An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT CHOIMISINÉIRÍ CHUAN PHORT LÁIRGE (MAOIN A FHÁIL), 1964)

1 1964

ACHT CHOIMISINÉIRÍ CHUAN PHORT LÁIRGE (MAOIN A FHÁIL), 1964

AN SCEIDEAL.

Alt 4.

MEABHRÁN DE CHOMHAONTÚ a rinneadh an 13ú lá de Shamhain, 1962, IDIR CÓRAS IOMPAIR ÉIREANN (dá ngairtear “an Bord” anseo feasta) den Chéad pháirt, THE FISHGUARD AND ROSSLARE RAILWAYS AND HAR-BOURS COMPANY (dá ngairtear “Cuideachta Fishguard”) den Dara páirt, COIMISINÉIRÍ CHUAN PHORT LÁIRGE (dá ngairtear “na Coimisinéirí” anseo feasta) den Tríú páirt agus MÉARA, SEANÓIRÍ AGUS BUIRGÉISIGH PHORT LÁIRGE (dá ngairtear “an Bardas” anseo feasta) den Cheathrú páirt TRÍNA gCOMHAONTAÍTEAR MAR A LEANAS:—

1. (a) Déanfaidh agus tíolacfaidh an Bord agus Cuideachta Fishguard don Bhardas i bhfeo simplí saor ó eirí É SIN AGUS IAD SEO UILE an chuid sin den ród dá ngairtear Salvation Lane Port Láirge atá 35 throigh nó mar sin ar leithead agus a cheanglaíonn an pháirt thoir theas den Chaladh Thuaidh leis an gcuid sin den bhóthar poiblí a ghabhann ó Phort Láirge go Ros Mhic Treoin cé is moite den droichead a iompraíonn an ród sin thar an líne iarnróid (is leis an mBord agus le Cuideachta Fishguard i gcomhpháirt) agus atá faoi dhath gorm ar an léarscáil atá i gceangal leis seo.

(b) Déanfaidh an Bardas dromchla an bhóthair ar ród an droichid sin thar an líne iarnróid sin dá dtagraítear i gclásal (a) de seo a chothabháil agus é a choimeád in ordú i ndeisriocht agus i gcóir mhaith.

(c) Chun na gcríocha uile a bhaineann le cothabháil nó athnuachan an droichid sin féadfaidh an Bord gach tráth réasúnach ar fhógra a thabhairt do na Coimisinéirí agus don Bhardas dul isteach ar an maoin a tíolacadh do na Coimisinéirí agus don Bhardas agus féadfaidh más gá dromchla an bhóthair a luaitear i gclásal (b) de seo a bhriseadh agus féadfaidh freisin chun críocha na cothabhála nó na hathnuachana sin an droichead a dhúnadh ar thrácht go hiomlán nó go páirteach ar feadh cibé tréimhse is gá de réir réasúin chun na críche sin agus athchóireoidh an Bord dromchla an bhóthair sin a briseadh amhlaidh.

2. Déanfaidh an Bord:—

(i) Sannadh saor ó eirí do na Coimisinéirí

(a) AR É SIN AGUS IAD SEO UILE an giodán talún sin is cuid d'urthrá agus de ghrinneall abhainn na Siúire faoi íochtar láin leis an gcaladh de choincréit athneartaithe dá ngairtear an Caladh Nua atá tógtha air agus atá ar teachtadh faoi Léas dar dáta an 5ú lá de Bhealtaine 1948— na Coimisinéirí chuig an mBord ar feadh téarma 98 mbliana ón 1 Aibreán 1947 ar chíos bliantúil £1 agus atá faoi dhath liath ar an léarscáil atá i gceangal leis seo.

(ii) Deonú agus Tíolacadh i bhfeo simplí saor ó eirí do na Coimisinéirí

(b) AR É SIN AGUS IAD SEO UILE an giodán talún faoi bhun agus os cionn uachtar láin atá ar thaobh an bhruacha den ghiodán talún dá dtagraítear i gclásal 2 (i) (a) de seo leis an gcaladh de choincréit athneartaithe dá ngairtear an Caladh Nua atá tógtha ar chuid den chéanna agus atá faoi dhath buí agus dearg ar an léarscáil atá i gceangal leis seo.

