An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CHEAD SCEIDEAL Ordú Sláintíochta Poirt Chorcaighe, 1943.)

1 1944

AN tACHT DAINGNITHE ORDUITHE SEALADACHA ÓN ROINN RIALTAIS ÁITIÚIL AGUS SLÁINTE POIBLÍ, 1944

AN DARA SCEIDEAL.

Ordú Sealadach Chathair Phortláirge (Leathnú Teorann), 1944.

DE BHRÍ go ndearna Méara, Seanóirí agus Buirgéisigh Phortláirge, agus iad ag gníomhú tríd an gComhairle, an 15ú lá de Dheireadh Fómhair, 1942, a chur fé ndeár, de bhun fó-ailt (1) d'alt 36 d'Acht Bainistí Chathair Phortláirge, 1930, achainí do thíolacadh don Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí (dá ngairmtear “an tAire” anso feasta), do dhéanamh iarratais ar ordú sealadach ag leathnú teorann Chathair Phortláirge i slí go gcuirfear leis an gCathair sin an chuid sin de Chontae. Riaracháin Phortláirge tuairiscítear sa Sceideal ghabhas leis seo:

AGUS DE BHRÍ go ndearna an tAire, tar éis dó an t-iarratas san d'fháil, a chur fé ndeár fiosrúchán áitiúil i dtaobh abhair an iarratais sin do chur ar siúl agus gur bhreithnigh aon chúiseanna pléadh leis ag Comhairle Chontae Riaracháin Phortláirge:-

AGUS DE BHRÍ gur dóigh leis an Aire gur ceart éifeacht do thabhairt don togra a bhí san iarratas san ach modhnú bheith déanta air agus na forála atá san Ordú so do dheanamh i dtaobh na nithe luaitear i mír (b) d'fhó-alt (4) den alt san 36:

ANOIS AR AN ÁBHAR SAN, i bhfeidhmiú na gcumhacht a dílsítear ann le halt 36 d'Acht Bainistí Chathair Phortláirge, 1939 , agus i bhfeidhmiú gach cumhachta eile lena gcuirtear so ar a chumas, ordaíonn an tAire leis seo mar leanas, sé sin le rá:—

1. Féadfar Ordú Sealadach Chathair Phortláirge (Leathnú Teorann), 1944, do ghairm den Ordú so.

2. Tiocfaidh an tOrdú so i bhfeidhm an lá (lá dá ngairmtear “tosach feidhme an Orduithe seo” anso feasta) a rithfear an tAcht ag daingniú an Orduithe seo nó an 1ú lá d'Abrán, 1944, pé lá acu is déanaí.

3. San Ordú so, mura n-éilíonn an comh-théacs a mhalairt—

ciallaíonn an abairt “an Bárdas” Méara, Seanóirí agus Buirgéisigh Phortláirge;

ciallaíonn an abairt “an Chomhairle Chontae” Comhairle Chontae Riaracháin Phortláirge;

ciallaíonn an abairt “an Chathair” Contae-bhuirg Phortláirge;

ciallaíonn an abairt “an Chontae” Contae Riaracháin Phortláirge;

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí;

ciallaíonn an abairt “an líomatáiste comh-cheangailte” an líomatáiste tuairiscítear sa Sceideal a ghabhas leis seo; agus

isí an chiall chéanna atá leis an abairt “an ráta cathartha” atá léi in Acht Bainistí Chathair Phortláirge, 1939 ;

ciallaíonn an abairt “an tsean-teora” teora Chontae-bhuirg Phortláirge fé mar do bhí an teora san díreach roimh thosach feidhme an Orduithe seo.

4. Ar thosach feidhme an Orduithe seo agus dá éis sin, déanfar an líomatáiste tuairiscítear sa Sceideal a ghabhas leis seo do scaradh ón gContae agus ó dhlínse agus ó chumhachta na Comhairle Contae agus do chur leis an gCathair agus as san amach beidh an líomatáiste sin sa Chathair agus ina chuid di chun gach críche agus leathnófar teora na Cathrach dá réir sin.

5. Aon choigeartú is gá do dhéanamh ar éinní nó ar aon rud idir an Bárdas agus an Chomhairle Chontae de dhruim an líomatáiste comh-cheangailte do chur leis an gCathair tríd an Ordú so déanfar é sa tslí foráltar le halt 19 den Acht Rialtais Áitiúil (Baile Átha Cliath), 1930, chun coigeartú do dhéanamh ar éinní nó ar aon rud maidir leis an tuath-líomatáiste comh-cheangailte a luaitear san Acht san; agus beidh feidhm dá réir sin ag forála an ailt sin gus na modhnuithe riachtanacha orthu.

6. (1) Chomh luath agus is féidir tar éis tosach feidhme an Orduithe seo, ullmhóidh an Coimisinéir Luachála i ndúbláid mapa, tarraingeofar do réir pé scála áisiúil agus ar pé méid áisiúil de leathanaigh ar leithligh a cheadóidh an tAire, a thaspánfas, ar shlí oiriúnach a cheadóidh an tAire, an líomatáiste comh-cheangailte agus an Chathair agus cuirfidh séala ar an dá dhúbláid den mhapa san agus déanfaidh ceann de na dúbláidí sin do lóisteáil i bpríomhoifig an Choimisinéara san agus an ceann eile de na dúbláidí sin do lóisteáil in oifigí an Bhárdais.

