Chúirte san Aicsean san ar feitheamh sa Chúirt Uachtaraigh ar dháta an Toilithe luaidhtear anso ina dhiaidh seo;

AGUS DE BHRÍ go ndearnadh Toiliú san Aicsean san an 12adh lá de Mheitheamh, 1937, idir na Gobharnóirí sin agus Príomh-Atúrnae Shaorstáit Éireann ina leagtar amach an Có-aontú do rinneadh idir na Gobharnóirí sin agus Príomh-Atúrnae Shaorstáit Éireann d'fhonn deireadh do chur leis an gcúis dlí sin, tuilleadh caiteachais do sheachaint agus socrú dhéanamh i dtaobh na maoineacht san d'úsáid agus i dtaobh a riartha feasta;

AGUS DE BHRÍ le hOrdú ón gCúirt Uachtaraigh do rinneadh san Aicsean san agus dar dáta an 23adh lá de Mheitheamh, 1937, gur orduigh an Chúirt ar an Toiliú san do léigheamh éisteacht an Athchomhairc sin agus gach imeacht ina dhiaidh sin do stop;

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé oiriúnach comhacht do thabhairt do sna Gobharnóirí sin chun an Chó-aontuithe atá sa Toiliú san do chur in éifeacht, agus deireadh do chur le gach amhras i dtaobh riartha na maoineacht san, agus socrú dhéanamh i dtaobh a riartha feasta;

AGUS DE BHRÍ nach féidir na crícheanna roimhráite do chur in éifeacht gan údarás ón Oireachtas;

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

Gearr-theideal.

1. —Féadfar Acht Scoileanna Erasmus Emith, 1938, do ghairm den Acht so.

Mínithe.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “na Gobharnóirí” Gobharnóirí na Scoileanna do bhunuigh Erasmus Smith, Esquire;

cialluíonn an abairt “na hIonstruimí Fundúireachta” na Leitreacha Paitinne agus an Reacht a luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so;

cialluíonn an abairt “na maoineachtaí” an mhaoin uile, réalta no pearsanta, atá ar seilbh ag na Gobharnóirí mar Ghobharnóirí den tsórt san adubhradh;

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Oideachais;

cialluíonn an abairt “an Có-aontú” an Có-aontú atá sa Toiliú atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

An Có-aontú idir na Gobharnóirí agus Príomh-Atúrnae Shaorstáit Éireann do dhaingniú.

3. —Deintear leis seo an Có-aontú do dhaingniú, agus dá réir sin beidh sé dleathach do sna Gobharnóirí an Có-aontú san do chur in éifeacht agus gach gníomh no ní do dhéanamh is gá no is oiriúnach chuige sin, agus go sonnrách, agus fé réir na n-íocaíocht san a luaidhtear sa Chó-aontú, an mhaoin agus na cistí atá leagtha amach sa dara sceideal a ghabhann leis do leithliú agus d'aistriú chun an Aire chun na gcrícheanna luaidhtear ann.

Maoineachtaí d'úsáid..

4. —Beidh sé dleathach do sna Gobharnóirí, tar éis na n-íocaíocht agus an leithlithe agus an aistrithe luaidhtear san alt deiridh sin roimhe seo do dhéanamh, agus tar éis na gcostas agus na gcaiteachas a bhaineann leis an Acht so d'íoc mar a foráltar anso ina dhiaidh seo, na maoineachtaí bheidh ar láimh acu, agus toradh díola an mhéide sin acu is oiriúnach leo tráth ar bith do dhíol, agus na suncálanna in aghaidh an chéanna, agus an t-ioncum asta d'úsáid o am go ham chun gach críche no aon chríche chun ar úsáid na Gobharnóirí na maoineachtaí tráth ar bith go dtí so no i gcóir no i dtaobh oideachais (le n-a n-áirmhítear múineadh teagaisc Phrotastúnaigh) i pé slí agus i pé áit no áiteanna in Éirinn is oiriúnach leis na Gobharnóirí as a gcomhairle féin: Ar choinníoll ná déanfar, agus na maoineachtaí á n-úsáid agus á riaradh go generálta, agus go sonnrách maidir le mic léighinn do leigint isteach i Scoileanna bheidh á mbainistí ag na Gobharnóirí, agus le scoláireachtaí sna Scoileanna san agus duais-dheontaisí i gColáiste na Tríonóide, Baile Atha Cliath, do bhronnadh, agus le máistrí conganta do cheapadh, duine ar bith d'aon aicme Phrotastúnach do dhúnadh amach o thairbhe an chéanna mar gheall ar a chreideamh ná a chur fhiachaint air ná a thabhairt air, go díreach ná go nea-dhíreach, déanamh do réir teagaisc no cleachttha aon Eaglaise ná bheith i láthair ag Seirbhísí aon Eaglaise seachas an Eaglais le n-a mbaineann sé: Ar choinníoll fós go dtabharfar caoi réasúnta i ngach Scoil fé leith acu san i rith an ama bheidh ceaptha i gcóir teagaisc chreidimh chun a chur ar chumas gach mic léighinn an teagasc creidimh sin d'fháil a bheidh curtha ar fáil ag an Eaglais le n-a mbaineann sé, agus go ndéanfar, i gcás lucht iostais, caoi thabhairt dóibh ar an Domhnach chun bheith i láthair ag Seirbhísí luaidhte a nEaglaise féin má bhíonn pobal den Eaglais sin sa chomharsanacht.

Deireadh do chur le cúrsaí dlí.

5. —O am an Achta so do rith agus dá éis sin ní bunófar aon aicsean ná imeacht eile maidir le riaradh na maoineacht ag na Gobharnóirí roimh an Acht so do rith.

Leitreacha Paitinne agus Reacht do leasú.

6. —Tuigfear forálacha na nIonstruimí Fundúireachta do bheith leasuithe agus leasuítear leis seo iad sa mhéid gur gá san chun lánéifeacht do thabhairt d'fhorálacha an Achta so agus an Chó-aontuithe, agus i gcás aon bhuiniscionntachta is ag forálacha an Achta so agus an Chó-aontuithe bheidh forlámhas.

Costaisí an Achta.

7. —Na costaisí, na héilithe agus na caiteachaisí fé n-a ndeachthas roimh ré chun an Achta so d'ullamhú, d'fháil agus do rith agus a bhaineas agus a ghabhas leis sin íocfaidh na Gobharnóirí as na maoineachtaí iad.