Ar Aghaidh (SCEIDEAL. Ordu Chuan Phortlairge, 1941.)

2 1941


Uimhir 2 (Príobháideach) de 1941.


ACHT DAINGNITHE ORDUITHE SHEALADAIGH UM PIARA AGUS CUAN, 1941.

[An tionntódh oifigeamhail.]


ACHT CHUN ORDÚ CHUAN PHORTLÁIRGE, 1941, DO DHAINGNIÚ. [10adh Mí na Nodlag, 1941.]

DE BHRÍ go bhfuil an tAire Tionnscail agus Tráchtála tar éis Ordú Chuan Phortláirge, 1941, atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so, do dhéanamh go cuibhe fén General Pier and Harbour Act, 1861, agus fén General Pier and Harbour Act, 1861, Amendment Act, 1862, ar n-a n-oiriúnú le hachtacháin ina dhiaidh sin no fútha:

AGUS DE BHRÍ fé fhorálacha na nAchtanna san ar n-a n-oiriúnú amhlaidh ná beidh aon bhailíocht ná feidhm ar bith ag an Ordú san mara ndeinidh ná go dtí go ndéanfaidh an tOireachtas é do dhaingniú:

ACHTUIGHEADH AN tOIREACHTAS AR AN ÁBHAR SAN MAR LEANAS:—

An tOrdú sa Sceideal do dhaingniú.

1. —Daingnítear leis seo an tOrdú atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus beidh lán-bhailíocht agus lánfheidhm ag á fhorálacha uile.

Gearr-theideal.

2. —Féadfar an tAcht Daingnithe Orduithe Shealadaigh um Piara agus Cuan, 1941 , do ghairm den Acht so.