Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL.)

1 1964


Uimhir 1 (Príobháideach) de 1964.


ACHT CHOIMISINÉIRÍ CHUAN PHORT LÁIRGE (MAOIN A FHÁIL), 1964

[An tiontú oifigiúil.]


ACHT DO LEASÚ AN WATERFORD AND LIMERICK RAILWAY ACT, 1878, AGUS ALT 35 DEN WATERFORD HARBOUR ACT, 1919, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN COMHAONTÚ A DHÉANAMH BAILÍ AGUS I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [10 Meitheamh, 1964.]

Réamhrá.

DE BHRÍ, le halt 4 den Waterford and Limerick Railway Act, 1878, gur údaraíodh don Waterford and Limerick Railway Company caladh a thógáil i bPort Láirge agus gur measadh le halt 6 den Acht sin gur chuid de ghnóthas agus de mhaoin na Cuideachta sin an caladh sin;

AGUS DE BHRÍ, le halt 7 (a) den Acht sin, gur foráladh, nuair a bheadh an caladh sin críochnaithe go raibh an pháirt thoir theas de mar a mhínítear san alt sin 7 le húsáid ag an gCuideachta agus ag an bpobal araon, agus faoi réir úsáid na Cuideachta go raibh sí le bheith faoi dhlínse agus faoi rialú agus faoi bhainistí Bhardas Phort Láirge, saor ó dhola don Chuideachta, mar a bhí na céanna agus na sráideanna poiblí eile i mBuirg Phort Láirge, agus faoi mhír (c) den alt sin gur foráladh fairis sin go mbeadh ar an gCuideachta an méid de ród nó de dhromchla an chalaidh sin a bhí idir na línte ráillí a leagadh síos air a choimeád agus a dheisiú agus go mbeadh ar Bhardas Phort Láirge an chuid eile den pháirt thoir theas den chaladh sin a chothabháil agus a choimeád i ndeisriocht agus a shoilsiú;

AGUS DE BHRÍ go bhfuil an rochtain chuig an gcaladh sin a thugtar trí bhealach dá ngairtear Salvation Lane, agus a bhfuil cuid de á iompar ag droichead thar an iarnród, ar úinéireacht i gcomhpháirt ag Córas Iompair Éireann agus ag an Fishguard and Rosslare Railways and Harbours Company;

AGUS DE BHRÍ ó tógadh an caladh sin go bhfuil sé á úsáid ag Coimisinéirí Chuan Phort Láirge i ndáil le luchtú agus díluchtú long i gCalafort Phort Láirge;

AGUS DE BHRÍ go bhfuil an pháirt thoir theas den chaladh sin, atá déanta d'adhmad, i ndrochriocht agus gur gá í a bhaint anuas agus caladh nua-aimseartha a thógáil uirthi;

AGUS DE BHRÍ go gcomhaontaíonn Córas Iompair Éireann, mar chomharbaí ar an Waterford and Limerick Railway Company, agus Bardas Phort Láirge gur ceart an pháirt thoir theas sin den chaladh sin a bheith ar úinéireacht, faoi bhainistí agus faoi rialú ag Coimisinéirí Chuan Phort Láirge mar Údarás Poirt agus iad araon a shaoradh óna n-oibleagáidí reachtúla faoi alt 7 den Waterford and Limerick Railway Act, 1878, agus gur ceart a údarú do Chóras Iompair Éireann a n-eastát agus a leas sa pháirt thoir theas sin den chaladh sin a aistriú chuig Coimisinéirí Chuan Phort Láirge agus a údarú do Chóras Iompair Éireann agus don Fishguard and Rosslare Railways and Harbours Company an bealach sin dá ngairtear Salvation Lane a aistriú chuig Bardas Phort Láirge;

AGUS DE BHRÍ gur foráladh le halt 35 (1) (b) den Waterford Harbour Act, 1919, go mbeadh ar Choimisinéirí Chuan Phort Láirge ranníoc bliantúil a dhéanamh le Bardas Phort Láirge nach rachadh thar £150 in aon bhliain áirithe i leith chostas cothabháilte na páirte thoir theas sin den chaladh sin ag an mBardas agus gur foráladh fairis sin faoi fho-alt 2 den Acht sin mura gcomhaontófaí ar mhéid an ranníoca bhliantúil sin go mbeadh sé, d'éagmais comhaontaithe, le socrú trí eadráin;