(2) Nuair a bheas na mapaí sin lóisteálta amhlaidh in oifigí sin an Choimisinéara san agus an Bhárdais fá seach coimeádfar sna hoifigí sin iad, agus beidh na mapaí sin nó cóipeanna dílse dhíobh ar nochtadh sna hoifigí sin lena n-iniúchadh in aisce ag duine ar bith aon am a bheas na hoifigí sin fá seach ar oscailt chun gnó poiblí do dhéanamh, agus beidh sé dleathach don Choimisinéir sin agus don Bhárdas fá seach cóip dhílis den mhapa san a bheas lóisteálta leis nó leo amhlaidh nó d'aon chuid áirithe dhe d'ullmhú agus do thabhairt d'aon duine iarrfas í, agus pé suim ordóidh an tAire, le ceadú an Aire Airgeadais, d'éileamh ar an gcóip sin.

(3) Beidh sé de dhualgas ar an gCoimisinéir sin agus ar an mBárdas fá seach, pé uair a cheanglós aon Chúirt Bhreithiúnais air nó orthu sin do dhéanamh, cóip dhílis den mhapa san nó d'aon chuid áirithe den mhapa bheas lóisteálta leis nó leo fán Airteagal so d'ullmhú agus do thaspáint don Chúirt sin agus an chóip sin d'fhíoradh don Chúirt sin le mionn oifigigh dá chuid nó dá gcuid oifigeach, agus, ar thaspáint agus ar fhíoradh aon chóipe den tsórt san amhlaidh don Chúirt sin, glacfaidh an Chúirt sin an chóip sin i bhfianaise agus air sin beidh an chóip sin ina fianaise dho-chlaíte ar theoranta an líomatáiste chomh-cheangailte (sa mhéid go dtaspánfar na teoranta san ar an gcóip sin) d'ainneoin aon difríochta do bheith idir an chóip sin agus an tuairisc atá sa Sceideal a ghabhas leis seo nó aon amhrais nó éiginnteachta do bheith sa tuairisc sin nó maidir leis an tuairisc sin do chur i mbaint le cás.

7. (1) Beidh éifeacht ag an teorainn seo leanas maidir le ráta cathartha lena mbaineann an fó-airteagal so do mheas ar ionoidhreacht nó tionóntachán a bheas sa líomatáiste comh-cheangailte, sé sin le rá, pé méid fán bpunt d'aon ráta den tsórt san a cruinneofar chun críoch seachas na críocha eiscithe mínítear anso ina dhiaidh seo ní raghaidh thar an suim iomlán fán bpunt den méid sin de na rátaí uile do bhí measta ar ionoidhreachta agus tionóntacháin (seachas talamh talmhaíochta) sa bhaile fearainn ina raibh an chéad ionoidhreacht nó tionóntachán san a luaitear in aghaidh nó alos na bliana dar tosach an lú lá d'Abrán, 1943, do cruinníodh chun críoch seachas costais fána ndeachaidh an Bord Cúnaimh Phoiblí do Cheanntar Cúnaimh Phoiblí Phortláirge d'íoc.

(2) Bainfidh fó-airteagal (1) den Airteagal so le gach ráta cathartha arna dhéanamh sa Chathair in aghaidh nó alos bliana roimh an mbliain dar tosach an lú lá d'Abrán, 1950.

(3) Is críocha eiscithe do réir bhrí an Airteagail seo na críocha so leanas, sé sin le rá:—

(a) costais fána ndeachaidh an Bord Cúnaimh Phoiblí do Cheanntar Cúnaimh Phoiblí Phortláirge d'íoc;

(b) costais fána ndeachthas nó éileamh a rinneadh fá aon Acht (seachas an tAcht ag daingniú an Orduithe seo) arna rith ag an Oireachtas tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1944, d'íoc.

An Sceideal dá dTagartar san Ordú san Roimhe seo.

Tuairisc na coda den Chontae a comh-cheangailtear leis an gCathair tríd an Ordú so.

1. Sa Sceideal so—

ciallaíonn an abairt “an t-iarnród” an t-iarnród ó Chathair Phortláirge go dtí an Tráigh Mhór;

ciallaíonn an abairt “an bóthar mór” an bóthar mór ó Chathair Phortláirge go dtí an Tráigh Mhór;

ciallaíonn an abairt “Bóithrín na Teorann” an bóithrín go dtí an t-iarnród ó phointe ar an mbóthar mór tuairim leath-mhíle ó Dhroichead na gCaorach arna thomhas fan an bhóthair mhóir i dtreo na Trágha Móire;

ciallaíonn an abairt “Droichead an Chabhsa” pointe láir na taoibhe thuaidh de Dhroichead an Chabhsa.

2. Isé bheas sa líomatáiste comh-cheangailte an líomatáiste sin uile laistigh den tsean-teorainn agus de líne ag tosnú ag an bpointe a ngearrann an tsean-teora trasna sconnsa thoir an iarnróid agus ag dul as san ina líne dhíreach go dtí Droichead an Chabhsa, as san fan teorann thuaidh agus thiar shean-bhóthar na Trágha Móire ar feadh 160 slat fan na teorann san i dtreo na Trágha Móire, as san ina líne dhíreach go siúnta líne láir Bhóithrín na Teorann agus teora thiar an bhóthair mhóir, as san fan líne láir Bhóithrín na Teorann go dtí sconnsa thiar an iarnróid, as san fan an sconnsa thiar go dtí Droichead na gCaorach, as san ina líne dhíreach go dtí teora bhaile fearainn Pháirc an Ríogh ag Droichead an Tuair, agus as san fan teorann an bhaile fearainn sin go dtí an tsean-teora.

/images/seal.jpg

Arna thabhairt fá Shéala Oifigiúil an Aire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí an cheád lá so d'Fheabhra, Míle Naoi gCéad a Ceathair Ceathrachad.

(Sínithe) SEÁN MAC AN tSAOI,

An tAire Rialtais Áitiúil agus Sláinte Poiblí.