(c) AR É SIN AGUS IAD SEO UILE an giodán talún sin arb é atá ann cuid d'urthrá agus de ghrinneall Abhainn na Siúire faoi uachtar láin agus an giodán talún sin os cionn uachtar láin ar thaobh an bhruacha de atá 90 troigh ar fhad agus 60 troigh ar leithead leis an gcaladh adhmaid ar an gcuid den chéanna atá ar thaobh na habhann agus é ag síneadh soir ón bhfoirceann síos le sruth den Chaladh Nua agus ag teagmháil leis an bhfoirceann in aghaidh srutha den pháirt thoir theas den Chaladh Thuaidh agus atá faoi dhath bándearg ar an léarscáil atá i gceangal leis seo.

(d) AR É SIN AGUS IAD SEO UILE an giodán talún sin arb é atá ann cuid d'urthrá agus de ghrinneall Abhainn na Siúire faoi bhun uachtar láin agus an giodán talún sin os cionn uachtar láin ar thaobh an bhruacha de leis an gcaladh adhmaid ar an gcuid den chéanna atá ar thaobh na habhann dá ngairtear an pháirt thoir theas den Chaladh Thuaidh agus atá faoi dhath donn ar an léarscáil atá i gceangal leis seo.

(e) AR É SIN AGUS IAD SEO UILE an giodán talún sin 300 troigh ar fhad agus 6 throigh ar leithead (cé is moite de chuid bheag de ag an gceann thiar atá 15 throigh ar leithead) atá ar an taobh Thuaidh den bhalla a scarann an pháirt thoir theas den Chaladh Thuaidh ó áitreabh an Bhoird agus atá faoi dhath uaine ar an léarscáil atá i gceangal leis seo.

(f) Déanfaidh an Bord na giodáin talún sin faoi seach dá dtagraítear sa chlásal seo a shannadh agus a thíolacadh faoi réir na gcíosanna (más ann) agus na gcúnant agus na gcoinníollacha sna Gníomhais faoi seach faoina bhfuil an céanna faoi seach ar teachtadh ag an mBord anois.

(iii) Aistriú go hiomlán chuig an Coimisinéirí saor ó eírí

(a) ar cheithre chrann tógála leis an trealamh go léir a úsáidtear i ndáil leo maraon le páirteanna breise agus buicéid;

(b) ar dhroichead meáchain maraon le páirteanna breise don chéanna;

(c) ar scáthláin, both, stór rópaí agus leithris na ndugairí.

3. Beidh sé de cheart ag an mBord gach tráth an taobhlach iarnróid ar an talamh atá ar chúl an Chaladh Nua agus tadhlach leis agus faoi dhath dearg ar an Léarscáil atá i gceangal leis seo a choimeád agus a úsáid eisiatach a bheith acu chun na gcríocha uile a bhaineann le gnóthas an Bhoird maraon leis an gceart chun earraí agus marsantas a luchtú isteach i bhfeithiclí bóthair agus a dhíluchtú amach astu ag an taobhlach sin agus beidh saor-rochtain gan bhac chuig an taobhlach sin ag na feithiclí sin gach tráth chun na críche réamhráite.

4. Ceadóidh na Coimisinéirí don Bhord fad a theastóidh sin ón mBord úsáid na línte ráillí ar an gCaladh Nua sin (dá ngairtear línte na ráillí vaigíní anseo feasta) a bheith aige chun rothra iarnróid an Bhoird a ghluaiseacht, maraon lena bhfuil ann de sheachráillí, de luamháin aistrithe, de thrasráillí, agus de ghaireas agus d'fhearas chun an céanna a oibriú.