AGUS DE BHRÍ go bhfuil Coimisinéirí Chuan Phort Láirge agus Bardas Phort Láirge tar éis comhaontú go scoirfeadh an ranníoc bliantúil sin faoin alt sin 35 de bheith iníoctha ar dháta an Achta seo a rith agus go nurscaoilfí na Coimisinéirí Cuain ó gach oibleagáid chun íoctha aon riaráistí sna ranníocaí bliantúla a bheadh fágtha gan íoc an uair sin;

AGUS DE BHRÍ go ndearna Córas Iompair Éireann sa bhliain 1947 caladh nua a thógáil ar pháirt den chaladh nó den ché sin a údaraíodh amhlaidh le halt 4 den Waterford and Limerick Railway Act, 1878, a dúradh, agus gur ranníoc Coimisinéirí Chuan Phort Láirge suim £25,000 i leith chostas an chalaidh nua sin;

AGUS DE BHRÍ go bhfuil an caladh nua sin anois ar cheann de na príomhchalaí i gCalafort Phort Láirge chun longa a luchtú agus a dhíluchtú agus gur foráladh go mbeadh saor-rochtain chuige ag an bpobal gach tráth faoi Chomhaontú a rinneadh san am sin idir Córas Iompair Éireann agus Coimisinéirí Chuan Phort Láirge;

AGUS DE BHRÍ gur chomhaontaigh Córas Iompair Éireann an caladh nua sin maraon leis an trealamh air a dhíol le Coimisinéirí Chuan Phort Láirge ar shuim £22,000 agus gur foráladh faoi théarmaí an díola go mbeadh cearta áirithe thar an gcaladh nua sin ar fhorcoimeád do Chóras Iompair Éireann i ndáil le cothabháil a ráillí iarnróid ar an gcaladh nua sin agus le luchtú agus folmhú vaigíní air agus freisin i ndáil leis an taobhlach iarnróid ar chúl an chalaidh nua sin agus go bhfuil an céanna sa Chomhaontú atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an mBille;

AGUS DE BHRÍ gur chomhaontaigh Córas Iompair Éireann freisin le Coimisinéirí Chuan Phort Láirge d'fhonn breis cóiríochta stórála a thabhairt go n-aistreodh Córas Iompair Éireann chuig na Coimisinéirí giodán beag talún ar chúl na páirte thoir theas sin den chaladh sin ar giodán é nach bhfuil ag teastáil anois ó Chóras Iompair Éireann chun críocha a ghnóthais;

AGUS DE BHRÍ gur chinn Coimisinéirí Chuan Phort Láirge go ndéanfar a luaithe is indéanta é tar éis dáta an Achta seo a rith an pháirt thoir theas sin den chaladh sin a bhaint anuas agus caladh nua a thógáil uirthi agus é a thabhairt amach ar aon líne leis an gcaladh nua atá tadhlach leis agus gur chomhaontaigh Coimisinéirí Chuan Phort Láirge agus Córas Iompair Éireann fairis sin go mbeadh cearta áirithe ar forcoimeád i bhfabhar Chóras Iompair Éireann chun ráillí iarnróid a leagan síos ar an gcaladh sin ar é a bheith tógtha agus go bhfuil na cearta sin sa chomhaontú sin atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an mBille;

AGUS DE BHRÍ gur gá agus gur riachtanach chun Calafort Phort Láirge a fhorbairt agus a fhairsingiú agus chun a chinntiú go n-oibreoidh sé go héifeachtach go bhfaigheadh Coimisinéirí Chuan Phort Láirge an pháirt thoir theas sin den chaladh sin, an caladh nua, agus an giodán talún sin ó Chóras Iompair Éireann agus go saorfaí iad ón ranníoc bliantúil sin;

AGUS DE BHRÍ go bhfuil sé fóirsteanach go gcumhachtófaí do Chóras Iompair Éireann agus don Fishguard and Rosslare Railways and Harbours Company na maointe sin a aistriú chuig Coimisinéirí Chuan Phort Láirge agus an bealach réamhráite dá ngairtear Salvation Lane a aistriú chuig Bardas Phort Láirge agus go saorfaí Córas Iompair Éireann agus Bardas Phort Láirge óna n-oibleagáidí reachtúla faoi alt 7 den Waterford and Limerick Railway Act, 1878, agus go ndearbhófaí an Comhaontú sin atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an mBille a bheith bailí agus go dtabharfaí lánfheidhm agus lánéifeacht dó;

AGUS DE BHRÍ nach féidir éifeacht a thabhairt do chríocha an Achta seo gan údarás ón Oireachtas:

