|
|||||
|
| Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Ordu Sealadach Chontae Chill Mhantain (Torainn a Leathnu), 1957.) |
| [EN] | ||
Uimhir 1 (Príobháideach) de 1957. | ||
| [EN] |
ACHT DAINGNITHE ORDUITHE SHEALADAIGH RIALTAIS ÁITIÚIL, 1957. | |
[An tiontó oifigiúil.] | ||
ACHT DO DHAINGNIÚ ORDUITHE SHEALADAIGH CHONTAE CHILL MHANTÁIN (TÓRAINN A LEATHNÚ), 1957. [1 Iúil, 1957.] | ||
DE BHRÍ go bhfuil an tAire Rialtais Áitiúil tar éis Ordú Sealadach Chontae Chill Mhantáin (Tórainn a Leathnú), 1957, atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, a dhéanamh go cuí faoin Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, ach nach mbeidh éifeacht ag an Ordú sin go dtí go ndaingneoidh an tOireachtas é: | ||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS AR AN ÁBHAR SIN MAR LEANAS:— | ||
| [EN] |
Daingniú. |
1. —Daingnítear leis seo Ordú Sealadach Chontae Chill Mhantáin (Tórainn a Leathnú), 1957, atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo. |
| [EN] |
Gearrtheideal. |
2. —Féadfar Acht Daingnithe Orduithe Shealadaigh Rialtais Áitiúil, 1957 , a ghairm den Acht seo. |