5. Faoi réir a bhforáiltear anseo ina dhiaidh seo déanfaidh an Bord gach tráth ina dhiaidh seo línte na ráillí vaigíní sin agus na seachráillí, na luamháin aistrithe, na trasráillí, an gaireas agus na fearais, a úsáidtear ag oibriú línte na ráillí vaigíní sin a choimeád i ndeisriocht agus in ord maith oibre.

6. Ní dhéanfaidh an Bord tráth ar bith ina dhiaidh seo línte na ráillí vaigíní sin a úsáid ar dhóigh a chuirfeadh bac go míréasúnta ar thrácht eile ar an gCaladh Nua sin.

7. Cinnteoidh na Coimisinéirí go mbeidh dóthain spáis ar fáil gach tráth ar an gCaladh Nua sin chun go bhféadfaidh tarracóir siuntála oibriú go héifeachtach.

8. Ní bheidh meáchan luchtaithe iomlán na vaigíní a bheidh aon tráth áirithe ag úsáid línte na ráillí vaigíní ar an gCaladh Nua níos mó ná acmhainn iompair an Chalaidh Nua, agus má bhaineann aon damáiste do na Coimisinéirí mar gheall ar an Bord úsáid a bhaint as vaigíní a mbeidh a meáchan luchtaithe iomlán níos mó ná an acmhainn sin dlífidh an Bord an damáiste sin a shlánú do na Coimisinéirí.

9. Ceadóidh na Coimisinéirí gach tráth d'fhostaithe an Bhoird dul isteach ar an gCaladh Nua sin chun línte na ráillí vaigíní sin a dheisiú agus freisin chun innill siúntála agus stoc iarnróid a oibriú ar an gcéanna.

10. (a) Beidh sé de cheart ag an mBord, má atógann agus má fhairsingíonn na Coimisinéirí an pháirt thoir theas den Chaladh Thuaidh agus an chuid 90 troigh dá dtagraítear i gclásal 2 (ii) (c) den chomhaontú seo agus nuair a bheidh sin déanta acu, línte ráillí a leagan síos lena n-úsáid ag rothra iarnróid an Bhoird (dá ngairtear “ráillí” anseo feasta) le seachráillí, luamháin aistrithe, agus trasráillí oiriúnacha, agus le gach gaireas agus fearas chun an céanna a oibriú, ar cibé coinníollacha ar a gcomhaontoidh na Coimisinéirí agus an Bord ach na Coimisinéirí a bheith tar éis comhaontú leis na pleananna do na línte ráillí sin agus tar éis iad a cheadú sula dtosófar ar obair thógála an chéanna.

(b) Má bhíonn agus nuair a bheidh sé ar intinn ag na Coimisinéirí an atógáil agus an fairsingiú dá dtagraítear anseo roimhe seo a dhéanamh déanfaidh siad an obair ar cibé modh agus de réir cibé dearadh a fhágfaidh go mbeidh sé indéanta agus infheidhme ag an mBord ráillí a leagan air agus an céanna a oibriú, agus rachaidh na Coimisinéirí i gcomhairle leis an mBord chun na críche sin sula dtosóidh siad ar aon obair atógála nó fairsingithe.

(c) Faoi réir a bhforáiltear anseo ina dhiaidh seo déanfaidh an Bord gach tráth ina dhiaidh sin na ráillí agus na seachráillí, na luamháin aistrithe, na trasráillí agus an gaireas agus na fearais go léir a úsáidtear á n-oibriú a choimeád i ndeisriocht agus in ord maith oibre.

(d) Na forálacha de chlásail 5 go 9 go huile den chomhaontú seo a bhaineann leis an gCaladh Nua agus leis na seachráillí, na luamháin aistrithe, na trasráillí agus an gaireas agus na fearais a luaitear ansin bainfidh siad freisin leis an bpáirt thoir theas den Chaladh Thuaidh agus leis an gcuid 90 troigh de nuair a bheidh sin atógtha agus fairsingithe ag na Coimisinéirí agus le cibé ráillí, seachráillí, luamháin aistrithe, trasráillí, gaireas agus fearais a bheidh leagtha nó suite air sin de bhun na bhfochlásal roimhe seo den chlásal seo.