AR AN ÁBHAR SIN ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallóidh an abairt “an Bardas” Méara, Seanóirí agus Buirgéisigh Phort Láirge;

ciallóidh an abairt “Na Coimisinéirí” Coimisinéirí Chuan Phort Láirge;

ciallóidh an abairt “an Bord” Córas Iompair Éireann;

ciallóidh an abairt “Cuideachta Fishguard” The Fishguard and Rosslare Railways and Harbours Company;

ciallóidh an abairt “Acht 1878” The Waterford and Limerick Railway Act, 1878;

ciallóidh an abairt “an pháirt thoir theas den Chaladh Thuaidh” an pháirt thoir theas den ché a thóg an Waterford and Limerick Railway Company de bhun na gcumhachtaí chuige sin a tugadh le halt 4 (b) d'Acht 1878 agus arb é a thomhas 60 troigh ar leithead agus 520 troigh nó mar sin ar fhad agus atá ag síneadh soir ón bhfoirceann síos le sruth den chaladh adhmaid leis an mBord atá tadhlach leis an gcaladh nua.

Aisghairm ar chuid den Waterford and Limerick Railway Act, 1878.

2. —(a) Aisghairtear leis seo Acht 1878 a mhéid a bhaineann sé leis an bpáirt thoir theas den Chaladh Thuaidh agus le cumhachtaí, dualgais agus údarás an Bhardais, na gCoimisinéirí agus an Bhoird ina leith sin.

(b) Saorfar an Bord agus Cuideachta Fishguard ó gach oibleagáid reachtúil maidir leis an maoin a shanntar agus a thíolactar de bhun an chomhaontaithe dá dtagraítear in alt 4 de seo.

An íocaíocht faoi alt 35 den Waterford Harbour Act, 1919, a fhoirceannadh.

3. —Scoirfidh an ranníoc bliantúil is iníoctha ag na Coimisinéirí leis an mBardas faoi alt 35 den Waterford Harbour Act, 1919, i leith costas cothabhála na páirte thoir theas den Chaladh Thuaidh de bheith iníoctha ar dháta an Achta seo a rith agus déantar leis seo na Coimisinéirí a urscaoileadh ó gach oibleagáid chun íoctha aon riaráistí sna ranníocaí sin a bheidh fágtha gan íoc an uair sin.

An Comhaontú a dhéanamh bailí.

4. —An Comhaontú atá forghníomhaithe cheana féin ag an mBardas, ag na Coimisinéirí, ag an mBord agus ag Cuideachta Fishguard, agus a bhfuil a théarmaí (gan an léarscáil i gceangal leis) leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis seo dearbhaítear leis seo gur comhaontú é atá bailí agus inchurtha i bhfeidhm, agus go measfar a fhorghníomhú a bheith faoi réim chumhachtaí na bpáirtithe sin faoi seach ann, agus déanfar na tíolacais agus na haistrithe dá bhforáiltear sa chomhaontú sin a chomhlánú laistigh de thrí mhí ó dháta an Achta seo a rith.

Eadránaithe a cheapadh.

5. —Má tharlaíonn aon easaontas idir na Coimisinéirí agus an Bord maidir leis an bhforáil a rinne na Coimisinéirí faoi chomhlíonadh aon cheart a thugtar don Bhord leis an gComhaontú a luaitear in alt 4, nó maidir leis an modh ina mbeidh nó na coinníollacha faoina mbeidh ceart den sórt sin le feidhmiú, cibé acu toisc nach n-aontóidh na Coimisinéirí le togra ón mBord nó nach gceadóidh siad é nó ar aon dóigh eile é, ansin agus i ngach cás den sórt sin, mura gcomhthoileoidh na Coimisinéirí agus an Bord le ceapadh eadránaí amháin, cuirfear an t-ábhar easaontais faoi bhráid bheirt eadránaí, a gceapfaidh na Coimisinéirí duine acu agus an Bord an duine eile.

Caiteachais.

6. —Beidh na costais, na muirir agus na caiteachais go léir a bhaineann agus a ghabhann leis an Acht seo a ullmhú, a iarraidh, a fháil agus a rith le híoc ag an mBord agus ag na Coimisinéirí i scaireanna comhionanna.

Gan dochar a dhéanamh do chearta an Stáit.

7. —Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo dochar ná difear do chearta an Stáit chun aon chodanna de ghrinneall nó d'urthrá Abhainn na Siúire a n-údaraítear leis an Acht seo agus leis an Sceideal a ghabhann leis iad a aistriú ón mBord chuig na Coimisinéirí.

Gearrtheideal.

8. —Féadfar Acht Choimisinéirí Chuan Phort Láirge (Maoin a Fháil), 1964 , a ghairm den Acht seo.