Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Ordú Sealadach Chontae-Bhuirg Chorcaighe (Tórainn a Leathnú), 1954.)

1 1955


Uimhir 1 (Príobháideach) de 1955.


AN tACHT DAINGNITHE ORDUITHE SEALADACHA RIALTAIS ÁITIÚIL, 1955.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHAINGNIÚ ORDUITHE SHEALADAIGH CHONTAE-BHUIRG CHORCAIGHE (TÍRAINN A LEATHNÚ). 1954, ORDUITHE SHEALADAIGH CHOMHAIRLE CHONTAE LUGHBHAIDH (CUMHACHTA CHUN IASACHT D'FHÁIL), 1954, AGUS ORDUITHE SHEALADAIGH CHONTAE-BHUIRG PHORTLÁIRGE (TÓRAINN A LEATHNÚ), 1955. [16Márta, 1955.]

DE BHRÍ go bhfuil an tAire Rialtais Áitiúil tar éis Ordú Sealadach Chontae-Bhuirg Chorcaighe (Tórainn a Leathnú), 1954. atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo. a dhéanamh go cuí faoi Acht Bainistí Chathair Chorcaighe (Leasú). 1941 (Uimh. 5 de 1941). ach nach mbeidh éifeacht ag an Ordú sin go dtí go ndaingneoidh an tOireachtas é:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil an tAire sin tar éis Ordú Sealadach Chomhairle Chontae Lughbhaidh (Cumhachta chun Iasacht d'Fháil). 1954, atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, a dhéanamh go cuí faoin Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, ach nach mbeidh éifeacht ag an Ordú sin go dtí go ndaingneoidh an tOireachtas é:

AGUS DE BHRÍ go bhfuil an tAire sin tar éis Ordú Sealadach Chontae-Bhuirg Phortláirge (Tórainn a Leathnú). 1955. atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo. a dhéanamh go cuí faoi Acht Bainistí Chathair Phortláirge, 1939 (Uimh. 25 de 1939), ach nach mbeidh éifeacht ag an Ordú sin go dtí go ndaingneoidh an tOireachtas é:

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS AR AN ÁBHAR SIN MAR LEANAS:—

Daingniú Orduithe Shealadaigh Chontae-Bhuirg Chorcaighe (Tórainn a Leathnú), 1954.

1. —Daingnítear leis seo Ordú Sealadach Chontae-Bhuirg Chorcaighe (Tórainn a Leathnú), 1954. atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht so.

Daingniú Orduithe Shealadaigh Chomhairle Chontae Lughbhaidh (Cumhachta chun Iasacht d'Fháil), 1954.

2. —Daingnítear leis seo Ordú Sealadach Chomhairle Chontae Lughbhaidh (Cumhachta chun Iasacht d'Fháil). 1954, atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

Daingniú Orduithe Shealadaigh Chontae-Bhuirg Phortláirge (Tórainn a Leathnú), 1955.

3. —Daingnítear leis seo Ordú Sealadach Chontae-Bhuirg Phortláirge (Tórainn a Leathnú), 1955, atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

Gearrtheideal.

4. —Féadfar an tAcht Daingnithe Orduithe Sealadacha Rialtais Áitiúil, 1955 , a ghairm den Acht seo.