11. Déanfaidh na Coimisinéirí an mhaoin uile ar í a bheith tíolactha dóibh de bhun an chomhaontaithe seo a choimeád in ord i ndeisriocht agus ar dhóigh chomh maith sin go bhféadfaidh an Bord úsáid agus tairbhe iomlán na gceart a dheonaítear dó leis an gcomhaontú seo a bheith aige.

12. Féadfaidh an Bord aon tráth trí fhógra i scríbhinn a sheirbheáil ar na Coimisinéirí a chur in iúl do na Coimisinéirí nach dteastaíonn ón mBord feasta úsáid a dhéanamh de na línte ráillí go léir nó d'aon chuid de na línte ráillí dá dtagraítear i gclásail 4 agus 10 de seo agus ar an bhfógra sin a sheirbheáil scoirfidh agus foirceannfar go hiomlán an ceart a thugtar don Bhord leis an ngníomhas seo agus le haon ghníomhas nó doiciméad a fhorghníomhófar dá bhun seo chun úsáid a dhéanamh de na línte ráillí a luaitear san fhógra sin agus de na seachráillí, denaluamháin aistrithe, de na trasráillí, den ghaireas agus de na fearais a úsáidtear i ndáil leis na línte sin agus an oibleagáid a fhorchuirtear ar an mBord leis an ngníomhas seo nó le haon ghníomhas nó doiciméad den sórt sin chun an céanna a chothabháil, gan dochar, áfach, don dliteanas a fhanfaidh ar an mBord mar gheall ar aon sárú a bheidh an tráth sin tar éis a dhéanta ag an mBord ar an oibleagáid chothabhála sin ná d'aon cheart caingne in aghaidh an Bhoird mar gheall ar aon sárú ar an oibleagáid sin a bheidh faibhrithe cheana féin an tráth sin do na Coimisinéirí.

13. Íocfaidh na Coimisinéirí leis an mBord suim £22,000 ar na tíolacais agus na haistrithe amhail mar atá leagtha amach anseo a bheith comhlánaithe agus ar sheilbh a bheith tugtha don Bhardas agus do na Coimisinéirí faoi seach ar an áitreabh a thuairiscítear i gclásail 1 agus 2 de seo maraon leis na crainn tógála, an droichead meáchain, an trealamh, na bothanna, na leithris, an stór rópaí agus na scáthláin sin.

14. Den tsuim sin £22,000 measfar gur suim £15,000 an praghas ar na hairnéisí sochorraithe sin is inaistrithe trína seachadadh agus gur suim £7,000 an praghas ar an maoin léasach agus an maoin ruílse is ábhar do na gníomhais seo.

DÁ FHIANÚ SIN chuir na páirtithe réamhráite faoi deara a séalaí faoi seach a ghreamú de seo an lá agus an bhliain is túisce atá SCRÍOFA anseo.

I LÁTHAIR nuair a greamaíodh Séala Oifigiúil an Bhoird de seo:—

SÉALA

E. Cassidy,

Comhalta den Bhord.

M. J. Hayes,

Rúnaí,

Oifigeach Údaraithe.

I LÁTHAIR nuair a greamaíodh Gnáthshéala Chuideachta Fishguard de seo:—

SÉALA

J. Curtis-Welch,

Rúnaí Uimh. 329.

I LÁTHAIR nuair a greamaíodh Gnáthshéala na gCoimisinéirí de

SÉALA

seo:—

Peter J. O'Connor,

Thomas Shipsey,

Aturnae,

Rúnaí agus Bainisteoir Ginearálta.

Port Láirge.

I LÁTHAIR nuair a greamaíodh Gnáthshéala an Bhardais de seo:—

SÉALA

Mary Geraghty,

Cléireach-Chlóscríobhaí,

Bardas Phort Láirge.

John Griffin, Méara.

Timothy O'Sullivan,

S. Ó Giolláin,

Oifigeach Cléireachais,

Bainisteoir Cathrach agus

Bardas Phort Láirge.

Baile-Chléireach.