|
|||||
|
| Ar Aghaidh (SCEIDEAL.) |
| [EN] | ||
Uimhir 1 (Príobháideach) de 1941. | ||
| [EN] |
ACHT DAINGNITHE ORDUITHE SHEALADAIGH ÓN ROINN RIAGHALTAIS ÁITEAMHAIL AGUS SLÁINTE POIBLIDHE, 1941. | |
[An tionntódh oifigeamhail.] | ||
ACHT CHUN DAINGNIÚ DO DHÉANAMH AR ORDÚ SEALADACH CHATHAIR BHAILE ATHÁ CLIATH (TEORA DO LEATHNÚ), 1941. [17adh Iúl, 1941.] | ||
DE BHRÍ go bhfuil an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe tar éis Ordú Sealadach Chathair Bhaile Atha Cliath (Teora do Leathnú), 1941, atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so do dhéanamh go cuibhe fén Acht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930): | ||
AGUS DE BHRÍ ná beidh éifeacht ag an Ordú san, fé fhorálacha an Achta san, mara ndeinidh ná go dtí go ndéanfaidh an tOireachtas é dhaingniú: | ||
ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:— | ||
| [EN] |
An t-Ordú sa Sceideal do dhaingniú. |
1. —Daingnítear leis seo an tOrdú atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus beidh lán-bhailíocht agus lán-fheidhm ag á fhorálacha uile. |
| [EN] |
Gearr-theideal. |
2. —Féadfar an tAcht Daingnithe Orduithe Shealadaigh ón Roinn Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe, 1941 , do ghairm den Acht so. |